31.12.10

21.12.10

An lá i ndiaidh amáraigh!

Nuair a d'éiríomar ar maidin bhi dath aisteach oráiste ón bhfuinneog agus nuair a tharrangamar na cuirtíní bhí ionadh orainn síobadh dochreidte sneachta ag séideadh ar nós radharc ón scannán thuasthagartha a fhesicint.  Níl a leithéid feicthe agam riamh cé go bhfuil sé stoptha anois, tá os cionn 20cm de shneachta againn anois.

Chaith mé an maidin ós comhair an tí ag glanadh an cosán agus an céide ionas gur féidir linn carr a bhogadh más gá.  Tá caranna ag sleamhnú ar fud na háite agus thógamar ár gcarr féin isteach ón mbóthar ar eagla na heagla,  mar táimid i ndiaidh dhá timpist a fheiscint cheanna féin agus caranna ag iarradh tiomáint aníos an chnoc.

Cé chomh mór is a bhí na calóga shneachta?


Chomh mór le chispheil.

Dár ndóigh tá na scoileanna go léir dúnta arís, ach fuaireamar téacs ón meanscoil le URL chuig an suíomh idirlíne le obair bhaile ann dos na daltaí.  Thaispeáin mé an téacs do m'iníon agus seo a dhúirt sí:
Obair bhaile? The fuckers!
ASG!

20.12.10

Éirigh suas a theachta agus seas i gcóir an Dáil ...

... comhairigh do chuid vótaí agus féach a' bhfuil siad ann.

Mar is eol daoibh, sheol mé ceisteanna chuig polaiteoirí áitiúla ar cheap mé go mbeadh siad in iomaíocht san toghchán atá romhainn.  Tá seachtain shleamhain sleamhnaithe tharainn anois agus is ábhar díomá dom nach bhfuil ach freagra amháin faighte agam.

'Siad éirígí an t-aon slua a bhfuil i ndiaidh freagra a thabhairt dom ach 'séard a bhí le rá acu ná nach mbeidh siad san iomaíocht in aon chor san toghchán amach anseo, cé go bhfuileadar sásta na geallúint a thabhairt mar a leag mé amach iad dóibh.

Tá'n Nollaig ag bualadh isteach orainn anois agus beidh sí linn ar feadh seachtain nó dhó ar a laghad agus is beag baol go gheobhaidh mé freagra ar bith eile go roimh fáinne geal na hathbhliana.

Mar a sheasann cúrsaí mar sin, 'siad éirígí an t-aon páirtí go bhféadfainn tacaíocht a thabhairt dóibh san toghchán, ach ní bheidh siad san iomaíocht ar lá na vótaí!

Ta'n daonlathas seo casta, nach bhfuil?

14.12.10

Crann Nollag Nua.

Cheannaíomar an crann nollag aréir, seachtain nó mar sin níos déanaí ná mar is gnáth dúinn, de bharr an sneachta sleamhain is dócha.  Nuair a d'fhilleamar abhaile inniu i ndiaidh na scoláirí go léir a bhailiú bhí boladh agus cumhracht an chrainn ag fearradh fáilte is fiche romhainn.


Is aoibhinn liom an Nollaig.

7.12.10

Cad a dhéanfadh mac an chait ... srl

An bhfaca éinne frontline aréir?  Léiriú náireach ar an smacht atá ag an uasaicme ar RTÉ agus ar an tír i gcoitinne a bhí ann.  Bhí aire FF, tráchtaire ón IT (léine gorm), iar-theachta FF agus léachtóir polaitíochta ó DCU.  Ní raibh mé ag súil le mórán ó Martin, Carey nó Behan ach baineadh geit asam nuair a mhaígh an t-ollamh úd go raibh gá againn le Fhianna Fáil agus go mbeadh muid thíos leis dá ndéanfaí aon dochar don córas dhá-páirtí-go-leith atá againn.  Bhíos ar fiuchadh feirge ag breathnú air agus táim fós.  Cheapfá b'fhéidir go raibh an t-ollamh in ainm 's a bheith údarásach agus neamhspleách faoin cheist, ach ní fhéadfadh sé a bheith níos aontaobhaí ina dtuairimí dá dtosnódh sé ag gol
For god's sake, don't bursht de party.
Is dócha nach mbeadh sé cothrom FG a chrochadh ar bhonn a dúirt an Chéireach, nó an LO ach oiread, bíodh 's nach rabhadar ann in aon chor, ach ní fhéadfá a bheith dóchasach faoin todhchaí ag breathnú ar an mbolscaireacht suarach seo.

Tá na litreacha réidh agam agus níl le déanamh anois ach seoladh ríomhphoist a aimsiú dos na iarrathóirí anseo i mo dháilcheantair féin.

Seo dhaoibh a bhfuil ar intinn agam seoladh.  

A Chara,

Anois 's atáimd ar tí toghcháin táim ag iarradh do thuairimí i leith conas caiteachas an stáit a laghdú ar shlí cóir agus cothrom.  Tá mé ag seoladh na ceisteanna chéanna do gach iarrathóir atá suíochán á lorg acu i gCill Mhantáin agus tá sé ar intinn agam na freagraí a fhaighim a roinnt go phoiblí ar mhaithe na follasachta.

Tá trí bun-pholasaithe ar mhaith liom iad a fheiscint mar pholasaithe aon Teachta Dála nó páirtí ar a mbronnfaidh mé tacaíocht.  Ní féidir liom ar mo choinsias vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach n-aontaíonn leis na polasaithe seo, nó nach bhfuil in ann polasaithe níos fearr a nochtú dom.  Tá mé ag scríobh chuig chuile iarrathóir i mo dháilcheantar féin chun a dtuairimí futhu a lorg.

I)
Deireadh le faoiseamh cánach ar phinsin príobháideacha.  Mheas Tuairisc an Choimisiúin um Cáineachas (2009) (Cuid 8, Roinn 14.1) go bhfuil idir €2bn agus €3bn á thabhairt ag an stáit mar fhaoiseamh cánach ar airgead a chuirtear ar leataobh do phinsin príobháideacha gach bliain.  Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil pinsean príobháideach ach ag 50% nó mar sin do oibrithe na tíre, agus ag glacadh leis gurb iad an 50% is saibhre don mórchuid atá i gceist anseo, ní féidir a thuilleadh a bheith ag gearradh cánacha ar chuile dhuine chun an buntáiste seo a bhronnadh ar an leath is saibhre den phobail.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann an faoiseamh cánach seo a stopadh go hiomlán.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

II) Tá an rialtas i ndiaidh teacht ar réiteach leis an IMF agus an AE chun bainc na hEorpa a shábháil agus is saoránaigh na hÉireann a bhéas thíos leis.  Táim den tuairim go bhfuil rialtas na hÉireann fé ghabháil ag na bainc agus slua suarach an rachmais anois agus is soiléir go rabhadar ó thús na géarchéime i leith.  Ar aon bhonn morálta, níl féidir iallach a chur ar shaoránaigh na tíre na bannaí seo a aisíocadh.  Bhí a fhios dár liom ag lucht cheannaithe na mbannaí seo go raibh an tír faoi smacht ag comhcheilg coiriúil ón am sin i leith agus ghearradar rátaí úis dá réir.  Bhí a fhios chomh maith acu go raibh amhras ann faoin ndóchúlacht go n-aisíocfaí na bannaí.  Mo thrua leo, ach tá lá an chinniúna tagtha, agus níl sé ar chumas saoránaigh na tíre na fiacha seo a íoc.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann faillí a dhéanamh ar aon bhanna a eisíodh i ndiaidh Deireadh Fómhair 2008. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

III) Tá sé soiléir anois go bhfuil an aicme polaitíochta agus uasaicme an státséirbhís atá ciontach as an ngéarchéim ina bhfuilimid, fós ar mhuin na muice ag glacadh tuarastail agus pinsin ollmhóra nach bhfuil sé ar chumas na tíre íoc astu a thuilleadh.    Táim den tuairim gur mba chóir uasthuarastal a chur i bhfeidhm fad is atá an tír i bpráínn de €100k. 'Sé sin, ní chóir go mbeadh aon duine fostaithe ag an Stáit nó faoin chonradh ag aon riain den stáit ag tuilleamh níos mó ná €100k in aghaidh na bliana.  Níl an t-airgead ann chun pingin níos mó a íoc d'éinne.  Ar an dóigh chéanna, ba chóir dár liom uasphinsean a chuir i bhfeidhm chomh maith.  Ní chóir go mbeadh an stáit ag íoc pinsean níos mó ná €50k d'éinne. 

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann uasthuarastal €100k agus uasphinsean de €50k a chur i bhfeidhm fad is a mhaireann an ghéarchéim.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

Go raibh maith agat as ucht an t-am a thóg sé ort an méid seo a léamh.  Tuigim go maith go mbeidh tú gnóthach amach anseo i mbun feachtais toghchánaíochta ach tá súil agam go bhfaigheann tú leathuair nó mar sin chun mo cheisteanna a fhreagairt. 

Is mise le meas ... srl

Níl ach bréigín bheag amháin ann - níl sé ar intinn agam an litir a sheoladh chuig iarrathóirí Fhianna Fáil nó na Glasraí.  Tá a bhfreagraí againn cheanna féin.

Fáilte roimh bhur dtuairimí sula seolaim an méid seo.

6.12.10

Oíche amháin eile.

Seo a bhí romham ar maidin:

Tá oíche amháin eile sneachta i ndán dúinn anocht agus ansin tiocfaidh an leá mór. Le teocht mar seo is cinnte go bhfanfaidh pé sneachta a thiteann anocht agus beidh na bóithre ar nós gloine ar maidin.

Fáilte don éan is binne ar chraoibh ...

Chuir post le Grá faoi Ghruaim ag smaoineamh mé faoin twitter agus táim i ndiaidh cúntas a oscailt.  Tugaim fá ndeara nach bhfuil Gaeilge acu mar cheann de na teangacha 'inmholta', más shin an focal ceart.  Fós féin, tá mo chéad túít foilsithe agam agus dhá leantóir cheanna féin ar mo thóir - cailíní óga is cosúil nach gcuireann an Ghaeilge as dóibh is dócha.

Anois beidh mé in ann an blag a úsáid chun trácht ar mo thúíteáil agus an túíteáil chun trácht ar an mblagadóireacht.  Milis!

1.12.10

Toghchán ar deireadh ... ar lean.

Tá'n scéal ag athrú go laethúil anois.  Tá Uí hAnluain agus an Dermotologist i ndiaidh fógairt go bhfuileadar tinn tuirseach de chreachadh na tíre agus táid ag iarradh tuilleadh am a chaitheamh lena bpinsin.  Mo sheacht mhallacht orthu.  Ní dóigh liom go ndéanann an nuacht seo difir ar bith dos na torthaí atá tuartha agam don toghchán áfach.  Mar a gheall mé seo mar a thitfidh cúrsaí amach sa phríomhchathair agus sa fíorphríomhchathair.

Corcaigh Thoir. Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.  Bhí ráflaí ann go raibh sé ar intinn Dhónail Óig a ainm a chur san iomaíocht ar son SF, ach tá an cuma air nach fíor sin.  Dá mbeadh is dócha go mbeadh an suíochán faoi sheilbh SF. Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Cheapas roimhe seo go mbeadh suíochán amháin ag FF anseo ach mura bhfaigheann siad níos mó ná 15% den vóta, roinnte idir beirt, ní fheicim gur féidir leo ceann amháin fiú a choimeád.  Ba cheart do dhuine acu an páirc a fhágáil slán don duine eile ach ní dóigh liom go ndéanfaidh agus caillfidh an beirt acu.  Níl aon slí gur féidir a thuar cé a bhaineas an suíochán áfach.  D'fhéadfadh éinne ón LO, ULA nó SF é a bhaint ag braith ar ord a dhíbirt.  Fágfaidh mé i gcolún GF é. Tuar: FG-2(+1) LO-1 GF-1(+1)

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tá vóta dochreidte ag FF anseo ach má chailleann siad tacaíocht mar a chaill i nDún na nGall, tá'n cuma air go dtitfidh siad siar go 20% nó mar sin, rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin caillte. Cad a dhéanfaidh an dhá TD atá acu? Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1).

Corcaigh Theas-Láir. Maraon lena gcomharsan trasnsa na habhann tá dara suíochán Fhianna Fáil imithe anseo.  Ach tá sé dodhéanta a thuar cé a bhaineas é. Tuar: FF-1(-1) FG-2 LO-1 GF-1(+1).

Corcaigh Thiar Theas. Mar atá. 
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.  Má tá ciall ar bith ag FF ní cuirfidh siad ach iarrathóir amháin chun páirce anseo, rud a choimeádfaidh an suíochán dóibh. Tuar:  FF-1 FG-2. 

Dún Laoghaire. Caillfidh an rialtas trí suíochán anseo.  Ba chóir go mbeadh suíochán ann do FF ach beidh a vóta roinnte idir Andrews agus Hanafin rud a fhágas bearna óna thiocfaidh an dara Léine Gorm. Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht! Tuar: FG-2(+1) LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Thiar. Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo, mar níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.  Tuar: FF-1 FG-1 LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Iarthar-Láir. Tá trí suíochán as ceathar ag an rialtas anseo ach tá sé cinnte go gcaillfidh Gogarty agus Harney anseo cé go gceapaim go gcoimeádfaidh Curran a áit (ar éigin).  Beidh SF agus an ULA san iomaíocht don suíochán deireannach chomh maith, ach ar deireadh ceapaim go mbainfidh FG suíochán Harney agus an LO suíochán Gogarty. Tuar: FF-1 FG-1(+1) LO-2 

Ath Cliath Theas. Bua mór eile i ndán don LO anseo. Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád. Má chuireann FF beirt san iomaíocht tá contúirt go gcaillfidh siad dhá suíochán.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2(+2).

Áth Cliath Thiar Theas.  Ceann eile anseo do SF agus seans go gcaillfidh FF dhá chinn má chuireann siad beirt san iomaíocht.  Is dócha nach gcuirfidh áfach agus beidh Crazy Horse slán, cé nach bhfuil sé tuillte aige. Tuar:  FF-1(-1) FG-1 LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thiar Thuaidh. Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo agus caithfidh ceann de theachtaí Fhianna Fáil an fód a fhágaint nó caillfidh an beirt acu. Tuar:  FF-1(-1) LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thoir Theas. Tá suíochán amháin cinnte do LO & FG agus cé go mbeidh titim ollmhór ar an vóta, ceapaim go mbeirfidh FF bua ar an lá, má fágann siad Andrews leis féin. D'fhéadfadh an suíochán deireannach imeacht aon áit, dár liom. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1(+1). 

Áth Cliath Lár Theas.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF ach arís caithfidh ceann de theachtaí FF éirí as chun an ceann eile a shábháil. Muna ndéanann, beidh suíochán ag an ULA anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-2(+1) SF-1.

Áth Cliath Lár. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha agus má tá ciall ag FF ní beidh ach iomaitheoir amháin acu anseo, is cuma cé hé nó hí. Tuar: FF-1(-1) FG-1(+1) LO-1 N-1.

Áth Cliath Lár Thuaidh. Titfidh an tóin as tacaíocht FF anseo ach éireoidh leo  a suíochán a chaomhnú trí iomaitheoir amháin a bheith acu.  Déarfainn go bhfuil Finian i mbaol ó Ghála an Ghiolla Mhóir agus beidh daoine ann nach maithfidh dó an tacaíocht a thug sé don rialtas. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1(+1).

Áth Cliath Thoir Thuaidh. Mar atá. Is féidir le FF leath dá vóta a chailliúnt anseo agus beidh suíochán fós acu. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. 

Áth Cliath Thuaidh. Ceann eile don ULA anseo. Roimhe seo, cheap mé go raibh Sargent marbh anseo ach má chuireann FF an beirt atá acu ar ais san iomaíocht tá mé ag ceapadh go gcaillfidh siad an dhá ceann agus go mbeidh Sargent fágtha i ndeireadh na dála. Tuar: FG-1 LO-1(+1) CG-1 ULA-1(+1). 

An rud is suntasaí ná líon na ndáilcheantair ina bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil chomh lag anois nár chóir dóibh na TDanna atá acu a chur san iomaíocht ar eagla go roinnfí an vóta beag atá fágtha acu sa chaoi is go gcaillfí dhá suíochán in ionad ceann amháin.  In áiteanna is dócha go n-éireoidh leo an suíochan deireannach a choimeád gan an cuóta a shroichint, ach in áiteanna eile beidh siad fágtha gan teachta ar bith.  ASG!

Bunaithe ar na céadtadáin tacaíochta seo:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 15-20%
SF - 10%
eile - 10-15%

Táim ag súil leis na torthaí seo:

FF-41 FG-67 LO-32 SF-10 ULA-4 N-7 CG-1 GF-4.

I rith an tsamhraidh cheapas nach dtitfeadh tacaíocht FF faoi bhun 20% ach tá'n fianaise ann a léiríonn go dtitfidh.  Beidh éifeacht tubaisteach ar líon na suíocháin a bhufaidh siad dá bharr.

Mar fhocal scoir, cé nach bhfuil dáta socraithe, tá an toghchán ag teacht agus is faic gur féidir le FF chun an slad a sheachaint anois.