22.1.23
Drochthús
Ach tús fós. Nó atús is dócha. Is léir nach bhfuil sé de dhíograis agam postáil rialta a dhéanamh anseo, ach tá sé fós i gceist agam an caisleáin a atógáil, de réir a chéile, cloch ar chloch. Agus mé fillte anseo anois, bheadh sé chomh maith agam ord agus eagar a chur ar an áit, agus cá háit is fearr tosnú ná leis an gcolún 'Léite go Rialta' ar thaobh na láimhe deise.
Dar ndóigh, ní léitear go rialta iad a thuilleadh, de bharr nár chaith mé mórán ama anseo le fada, ach os rud é gur chaith mé am orthu tráth dá raibh, b'fhiú athchuairt a chur orthu, le feiceáil cén bail atá orthu i ndiaidh na blianta.
'A Fistful of Euros' ag a barr agus is léir go bhfuil an fearann imithe anois agus is é sin le rá go bhfuil an blag imithe ar fad. Ní cuimhim liom go díreach mórán faoi ach amháin gur blagadóireacht pholaitiúil agus eacnamúil ar an Eoraip agus an Domhain a bhí pléite air. Feicim go bhfuil cuntas tw*tter ann freisin, ach é imithe ciúin leis. Tá súil agam gur easpa spreagadh nó leadrán amháin is cúis lena n-imeacht agus go bhfuil cuan suaimhneach sroichte ag pé duine nó daoine a bhí ina mbun. Mar is iondúil le formhór na suíomhanna seo, níl aithne ar bith agam ar a n-údar, ach guím gach rath orthu mar sin féin.
10.1.23
Fill arís.
Measaim go bhfuil sé in am filleadh anseo tar éis blianta fada fanaíochta ar shuímh is ar ardáin eile. Twitt*r is mó a ghoid m'am is mo smaointe le 10 mbliain anuas. Ach tá an talamh sin loite agus loiscthe ag faisistigh agus biogóidí agus réimeas ráiméiseach na nIncel faoi lán-seoil anois ann. Bhog mé go Mastodon ina ionad agus cé go bhfuil sé go breá, measaim gur deis é an t-athrú tús eile a chur le m'iarrachtaí anseo. Neosfaidh an aimsir an bhfuil de dhíograis ionam foilsiú go rialta anseo.
22.5.22
Dán
Jim Flavin DCC.
They're not criminal can't you see?
Who makes the laws for you and me,
Who gets to say who walks off free?
Anaesthetised by anomie, a fatal form of apathy,
we all forget there was a we and slowly slay society.
Before more lies and treachery,
imprison us without a key,
commit these names to memory:
Jim Flavin DCC.
3.2.20
Pobailbhreith is Déanaí
Már a shíleas aréir, níl seans ar bith go mbeidh am anois agam chuile dáilcheantair sa tír a thuar is a mheas mar a rinne mé sna holltoghcháin i 2016 & 2011. Agus mé ag leanúint haischlib #Togh2020 tháinig mé ar shaothar Paul Dempsey. 'Séard a rinne sé ná chuir sé na céadtadáin ó na pobailbhreitheanna ar fad i bhfeidhm dáilcheantair ar dháilcheantair chun tuar a dhéanamh ar cé a bheireas bua.
Níl torthaí anocht ón MRBI sa áireamh, ach gan seans go mbeidh sar i bhfad aige.
Seo thíos mar a thuar an Díomasach cúrsaí.
Más mar sin a thiteann cúrsaí amach, bheadh sé deacair aon rialtas ach FF/FG a fheiceáil, ach má fhaigheann Sinn Féin 25% go náisiúnta toghfar gach mac máthar acu .i. 42 agus ar na huimhreacha sin is baol do Fhine Gael nach mbeidh siad ach sa triú áit. Cad a dhéanfaidh siad ansin? Le Fianna Fáil ag titim freisin tá baol go gcaillfeadh siad na suíocháin dheireanacha fud fad na tíre do iomaitheoirí ó pháirtithe beaga (AAA-PBP, Na Glasaigh, SD srl) le farasbarr Shinn Féin.
Is cóngaraí a dhreapann SF i dtreo 40, is mó an seans go mbeidh ról lárnach i rialtas na tíre acu. Is cóngaraí a thiteann FF i dtreo 40, is lú seans gurb amhlaidh dóibhsean. An dúshlán atá roimh FG anois ná coimeád os cionn 35. Má thiteann siad faoin uimhir sin, tá ré Leo thart. Gach seans go bhfuil ré Leo thart pé scéal é, mar ar na huimhreacha seo, is baol nach sroichfidh FF+FG an uimhir draíochta 80, fiú le chéile.
Tá daoine ag maíomh gur bhotún é do Shinn Féin gan dóthain a chur os comhair an phobail. Ach ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a thuar go mbeadh 25% den vóta acu. Fiú le sin, is beag dailcheantair suíochán sa tír gur féidir bheith cinnte de dhá shuíochán ar 25%. Agus mar a tharla i dTír Chonaill i 2016, má scarann tú do vóta is féidir suíocháin chinnte a ligint le sruth.
Cad a
tharlaíonn má fhaigheann FF 45, SF 40, FG 35? FF+FG dar liom, ach
cinnteodh sé seo níos mó ná 50 suíochán do Shinn Féin an chéad babhta
eile. Luath nó mall, beidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach. Sin an sprioc agus más fearr fanacht cúpla bliain eile chun é a bhaint amach, sin a dhéanfaidh siad.
2.2.20
Toghchán na Seachtaine Romhainn.
Dhera, táim chomh gnóthach na laethanta seo gur beag baol go mbeidh deis agam tuar a dhéanamh dáilcheantar ar dháilcheantar mar a rinneas le roinnt olltoghcháin anuas. Seo mar a cheapas go dtitfeadh cúrsaí amach i 2016 agus ag breathnú anois air, ní ró-olc mar thuar a bhí ann.
Fine Gael - 53 go 58 (50)
Fianna Fáil - 31 go 37 (44)
Sinn Féin - 28 go 34 (23)
Lucht Oibre - 8 go 11 (7)
AAA - 3 go 4 (3)
SD - 3 go 4 (3)
PBP - 2 go 3 (3)
Ŕéńúá - 2 (0)
Comhaontas Glas - 1 go 2 (2)
Neamhspleách - 16 go 21 (23)
Fianna Fáil - 31 go 37 (44)
Sinn Féin - 28 go 34 (23)
Lucht Oibre - 8 go 11 (7)
AAA - 3 go 4 (3)
SD - 3 go 4 (3)
PBP - 2 go 3 (3)
Ŕéńúá - 2 (0)
Comhaontas Glas - 1 go 2 (2)
Neamhspleách - 16 go 21 (23)
Idir lúibíní na suíocháin a bhaineadh amach ar an lá úd. Is léir go raibh fios mo cheird agam ar aon nós, agus tá cathú anois orm tabhairt faoin dtairngreacht arís. Feicfidh mé an bhfuil am aon rud a chaitheamh le chéile idir seo agus an Aoine.
Subscribe to:
Posts (Atom)