17.2.14

Sise

Chonacamar an scannán is déanaí le Spike Jonze an tseachtain seo agus caithfidh mé a admháil go rabhas an-tógtha leis.  Gan an scéal a mhilleadh ar éinne, insítear scéal faoi fear uaigneach aonarach, léirithe ag an saoi Joaquin Phoenix, a thiteann i ngrá le ... bhuel ... deacair a rá i ndáiríre cad go díreach é a thiteann sé i ngrá léi ... a ríomhaire glúine dár lena iar-bhean céile. Fear bréige ag marachtáil i saol bréige ag freastal ar dhaoine bréaga i dtodhchaí bréige atá scanrúil agus suimiúil ag an am céanna - díreach mar go bhfuil roinnt den bhréagachas chéana mór thimpeall orainn cheanna féin.


Tá á lán téamaí éagsúla pléite ag an saothar seo, b'fhéidir an iomarca i ndáiríre, ach déanann Phoenix éacht thar cuimse fear chomh ait le Theodore Twombly a léiriú sa chaoi is go mbíonn an-bhá againn leis faoin deireadh, cé nach féidir na daoine nach réitíonn leis a cháineadh ach oiread - fear ard-chothabála atá ann gan amhras.  Go bunúsach is scéal grá atá ann agus cé go bhfuil na mílte scannáin grá feicthe againn, ní minic go ndírítear isteach chomh héifeachtach seo ar fás agus athrú an phearsain aonair agus an droch-thiochar gur féidir a bheith acu ar grá beirte a loit.

Níl an scannán gan locht, ach go háirithe an radharc simplí ar todhchaí nach bhfuil chomh fada amach uainn nach n-aithnímid é mar chuid dár saol féin, ach gan aon aighneas, bochtanas, agóidíocht srl agus gan aon mhíniú ar a n-easpa.  É sin ráite, thaitin sé go mór liom, agus mholfainn go láidir é a fheiscint d'éinne atá suim acu i dteicneolaíocht, in Intleacht Shaorga nó i saothar an údair Iain Banks (ar dheis pé hé nó hí go raibh a anam dílis).

Léiríodh an scannán seo i Meiriceá ag deireadh na bliana seo caite agus is ait gur fanadh mí nó dhó sular thaispeánadh anseo é, ach de bharr na moille bhí blaisín roimhe don scannán Transcendence atá roinnt cosúlachtaí ann le Her.  Bhreathnaigh sé go maith roimh Her a fheiscint, ach fiú ón mblaisín is soiléir gur níos mó de Terminator a bhéas i gceist leis, seachas an blas den mhaoithneachais a bhí ag rith tríd Her. Nílim ag tnúth leis mar a bhíos ag tnúth le Her ónar chualas faoi ar dtús.