19.5.09

Mo Leithscéal ...

... as ucht an easpa postáil a chairde, ach táim fíor ghnóthach fé láthair ag iarradh an rialtas a bhriseadh. Cé a cheapfadh a leithéad d'obair a bheith i gceist?!

10.5.09

Mol an Óige

Tá an ceathrú sraith den Sreang feicthe anois againn agus níos dorchaí arís atá an scéal imithe. Is ar na scoileanna is mó atá an sraith seo dírithe agus cuirtear carachtair nua inár láthair, scoláirí óga don mórchuid, cé gur coimeádtar an leanúnachas le a thit amach sna trí sraith roimhe.

Tá na ceithre carachtair is suntasaí ar an tús-chlúdach thuas: Namond, Michael, Randy & Dukie. Gan an scéal a scriosadh daoibh is leor a rá go léirítear cruálacht saoil na ógánaigh seo agus i rith na sraithe is chun donas don mórchuid a n-imíonn cúrsaí. I ndiaidh an fulaingt agus an bás atá feicthe go dtí seo againn is dócha gur dúshlán mór dos na scíbhneoirí é tuilleadh déistin a chothú faoi chathair Bhaltimore. Is dúshlán a sháraítear é. Feictear dúinn go bhfuil an córas oideachas truaillithe chomh maith leis na Póilíní le riail dhubh na staitisticí. Chomh maith le chuile rud eile sa chathair mallaithe seo, is iad an cosmuintir is mó is thíos le seo: múinteoirí agus páistí, go h-áirithe na páistí. Bás an dóchais atá le sonrú anseo.

Is beag a fheicimid sa sraith seo den Ultach atá ina chónaí anois le Beadie agus ag obair mar ghnáth cop ar uaireanta rialta. Is cosúil nach bhfuil an greim daingean ag an t-ól a thuilleadh air agus tuigtear dúinn go bhfuil a sheana-réicíocht curtha uaidh. Maith an fear!

Níl ach sraith amháin eile le feiceáil anois againn. An leanfaidh le árdchaighdéan an scéalaíocht? Fan go bhfeicimid.

4.5.09

Graffiti

Maraon le haon baile in Éirinn tá fadhb beag sa bhaile s'againnse le Graffiti, mar a ghlaotar ar an loitiméireacht a fheictear ar phollaí solais nó ballaí nó mar sin. De ghnáth, is beag dabht nach bhfuil i gceist ach ógánaigh gan chiall ag pleidhcíocht le paeint agus is annamh a bhíonn fiú meas céirde le feiscint. Féach ar an bpraiseach seo:

Íosa Mac Aonghusa! Ba mhaith liom an canna phaeint a shádh i ngob an gheallt a cheap go dtuillfí meas nó kudos as ucht an urlacan amaideach shin. An rud is measa faoi ná gur ar chúl bhealach a deineadh é, áit a bheadh pé am is mian leo pé rud ar mhian leo a chur ar an mballa.

Ach, ní cheart gach píosa Graffiti a cháineadh. Tá duine éigin dárbh ainm 'if' agus tá roinnt samplaí dá 'obair' le feiscint mórthimpeall an bhaile. Seo an ceann is fearr liom fé láthair:
Tá an feileacán in úsáid aige ar iarrachtaí eile chomh maith. N'fheadar an siombail don saoirse í?

Tá an sampla thuas ar balla le cúpla mí anois agus is cosúil nach bhfuil deifir ar Chomhairle an Bhaile é a scrios. An é go ndéantar cinneadh ar bhonn ealaíona? Fiú má scriostar amach anseo é, mairfidh sé go deo anois ar an idirlíon. Sa deireadh thiar thall nach é sin bunspreagadh an Graffiti? Rian phearsanta a fhágaint ar an saol acusan a mhothaíonn nach bhfuil dóthain tionchar nó smacht acu ar a dtimpeallacht sóisialta?

1.5.09

Lá Bealtaine

Agus roth an bhliain casta ráithe eile tá Samhradh buailte isteach arís orainn, cé nach gceapfá a leithéid ag breathnú ar na steallta 's tuilte báistí. Sa bhaile seo againnse tá'n sean nós Cheilteach fós á chleachtadh agus bíonn lá ghnóthach ag an briogáid dóiteáin agus an cuma ar an bhaile ó chnoic an bhruaigh thuaidh gur Gaza í i ndiaidh ionsaí Iosraelach.

Má tá sibh ag bualadh tharainn ar an seachbhóthar agus feiceann sibh an baile faoi cheo dhubh ná bíodh imní oraibh - níl an reabhlóid tosaithe fós.

Má leanann an droch aimsir áfach beidh gá acu le Fosfar Bhán chun na tinte chnámha a lasadh!