16.2.09

An Stát (Airteagal 9)

Mo leithscéal as ucht moilliú m'athdhréachtú ar an mbunreacht. Táim eolach go bhfuil am na h-anachana orainn arís agus ní fada anois uainn an lá go m'bhféidir go mbeidh gá againn le bhunreacht úr don sochaí iar-chaipitileach. Anocht tabharfaidh mé aghaidh ar cheist an Saoránacht.

Sula dtosnaím caithfidh áird a thabhairt ar an reifreann a bhí againn roinnt bheag blianta ó shin chun an airteagal seo a leasú, ach go h-áirithe an toradh. Caithfidh mé a bheith macánta freisin agus a admháil go raibh díomá orm gurb í sin rogha an phobail. Im' thuairimse ní raibh sa reifreann ach cleas polaitiúl chun ainm an amadán seo agus a pháirtí (na PDs, cá bhfuil siad anois - ha ha!) a choiméad fé bhráid an phobail chun cúpla vóta breise a aimsiú ó Breakfast Roll Man.

Cé nár éirigh leis an gcleas (tá'n amadán úd ar ais in umar muice na Ceithre Cúirteanna agus a pháirtí scriosta) táimid fágtha anois le Airteagal a bhronann Saoránacht ar bhonn ciníoch, dár liom. Dár ndóigh rinneadar praiseach den leasú, rud a d'aithníodar ag an am agus iad ag cur
D'aineoinn aon fhorála den Bhunreacht ...
seo ag tús an leasú. Bhí sé soiléir do chách gur thánaig an Airteagal nua trasna ar Airteagal a 2 a thugann 'páirt' i Náisiún na hÉireann d'éinne a rugtar in Éirinn. Mar atá cúrsaí anois is féidir a bheith mar pháirt den Náisiún ach gan Saoránacht a bheith agat!

I ndáiríre áfach, tá'n cuma air go raibh an staid seo i gceist fiú roimh an reifreann náireach úd, mar gur bhfuil Airteagal 9.2 ag rá gur
de réir dlí chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht
ach ní hé seo le rá go bhfuil difir i gceist idir náisiúntacht agus saoránacht agus d'fhéadfaí é a léamh gurb ionann an dá rud.

Ag macnamh anois air níl an difir idir an Airteagal mar a bhí agus an Airteagal leasaithe soiléir in aon chur. Roimh an reifreann is de réir dlí a bhronntar saoránach (9.1.2) ach anois tá cosc ar saoránacht a bhronnadh i gcásanna áirithe ach amháin má dhéantar socraithe dleathúla é a cheadú - WTF? Fianaise eile nach raibh sa reifreann ach dalla mullóg a thug nod don chiníochas ar mhaithe Mhicí Mhac.

Ag breathnú anois ar 9.1.3 tá sé deacair a chreidiúnt gur cheapadh riamh go raibh gá lena leithéid. Ar chomhair anois é a athrú chun cosc a chuir ar shaoránacht a cheilt ar dhaoine aeracha? Ní gá im' thuairimse, agus ar an dóigh chéanna ní gá a rá nach bhfuil cead leithcheal a dhéanamh i gcoinne fir nó mná ach oiread.

Cad is féidir a rá faoi Airteagal 9.3? An féidir fiú a leithéid a chur i bhfeidhm? Cad is easpa dhílseacht nó tairiseacht ann? Tá rud éigin le rá ag Airteagal 39 faoi agus is leor sin, dár liom. Go pearsanta, ceapaim gur gá dílseacht a thuilleamh agus is minic nach tuilleann an Stát í trí chearta a Shaoránaigh a scriosadh agus tá gá ansin cumhacht an Stát a bhriseadh sna cúirteanna. Ní molfainn dílseacht dall d'éinne.

Sin mo dhóthain d'anocht. Seo chugaibh an Airteagal nua, Airteagal 8 sa scéim leasaithe:

Airteagal 8

  1. 1° Ar theacht i ngníomh don Bhunreacht seo is saoránach d'Éirinn aon duine ba shaoránach de Shaorstát Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht seo.

2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta.


I ndiaidh dhom mo chóras a athrú nílim in ann an airteagal seo a fhoilsiú ar an dóigh chéanna a rinneas cheana. Roimhe seo d'úsáid mé an Gimp athraithe a dhéanamh agus d'easpórtáil mé mar íomhá .jpg an toradh mar sin an t-aon rud a ghlacadh blogger leis. Déanfaidh mé beagáinín taighde chun modh nua shimplí a aimsiú.

No comments:

Post a Comment