28.2.10

Tuairisc Míosúil

Le deireadh an dara mí sroichte agam is féidir liom a rá go bhfuil dul chun cinn suantasach déanta agam. 85kg atá ionam anois, sé sin 9kg caillte ó thús bhliana agam. Táim sásta le sin, ach amháin gur cailleadh 6.5kg i Mí Eanáir agus 2.5kg i Mí Feabhra. Táim i ndiaidh turas níos faide (33km) a chur ar mo chlár seachtanúil, ach ó bhíos fíor ghnóthach le dhá seachtain anuas, agus níor éirigh liom ach dhá turas in aghaidh na seachtaine a dhéanamh, tá seans ann nár bhain mé an oiread tairbhe as an aistriú sin fós.

Ag breathnú ar na staitisticí is soiléir go bhfuil feabhas mór tagtha ar an luas méanach atá fúm ó thúṡ bhliana i leith. An t-aon slí ciallmhar eolas a bhaint astú ná an fad iomlán a roinnt ar an am iomlán gach seachtain. Sa chéad seachtain bhíos in ann 394 méadar a dhéanamh gach nóiméad. Le déanaí tá 426 méadar sa nóiméad ar mo chumas agam!

Fós féin, ní féidir ach a bheith sásta lena bhfuil bainte amach go dtí seo agam. Dá gcaillfinn 9kg eile ó seo go Lá Buí Bealtaine, bhéinn lúcháireach tríd is tríd.

19.2.10

Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas ...

Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Chuirfinn mo rún chun suain,
Chuirfinn mo rún 'na luí,
Chuirfinn mo rún chun suain go ciúin,
Le Dilín ó Deamhas O'Dea.


Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas
Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Is buachaill aniar aniar,
Is buachaill aniar an fear,
Is buachaill aniar aniar aniar,
'S is cailín ón sliabh a bhean.


Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas
Dilín Ó Deamhas O'Dea,
Dilín Ó Deamhas Ó Deamhas Ó Deamhas Ó,
Dilín Ó Deamhas O'Dea.

Caithimis 'mach 'samach é,
Caithimis 'mach an páiste,
Caithimis 'mach is'mach is'mach é,
'Sní thiocfaidh sé 'rais amárach.


Chuir eachtraí an lae inné an fonn seo in iúil dhom ar fáth éigin.  Is cuimhin liom é a fhoghlaim ar scoil ach gan brí ar bith des na focail a thuiscint.  Ag breathnú anois air áfach, nach soiléar gur faoi buaileadh craiceann nó marcaíocht atá sé?

Más ea, tá sé níos oiriúnaigh arís mar go raibh an bastún úd ag focáil an tír iomlán le blianta fada anuas.

Bhuel tá coiscín ar an mBoidín anois.  Go bplúchfaí é.

15.2.10

De réir a chéile a chailltear an mhisnigh.

Tá sé seachtain curtha isteach agam ar bhóithre agus cúlbhóithre timpeall na háite agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil ag éirí liom a thuilleadh mar a bhí ag súil liom.  San chéad ceithre seachtain laghdaigh mé ó 94kg go 87.5kg agus bhíos lán sásta le sin.  Ó shin i leith áfach, is scéal eile atá le feiscint.

Níl ach .5kg breise caillte agam, cé go bhfuil an trí turas in aghaidh na seachtaine fós á dhéanamh agam.  Dé hAoine seo chaite, réitigh mé gur an fhadhb ná go bhfuil sé ró-éasca dhom anois an 25km a dhéanamh ar an bóthar leathan réidh agus gurb fhearr dhom cúrsa níos deacra a thriali.  Beidh sé níos éascaí a leithéid a dhéanamh nuair a thagann fad breise san lá, mar níl sé sábháilte a bheith ar na cúlbhóithre i ndiaidh teipeadh sholais na gréine.  Tá 33km á dhéanamh anois agam ach is ar dhrochbhóithre cnocach atá 4km nó mar sin den aistir.  An chéad lá thóg sé 15 nóiméad orm an méid sin a dhéanamh, rud a dhearbhaigh dhom go raibh an gnáth aistir éirithe ró-éasca.

An dara lá áfach, d'éirigh liom an méid sin a dhéanamh i 12 nóiméad agus 80 nóiméad don 33km iomlán.  Tá sé seo beagnach mar an gcéanna leis an 25km san uair atá taithí agam anois air.  Hmm.  Caithfidh mé súil a choiméad ar seo ar feadh an dhá seachtain atá fágtha i Mí Feabhra.  Beidh sé díomach mura n-éiríonn liom 3kg nó mar sin a chailliúnt i ndiaidh an tréaniarracht a dhéanamh.

Dár ndóigh ní raibh mé ag súil go gcaillfinn 6kg gach Mí, ach bhíos ag súil le 6kg a chailliúnt i Feabhra agus Márta le chéile.  Mura n-éiríonn liom é sin a dhéanamh, nílim cinnte cad ba chóir dom a dhéanamh?  Níl an t-am agam níos mó ná trí oíche sa seachtain a thabhairt don fheachtais.  Fáilte roimh gach comhairle ...

8.2.10

Athionsaí na Luch

Táid ar ais.  Mharaíomar ceann roimh an Nollaig ach níor insigh mé di féin é, agus ní raibh a fhios aici go rabhadar ar ais go dtí an seachtain seo chaite nuair a bhí rince agus spraoi ar siúl ag ár cuairteoirí faoi bhun an úrlár oíche amháin.  Is dócha gur domsa a thiteann an dúshlán arís agus tá m'fhearúlacht curtha i gceist aici fiú!

Tá'n slua beag lán ábalta cáis a bhaint ó na gaistí gan iad a scaoileadh agus an comhairle is déanaí ná an cáis a ghreamú le super-glue chun bac éigin a chur ar na béilí.
Tá cúpla plucóid ultrasonacha againn freisin, a cheapamar gur mhínigh easpa cuairteoirí le bliain beag anuas, ach i ndáiríre, ní fiú faic iad agus chualamar an rince ar siúl faoi sheomra ina raibh ceann ag cliceál leis.

Tá sí féin lán dáiríre áfach: mura dhíbrím na bastaird beaga tá sí chun glaoch a chur ar an tslua seo, agus íoc as le mo
chártasa! 

2.2.10

Anois Teacht an Earraigh ...

... agus ná creid a mhalairt.

Is minic a chloisim daoine a mhaíonn nach dtosnaíonn an Earrach go dtí Mí Márta.  Daoine ar nós an slua seo.  Tá cara ag mo bhean a phós francach (fear ón Fhrainc, ní ainmhí beag salach) agus caith sé roinnt beag blianta ina chónaí in Éirinn (ar lorg na mban is dócha, ooh la la!).  Dúirt sé liom gur cheap sé go raibh sé ait nár thuig Éireannaigh na séasúir in aon chor. Bhí trua agam dó, dár ndóigh, agus an aineolas mí-léannta a bhí á léiriú aige, ach is dócha gur tír óg í an Fhrainc nach bhfuil traidisiún ársa léannta bunaithe ann go fóill.  Mar a dhúirt an Zhou Enlai nuair a d'iarradh air cad a cheap sé faoi Réabhlóid na Fraince i 1789:
"Tá sé ró-luath a rá."
Ach anseo in Éirinn bhí rí-thuiscint againn ar na ráithe le mílte bliain anuas.  Ní gá ach Brú na Bóinne a fheiscint chun an fhírinne sin a ghlacadh.  Agus ó thaobh eolas saineolaithe réalt-eolaíochta de, sé lar an Earraigh ná cónocht an Earraigh, a thiteann i Lár (na gar de) Mí Márta, de ghnáth ar an 20ú lá.  Más é Mí Marta lár mhí an Earraigh, ciallaíonn sé sin gurb é Mí Feabhrá an chéad Mí agus Mí Aibreán an triú Mí.  Sin an Earraigh dhaoibh a cháirde, agus is cuma sa tsioc cé chomh te, fuar, fliuch, tirim, grianmhar, scamallach nó aon rud eile is an bhíonn an aimsir.  

Táimid anois i ré "Athrú Aimsire", de bharr mí-úsáid timpeallachta dár leis na saineolaithe.  An bhfuil muid chun an Earrach a bhogadh gach bhlian má bhíonn Eanáir thar a bheith te againn (mar a bhí i Seattle i mbliana) nó thar a bheith fuar, mar a bhí anseo in Eirinn againn?

Ag féachaint ar na grafanna ó Met Éireann thuas.
'Siad na trí míonna is fuaire i mBiorra ná Nollaig, Eanáir agus Feabhra.  Dár le lucht séasúr teochtbhunaithe, sin iad míonna an gheimhreadh.  Ach fan. Féach ar seo:
In nDairbhre, 'siad na trí míonna is fuaire ná Eanáir, Feabhra agus Márta.  An é go bhfuil ráithe éagsúla ag an dhá áit?   An é go n-athróidh an scéal má athraíonn an aimsir tríocha bliain amach anseo, mar a thuartar?  Ráiméis.  Bhí an ceart ag Aonghus an Bhrogha fadó fadó, agus tá'n ceart aige fós.