24.6.10

Smionagar Tráthúil.

Ar chuardach cáipéis ar mo ríomhaire dhom ansin, thánagthas ar an íomhá tráthúil seo:


ASG, mar a dheireann Áine.

22.6.10

Athghabháil na Sé Chontae?


Bhain an ceannteideal thuas geit asam nuair a chonacthas é.  An é go bhfuil Na Glasraí níos glaise ná mar a cheapas?  Mo léan, ní hea.  Níl ann ach Uí Ghormfhlaith ag cur i gcéill arís nach ag cuidiú le scriostóirí na tíre atá sé.

17.6.10

Ní uasal ná íseal ach thuas seal thíos seal ...

Más míbhuntáiste cúram leanaí na gur gá a leithéidí Furry Vengeance a fhulaingt ó am go chéile, ar a laghad tá faoiseamh ann nuair a fhásann siad aníos.  Le déagóirí tagann MTV, ach ní mar a bhí tráth dá raibh.  Anois tá leath-dosaen stáisiúin ann, gach ceann lena cheol áirithe féin, ceol nach gcloisfeá aon áit eile, mar níl am agat a thuileadh éisteacht le ceol.  Fágtar an teilifís ag breathnú air féin leath den am, rud a chuireann buile orm, ach ó am go chéile feicim rud éigin a bhaineann geit asam, i measc truflais Miley Cyrus agus a leithéidí.  Seo dhaoibh mar sin Monáe.


Thar barr.

14.6.10

Díoltas Clúmhach

Bhí ceiliúradh bhreithlá mo mhaicín cúpla lá ó shin agus chuamar chuig an bpictiúrlann. Chonacamar Furry Vengeance agus ní áibhéil í a rá gurb é an scannán is measa atá feicthe agam riamh.  Bhí gnéithe ann nach mbeithfeá ag súil leo i scannán dírithe ar leanaí - ciníochas  i gcoinne Sínigh and Indiaigh agus  blúirín beag aoisíochas ann chomh maith chun an masla a dháileadh níos faide.  Tá an cuma air go raibh meisce ar an eagarthóir mar thárla eachtraí nár bhain aon ciall leo i gcomhthéacs an scéil, ach i ndáíríre ní fhéadfaí scéal a ghlaoch ar an bpraiseach mar a léiríodh é.

Bhí cuid beag aisteach ag an deireadh nuair a rinne na aisteoirí scigeadh as físeáin popcheoil ag úsáid Insane in the Brain, le Cypress Hill.

Is trua nár úsáideadar A to the K.



Coir i gcoinne na daonnachta atá sa scannán seo a chairde.

3.6.10

An dea-fear Íosa agus an bithiúnach Críost.

Leabhar gearr de chuid Philip Pullman é seo a léigh mé le cúpla lá anuas agus cé gur imigh sé i bhfeidhm orm in áiteanna, ní fhéadfainn a rá gur athraigh sé m'intinn i dtaobh chreidimh ár sinsir. Dár ndóigh, ní rabhas ag súil go ndéanfadh.

Athinsint ar na soiscéil atá ann agus cé nach bhfuil dóthain feasacht nó aithint agam ar Maitiú, Marcas, Lúcás ná Eoin a rá go díreach cén scéal a leanadh, chuir sé ionadh orm an méid a bhí cur amach agam air. Is léir go bhfuil sé éasca éifeacht dhoimhneacht thobair na críostaíochta ar ár gcultúr iartharach a dhearmadú, go háirithe sna laethanna aindiacha seo.

Gan an scéal a mhilleadh ar éinne is leor a rá go ndéanann Pullman an scéal a insint ar shlí a samhlaíonn gur cúpla a bhí ag Muire sa stábla, Íosa agus a dhearthair Críost, mar a thug Muire ar a rogha den beirt. Leantar scéal saoil an beirt de réir (is dócha) mar a leagtar amach sna soiscéil é (iad) ach amháin go mbíonn beirt i gceist - an Fáidh cáiliúil agus a dheartháir ciúin. Ach féach fiú a bhfuil scríofa ansin agam

ach amháin go mbíonn beirt i gceist

Cá bhfios nach raibh? Mar atá clóite ar chúlchlúdach an leabhair

This is a story.

Dár ndóigh sin ceann de phríomhphointí an scéil. Níl ann ach scéal, cé nach hé sin le rá nach bhfuil brí chumhachtach le baint as, ach a bheith cúramach gan iomarca áird a dhíriú ar an ndraíocht is dócha.

Cheapas go raibh sé aisteach freisin gurb ón scannán iomráiteach seo atá íomhánna an am i m'inchinn agam, in ionad samhlaíocht trom an Eaglais a sádh ar leanaí sna scoileanna tráth dá raibh. Más ar son ómós agus móradh an Eaglais agus naofacht an Fhocail a chosaint ó scigeadh, magadh agus dímheas a chuireadh cosc air, tuigim go maith cén fáth gur cuireadh. Smaoinigh ar laigeacht an chreidimh a bhí acu a rinne a leithéid áfach, gur cheap siad go bhféadfaí sean-anáil an chríostaíocht a athbheochanú le dlí. Cuirfeadh sé scéal Íosa ag smachtú an stoirm (nach bhfuil i soiscéal Phullman, dála an scéil) ar intinn dom:
Ná fuil creideamh agaibh fós?

Tá líne amháin i saothar Phullman a gcuimhneoidh mé go lá mo bháis agus táim cinnte gurb é an líne chéanna a bhaineadh éinne eile as mar chogar cuimsitheach an leabhair ach nílim chun an leabhar a mhilleadh oraibh trína lua anseo!

Tá tús curtha anois agam le A History of Christianity le Diarmaid McCulloch, ach ná bígi ag súil le trácht anseo air, mar tógfaidh sé an samhradh iomlán an méid sin a slogadh siar.