tag:blogger.com,1999:blog-38524686892443206542024-03-14T18:49:09.992+00:00Uathachas in ÉirinnAr aghaidh go deo go mbeirimid bua!cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.comBlogger209125tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-25994405067707846112023-11-26T10:57:00.003+00:002023-11-26T12:43:01.105+00:00Dúshlán na Léinte Dubha
Is cuimhin liom sna 70aí agus sna h80aí nuair a mheas na hudaráis ó dheas go raibh dúshlán eiseach díreach a thabhairt ag Gluaiseacht na Poblachta don stát. Cé go raibh tuiscint ghinearálta ann nach raibh na hÓglaigh chun ionsaithe a dhéanamh i gcoinne airm nó seirbhísí slándála an stáit mar a rinneadar ó thuaidh agus i Sasana, mhaigh na hudaráis abhus go raibh sé mar aidhm ag na Poblachtaigh stáit an 26 chontae a bhriseadh mar chuid dá bhfeachtas Poblacht Sóisialach 32 chontae a bhunú.

Caithfear a admháil, i mo thuairimse, go raibh rian den fhírinne sa mhaíomh sin. Maraíodh saighdiúirí agus Gardaí ag Óglaigh i gcaitheamh an chogaidh. Shéan na Poblachtaigh dlistineacht an stáit agus dhiúltaigh siad le hudarás an Dála i dTeach Laighin. Níor aithin siad udarás na gcúirteanna agus chaith roinnt Poblachtaigh blianta faoi ghabháil mar nach rabhadar sásta glacadh le riail de facto nó de jure an Saorstát, mar a ghlaoití air. In ainneoin orduithe seasta an tIRA gan dúshlán míleata a thabhairt don 26 chontae ba chosúil go raibh Stát Poblachtach rúnda á rith ag Gluaiseacht na Poblachta, a ghlac uirthi féin oidhreacht pholaitiúil Poblacht na Cásca, 1916. Mhaolaigh an seasamh seo thar na blianta, agus faoi lár na h80daí bhí Sinn Féin sásta dul i mbun feachtasaíocht toghchánaíochta (ó thuaidh agus ó dheas) agus ghlacadar leis go bhféadfaí an Phoblacht a bhaint amach, le boscaí vótála i lámh amháin agus Armalite sa lámh eile.

Níor mhaolaigh freagra an Stáit do Ghluaiseacht na Poblachta go dtí i bhfad níos déanaí áfach, agus fiú i lár na 90daí agus an Próiseas Síochána faoi lán seoil, ba ghnáth rud é don Bhrainse ó dheas a bheith ag ciapadh gnáth bhaill Shinn Féin agus fiú gníomhaithe tofa de chuid an pháirtí. Bhí cinsireacht láidir frith-Phoblachtach i bhfeidhm ó dheas, mar a bhí ó thuaidh freisin. Cé nach raibh buíonta dúnmharfóirí ag dul timpeall ag marú Poblachtaigh mar a bhí ó thuaidh, ba léir gur rinneadh neamhaird ar ghníomhú fhórsaí Shasana sna 26 contae ó am go chéile. Glacadh leis go raibh ról ar leith ag na húdaráis ó dheas tacú, go pointe áirithe, leis na húdaráis ó thuaidh agus iad ag iarraidh na Poblachtaigh a choimeád faoi chois.

Fiú inniu, tá rianta den bhfreagra seo ar dhúshlán na bPoblachtach d'údarás an stáit fós sa reachtaíocht, sa Chúirt Choiriúil Speisialta ach go háirithe, in ainneoin an cáineadh a dhéanann leithéidí Amnesty International, ICCL agus an UNCHR uirthi.

Is
sa chomhthéacs seo gur chóir freagra an stáit do dhúshlán na
bhFaisisteach a mheas. Nuair a aithníonn ár stát baol eiseach (bíodh sé
ann nó ná bíodh) tá sé lán-ábalta cumhacht iomlán an dlí, cumhacht an stáit an dlí sin a athrú agus fiú cumhacht lom an stáit neamhaird a dhéanamh ar an dlí nuair a mheastar gá a bheith ann, a úsáid le dul i ngleic go fíochmhar leis an mbaol aitheanta.

Ní tar éis eachtra uafásach an Déardaoin seo caite i gCearnóg Parnell a phreab na faisistigh as an talamh. Tá siad ag tógáil diaidh ar ndiadh leis na blianta. Tá siad á n-éagrú féin go hoscailte fud fad na tíre ag cruinnithe phobail, ag agóidí lasmuigh de lárionad teifigh agus dar ndóigh ag agóidí frith-vacsaín & frith-srianta i rith na paindéime. Tá siad ag eagrú feachtas imeagluithe i gcoinne na leabharlann anois ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil aon leabhair ar fáil atá dearfach nó tacúil ar shlí ar bith dár chomhshaoránaigh IADT+

Tá siad ag spreagadh agus ag gríosadh a chéile ar-líne ar facebook, X, telegram agus a leithéidí le fada an lá anois. Tá fuath agus bréaga á scaipeadh acu ar na meáin sóisialta uilig agus tá cumas léirithe acu splanc a chur le h-aon brosna le nimh agus fuath a chur in inchinní an aos óig chun imeaglú agus foréigin a imirt ar éinne nach nglacann lena ndearcthaí seafóideacha.

Mar a tharlaíonn tá formhór na comhlachtaí seo lonnaithe in Éirinn agus tá tionchar ar leith againn mar sin brú a chur orthu na faisistigh seo a aithint agus a ainmniú le go bhféadfaí an dlí a chur orthu. Tá ainmneacha Andy Heasmann, Ross Lahive, Justin Barrett, Gearóid Murphy, Rowan Croft, Derek Blighe agus roinnt eile luaite sách minic sna meáin agus sna meáin sóisialta anois go n-aithnítear iad mar cheannairí ar an mbuíon brocach seo.

Tá a fhios againn cé hiad. Tá a fhios againn cad atá uathu. Tá sé feicthe arís is arís eile ar fud an domhain cad a tharlaíonn nuair a ligtear dá leithéidí eagrú in aon tír daonlathach. Ba chur amú ama iomlán é díriú ar na hamadáin áitiúila a d'imir scrios
ar shráideanna na hardcathrach an tseachtain seo. Ní hiadsan an fhadhb, cé gur gá freagra a thabhairt orthu freisin.

Ag cluichí peile i bPáirc an Chrócaigh be comharthaí ollmhóra 'Irish Lives Matter' ar fud na háite agus bhí siad le feiceáil ar an Déardaoin freisin. Níl sé seo inghlactha. Níl aon saoirse cainte dlite ag faisistigh. Dúntar a bpusa.

Tá sé in am do na Gardaí dul ina ndiaidh anois. An bhfuil fonn ar Drew Harris tabhairt faoin ndúshlán? Nó an bhfuil an iomarca taithí aige a bheith ag obair le faisistigh ó thuaidh nach n-aithníonn sé mar bhaol iad fiú?

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-13980253461337472182023-09-09T20:39:00.004+01:002023-09-09T20:43:21.518+01:00Dáilcheantar nua máguaird.
Tá am tógtha anois ag polaiteoirí an bhaile seo againne machnamh a dhéanamh ar an dtírdhreach nua, i ndiaidh na hathruithe a fógraíodh an tseachtain seo caite. Is dócha go gcaithfí a admháil gur freagra diúltach atá acu ar an mhórchuid, agus is dócha nach raibh muintir Ghuaire ró-shásta faoi ach oiread.

Tá an éagothromaíocht i ndaonra an dá chontae tugtha fá ndeara acu (b'fhéidir gur léigh siad mo bhlag?) agus, dar leis an Wicklow People, ní mó ná sásta atá siad faoi.

Mar a mheas mé féin, is léir go bhfuil buntáiste ag iomaitheoirí ó dheas sa chomórtas atá le teacht agus measann siad nach mbeidh TD tofa san Inbhear Mór anois dá bharr. B'fhéidir gur fíor seo ach ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na athbhreithnithe seo - ní raibh na sean-leaideanna san Inbhear Mór in ann iad féin a eagrú TD a thoghadh le céad bliain anuas.

Tosnaíonn an scéal le comhairleoir de chuid FF ag geonaíl faoin mbob atá buailte ag an gcoimisiúin ar chosmhuintir bhochta an Inbhir Mhóir agus leanann an scéal ar aghaidh ar an dóigh sin ar iompú an leathanaigh le ochón agus ochón ó le cloisteáil ó cheathrar de chuid Fhianna Fáil, agus neamhspleáchaí amháin, Miriam Murphy.

Taobh thiar den gol ar fad, scaoileann an comhairleoir Pat Fitz leis an fhírinne áfach ...

I think it's going to be extremely difficult to get a Fianna Fáil TD in our area, to be quite honest

Ní ionracas go Fianna Fáil dar ndóigh agus seo fíorchúis a n-olagón ar fad. Mar is gnáth, is cuma sa tsioc leo faoin mbaile nó faoin gceantar máguaird mura féidir leo iad féin a bhrú chun cinn. Deacair gan sásamh a bhaint as a míshuaimheas, ach cuireann an t-alt ar an gcéad leathanach eile an dlaoi mhullaigh ar fad air.

Tá ríméad ar Sylvester pé scéal é agus measaim go bhfuil an ceart ar fad aige. Má thoghann Guaire Malcolm Byrne (ach b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag Malcolm bocht laistigh dá pháirtí féin) agus Fionntán Ó Súilleabháin, bheadh deacracht acu iomaitheoir eile as Fhine Gael a sheoladh thar an líne. Bheadh sé ciallmhar dos na léinte gorma duine éigin as Cill Mhantáin a bhrú chun tosaigh, agus cá bhfios nach an Búrcach féin a roghnófar?

Táim fós ag fanacht ar anailís nua de chuid https://irishelectionprojections.com/ agus measaim go mbeidh an-suim ag gach éinne sa dáilcheantar nua ann freisin.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-42241001930989438082023-09-03T12:11:00.005+01:002023-09-03T20:11:11.750+01:00Tuarascáil Athbhreithnithe na dToghcheantar 2023
D'fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin a dtuairisc an tseachtain seo leis na hathruithe a mholtar a chur i bhfeidhm sna dáilcheantair éagsúla d'ollthoghchán na bliana seo chugainn a chur fé bhráid an phobail. Bhí na polaiteoirí ar fad ar chipíní ag feitheamh ar an dtuairisc seo agus ní nach ionadh.

Athruithe móra a moladh ar deireadh agus caithfidh na hiomaitheoirí agus na páirtithe polaitiúla na seachtainí romhainn ag cíoradh na ceiste móire - cé ar chóir iad a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn mar ullmhúcháin ar an olltoghchán a thiocfaidh sé mhí nó mar sin níos déanaí? Tá Teachtaí Dála agus Comhlairleoirí Contae anois ann le croíphobail tacaíochta nach mbeidh sa dáilcheantar inar toghadh iad a thuilleadh agus beidh orthu cinneadh a dhéanamh anois faoin ngort is fearr dóibh a threabhadh roimh dul os comhair an phobail arís.

Is anseo i gCill Mhantáin tá conspóid mhór ann mar go bhfuil an dáilcheantar le scaradh. Cúig shuíochán a bhí i gCill Mhantáin agus seo mar a dháileadh na suíocháin in olltoghchán 2020. Tá tuaisceart an chontae, ó bhaile Chill Mhantáin aneas le fanacht mar Chill Mhantáin, ach caillfear suíochán amháin. Fágfaidh seo cúigear TD ag troid don cheithre shuíochán. Is díol suntais é go bhfuil gach duine den chúigear lonnaithe i dtuaisceart an chontae, i mBrí Chualann agus sna Clocha Liath. Baol ar bith mar sin go ndéanfadh cailleadh an deiscirt aon dochar dóibh, ach amháin ó thaobh aistrithe ó iomaitheoirí eile sna comhairimh déanaí.

Fiú anois, is féidir a thuar go bhfuil John Brady agus Simon Harris slán. Bhí geal le cúóta go leith ag Brady leis féin i 2020 agus níos mó ná sin arís ag Fine Gael, cé gur roinn siad thar triúr é. Más rud é gur bhotún Shinn Féin é gan beirt a rith i 2020, ba bhotún tubaisteach é d'Fhine Gael triúr a rith. Is féidir talamh, bhuel, slán, a dhéanamh de go bhfuil Matthews marbh. Bhí níos lú na leathchúóta aige i 2020 agus bhraith sé ar bharraíocht ollmhór Brady (ar shlí amháin nó ar shlí eile) é a thabhairt slán. Deacair a chreidiúint go mbeidh vótaí ar chlé ag dul chuig na Glasaigh an babhta seo. Fágann sin Donnelly, an tAire Sláinte, agus Whitmore SD ar chóir a bheith san iomaíocht do shuíocháin 3 & 4.

Tá deacracht ar leith ag Donnelly áfach. Tá ré tubaisteach caite aige mar Áire Sláinte. Tá droch chlú air go háitiúil ar aon nós tar éis aistriú go Fianna Fáil ó na SD agus i ndáiríre, le níos lú na leathchúóta aige i 2020, ní raibh seans ar bith aige an Dáil a bhaint amach murach aistrithe óna chomhghleacaí Pat Casey a tharraing isteach vótaí traidisiúnta iarghulta Fhianna Fáil ó dheisceart an chontae. Ach an babhta seo, ní bheidh na vótaí sin ann chun é a shábháil.

Cé mar sin a thógfaidh an ceathrú suíochán? Beidh Donnelly san iomaíocht cinnte, b'fhéidir fiú Matthews, agus cinnte d'fhéadfadh ceachtar den bheirt acu a bheith fágtha mar an bacach deireanach ag seasamh. Measaim áfach go gcuirfidh Sinn Féin agus Fine Gael an dara chapall sa rás. Beidh cúóta go leith acu, nó níos fearr ná sin fiú ag Sinn Féin agus measaim go mbeidh beirt as Baile Chill Mhantáin ann chun troid ar son an suíochán deireanach le Matthews agus Donnelly. Bheifeá ag ceapadh go mbeadh an buntáiste ag Sinn Féin i bhfianaise an ghaoth atá ina seolta le dhá bhliain anuas, ach neosfaidh an aimsir.

I ndeisceart an Chontae, tá dáilcheantar úr-nua cruthaithe, Cill Mhantáin - Loch Garman. Trí shuíochán a bheidh ar fáil anseo agus deacair aon toradh eile a fheiceáil ach ceann amháin don trí pháirtí is mó, Sinn Féin, Fine Gael agus Fianna Fáil. Tá sé ina chnámh spairne le fada an lá san Inbhear Mór áfach nach mbíonn teachta i nDáil Éireann riamh acu. Deacair an locht a chur air éinne seachas muintir an bhaile féin atá sásta leanúint leo ag vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael ar nós nár chríochnaigh na hoctódaí riamh.

Dar ndóigh níl dóthain acu ann a chinntiú go mbeadh suíochán ag ceachtar den dá pháirtí sin san Inbhear Mór, agus measaim nach gcuideoidh an dáilcheantar nua lena chás ar aon chor. Cé go bhfuil cuma réasúnta cothrom ar an ndáilcheantar nua, roinnte idir an dá chontae agus le Guaire agus an tInbhear Mór mar lárionaid daonra, tá beagnach 50k ina gcónaí ar thaobh Charmanach an dáilcheantair, agus gan ach 36k nó mar sin ar an dtaobh Mantánach. Measaim go mbeadh buntáiste ag iomaitheoirí bunaithe i nGuaire agus mar sin bheinn ag súil le Malcolm Byrne do Fhianna Fáil agus Fionntán Ó Súilleabháin do Shinn Féin a bheith ina suí sa 34ú Dáil. Cad as a dtiocfaidh an tríú suíochán ar chóir a bheith i gcolún Fhine Gael?

Beidh deacracht ag aon iomaitheoir i nGuaire vótaí a mhealladh ó Chill Mhantáin agus aon iomaitheoir san Inbhear Mór vótaí a mhealladh ó Guaire. An t-aon fáth nach gcuirfidh seo isteach ar Shinn Féin ná go mbeidh siad ar chúóta ar aon nós. Sáróidh Byrne d'Fhianna Fáil an deacracht seo mar go bhfuil tromlach an dáilcheantair i Loch Garman, agus gur seanadóir agus iar-TD é le seasamh náisiúnta. Ní féidir an rud céanna a rá faoi aon iomaitheoir d'Fhine Gael áfach agus ní féidir a thuar mar sin cé a bhainfeas an tríú suíochán.

Mo thuar mar sin.

Cill Mhantáin: SF-2, FG-1, SD-1

Cill Mhantáin-Loch Garman: SF-1, FF-1, FG-1.

Beidh 14 TD sa bhreis tar éis an olltoghchán rud a thabharfaidh go 174
líon na TD agus rud a chiallaíonn gur 87 an uimhir draíochta amach anseo
le rialtas a chur le chéile. Tá dhá shuíomh ar leith a bheidh an-suim agam iontu sna seachtainí romhainn. Déanann an Irish Polling Indicator scagadh ar na pobailbhreitheanna ar fad ag iarraidh leibhéil tacaíochta na bpáirtithe uilig a mheas agus a leanúint. Beidh sé suimiúil tionchar athbhreithiú na ndáilcheantar sna pobailbhreitheanna a fheiceáil. Déanann Irish Elections Projection iarracht na leibhéil tacaíochta seo a chlaochlú go suíocháin Dála agus os rud é go n-úsáideann sé na toghcheantair áitiúla seachas na dáilcheantair ba chóir go mbeadh an córas sin in ann cruth an chéad Dáil eile a thuar in ainneoin na hathruithe ar fad.

Na bíodh amhras ar bith ar éinne, thosaigh olltoghchán 2024 an tseachtain seo.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-54231108883059344992023-07-30T10:30:00.003+01:002023-07-30T10:32:00.126+01:00Dhá fhoireann fós fágtha.
I bhfaiteadh na súl, ní raibh fágtha ach an dá fhoireann a bheadh roghnaithe ag an mórlach ag tús an tsamhraidh - Áth Cliath agus Ciarraí. Nílim chun am a mheilt ag déanamh dianmhacnamh ar thuar, nó ag plé na féidireachtaí ar fad. Tá an méid sin déanta ag na saineolaithe le coicís anuas agus níl aon chinnteacht mar thoradh ar a saothair.

Tá an toradh seo idir dhá cheann na meá. Corraithe na bliana seo caite i gcoinne foireann le cairn ollmhór de bhoinn uile Éirinn ina nglaic acu. Níl an aimsir le bheith rómhaith, ach ní raibh le mí anuas agus ní chuirfidh sin isteach ar cheachtar den dá fhoireann. Deacair a shamhlú go mbeidh mórán eatarthu ag a deireadh.

Go mbainimid uile sult as an lá mór!

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-12013846657403845262023-07-01T13:48:00.002+01:002023-07-01T15:31:45.706+01:00Deireadh seachtaine ollmhór caide.

Agus athléamh déanta agam ar an méid a scríobhas ag tús na craoibhe, tá rudaí i ndiaidh titim amach beag ná mór mar a bhí tuartha ag nach mór gach duine. As an sé fhoireann a mheas mé a bheith in iomaíocht Sam a bhreith leo, níl ach Gaillimh i ndiaidh titim.

Bhí gearán agus olagón maidir leis an iomarca cluichí a bheith imeartha chun fáilt réidh le ceithre fhoireann sna grúpaí, ach ní thuigim an meon sin - nach bhfuilimid ag iarraidh níos mó cluichí a fheiceáil? Agus cé go raibh corr-slad anseo is ansiúd, is cluichí iomaitheacha taitneamhacha a bhí againn ar an mórchuid.

Inniu agus amárach feicfimid an fíor mo thuar go mbeadh sé an-deacair do na foirne nár chríochnaigh ag barr na ngrúpaí buachaint an tríú seachtain as a chéile. I ndiaidh tús iontach Mhaigh Eo i gcoinne na Ríochta, thiteadar a chodladh (mar is iondúil leo) agus bhí orthu cluiche sa bhreis a imirt i gcoinne a shean-namhad Gaillimh. Ba chluiche aisteach a bhí ansin ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cur chuige na nGailleamhach. Bhí saghas ionadh orm nach raibh siad in ann Maigh Eo a chloí, ach ní raibh locht ar éinne ach iad féin. Dar ndóigh tá sé ar chumas Maigh Eo éinne a chloí ar an lá, ach, freisin, tá sé ar a gcumas acu cailliúint i gcoinne éinne, ag braith ar an lá. Le cúnamh Dé beidh díoltas ag na Dubs amárach i ndiaidh an phraisigh a rinneadh den chluiche leathcheannais i 2021.

Mar sin féin, níl aon fhoireann i ndiaidh rian láidir a fhágáil ar chúrsaí fós i mbliana, agus creidfidh nach mór gach fhoireann atá fágtha go bhfuil seans réalaíoch acu an beart a dhéanamh ag deireadh na míosa. Déanta na fírinne, beidh gach fhoireann ag guí go ndéanfaidh foireann éigin eile an obair chrua leithéidí Áth Cliath agus Ciarraí a chloí agus bheinn in ann Maigh Eo a shamhlú gcroíthe na hardchathrach a bhriseadh amárach, croíthe Chiarraí a bhriseadh sa chluiche leathcheannais agus ansin an ceann mór a chailleadh le pointe i gcoinne Muineachán! Neosfaidh an aimsir.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-60061968298199565172023-05-20T14:25:00.012+01:002023-05-20T15:51:15.497+01:00Craobh Ceannais Caide na hÉireann

Lá mór i measc na nGael inniu é, na Gael le suim i gcúrsaí caide ach go háirithe agus tús á chur le comórtas craoibhe uile Éireann le feiceáil cá háit a chaithfidh Sam Mag Uidhir an Fómhar, an Geimhreadh agus an tEarrach seo chugainn.

Sé fhoireann déag ar fad atá san iomaíocht sa chóras nua-deartha i mbliana ach i ndáiríre bheadh ionadh ar éinne mura Ciarraí, Átha Cliath, Gaillimh, Tír Eoghain nó Maigh Eo nó b'fhéidir Doire a bhaineann Sam ar deireadh. Tá na foirne eile ann chun croíthe an sé fhoireann thuas a bhriseadh agus b'fhéidir forbairt a dhéanamh ar a bpainéal do na blianta romhainn.

Sé chluiche ar fad atá le buachaint ag an bhfoireann a chrochfaidh Sam ar Ardán Uí Ógáin ag deireadh an tSamhraidh, ach i ndáiríre, d'fhéadfadh foireann ceann nó dhó a chailleadh agus fós an beart a dhéanamh, ag braith ar thorthaí eile. Tá gearán á dhéanamh go gcáileoidh dhá fhoireann déag as an iomlán tar éis an chéad trí chluiche agus measaim go bhfuil rian den fhírinne leis sin, ach fós féin, is buntáiste mhór í gach cluiche a bhuachaint agus críochnú ar bharr an ghrúpa, mar mura gcríochnaíonn beidh an seachtú cluiche le himirt, agus ag braith ar thorthaí eile, d'fhéadfadh an cluiche sin a bheith i gcoinne ceann de na sé fhoireann is fearr. Is fada uainn na craobhacha éasca a bhain an Ríocht fadó le gan ach trí nó ceithre cluiche le himirt acu agus is mór an difir anois idir sé chluiche agus seacht gcluiche, go háirithe agus an comórtas ar fad brúite isteach idir seo agus deireadh mhí Iúil.

B'fhéidir an t-aon athrú eile a bheadh le déanamh ná gan ach ocht bhfoireann a bheith cáilithe i ndiaidh na grúpaí, rud a chuireadh níos mó nimhe i gcluichí na ngrúpaí agus rud a shaoródh suas deireadh seachtaine amháin eile sa féilire ionas go bhféadfaí athimirt a dhéanamh má chríochnaíonn craobh cúige i gcomhscór arís mar a tharla le Doire agus Ard Mhacha an tseachtain seo caite.

Fós féin, nílim in ann a shamhlú nach mbeidh deargchogadh idir Ciarraí agus Maigh Eo agus Gaillimh agus Tír Eoghain inniu agus ní feidir liom fanacht orthu.

Is ábhar conspóide é go bhfuil ceann de mhórchluichí an lae, buachaillí Mhaigh Eo ag tabhairt cuairte ar Chill Áirne na Ríochta i bhfolach taobh thiar de bhalla íocaíochta GaaGo. Níl aon náire ormsa a admháil gur íoc mé mo €79 le déanaí agus táim ag tnúth go mór le cluichí an lae inniu. Is cuimhin liom éisteacht le cuairt na Dubs ar Pháirc Uí Chaoimh i 1983 ar an raidió, mar nach raibh faic ar an dteilifís sna laethanta sin mar go raibh eagla ar an CLG nach mbacfadh éinne freastal ar chluichí dá mbeadh siad ar fáil go héasca ar an mbosca. Buíochas le Dia gur thangadar chun céille ó shin i leith. Tá an oiread sin dár gcluichí le feiceáil anois saor in aisce ar RTÉ agus TG4 go bhfuil lucht leanta ár gcluichí naisiúnta millte i ndáiríre. Mar sin féin, tá costas ag baint le na cluichí seo a chur ar fáil agus ní mheasaim gur olc an mhargadh é €79 ar na cluichí eile nach bhfuil ar na meáin saoir, go háirithe nuair atá lascainí ar fáil do chlubanna CLG agus tithe altranais.
cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-2115722374488887812023-04-11T11:41:00.003+01:002023-04-11T11:47:32.853+01:00Ní tragóid é gach meath.
Más rud é go bhfeicfear go bhfuil roinnt de na blaganna ar mo liosta thall i léig, agus don mórchuid gur mba ábhar bhróin é sin, is léir i gcás an ceann seo, gur trua nár cuireadh stop lena fhoilsiú na blianta ó shin. Táim ag trácht ar 'An Biorán', mar a ghlaoigh mise air, ach The Property Pin a bhí (agus atá) mar theideal acusan ar an suíomh.

Chaith mé an-chuid ama air siar sna náideanna agus sna deicheanna, agus is ann a rinneadh trácht agus cur síos laethúil ar fhás agus ar mheath an tíogar cheiltigh. Is cuimhin liom bheith ag leanúint cliseadh na mbanc ar an suíomh agus an-chuid daoine suimiúla feasacha air chun chuile rud a mhíniú agus an tír ag titim as a chéile. Roimh dom a bheith ar Tw*tter go rialta is ar an mBiorán a fuair mé mo chuid nuachta agus is ann a rinneadh an scagadh agus plé ar scéalta móra an lae.
Ba chúrsaí eacnamaíochta ba mhó mar chlocha ar phaidríní lucht an Bhioráin ach phléití gach rud air. Maraon le haon suíomh fóraim bhí comhluadar rialta ann agus diaidh ar ndiaidh rachfá i dtaithí ar na claonta agus réamhchlaonta a bhí acu.

Ba léir dhom gur de lucht an rachmais roinnt den lucht tráchtaireachta ann - lucht ceannaithe agus díolta tithe, tiarnaí talún agus ar uile. Ba léir freisin go raibh ídeolaíocht nua-liobrálach ag roinnt acu. An saghas duine a mheas gur easpa chaipitileachais agus saor-mhargachais ba chúis le cliseadh mór 2006-2009. Ba chuma liom a seafóid mar go raibh dóthain ann le saineolas agus le ciall le go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh ar na boic ba mheasa.
Ar deireadh áfach, d'éirigh mé braon de agus stop mé ag glacadh páirte ach ba dhócha go raibh nós agam é a léamh fós go dtí gur éirigh mé as a bheith ag blagadóireacht go hiomlán.

Baineann sé geit anois asam nuair a fheicim an cruth atá anois air.
Pé locht ar bhí ar an suíomh tráth dá raibh, ba foinse lonnrach fírinne é i gcomparáid leis an leithreas lán cacamais atá ann anois. Ó mo Dhia, tá sé plódaithe le comhchealga craiceáilte Covid, frith-vacsaíniú, friththeifeach, trasfóbach, ciníoch, agus cad eile nach iad.
Rud eile a thugaim fá ndeara ná go bhfuil an suíomh tréigthe ag an slua a bhí air 10 mbliain ó shin. Níl fágtha ach an bunaitheoir féin agus dream nua deplorables. An raibh sé ina faisisteach ar feadh na blianta ar fad, nó an ndeachaigh QAnon i bhfeidhm air trí 4chan, facebook agus a leithéidí? Cá bhfios, ach pé scéal é, táim ag baint an nasc anois, mar nach bhféadfainn éinne a threorú ina threo a thuilleadh.
cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-25861054341781984432023-01-22T10:32:00.000+00:002023-01-22T10:32:36.684+00:00DrochthúsAch tús fós. Nó atús is dócha. Is léir nach bhfuil sé de dhíograis agam postáil rialta a dhéanamh anseo, ach tá sé fós i gceist agam an caisleáin a atógáil, de réir a chéile, cloch ar chloch. Agus mé fillte anseo anois, bheadh sé chomh maith agam ord agus eagar a chur ar an áit, agus cá háit is fearr tosnú ná leis an gcolún 'Léite go Rialta' ar thaobh na láimhe deise.
Dar ndóigh, ní léitear go rialta iad a thuilleadh, de bharr nár chaith mé mórán ama anseo le fada, ach os rud é gur chaith mé am orthu tráth dá raibh, b'fhiú athchuairt a chur orthu, le feiceáil cén bail atá orthu i ndiaidh na blianta.
'A Fistful of Euros' ag a barr agus is léir go bhfuil an fearann imithe anois agus is é sin le rá go bhfuil an blag imithe ar fad. Ní cuimhim liom go díreach mórán faoi ach amháin gur blagadóireacht pholaitiúil agus eacnamúil ar an Eoraip agus an Domhain a bhí pléite air. Feicim go bhfuil cuntas tw*tter ann freisin, ach é imithe ciúin leis. Tá súil agam gur easpa spreagadh nó leadrán amháin is cúis lena n-imeacht agus go bhfuil cuan suaimhneach sroichte ag pé duine nó daoine a bhí ina mbun. Mar is iondúil le formhór na suíomhanna seo, níl aithne ar bith agam ar a n-údar, ach guím gach rath orthu mar sin féin.cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-90471458156285210052023-01-10T19:05:00.002+00:002023-01-10T19:05:17.588+00:00Fill arís.Measaim go bhfuil sé in am filleadh anseo tar éis blianta fada fanaíochta ar shuímh is ar ardáin eile. Twitt*r is mó a ghoid m'am is mo smaointe le 10 mbliain anuas. Ach tá an talamh sin loite agus loiscthe ag faisistigh agus biogóidí agus réimeas ráiméiseach na nIncel faoi lán-seoil anois ann. Bhog mé go Mastodon ina ionad agus cé go bhfuil sé go breá, measaim gur deis é an t-athrú tús eile a chur le m'iarrachtaí anseo. Neosfaidh an aimsir an bhfuil de dhíograis ionam foilsiú go rialta anseo.cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-46794518435543833472022-05-22T12:27:00.000+01:002022-05-22T12:27:55.205+01:00Dán

Jim Flavin DCC.

They're not criminal can't you see?

Who makes the laws for you and me,

Who gets to say who walks off free?

Anaesthetised by anomie, a fatal form of apathy,

we all forget there was a we and slowly slay society.

Before more lies and treachery,

imprison us without a key,

commit these names to memory:

Jim Flavin DCC.cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-12377979903891190602020-02-03T22:15:00.001+00:002020-02-03T22:15:08.345+00:00Pobailbhreith is Déanaí

Már a shíleas aréir, níl seans ar bith go mbeidh am anois agam chuile dáilcheantair sa tír a thuar is a mheas mar a rinne mé sna holltoghcháin i 2016 & 2011. Agus mé ag leanúint haischlib #Togh2020 tháinig mé ar shaothar Paul Dempsey. 'Séard a rinne sé ná chuir sé na céadtadáin ó na pobailbhreitheanna ar fad i bhfeidhm dáilcheantair ar dháilcheantair chun tuar a dhéanamh ar cé a bheireas bua.

Níl torthaí anocht ón MRBI sa áireamh, ach gan seans go mbeidh sar i bhfad aige.

Seo thíos mar a thuar an Díomasach cúrsaí.

Más mar sin a thiteann cúrsaí amach, bheadh sé deacair aon rialtas ach FF/FG a fheiceáil, ach má fhaigheann Sinn Féin 25% go náisiúnta toghfar gach mac máthar acu .i. 42 agus ar na huimhreacha sin is baol do Fhine Gael nach mbeidh siad ach sa triú áit. Cad a dhéanfaidh siad ansin? Le Fianna Fáil ag titim freisin tá baol go gcaillfeadh siad na suíocháin dheireanacha fud fad na tíre do iomaitheoirí ó pháirtithe beaga (AAA-PBP, Na Glasaigh, SD srl) le farasbarr Shinn Féin.

Is cóngaraí a dhreapann SF i dtreo 40, is mó an seans go mbeidh ról lárnach i rialtas na tíre acu. Is cóngaraí a thiteann FF i dtreo 40, is lú seans gurb amhlaidh dóibhsean. An dúshlán atá roimh FG anois ná coimeád os cionn 35. Má thiteann siad faoin uimhir sin, tá ré Leo thart. Gach seans go bhfuil ré Leo thart pé scéal é, mar ar na huimhreacha seo, is baol nach sroichfidh FF+FG an uimhir draíochta 80, fiú le chéile.

Tá daoine ag maíomh gur bhotún é do Shinn Féin gan dóthain a chur os comhair an phobail. Ach ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a thuar go mbeadh 25% den vóta acu. Fiú le sin, is beag dailcheantair suíochán sa tír gur féidir bheith cinnte de dhá shuíochán ar 25%. Agus mar a tharla i dTír Chonaill i 2016, má scarann tú do vóta is féidir suíocháin chinnte a ligint le sruth.

Cad a
tharlaíonn má fhaigheann FF 45, SF 40, FG 35? FF+FG dar liom, ach
cinnteodh sé seo níos mó ná 50 suíochán do Shinn Féin an chéad babhta
eile. Luath nó mall, beidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach. Sin an sprioc agus más fearr fanacht cúpla bliain eile chun é a bhaint amach, sin a dhéanfaidh siad.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-9833629190398775542020-02-02T22:47:00.002+00:002020-02-02T22:47:41.536+00:00Toghchán na Seachtaine Romhainn.

Dhera, táim chomh gnóthach na laethanta seo gur beag baol go mbeidh deis agam tuar a dhéanamh dáilcheantar ar dháilcheantar mar a rinneas le roinnt olltoghcháin anuas. Seo mar a cheapas go dtitfeadh cúrsaí amach i 2016 agus ag breathnú anois air, ní ró-olc mar thuar a bhí ann.

Fine Gael - 53 go 58 (50)

Fianna Fáil - 31 go 37 (44)

Sinn Féin - 28 go 34 (23)

Lucht Oibre - 8 go 11 (7)

AAA - 3 go 4 (3)

SD - 3 go 4 (3)

PBP - 2 go 3 (3)

Ŕéńúá - 2 (0)

Comhaontas Glas - 1 go 2 (2)

Neamhspleách - 16 go 21 (23)

Idir lúibíní na suíocháin a bhaineadh amach ar an lá úd. Is léir go raibh fios mo cheird agam ar aon nós, agus tá cathú anois orm tabhairt faoin dtairngreacht arís. Feicfidh mé an bhfuil am aon rud a chaitheamh le chéile idir seo agus an Aoine.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-16499970703562364862017-04-07T22:05:00.000+01:002017-04-07T22:05:29.622+01:00Nach mé an fear is fearr?

Is ocht mbliana go leith ó fhoilsíos an chéad blag anseo agus is fada an aistear atá déanta agam. I ndáiríre is chun taithí athghabháil ar scríobh agus gramadach na Gaeilge a chuireas tús le m'fhánaíocht agus bhíos díograiseach go leor ag an tús. Ag léamh mo chéad iarracht arís áfach, is léir ach raibh aon dul amu orm ag ceistiú cá bhfaigheann daoine an t-am é seo a dhéanamh go rialta? Ní raibh an t-am agamsa ar aon nós agus tháinig ídiú agus creimeadh ar m'iarrachtaí thar na blianta go dtí nach bhfuil ach ceann nó dhó in aghaidh na bliana.

Táim athruithe go huile agus go hiomlán i dtreo twitter agus is annamh a léim fiú blaganna anois, gan trácht ar iad a scríobh. Dár ndóigh is ó twitter féin a threoraítear i dtreo blaganna mé agus táim cinnte gur giolc de mo chuidse a tharraingeoidh pé corrléitheoir a léann an méid seo. Rothaí mór an tsaoil ag síor chasadh is dócha is cúis leis an mórathrú seo agus ní dóigh liom gurb olc an scéal é meath mo bhlagsa do stádas nó seasamh na Gaeilge.

Ó am go chéile léim blaganna a scríobhas féin blianta ó shin agus baintear geit asam nuair a fheicim botúin lithrithe nó gramadaí. Go sábhála Mac Dé sin ón gcathú eagarthóireacht a dhéanamh ar gach ceann acu - táim sásta iad a fhágáil mar chlocha oghama ag seasamh os cionn uaigh m'aineolais nó b'fhéidir ag seasamh ar theorainn idir bhreacGhaeilge scoile leathchuimhnithe agus an Ghaeilge álainn atá ar mo thoil anois agam. Hmmm.

Bhuel, pé scéal é, is soiléir dom nach bhfuil mo thuras curtha fúm fós agus ó am go chéile cuirim ceisteanna ar lucht léitheoireachta faoi chúrsaí teangan. Is minic gur féidir an cheist a chur i bhfoirm giolc nó dhó agus freagra dá réir a fháilt gan mhoill ar twitter, ach anocht tá ceist agam a mheasaim a bheith ábhairín níos castaí.

Chuireas ar twitter aréir í ach b'fhearr liom é a leagadh amach arís anseo ar shlí níos éascaí le léamh, gan bheith ag cogaint mo smaointe síos go greimeanna céad beart 's daichead.

Is é an fear is fearr.

Am cheist a chuireadh orm ná cén fheidhm ghramadaí atá ag an dara 'is' san abairt thuas. Tuigim an breischéim/uaschéim níos/is ach ní thuigim cén fáth go n-úsáidtear iad mar sin. Chuardaíomar is sa theanglann agus ní fheicimse aon míniú ar an úsáid 'is fearr' ansin. An bhfeiceann éinne eile?

Chuireamar an abairt thuas san aimsir chaite chun 'Ba é an fear ab fhearr' a fháil. Anois, níl a fhios agam fúibhse ach screadann an t-athrú ó 'is' go 'ab' ansin COPAIL! i mo chluasa ar aon nós ach conas dhá chopail a bheith i bhfeidhm in abairtín chomh simplí le sin? Sin ceist an choinín bháin a chuir ar ár dtóraíocht ina diaidh muid ar feadh fiche nóiméad nó mar sin.

Chuimhnigh dalta amháin ar leabhar scoile a léamh a d'usáid 'ní ba' gach áit a bheadh súil agat 'níos' a fheiceáil, rud a chuir i gcuimhne domsa ceann de na tráchtairí ar GAA BEO a leanann an nós seo gan teip. m.sh 'Ní ba fhearr' in ionad 'níos fearr'. Dála an scéil, cén canúint a dheireann 'ní ba' ar aon nós? Ach pé acu é, tá cruth an chopail air, nach bhfuil?

Chuardaíomar pota focal freisin áit a chonaiceamar rudaí ar nós 'toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.' Aineoinn nach bhfuil 'níb' le fáil sa teanglann is soiléir go leor domsa gur leagan de 'ní ba' atá ann agus mar sin is breis fianaise é gur an chopail atá in úsáid chun an breischéim a dhéanamh sa Ghaeilge. Anuas ar sin, más ionann 'níos' agus 'ní ba' an bhfuil copail i bhfolach ansin i 'níos'? An féidir le teangeolaí é seo a mhíniú dom i bhfoirm a bhféadfainn a mhíniú do dhaoine eile?

Mar chríoch, agus muid ag caint ar an uaschéim thug duine acu fá ndeara gur leis an iarmhír -est a ndéantar i mBéarla é. -est? Cad sa tsioc? N'fheadar an bhfuil gaol aige sin le briathar 'be' an Bhéarla (nó être na Fraincise)?

Gheallas don rang go gceisteoinn an t-idirlíon agus go mbeadh freagra agam dóibh an chéad oíche eile. Nár laga Dia sibh a shaoithe is a dhraoithe na Gaeilge!

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-79830832635240267682016-02-24T19:55:00.002+00:002016-02-24T19:56:49.857+00:00Olltoghchán 2016 ... focal scoir.

Tá an feachtas beagnach thart anois agus deireann na meáin linn nach raibh mórán spleodar ann. Mura raibh, caithfidh mé a admháil go bhfuilim bréan de faoin dtráth seo le mo thuair déanta agus mo €40 infheistithe agam le paddypower.com, ní féidir liom fanacht go dtí lá mór na gcomhairimh Dé Sathairn.

Táim ag ceapadh go dtitfidh cúrsaí amach mar seo

Fine Gael - 53 go 58

Fianna Fáil - 31 go 37

Sinn Féin - 28 go 34

Lucht Oibre - 8 go 11

AAA - 3 go 4

SD - 3 go 4

PBP - 2 go 3

Ŕéńúá - 2

Comhaontas Glas - 1 go 2

Neamhspleách - 16 go 21

ag braith ar cheatadáin vótaí mar seo:

Fine Gael 27-31%

Fianna Fáil 18-22%

Sinn Féin 17-21%

Lucht Oibre 6-10%

Eile 16-32%

Mar a tharlaíonn tabharfadh na pobalbreitheanna le fios gur mar seo a thitfidh cúrsaí amach, ach amháin vóta Shinn Féin, atá a titim le seachtain anuas. Mura mbaineann siad amach an 17% sin, ní dóigh liom go mbainfidh siad an 28 suíochán sin amach.

Ach, An féidir braith ar na pobalbhreitheanna? Seo mar a bhí siad don choicís deireanach i bhfeachtas 2011:

Déarfainn bunaithe ar seo, go rabhadar cuíosach cruinn, ag glacadh le go bhféadfadh torthaí athrú cúpla % ó lá go lá. Tá sé suimiúil a fheiscint cé chomh cruinn is a bhí an suirbhé iarvótála. Má fhoilsítear a leithéid arís i mbliana beidh tuairim mhaith againn tráthnóna Dé hAoine cad atá i ndán dúinn ar an Satharn.

Dár ndóigh, ní mise amháin atá ag iarraidh tuar a dhéanamh. Tá suíomh suimiúil irishelectionstats.com atá ag iarraidh samhaltú a dhéanamh ar bhonn staitisticiúil ar gach toghcheantar agus a fhoilsíonn tuar bunaithe ar an dochúlacht go dtoghfaí gach iarrathóir. Seo an toradh iomlán thar gach toghcheantar ...

Níl sé go hiomlán soiléir cén samhail atá in úsáid anseo, ach tá sé ag úsáid na pobalbhreitheanna a fhoilsítear ar irishpollingindicator.com. Déanann an suíomh sin iarracht ar na pobalbhreitheanna éagsúl a mheas chun an 'fhírinne' a scagadh agus seo mar a fheictear dó é:

Tá gach páirtí anseo laistigh den raon ar a bhfuilim ag braith, seachas (ar éigin) Sinn Féin agus cloífidh mé mar sin leis an dtuar thuas.

Neosfaidh an aimsir.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-18274750990344270352016-02-19T11:47:00.000+00:002016-02-19T13:20:53.851+00:00Torthaí an Olltoghcháin.

Ar nós sean stát Sóiveideach nó breacdaonlathas míleata mar san Éigipt fé láthair, táim chun torthaí an olltoghcháin a fhoilsiú seachtain roimh ré. Mura ndéanann muintir na hÉireann mo thuair a fhíorú an tseachtain seo chugainn, tá an locht go huile agus go hiomlán orthu ... tagann Die Lösung le Berthold Brecht chun cuimhne.

Pé scéal é, tá na torthaí seo bunaithe ar leibhéil tacaíochta dos na páirtithe éagsúla mar seo a leanas.

Fine Gael 27-31%

Fianna Fáil 18-22%

Sinn Féin 17-21%

Lucht Oibre 6-10%

Eile 16-32%

Sílim go dtitfidh an tacaíocht náisiúnta idir na raoin sin ag breathnú ar na pobalbhreitheanna le roinnt míonna anuas, ach mura dtiteann, dár ndóigh, is cur amu ama ollmhór an tsraith seo.

Mar achoimre, seo hiad na torthaí sna cúigí/mórcheantair éagsúla a thuaradh thuas.

Tuar Átha Cliath: FG-11(-3) SF-9(+5) FF-4(+3) LO-4(-11) SD-1 PBP-2 AAA-2 RN-1 CG-1(+1) N-6 GF-3

Tuar Chúige Laighin: FG-15(-5) FF-11(+3) SF-7(+4) LO-4(-4) N-1 SD-2 RN-1 GF-2.

Tuar Chúige Mumhan: FG-18(-3) FF-10(+2) SF-6(+3) LO-0(-6) AAA-1(+1) N-5 GF-3

Tuar Chúige Chonnachta: FG-7(-5) FF-4(+1) SF-2(+1) LO-0(-2) N-3 GF-3.

Tuar Chúige Uladh: SF-4(+1) FG-2(-3) FF-2 N-1

Daoibhse atá féith na matamaitice ionaibh is féidir libh na huimhreacha thuas a chur le chéile chun an tuar iomlán a dhéanamh.

Tuar: FG-53(-19) FF-31(+8) SF-28(+14) LO-8(-23) AAA-3(+1) SD-3 PBP-2 RN-2(-1) CG-1(+1) N-16 GF-11

Bhí 76 ag Fine Gael i 2011 ach chailleadar dhá fhothoghchán agus chailleadar triúr go Ŕéńúá, cé go dtógfaidh siad ceann Terence Flanagan ar ais. Sin an fáth nach bhfuil ach 53+19=72 acu thuas. Is amhlaidh an scéal don Lucht Oibre. Bhíodh 37 acu, ach chailleadar Rósín Shortall go na SDanna, Tommy Broughan go N agus Colm Keaveney go FF. Chomh maith le sin, caithfimid cuimhniú go bhfuil an 11 sin fós i gcolún Gan Ghios. Mar shampla tá John Lyons LO san iomaíocht do ceann acu sin agus mar sin, níl a shuíochán san áireamh mar cheann buaite nó caillte fós.

Is fiú breathnú siar ar na suíochán sa cholún sin, chun a fheiscint cad é an méid is mó a d'fhéadfadh gach páirtí a bhaint uatha. Dá mbainfeadh na páirtithe gach ceann ón gcolún GF ina bhfuil siad san iomaíocht seo mar a chríochnóidís.

Fine Gael - 58

Fianna Fáil - 37

Sinn Féin - 34

Lucht Oibre - 11

AAA - 4

SD - 4

PBP - 3

Rénúá - 2

Comhaontas Glas - 2

Neamhspleách - 21

Is féidir breathnú ar na huimhreacha seo mar féidearthachtaí, nó an uashmhéid a bhainfidh na páirtithe éagsúla ar dea-lá. Má shuimítear leis na suíocháin atáim cinnte fúthu, seo mar a bhreathnaíonn cúrsaí.

Fine Gael - 53 go 58

Fianna Fáil - 31 go 37

Sinn Féin - 28 go 34

Lucht Oibre - 8 go 11

AAA - 3 go 4

SD - 3 go 4

PBP - 2 go 3

Ŕéńúá - 2

Comhaontas Glas - 1 go 2

Neamhspleách - 16 go 21

Cuimhnímís go bhfuil gach rud bunaithe ar an raon atá le feiscint san pobalbhreitheanna do gach páirtí. Mar sin, már sháraíonn Fine Gael 30% is féidir leo 58 a bhaint. Má sháraíonn Fianna Fáil 20%, is féidir leo 37 a bhaint. Má sháraíonn Sinn Féin 20%, d'fhéadfaidís 34 a thógáil, agus má sháraíonn an Lucht Oibre 10% d'fhéadfaidís 11 a thógail.

Tá scéal difriúil á insint ag na huimhreacha seo, nach bhfuil? Níl
an rialtas ach deich ón sprioc anois, ach cuimhnímis freisin, bheadh orthu gach
uile ceann lena bhfuil siad in iomaíocht ón gcolún GF a bhaint - rud
nach tharlóidh ach ar an lá is fearr dóibh. É sin ráite, is é an chéad uimhir an uimhir atáim ag súil leis le gach páirtí.

Sin agaibh mar sin toradh mo shaothar. Táimse ag buaileadh trasna anois go paddypower.com chun €50 a infheistiú.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-8059323721836221632016-02-19T09:12:00.001+00:002016-02-19T11:45:48.934+00:00Olltoghchán i dTuaisceart Átha Cliath.

Tá ceithre thoghcheantar fágtha ar bhruach thuaidh abhainn álainn na Life agus déanfaidh mé tuar ag gach ceann acu anois chun m'aistear timpeall na tíre a chríochnú.

Áth Cliath Lár. Tá suíochán amháin á chailliúint anseo rud a chinntíonn dícheannadh de dhuine éigin mór le rá. Thóg sé roinnt blianta ar Mary-Lou McDonald SF a suíochán a bhuachaint anseo nuair a bhí ceithre cinn ar fáil, ach leis na hathruithe teorainn a cuireadh i bhfeidhm anseo tá sí níos láidre anois ná mar a bhí riamh. Críochnóidh sí ar bharr an chéad comhairimh le gar go cúóta aici agus is í an t-aon duine anseo a bheinn cinnte go dtoghfar iad. Beidh cúigear eile ina diaidh ar thóir an dhá suíochán deireanach - Paschal Donohoe FG, Joe Costello LO, Maureen O'Sullivan N, Mary Fitzpatrick FF agus Christy Burke N. Ní chuireadh sé ionadh ar bith orm dá dtoghfaí aon bheirt as an gceathrar sin, ach déarfainn gur duine as Donohoe FG agus Costello LO a dtógfaidh an chéad acu ag úsáid aistrithe ón duine eile. Beidh Fitzpatick FF bocht san iomaíocht cinnte ag iarraidh sean-suíochán Bhertie a bhuachaint ar ais, ach is snámh in aghaidh easa (agus in aghaidh aistrithe) a bheidh sí. Idir Christy Burke & Maureen O'Sullivan a bheidh an ceann deireanach mar sin, agus ar deireadh déarfainn go gcoimeádaidh O'Sullivan é.

Tuar: SF-1 FG-1 N-1.

Áth Cliath Thuaidh Thiar. Tá trí suíochán le buachaint anseo mar a bhí i 2011 ach tá an domhan athruithe ina hiomlán ó shin i leith. Thóg an Lucht Oibre dhá cheann ansin ach ceann amháin le Róisín Shortall SD atá anois mar bhall de na SDanna. Tógfaidh sí a suíochán arís fén mbrat nua agus tógfaidh Dessie Ellis SF a shuíochán freisin, ar bharr an chéad comhairimh is dócha. Beidh an tríú suíochán idir an dara iarrathóir ó Sinn Féin, Cathleen Carney Boud SF agus John Lyons LO a thóg an dara ceann don Lucht Oibre i 2011. Tá sé an-deacair iad a scarúint óna chéile, ach ag breathnú ar laigeacht na dtorthaí ag an Lucht Oibre sna toghchain áitiúla i bhFionnglas agus i mBaile Munna i 2014 agus iad a chur i gcomparáid le torthaí Shinn Féin, déarfainn go dtógfaidh Carney Boud ar deireadh é. É sin ráite, beidh Lyons in ann braith ar roinnt aistrithe ón Léine Gorm nach bhfuil seans ar bith dá chuid féin aige, agus de bharr sin, caithfidh mé an ceann seo a fhágáil i gcolún GF.

Tuar: SD-1 SF-1 GF-1.

Cuan Átha Cliath Thuaidh. Tá an ceann seo fíor dheacair a thuar mar is meascán de dhá toghcheantar ó 2011 é, leis na sé suíochán a bhíodh ann á athrú go cúig. Beidh corp amháin dá bharr mar sin, ach níl éinne eile de na teachtaí atá suíochán fé láthair acu cinnte faoina dtodhchaí ach amháin Richard Bruton FG a thógfaidh a suíochán arís, agus Seán Kenny LO, atá ag dul ar scor. Ba chóir go mbeadh suíochán anseo do Shinn Féin agus beidh gar go leor go cúóta acu, ach ar fáth éigin tá siad á roinnt idir beirt, rud a chuireann i mbaol é dár liom. Beidh vóta níos ísle ná Sinn Féin ag Aodhán Ó Ríordáin LO dár liom ach níl sé á roinnt le héinne agus tógfaidh sé suíochán ar deireadh ag úsaid aistrithe ó Fhine Gael. Tá suíochán ag Terence Flanagan RN a bhuaigh sé d'Fhine Gael i 2011 ach ní dóigh liom go bhfuil dóthain daoine atá greamaithe sna 1950aí chun é a thoghadh faoi bhrat Ŕéńúá. Ba chóir go mbeadh suíochán ann d'Fhianna Fáil freisin ach maraon le Sinn Féin tá siad á roinnt idir bheirt, ach fós féin, cheapfá go mbeadh dóthain d'ainm ag Seán Haughey FF an líne a thrasnú (faraor). Sin tríur a dhéarfainn a bheidh slán, rud a fhágann Tommy Broughan N, Finian McGrath N (agus b'fhéidir Averil Power N fiú) ag troid le iomaitheoirí Shinn Féin don dhá suíochán deireanacha. Dár liom tógfaidh ceann de na iomaitheoirí Shinn Féin ceann acu ar deireadh, rud a fhágaidh Broughan N agus McGrath N ar thóir an ceann deireanach. Cá bhfios cé acu a thógfaidh é?

Tuar: FG-1(-1) FF-1 LO-1 (-2) SF-1(+1) N-1.

Finegall. As go brách, go Bá Bhinn Éadair is tiocfaimid abhaile in am don tae. Seo deireadh ár dturas agus níl ach seachtain nó mar sin go bhfeicfimid an bhfuilim ceart nó mícheart le mo rámhaillí míchéillí. Tá cúig suíochán anseo anois, ait a raibh ceithre cinn, rud a thabhairfidh misneach is dócha do chuile dhuine. Tuigim cén fáth go bhfuil na Léinte Gorma ag rith a bheirt arís, ach níl dhá cúótá anseo dóibh. Is dócha gurb é an tAire James Reilly FG a thiocfaidh slán. Bhíodh Fianna Fáil láidir anseo i gcónaí agus is dócha go bhfuil dóthain ama caite acu sa phurgadóir ionas go dtiocfadh suíochán amháin ar ais chucu - Darragh O'Brien FF is dócha a thógfaidh é. Thóg Clare Daly N suíochán anseo don Páirtí Sóisialach i 2011 ach beidh sí ag rith mar Neamhspleáchach anois - fós féin tá a suíochán slán dár liom. Bhíodh suíochán don Lucht Oibre anseo i gcónaí nuair nach raibh ach ceithre cinn sa toghcheantar, de bharr tacaíocht ó na ceardchumainn san aerfort, ach dár ndóigh tá rudaí titithe as a chéile le blianta beaga anuas. Ag breathnú ar na torthaí áitiúla ó 2014, ainneoin go raibh titim tubaisteach i vóta an Lucht Oibre, déarfainn go bhfuil dóthain tacaíochta fós acu a bheith gar go cúóta agus tabharfar Brendan Ryan LO slán ar aistrithe Fhine Gael. Fágann sin suíochán amháin nach mbeidh cúóta ag éinne é a bhaint amach. Ach dár ndóigh, is minic gur leor leathchúóta an ceann deireanach a thógáil agus im thuairimse, beidh an dara iomaitheoir ó Fhine Gael fós san iomaíocht ar deireadh. Beidh an Comhaontas Glas anseo freisin, agus fiú an iomaitheoir ó Shinn Féin. Beidh an AAA ann freisin, cé do gceapaim gur vóta Clare Daly atá sa cheantar seo, seachas vóta AAA nó ULA nó pé ainm atá glactha acu na laethanta seo. Braitheann gach rud ar an t-ord ina bhfuil siad tar éis cúpla comhairimh. Os rud é nach bhfuil buaiteoir soiléir, fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) LO-1 N-1 GF-1

Ag cur na daichead a ceathair suíochán ó Áth Cliath le chéile seo mar a thitfidh cúrsaí amach san ardchathair dár liom.

Tuar: FG-11(-3) SF-9(+5) FF-4(+3) LO-4(-11) SD-1 PBP-2 AAA-2 RN-1 CG-1(+1) N-6 GF-3

Sin agaibh é. Foilseoidh mé post amháin eile sa sraith seo ag tabhairt uimhreacha don tír iomlán.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-84982488203284464552016-02-18T12:07:00.002+00:002016-02-19T09:01:58.532+00:00Olltoghchán na hArdcathrach ... ar lean.

Áth Cliath Ráth Dúin. Tá trí suíochán sa toghcheantar nua seo in áit an sean toghcheantar Áth Cliath Theas ina raibh cúig. Dár ndóigh bheadh sé i bhfad níos deacra at theachtaí a suíochán a choimeád anois i dtoghcheantar trí-shuíochanach, ach tá ceathrar acu anseo atá chun tabhairt faoi. Táim lánchinnte go dtoghfar beirt acu. Tá Shane Ross N slán agus Alan Shatter FG leis. Táim chomh cinnte céanna go bhfuil suíochán Alex White LO imithe. Fágann sin Peter Matthews N a thoghadh mar theachta Fhine Gael san iomaíocht don triú suíochán. Tabharfainn dó é freisin ach amháin go bhfuil amhras orm gur féidir le triúr chomh Fine Gaelach seo a bheith tofa in aon toghcheantar amháin. Tá seans beag ann mar sin go dtógfaidh An Comhaontas Glas nó fiú Nic Cormaic SF pé vóta 'clé' atá anseo. Ar deireadh áfach, is dócha gur Matthews a thógfaidh é.

Tuar. FG-1 N-2

Áth Cliath Theas-Lárnach. Ón toghcheantar fíorchoimeádach thuas táimid ag smaoineamh anois ar cheann de na toghcheantair is 'clé' sa tír, má ghlactar le vótaí ar son an Lucht Oibre mar vótaí clé. Gach seans gur glacadh leis mar sin i 2011 ach ní dóigh liom go nglacfaí a thuilleadh. Tá suíochán amháin á chailliúint ón dtoghcheantar seo agus níl seans ar bith acu mar sin dhá shuíochán a choimeád. Tuigeann siad an méid sin is dócha agus níl ach duine amháin sa iomaíocht acu. Déarfainn go gcoimeádfaidh Eric Byrne LO a shuíochán ar deireadh. Beidh i bhfad thar cúóta ag Aengus Ó Snodaigh SF freisin, chomh méid sin is go bhfuileadar ag déanamh iarrachta dhá cheann a bhaint. Tá ceann amháin cinnte dearfa ach ní bheinn ródhóchasach faoin dara ceann. Beidh Joan Collins PBP slán freisin ach ní dhéanfaidh na cásanna cúirte a chuirfidh i mbéal an phobail í dochar ar bith dá vóta. Beidh gar go cúóta ag Catherine Byrne FG anseo freisin agus ní bheidh sí á roinnt le héinne.

FG-1 SF-1 LO-1(-1) PBP-1

Áth Cliath Thiar-Meán. Bhain an rialtas ceathair as ceathair an t-am deireanach, éacht nach n-éireoidh leo a athdhéanamh an t-am seo. É sin ráite, ní dóigh liom go dtitfidh cúrsaí an méid sin ionas nach mbeidh ceann amháin acu. Mar sin, beidh Frances Fitzgerald FG agus Joanna Tuffy LO slán. Tá sé cinnte freisin go mbeidh cúóta ag Eoin Ó Broin SF anseo. Tá sé i bhfad níos deacra an suíochán deireanach a thuar. Cinnte, beidh John Curran san iomaíocht, mar a bheidh Gino Kenny PBP agus McNally SD. Seo b'fhéidir an t-aon áit sa tír go bhfuil seans ag na SDanna suíochán nua a bhaint agus braitheann cúrsaí ar cá háit a théann an vóta ollmhór a fuair an Lucht Oibre an lá deireanach. Fágfaidh mé i gcolún GF é.

FG 1 (-1) SF-1(+1) LO-1(-1) GF-1

Sin
é Deisceart agus Iarthar na Cathrach déanta agam, agus críochnóidh mé
m'aistear timpeall na tíre le tuaisceart na Cathrach ar ball. cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-88860136306311369762016-02-17T20:55:00.001+00:002016-02-19T09:13:02.194+00:00Baile Átha Cliath - olltoghchán sa phríomhchathair.

Tá daichead a ceathair suíochán le buachaint sa phríomhchathair, bhuel daichead a trí, mar a tharlaíonn mar nach bhfuil ar an gCeann Comhairle a shuíochán féin a throid. Tá ceann amháin mar sin i ngleic Fhine Gael sula caitear oiread is vóta amháin.

Dún Laoghaire. Tá ceithre suíochán sa Dáilcheantar seo ach mar gheall gur i seilbh Seán Barrett ceann acu, níl ach trí le buachaint an t-am seo. Dár ndóigh, cinntíonn seo go bhfuil suíochán Mary Mitchell-O'Connor FG go hiomlán slán freisin, mar go mbeidh níos mó ná cúóta acu ar an gcéad comhairimh, fiú má tá sé le roinnt leis an dara iomaitheoir. Tá Boyd Before Barrett slán freisin leis an próifíl ard atá aige de bharr é a bheith mar úrlabhraí neamhoifigiúil ar an bhfreasúra cumannach, ainneoin nach bhfuil mórán cumannaigh i nDún Laoghaire. Ait go leor, an t-aon fáth gur bhuaigh sé suíochán i 2011 ná go raibh Hanafin agus Anrdews chomh santach lena chéile i 2011 gur fhágadar an suíochán nádúrtha Fhianna Fáil ina ndiaidh. Faraor, tá seans mhaith ann go bhfillfidh Máire na bPinsean ar an nDáil arís mar go bhfuil vóta an Lucht Oibre titithe go hiomlán as a chéile. Déarfainn gur í a bheidh ar bharr an liosta don tríú suíochán, cé nach sroichfidh sí an cúóta. Is searbh í an fhírinne seo domsa mar thar aon polaiteoir eile sa tír is fuath liom an bhean ghránna sin. Beidh gráin agam do mhuintir Dhún Laoghaire go deo má vótálann siad ar ais í.

Tuar: FG-2 FF-1(+1) PBP-1

Áth Cliath Thiar. Seo dáilcheantar Leo Varadkar FG agus Joan Burton LO agus tá suíochán freisin ag Ruth Coppinger AAA. Nuair a d'éag Brian Lenihan FF bhuaigh Nulty an LO an fothoghchán rud a d'fhág dhá suíochán ag an Lucht Oibre. Bhí fadhbanna pearsanta ag Nulty bocht agus bhí air éirigh as, agus thóg Coppinger AAA é sa chéad fothoghchán eile, ag fágáil beirt ón AAA le suíochán acu. Tá Joe Higgins AAA ag dul ar scor anois rud a fhágfaí an suíochán cumannach i ngleic Coppinger AAA. Tá sé cinnte freisin go dtógfaidh Varadkar a shuíochán féin arís gan mórán stró, ach i ndiaidh sin tá triúr láidir ar thóir dhá suíochán. Ag breathnú ar an bhfothoghchán sin i 2014, caithfidh tú a rá gur ag McGuinness N (a bhí le Fianna Fáil) agus Donnelly SF a bheidh siad ar deireadh. Cinnte, beidh Burton san iomaíocht go dtí an comhairimh deireanach ach ní bheidh na haistrithe ann í a thabhairt slán, dár liom.

Tuar: FG-1 AAA-1 N-1 SF-1(+1)

Ath Cliath Thiar Theas. Cúig suíochán atá ar fáil anseo agus is áit é seo go mbeidh Sinn Féin in iomaíocht dhá ceann a bhaint. Má éiríonn leo, ciallaíonn sé go bhfuil an-lá i ndán dóibh. Cinnte, tá suíochán Seán Crowe SF slán. Ba chóir go mbeadh sean-suíochán Brian Hayes FG slán freisin, cé nach bhfuil sé éasca a thuar cé acu den triúr a thógfaidh é. Caithfidh mé a rá áfach gur seafóid é do Fhine Gael a bheith ag cur an tríú iomaitheoir sa rás, go háirithe nuair nach bhfuil éinne acu le suíochán cheana agus tá baol ann fiú go gcaillfidh siad amach ainneoin cúóta a bheith acu. Tá suíochán Paul Murphy ón AAA slán freisin, rud a fhágann dhá suíochán agus Fianna Fáil, Sinn Féin agus an Lucht Oibre san iomaíocht. Déarfainn go bhfuil Sinn Féin láidir a dhóthain sa toghcheantar seo an dara ceann a thógáil (fuaireadar 30% den vóta sa fothoghchán i 2014) agus déarfainn gur Fianna Fáil a thógfaidh an ceann deireanach, mar go mbeidh an Lucht Oibre ag roinnt a trí ceathrú de chúóta idir bheirt.

Tuar: FG-1 SF-2(+1) AAA-1 FF-1(+1)

Cuan Átha Cliath Theas. Tá sé deacair roinnt de na toghcheantair seo a thuar mar go bhfuil athruithe móra sna teorainn agus sna hiomaitheoirí ach tá an toghcheantar seo bunaithe ar an sean Áth Cliath Thoir Theas agus an t-athrú is mó ná an t-ainm. Tá Murphy FG slán agus tá gach cosúlacht go dtógfaidh Lucinda Creighton RN a suíochán ar ais faoin mbrat nua. Tar éis sin éiríonn cúrsaí casta ach an dhá ainm is mó a sheasann amach ná Andrews SF agus Ryan CG. Déarfainn go mbeidh dóthain ag ainm Andrews chun roinnt de sheanvóta Fhianna Fáil a ghoid agus tá na meáin i ndiaidh a chinntiú go bhfuil Ryan fós feiceálach le roinnt blianta anuas. Beidh níos mó aige ná deartháir Mhiriam ar aon nós, rud a fhágfaidh é le suíochán ar deireadh.

Tuar: FG-1 RN-1 SF-1(+1) CG-1(+1)

Is leor é sin d'aon oíche amháin. Leanfaidh mé le seo tráthnóna amárach.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-43741758928003966472016-02-16T22:07:00.003+00:002016-02-17T20:58:41.260+00:00Cúige Uladh

De bharr náire náisiúnta an chríochdheighilt níl ach dhá toghcheantar i gCúige Uladh ag seoladh teachtaí go Dáil Éireann. Tá an críochdheighilt céanna mar cnámh spairne sa dhá cheann acu agus mar sin tá siad mar eisceachtaí sa chaoi is go bhfuil sé cinnte go toghfar dhá theachta ó Sinn Féin sa dhá toghcheantar, ainneoin go bhful suíochán á chailliúnt ag an dhá toghcheantar leis na hathruithe teorainn.

Dún na nGall. I Dún na nGall tá an dhá seantoghcheantair de thrí shuíochán á nascadh le chéile in aon toghcheantar de cúig. Bhí teachta ag Sinn Féin sa dhá cheann agus táid ag déanamh iarrachta an tríú ceann a thabhairt isteach. Bheadh 3 as 5 dochreidte agus má éiríonn leo é sin a dhéanamh d'éireodh níos fearr leo i ngach dáilcheantar eile ná mar atá tuartha agam. É sin ráite, tá Doherty SF agus Mac Lochlainn SF slán. Déarfainn freisin go bhfuil suíochán Aire na hIdirbhliana Joe Mc Hugh FG slán go leor freisin. Bhí sé mar thionscnamh idirbhliana aige Gaeilge a fhoghlaim (rud a chabhródh go mór leis an post le tuarastal os cionn €100,000 atá aige a dhéanamh) agus d'éirigh go measartha maith leis. Ba chóir go mbeadh suíochán freisin ag Fianna Fáil anseo, ach n'fheadar cé acu a thógfaidh é? Tá baol ann do McConalogue FF gurb é an folúsglántóir vótaí daonna Pat the Cope FF a dhéanfaidh an beart. Fágann sin triúr ar thóir an suíochán deireanach. Mar a dúrthas thuas, tá sé deacair a chreidiúint go bhféadfadh Sinn Féin 3 as 5 a thógáil rud a chiallaíonn dár liom go mbeidh sé idir an dara iarrathóir Fianna Fáil agus an neamhspleáchaigh Pringle N. Déarfainn gur Pringle a thógfaidh ar deireadh é, le cabhair ó aistrithe an tríú iarrathóir Shinn Féin. Táim ag marcáil mar chailliúint d'Fhine Gael é seo, mar bhí beirt as a seisear acu i 2011.

Tuar. SF-2 FG-1(-1) FF-1 N-1

Cábhán / Muineachán. Rinne Fine Gael éacht anseo i 2011 ag tógail 3 as 5 ach tá a fhios acu nach bhfuil sé indéanta an t-am seo nuair nach bhfuil ach ceithre suíochán ar fáil agus níleadar ach ag rith beirt anseo. Titfidh an vóta cinnte, ach tógfaidh siad ceann ach cá bhfios cé acu. Tógfaidh beirt Shinn Féin dhá ceann mar go bhfuil borradh tagtha ar a vóta anseo ó 2011 agus beidh os cionn dhá cúóta acu. Ba chóir go mbeadh suíochán anseo freisin do Fianna Fáil ach tá triúr san iomaíocht acu, rud a chiallaíonn go bhfuil baol go scaoilfear isteach an dara léine gorm. É sin ráite déarfainn gur ag Fianna Fáil a bheidh sé ar deireadh.

Tuar. SF-2 FG-1(-2) FF-1

Sin Cúige Uladh mar sin agus is iad na suíochán atá mé ag súil leo mar sin ná

Tuar: SF-4(+1) FG-2(-3) FF-2 N-1

Ag cuir an aon chéad is a ceathair déag suíochán i gCúige Uladh, Cúige Connachta, Cúige Mumhan agus Cúige Laighin le chéile seo atáim ag súil leis.

Tuar: FG-42(-16) FF-27(+6) SF-19(+9) LO-4(-12) AAA-1(+1) N-10 SD-2 RN-1 GF-8

Níl fágtha anois ach Baile Átha Cliath agus ná haon toghcheantar déag ansin le daichead a ceathair suíochán. Fiú roimh iadsan a thuar áfach, tá sé soiléir go bhfuil an toghchán caillte ag an rialtas, ach amháin sa chaoi is go mbuann an rialtas an toghchán i gcónaí.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-26195490863964719772016-02-15T23:39:00.001+00:002016-02-15T23:40:00.159+00:00Cúige Connachta.

Níl ach cúig dáilcheantar sa chúige seo agus déanfaidh mé iarracht iad go léir a thuar sa phost seo.

Gaillimh Thoir. Tá an toghcheantar seo ag cailliúint suíochán ó 2011 uair a bhí beirt ag FG, duine ag FF agus duine ag an LO. Gan ach trí suíochán le buachaint an uair seo caithfidh athrú teacht agus an rud is cinntí faoi ná go bhfuil suíochán an Lucht Oibre imithe. Is Colm Keaveney a bhuaigh dóibh é i 2011 agus bhí sé glic go leor a thuiscint nach bhfuil tacaíocht nádúrtha acu anseo agus d'athraigh sé go Fianna Fáil. Os rud é nach bhfuil Kitt ag rith arís, is cinnte gur le Keaveney an suíochán FF arís. Bhí dhá suíochán ag na léinte gorma anseo agus níos mó ná 40% den vóta acu. Déarfainn go dtitfidh an vóta sin i mbliana rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin cinnte dóibh, Connaughton FG is dócha agus beidh siad i ngéariomaíocht don dara cheann. An féidir leo 2 as trí a bhaint le níos lú na 40% den vóta? Deacair ach níl sé dodhéanta. Cabhróidh aistrithe ó Higgins LO leo, cé nach mbeidh mórán acu le roinnt leo. Déarfainn mar sin go bhféadfadh an tríú suíochán anseo dul in aon áit. Ní bheadh ionadh orm dá mbainfeadh Cannon FG arís é, ach b'fhéidir go dtógfaidh Neamhspleáchaigh éigin é, nó fiú iarrathóir SF. Pé duine a thógann é, críochnóidh siad mar an fear deireanach ag seasamh le b'fhéidir níos lú ná leathchúóta. Fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1 GF-1.

Gaillimh Thiar. Tá cúig suíochán arís anseo agus níl aon cinnteacht ann ach go mbainfidh Ó Cuiv FF ceann acu. Os rud é go bhfuil na teorainn athruithe ó 2011 tá John O'Mahony FG tagtha isteach ó Mhaigh Eo agus cúpla míle vóta tagtha leis is dócha. Beidh deacracht ag Fine Gael dhá suíochán a choimeád anseo ach cinnte tógfaidh Seán Kyne FG ceann amháin. Déarfainn go dtógfaidh an sean-PD Grealish a suíochán arís mar go bhfuil vóta láidir pearsanta aige is cuma cén páirtí lena bhfuil sé ag rith. Fágann sin dhá suíochán ar deireadh agus John O'Mahony FG, Trevor Ó Clochartaigh SF agus Catherine Connolly N in iomaíocht dóibh. Ar deireadh, ba chóir go mbeadh dóthain de chúóta ag Ó Clochartaigh é a sheoladh thar an líne ach ní féidir a rá cé acu O'Mahony nó Connolly a thógfaidh an ceann deireanach. Arís, tógfaidh mé an rogha sábháilte agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FF-1 FG-1(-1) N-1 SF-1(+1) GF-1.

Maigh Eo. Tá sciar de Mhaigh Eo curtha isteach i nGaillimh Thiar, rud a chiallaíonn go gcaillfidh Maigh Eo ceann as na cúig a bhí acu. Bhí ceithre acu sin i seilbh na léinte gorma agus bhí gar go ceithre cúóta acu chun iad a thógáil. Is vóta dochreidte é seo agus gach seans go mbeidh gar don 60% den vóta arís acu, rud a chiallaíonn go mba chóir dóibh 3 as ceathair a thógáil an uair seo. Tá beirt sa rás ag Fianna Fáil, ach níl ach suíochán amháin fágtha ann dóibh. Tá baol beag ann go gcaillfidh siad amach tríd a vóta a scoilteadh idir an bheirt chun Conway-Walsh SF a scaoileadh isteach eatarthu, ach ar deireadh is dócha go mbeidh dóthain acu an ceann atá acu a choimeád.

Tuar: FG-3(-1) FF-1.

Ros Comáin - Gaillimh. Leis na teorainn ag athrú tá sé deacair na suíochán a thuar ach leis na trí cinn sa toghcheantar seo tá sé níos éascaí de bharr na hiarrathóirí láidre atá sa rás. Tá vóta FG anseo láidir a dhóthain Hopkins FG a thoghadh. Tar éis sin, ba chóir go dtógfaidh Fitzmaurice N suíochán Ming arís, mar a rinne sé sa bhfothoghchán le déanaí. Tógfaidh mairtíreach an ospidéil Naughten N a shuíochán arís, ainneoin go bhfuil an ospidéal dúnta agus fanfaidh go deo. Nílim cinnte cén fáth go dtuillfeadh an teipeadh seo suíochán dó, ach sin mar atá in Éirinn.

Tuar: FG-1(-1) N-2.

Sligeach - Liatroim. Toghcheantar nua atá anseo le ceithre suíochán agus tá sé soiléir go bhfuil suíochán amháin ann do FG, SF agus FF. Is é an ceann deireanach a chothóidh an spóirt dúinn anseo. Tá vóta (agus cúóta) poblachtánach i Liatroim le fada an lá ach níor éirigh leo suíochán a bhaint mar go raibh an contae scartha thar dhá toghcheantar éagsúl. Ainneoin seo, thóg SF ceann i 2011 agus anois leis an contae aontaithe arís, beidh SF ar bharr an chéad comhairimh an uair seo. Táid chomh cinnte as seo táid ag rith beirt anseo agus tá seans acu an dara ceann a bhaint, ach go háirithe mar go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag rith triúr. Tá sé deacair an seafóid seo a thuiscint ach ar a laghad thuig Fine Gael an contúirt, ach chuaigh Perry FG chun cúirte chun cinntiú go mbeadh sé mar an tríú iomaitheoir dóibh. D'fhéadfadh an suíochán deireanach seo dul áit ar bith mar sin agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: SF-1 FG-1(-1) FF-1(+1) GF-1.

Sin agaibh é mar a cheapaim do dtitfidh cúrsaí amach ar bhruach thiar na Sionaine.

Tuar: FG-7(-5) FF-4(+1) SF-2(+1) LO-0(-2) N-3 GF-3.

Sin leath de shuíochán an rialtais imithe i gCúige Connachta. Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir leis an rialtas filleadh ar uimhreacha mar sin agus i ndáiríre níl éinne a cheapann go bhfillfidh. Tá tóin titithe as an Lucht Oibre agus caillfidh Fine Gael an iomarca suíochán chun nach mbeidh uathu ach dream beag ón Lucht Oibre iad a choimeád i gcumhacht. Déanfaidh mé Cúige Uladh amárach sular chríochnaím le Bá Binn Bhinn Éadair agus feicfimid anois cad iad na féidireachtaí a bheidh romhainn ag deireadh na míosa.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-33510999286812127812016-02-14T20:40:00.002+00:002016-02-14T20:41:05.914+00:00Cúige Mumhan.

Sin é Cúige Mumhan déanta agam mar sin agus is seo mar a shílim go rachaidh cúrsaí.

Tuar: FG-18(-3) FF-10(+2) SF-6(+3) LO-0(-6) AAA-1(+1) N-5 GF-3

Tá 9 suíochán eile imithe don rialtas anseo agus 6 acu pioctha suas ag páirtithe na freasúra. Tá na trí cinn deireanach caillte ón gcóras, ceann i gCiarraí, ceann i dTiobraid Árainn agus ceann i gCorcaigh.

Tá 18 as an 43 suíochán thuas fós i sheilbh an rialtais, maraon le Cúige Laighin níos lú ná leath áit a raibh níos mó ná leath acu an uair deireanach.

Sa cholún Gan Fhios GF ansin tá Fianna Fáil in iomaíocht do gach ceann acu, tá an Lucht Oibre in iomaíocht do dhá ceann acu agus Fine Gael in iomaíocht do cheann amháin. Mar sin, d'fhéadfadh an rialtas iad go léir a thógáil nó d'fhéadfadh Fianna Fáil iad go léir a thógail. Pé rud a tharlaíonn, tá sruth an toghcháin seo ag imeacht i gcoinne an rialtais ar fud na tíre go dtí seo. Tabharfaidh mé aghaidh ar Chúige Connachta amárach, go bhfeicimid an bhfuil aon faoiseamh ann dóibh. Ar a laghad níl ach suíochan amháin le cailliúint ag an Lucht Oibre ann. Cé chomh dona is a bhféadfadh cúrsaí a bheith mar sin?

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-66117158888165475482016-02-14T20:19:00.000+00:002016-02-14T20:19:29.805+00:00Contae Chorcaí.Tá cúig dáilcheantar sa chontae is mó sa tír, agus ocht suíochán déag le roinnt eatarthu. Tá suíochán amháin caillte acu ó 2011, rud a chinntíonn go mbeidh díomá ar duine éigin. Beidh díomá ar níos mó ná duine éigin ... fan go bhfeicfidh sibh.

Corcaigh Thoir. Maraon le roinnt áiteanna eile sa tír, tá tóin titithe as vóta an LO anseo. Níor éirigh leo ach comhairleoir chontae amháin a thoghadh i 2014, aineoinn go raibh cúótá go leith acu i 2011. Bhí gar a dhóthain de chúóta ag FF anseo i 2011 ach roinneadar idir bheirt é, rud a chiallaigh gur chailleadar amach go hiomlán. Beidh a vótá ábhairín níos airde an uair seo, ach fós ní bheidh ach díreach os cionn cúóta amháin acu, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaillfidís amach arís. Bhí fadhbanna ag SF sa toghcheantar seo le blianta beaga anuas agus cuireadh baill ar fionraí ón bpáirtí dá bharr. Anuas ar sin (nó b'fhéidir dá bharr) tá a theachta Sandra McLellan SF ag éirigh as. An bhfuil baol ann go gcaillfidís an suíochán seo a bhuadar gan choinne i 2011. I ndáiríre níl. Aineoinn na fadhbanna inmheánacha tá vóta láidir anseo acu agus toghfar a n-iarrathóir nua McCarthy SF le cúóta iomlán gan stró. Amhlaidh an scéal leis na léinte gorma. Bhí os cionn cúóta go leith acu i 2011 agus gach cuma ar an scéal go mbeidh arís. Atoghfar Tom Barry FG agus David Stanton FG gan fhadhb. Fágann sin Seán Sherlock LO ag troid don suíochán deireanach idir an dhá iarrathóir ó Fhianna Fáil. Murach go raibh ach iarrathóir amháin acu, tabharfainn do Fianna Fáil an suíochán, cinnte dearfa, ach os rud é go bhfuileadar ag cur beirt san iomaíocht, tá seans fós ag Sherlock iad a scoilt agus é a ghoid uathu. Ní fheicim cá bhfaighfidh Sherlock na haistrithe a bheidh uaidh, ach ní fheicim ach oiread cá bhfaighfidh Fianna Fáil iad, seachas óna chéile. Fágfaidh mé an suíochán seo i gcolún GF.

Tuar: FG-2 SF-1 GF-1.

Corcaigh Thuaidh-Lár. Tá ceithre suíochán eile anseo ach arís éasca go leor a thuar go dtógfaidh Dara Murphy FG agus Johnathon O'Brien SF ceann an duine acu. Tar éis sin áfach, éiríonn cúrsaí i bhfad níos deacra. Ba chóir go mbeadh Billy Kelliher FF slán cé nach bhfuil an méid sin cinnte ach oiread. Beidh Mick Barry AAA san iomaíocht anseo freisin agus ní féidir Kathleen Lynch LO a fhágáil ar lár fós. I ndeireadh na dála, is é Mick Barry a thógfaidh é, mar go mbeidh triomlach d'aistrithe an dara léine gorm ag teastáil chun Murphy a thoghadh agus mar sin ní bheidh mórán fágtha chun cabhrú le Lynch. Ar eite eile an speictrim, beidh an dara iomaitheoir ó SF ann chun roinnt vótaí a chaitheamh i dtreo Mick Barry. An réabhlóid abú!

Tuar: SF-1 FG-1 FF-1 AAA-1(+1).

Corcaigh Thuaidh-Thiar. Níl baol ar bith go dtiocfaidh aon athrú anseo. Bhí os cionn 50% den vóta ag na léinte gorma anseo i 2011 agus fiú má thagann titim éigin ar sin, ba chóir go mbeadh Michael Creed FG agus Áine Brady FG slán, rud a shásódh Tom Barry ar aon nós. Maith a' fear Tom - yeeooow! Cinnte tá cúóta anseo ag Fianna Fáil freisin. Mura chailleadar i 2011 é, níleadar chun é a chailliúnt an t-am seo. Fillfidh Moynihan FF mar sin.

Tuar: FG-2 FF-1.

Corcaigh Theas-Lár. Seo an ceann ar a ghlaotar grúpa an bháis, mar gheall go bhfuil suíochán amháin le cailliúint ann, rud a chiallaíonn go bhfuil duine de na teachtaí le himeacht, fiú sular caitear an chéad vóta fiú. Tá próifíl ard ag an cúigear acu cé nach mbeidh sar i bhfad. Cé hé an duine a chaillfidh? Ciarán Lynch LO gan amhras. Tá a suíochán imithe agus lán d'fhios sin ag gach éinne. Beidh sé deacair ar Chiarán bocht suíochán sa Seanad a bhaint amach fiú mar dhuais sóláis mar nach bhfuil comhairleoirí contae ag an LO a thuilleadh mórán seanadóirí a thogadh. É sin ráite, beidh Ciarán bocht gar go bharr an liosta is dócha agus b'fhéidir go mbeidh deis aige marachtáil sa dara teach go dtí an chéad toghchán eile. Sula dheirim a thuilleadh caithfidh mé an chéad dhá suíochán a thabhairt do Mícheál Martin FF agus Simon Coveney FG. Beidh an dhá pháirtí gob ar ghob mar a bhí i 2011 agus an uair seo ba chóir go mbeadh cúóta go leith an taobh acu. Beidh gar go cúóta ag Ó Laoghaire SF agus is é a thógfaidh an tríú suíochán. Fágann sin an ceann deireanach idir Buttimer FG agus McGrath FF. Níl aon slí a thuar cá rachaidh an ceann seo agus fágfaidh mé mar sin i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(-1) SF-1(+1) GF-1.

Corcaigh Theas-Thiar. Seo an toghcheantar deireanach i gCúige na Mumhan agus bhí gar go 50% den vóta ag Fine Gael i 2011. Fiú mura fhaigheann siad sin an t-am seo tá a dhá suíochán slán agus atoghfar Daly FG agus Harrington FG gan stró. Beidh athrú anseo áfach agus is é sin ná go gcaillfidh McCarthy LO an suíochán a bhuaigh sé gan choinne i 2011. Níl ach iomaitheoir amháin ag Fianna Fáil agus tógfaidh Margaret Murphy-O'Mahony FF an suíochán.

Tuar: FG-2 FF-1.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-658983213962550712016-02-13T23:44:00.001+00:002016-02-13T23:46:22.203+00:00Luimneach.

Tá dhá thoghcheantar éagsúl i gCo. Luimní, ceann sa chathair agus ceann tuathach, ach is beag a t-athrú fheicim ón uair deireanach.

Luimneach: Amach fán dtuath, tá mar atá agus beidh mar a bheidh. Toghfar an triúr a thoghadh, le fás cúpla % i vóta Niall Collins FF, rud a thabharfaidh níos cóngaraí do chúóta iomlán é, agus titim cúpla % i vóta na léinte gorm, cé go mbeidh thar 40% den vóta acu. Níl éinne eile i ngiorracht scread asail suíochán a thógáil anseo. Caithfidh go bhfuil tuathánaigh Luimní thar a bheith sásta faoin slí atá cúrsaí in Éirinn le tríocha bliain anuas.

Tuar: FG-2 FF-1

Cathair Luimní: Má chuireann easpa feirge coilltigh Luimní díomá ort, ná ceap gur dream iontach réabhlóideach iad a gcol ceathracha cathracha. Toghfar Noonan FG agus Dillín Ó Deamhas FF gan deacracht ar bith. Maraon lena gcomhghleacaithe tuathacha, níl sé de dhánacht a thuilleadh ag Wille iarracht a dhéanamh an dara iarrathóir a tharraingt leis, agus an láncheart aige. Tá laethanta beirt FF i Luimneach imithe go deo. Buíochas mór le Dia. Níl fáth ar bith le ceapadh go laghdódh vóta na léinte gorma an méid sin chun O'Donnell a chur i mbaol ach oiread, agus toghfar é le cabhair ó Noonan agus le haistrithe Jan O'Sullivan. Tá cúóta an LO sa chathair imithe agus ní bheidh aon gá aici mar sin lena vótaí ar deireadh. Tógfaidh Quinlivan an suíochán deireanach ar son SF, b'fhéidir gan cúóta iomlán a shroicheadh, ach beidh sé i bhfad chun cinn ar O'Sullivan pé scéal é.

Sin an t-aom athrú a fheicim sa chontae iomlán mar sin, Quinlivan ag tógáil suíochán O'Sullivan.

Tuar: FG-2 FF-1 SF-1(+1).

Níl fágtha mar sin i gCúige Mumhan ach Co. Chorcaí - beidh na torthaí sin agam daoibh amárach.

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-55211415290509132262016-02-13T21:33:00.000+00:002016-02-13T21:33:00.967+00:00An Clár.

Tá sé de nós ag na Cláirínigh suíochán Dála gan choinne a bhronnadh ar an Lucht Oibre ó am go chéile. Níl páirtí ar bith 'ar an dtalamh' ansin acu (oiread is comhairleor contae amháin anois acu) rud a chiallaíonn nach gceapann éinne gur féidir leo suíochán in olltoghchán a bhuachaint. Ach nuair a bhíonn an taoide ag tuileadh leo baineann siad ceann mar a bhain McNamara i 2011. Dár ndóigh, tá sé de nós freisin ag na Cláirínigh gránna na suíochán sin a bhaint arís chomh luath is a chasann an taoide. Sin a tharla do Bhamjee tráth dá raibh agus is amhlaidh a bhéas an scéal do McNamara bocht.

An Clár: Mar sin, leis an LO cinnte a cheann a chailliúint níl aon amhras ach go bhfillfidh an bheirt léine gorm, Breen FG agus Carey FG. Bheinn den tuairim go bhfuil aon teachta Fhianna Fáil a d'éirigh leo teacht slán ó slad 2011 cinnte slán an uair seo, fiú mura bhfuil ach borradh beag le sonradh i vóta an pháirtí. Tógfaidh Dooley FF a shuíochán arís gan stró agus déarfainn go dtógfaidh an dara iomaitheoir acu an suíochán deireanach chomh maith, cé go mbeidh air (nó uirthi) fanacht go dtí go gcuirtear amach an slua ollmhór de neamhspleáchaigh.

Tuar: FG-2 FF-2(+1).

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-3852468689244320654.post-978830100793135132016-02-11T19:46:00.000+00:002016-02-11T19:46:10.718+00:00An Ríocht.

Má táimid chun a bheith ag spochadh as leibidí Thiobraid Árainn as ucht leithéidí Labhraidh agus McGrath a thoghadh, caithfear an peaca céanna a chur i leith muintir na Ríochta as ucht Jackie Healy-Rae a sheas mar saghas Darby O'Gill agus a fuair tacaíocht dochreidte ó Leipreacháin umhal na Ríochta. Níos measa fós, tá sliocht á leanúint agus gach seans sliocht sleachta ina ndiaidh a fhágas a rian ar an Dáil as seo go lá lom an Luain. Go sabhála mac Dé sin. Cosúlacht eile idir an dhá chontae ná go bhfuil dhá dáilcheantar trí-shuíochánach á nascadh mar dháilcheantar amháin le cúig acu, rud a chiallaíonn go bhfuil duine de na bastúin acu le dícheannadh. Hó hó. Is aoibhinn liom a bpian.

Ciarraí: Bhí dhá suíochán sa Ríocht ag na léinte gorma i 2011 agus tá an cuma air go bhfillfidh an bheirt acu (Deenihan FG agus Griffin FG) gan mórán stró arís. Tá an tríú iomaitheoir acu ach maraon le roinnt áiteanna eile, níl inti ach iarracht sionaiciúil a chinntiú gur mná iad 30% dá n-iomaitheoirí. Tá sé cinnte freisin go bhfuil suíochán laoch na Poblachta Martin Ferris SF slán agus ní bheidh ar filleadh ar a chuid éachtaí iascaireachta le blianta fada fós. Tá dhá suíochán fágtha mar sin agus beidh Mini Healy-Rae, beirt Fhianna Fáil, agus Arthur Spring on LO san iomaíocht iad a thógáil. Tá sé fógartha inniu go bhfuil sé de dhánacht ag Mini Healy-Rae a dheartháir a chur sa rás leis rud a dheirim liom go bhfuil sé lánchinnte go bhfuil a suíochán féin slán agus gurb fhiú hata an chlann a chaitheamh sa chluiche chun an ceann deireanach a thógail mar go bhfuil an cúóta atá ag FF á roinnt idir beirt lag, agus nár chóir go mbeadh fiú leathchúóta ag Spring. B'fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus má tá, n'fheadar an botún é ag SF gan an dara iomaitheoir a chaitheamh isteach freisin? Cinnte, níl cúóta le sparáil acu, ach ní thógfaidh sé cúóta an suíochán deireanach a bhaint. Tá sé dodhéanta é a thuar agus fágfaidh mé mar sin i gcolún GF é.

Tuar: FG-2 SF-1 N-1 GF-1

cochttp://www.blogger.com/profile/07686422111674548611noreply@blogger.com0