29.11.08

An Stát (Airteagail 4-6)

Is ait úsáid Sacs-Bhéarla in Airteagal 4. Is cinnte go bhfuil sean-mhíniú níos leithne ag an bhfocal béarla ina aonair, ach le cúpla céad anuas (ar a laghad) níl ach brí amháin leis an bhfocal "Béarla". An raibh gá ar bith an Sacs- a chuir leis?

Sin a cheapas go dtí go ndearna mé Google ar sacs-bhéarla. Íosa Mac Aonghusa! B'fhearr gan aon rud a athrú ar eagla go dtarraingeoinn fatwah anuas orm féin.

Cad is feidir a rá faoi Airteagail 5? Faic. Cad é neamhspleáchas ar aon nós? Fágfar mar atá sé.

Tá yahweh sáite isteach in Airteagal 6 agus tá gá é a stoitheadh, ach seachas sin, táim sásta go leor leis.

Seo chugaibh mar sin, tús a bhfuil le rá ag mo Bhunreacht leasaithe faoin Stát.

Cláirseach - Mo Cheol Thú!

Táim ag tnúth leis an bhfear seo le beagnach mí anuas. Maraon le sciar mór de mhuintear na h-Éireann is cosúil go bhfuil fadhbín bheag ól agam. Slí amháin chun srian éigin a chur ar an méad a óltar ná beartú gan deoch ar bith a ól ar feadh tréimhse. Ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a dhéanann a leithéad i rith Mí na Shamhna - sos beag roimh imeacht thar fóir um Nollaig is dócha. Déanaim an rún chéanna in Eanáir freisin, mar chuid dem' rún athbhliana nach maireann ró fhada de ghnáth!

B'fhéidir, an bhliain seo chugainn déanfaidh mé iarracht gan ól chuile corrmhí? Dár ndóigh beidh orm sos sosa a thógáil Lá 'le Phádraig - bímis réalaíoch!


N'fheadar an alcólach mé?

28.11.08

Níl sé gcoinne an dlí ach ...

... ba chóir go mbeadh.

Fir féasógacha ag ithe Doner Kebab atá i gceist agam. Glac le mo bhriathair a chairde, nó póstálfaidh mé pictiúr!

27.11.08

There's Mice in the Hice ...

... mar a deirtear ó thuaidh.

Le seachtain nó dhó anuas tá cuairteoirí gan chuireadh tar éis lonnú sa teach s'againne. Ní gá a rá nach bhfuil na mná sásta in aon chor. Bheireas ar beirt acu leis an ieóc seo:

(Na lucha, sé sin le rá - dá bhféadfaí breith ar mná lena leithéad, cé a dhéanadh faire ar Joe Burke?) Oibríonn sé mar a fhógraítear agus ní gá na créatúir bhochta a mharú ach níl ach ceann amháin againn agus tá foighne cailte ag mo bhean anois.

Tá mo chuid fhearúlacht curtha i gceist anois aici agus níl sí ina codladh sa leaba phósta a thuilleadh de bhrí go bhfaca muid ceann d'ár cairde nua sa seomra úd lá nó dhó ó shin. Tá na gleasanna seo scaipthe ar fud an tí anois agam:

Aréir do maraíodh an chéad luch.

"Better luch next time" mar a déarfadh Myles na gCopaleen.

Seans maith ann go dtógfaidh sé cúpla lá í féin a mhealladh ar ais áfach. Má tá smaointe agaibh conas an seal seo a thapú, tá mé ag éisteacht!

24.11.08

Uimhriú Airteagail as seo amach

Tá fadhb anois agam a chairde. Táim i ndiaidh an sean airteagal 3 a scriosadh. Conas a n-uimhreoidh mé na airteagail as seo amach? Cé go mbeidh sé níos deacair cursaí a leanúint tá'n cinneadh déanta agam mo chóras nua a leanúint. De réir sin, cuirfidh mé uimhir a 3 ar an gcéad airteagal eile. Nuair atá uile críochnaithe agam foilseoidh mé an leagan nua ina iomláine agus má tá sibh fós ag léamh faoin am sin, tá siúl agam go mbeidh ord éigin air.

Ach fad is atá an Bunreacht mar atá sé á phlé úsáidfidh mé na uimhreacha mar atá siad sna teidil.

An bhfuil sé seo soiléir?

21.11.08

An Náisiún (Airteagail 1-3)

Arís, níl fadhb ar bith agam lena bhfuil le rá ag an mBunreacht faoin Náisiún ach tabharfar fé dheara nach ndéantar idirdhealú idir saoránaigh le míchumas agus saoránaigh gan. Táimid uile páirteach sa Náisiún agus seasann sé dá bharr go mba chóir go mbeadh na ceartanna céanna againn.

Ach fós, tá athruithe le chur agam faoi bhur mbráid, a leitheoirí dhílse.

Táim den tuairim gur is lú is fearr, más féidir Gaeilge a chur ar "less is more". (Ní aontaíonn mo bhean - ha ha!).

'Séard atá i mBunreacht ná, bhuel, bun reacht. Ní chóir iarracht a dhéanamh dlíthe a chur ann, go h-áirithe dlíthe a d'fheadfaí coinne a bheith ann go mbeidh fonn a n-athrú ann amach anseo. Déanadh athrú ar Airteagail 2 's a 3 tar éis siniú Comhréiteach Aoine a' Chéasta. B'shin é toil an phobail agus caithfear glacadh le sin. Ach dá mbeadh reifreann eile a chur agam glanfainn Airteagal a 3 amach as go h-iomlán.

Ní raibh gá Bunreacht na Stáit Aontaithe a athrú nuair a ghlacadar le Hawaii no Alaska, an raibh?

Seo h-iad Airteagail a 1 's a 2 mar a d'fhágainn iad.























Creid nó ná creid é, d'aimsigh mé taidhpó sa chóip a íoslódáil mé ó www.constitution.ie. Cheartaigh mé sa leagan thuas. An féidir libh é a aimsiú? Dár ndóigh ní raibh an taidhpó chéanna sa leagan foilsithe atá sa bhaile agam - is beag baol go bhféadfaí éalú ó phointí pionóis dá bharr, ach cá bhfios?

16.11.08

Brollach


Dár ndóigh níl faic le rá ag an mbrollach faoi chearta daonna saoránaigh le míchumas, ach fad is atá an Bunreacht iomlán á scrúdú agam deanfaidh mé pé athrutihe eile a oireann, im' thuairimse, do Stáit sa chéad céad is fichead.

Ar an gcéad dul síos, díbrífear an miotaseolaíocht Giúdach. Má fágaimid JC ann, cén fáth nach bhfuil tagairtí ómósacha ann do Chúchulainn? Nó Fionn Mac Cumhaill? Nó D'Earbaigh Ó Goill agus a Dhaoine Bheaga? Deantar cás maith anseo.

Níl leathanach a h-aon críochnaithe againn agus tá seans maith anois ann go gcailfí aon reifreann cheanna féin!

A bhuel, ar aghaidh linn ar aon nós. Seo chugaibh an bhrollach nua.

14.11.08

Bunreacht na hÉireann


Is minic a iompaítear chun dlí iadsan le Míchumas sa tír seo. Fiú sa mhílaois nua, níl cearta iomlána bainte amach ag saoránaigh le míchumas corptha, inchinne nó foghlamtha.

Is drochscéal fada í stair an fheachtais cothrom na féinne a ghóthú.

Is minic a bheireann an rialtas bua ar iadsan nach nglacann le leath-bhuilín. Is minic freisin go dtagann siad ar "chomhréiteach ar na céimeanna" mar a thugtar air. Don Stáit, seo an slí is fearr chun cintiú nach gcailleann siad cásanna a bhunódh fasach ceangailteach agus an ní chosnaíonn an beart ach suimeanna mhóra airgead - airgead dhaoine eile, dár ndóigh.

Ach, mar a deirtear, 'An rud is annamh is iontach'. Ó am go chéile buailtear bob orthú. I dtaobh míchumas foghlamtha is iad cásanna O'Donoghue agus Sinnott is mó a bhfuil cáil orthú. Ó iompar an Stáit ó 1993 i leith áfach, is soiléir nach bhfuil mórán athrú tagtha ar bhunmeoin na stáitséirbhísigh i leith saoránaigh le mhíchumas.

Níl dabht ar bith ann freisin ach go bhfuileadar lán sásta brú a chur ar saoránaigh tré iallach a chur orthú iompú chun dlí agus an mórbhaol ann go gcaillfidís uile trí fhéimheacht.

Is iomaí modh muc a mharú dár ndóigh ach feictear dom go bhféadfaí an míchothromaíocht seo a athrú tré bhunreacht na hÉireann a athrú. Is é bun reacht na tíre é. Mura gcosnaíonn sé cearta saoránaigh le míchumas, caithfear é a aistriú. Ach cén sliochtanna a athróinn? B'fhearr tosnú ar leathanch a h-aon agus leanadh ar aghaidh go dtí go bhfuil sé curtha ina cheart agam. Leathanach are leathanch. Airteagal ar airteagal. Sliocht ar sliocht. Focal ar focal. Litir ar litir, más gá.

Seo an fhoinse atá i n-úsáid agam.


Tógfaidh sé cúpla lá ar a laghad. Bígí foighneach.

10.11.08

Coir i gcoinne na Daonachta.

"Ó Laoghaire, Ó Raghallaigh, Ó hEithir 's Ó hEadhra,
Níl éinne chomh Gaelach le Bharack Ó Bama"

Íosa Mac Aonghusa!

Is coir i gcoinne na daonachta a ráiméis seo ach ní féidir liom an fonn a dhíbirt ó m'inchinn.

Cad a dhéanadh mé seachas an nimh a scaipeadh níos faide?

Bainigí sult as!

8.11.08

Tá sé deacair a thuiscint conas go mbíonn am ag daoine blaganna rialta a chumadh. Seachas mic léinn (iníní léinn fresin dár ndóigh), seanóirí agus iadsan ar an ndól, cé hiad blóglaigh na hÉireann?

Tá mo bhlagsa féin anseo le míonna fada anois, gan oiread is focal foilsithe ... ná habair dhá focal, triúir focal eile (an I no know no focal at all).

Bhuel, tá sé mar rún na hatbhliana agam iarracht a dhéanamh an drochscéal seo a réiteach. Mí na Samhna anois í áfach, ach is fearr déanach ná riamh.

Fan go bhfeicfidh sibh ...