31.12.10

21.12.10

An lá i ndiaidh amáraigh!

Nuair a d'éiríomar ar maidin bhi dath aisteach oráiste ón bhfuinneog agus nuair a tharrangamar na cuirtíní bhí ionadh orainn síobadh dochreidte sneachta ag séideadh ar nós radharc ón scannán thuasthagartha a fhesicint.  Níl a leithéid feicthe agam riamh cé go bhfuil sé stoptha anois, tá os cionn 20cm de shneachta againn anois.

Chaith mé an maidin ós comhair an tí ag glanadh an cosán agus an céide ionas gur féidir linn carr a bhogadh más gá.  Tá caranna ag sleamhnú ar fud na háite agus thógamar ár gcarr féin isteach ón mbóthar ar eagla na heagla,  mar táimid i ndiaidh dhá timpist a fheiscint cheanna féin agus caranna ag iarradh tiomáint aníos an chnoc.

Cé chomh mór is a bhí na calóga shneachta?


Chomh mór le chispheil.

Dár ndóigh tá na scoileanna go léir dúnta arís, ach fuaireamar téacs ón meanscoil le URL chuig an suíomh idirlíne le obair bhaile ann dos na daltaí.  Thaispeáin mé an téacs do m'iníon agus seo a dhúirt sí:
Obair bhaile? The fuckers!
ASG!

20.12.10

Éirigh suas a theachta agus seas i gcóir an Dáil ...

... comhairigh do chuid vótaí agus féach a' bhfuil siad ann.

Mar is eol daoibh, sheol mé ceisteanna chuig polaiteoirí áitiúla ar cheap mé go mbeadh siad in iomaíocht san toghchán atá romhainn.  Tá seachtain shleamhain sleamhnaithe tharainn anois agus is ábhar díomá dom nach bhfuil ach freagra amháin faighte agam.

'Siad éirígí an t-aon slua a bhfuil i ndiaidh freagra a thabhairt dom ach 'séard a bhí le rá acu ná nach mbeidh siad san iomaíocht in aon chor san toghchán amach anseo, cé go bhfuileadar sásta na geallúint a thabhairt mar a leag mé amach iad dóibh.

Tá'n Nollaig ag bualadh isteach orainn anois agus beidh sí linn ar feadh seachtain nó dhó ar a laghad agus is beag baol go gheobhaidh mé freagra ar bith eile go roimh fáinne geal na hathbhliana.

Mar a sheasann cúrsaí mar sin, 'siad éirígí an t-aon páirtí go bhféadfainn tacaíocht a thabhairt dóibh san toghchán, ach ní bheidh siad san iomaíocht ar lá na vótaí!

Ta'n daonlathas seo casta, nach bhfuil?

14.12.10

Crann Nollag Nua.

Cheannaíomar an crann nollag aréir, seachtain nó mar sin níos déanaí ná mar is gnáth dúinn, de bharr an sneachta sleamhain is dócha.  Nuair a d'fhilleamar abhaile inniu i ndiaidh na scoláirí go léir a bhailiú bhí boladh agus cumhracht an chrainn ag fearradh fáilte is fiche romhainn.


Is aoibhinn liom an Nollaig.

7.12.10

Cad a dhéanfadh mac an chait ... srl

An bhfaca éinne frontline aréir?  Léiriú náireach ar an smacht atá ag an uasaicme ar RTÉ agus ar an tír i gcoitinne a bhí ann.  Bhí aire FF, tráchtaire ón IT (léine gorm), iar-theachta FF agus léachtóir polaitíochta ó DCU.  Ní raibh mé ag súil le mórán ó Martin, Carey nó Behan ach baineadh geit asam nuair a mhaígh an t-ollamh úd go raibh gá againn le Fhianna Fáil agus go mbeadh muid thíos leis dá ndéanfaí aon dochar don córas dhá-páirtí-go-leith atá againn.  Bhíos ar fiuchadh feirge ag breathnú air agus táim fós.  Cheapfá b'fhéidir go raibh an t-ollamh in ainm 's a bheith údarásach agus neamhspleách faoin cheist, ach ní fhéadfadh sé a bheith níos aontaobhaí ina dtuairimí dá dtosnódh sé ag gol
For god's sake, don't bursht de party.
Is dócha nach mbeadh sé cothrom FG a chrochadh ar bhonn a dúirt an Chéireach, nó an LO ach oiread, bíodh 's nach rabhadar ann in aon chor, ach ní fhéadfá a bheith dóchasach faoin todhchaí ag breathnú ar an mbolscaireacht suarach seo.

Tá na litreacha réidh agam agus níl le déanamh anois ach seoladh ríomhphoist a aimsiú dos na iarrathóirí anseo i mo dháilcheantair féin.

Seo dhaoibh a bhfuil ar intinn agam seoladh.  

A Chara,

Anois 's atáimd ar tí toghcháin táim ag iarradh do thuairimí i leith conas caiteachas an stáit a laghdú ar shlí cóir agus cothrom.  Tá mé ag seoladh na ceisteanna chéanna do gach iarrathóir atá suíochán á lorg acu i gCill Mhantáin agus tá sé ar intinn agam na freagraí a fhaighim a roinnt go phoiblí ar mhaithe na follasachta.

Tá trí bun-pholasaithe ar mhaith liom iad a fheiscint mar pholasaithe aon Teachta Dála nó páirtí ar a mbronnfaidh mé tacaíocht.  Ní féidir liom ar mo choinsias vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach n-aontaíonn leis na polasaithe seo, nó nach bhfuil in ann polasaithe níos fearr a nochtú dom.  Tá mé ag scríobh chuig chuile iarrathóir i mo dháilcheantar féin chun a dtuairimí futhu a lorg.

I)
Deireadh le faoiseamh cánach ar phinsin príobháideacha.  Mheas Tuairisc an Choimisiúin um Cáineachas (2009) (Cuid 8, Roinn 14.1) go bhfuil idir €2bn agus €3bn á thabhairt ag an stáit mar fhaoiseamh cánach ar airgead a chuirtear ar leataobh do phinsin príobháideacha gach bliain.  Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil pinsean príobháideach ach ag 50% nó mar sin do oibrithe na tíre, agus ag glacadh leis gurb iad an 50% is saibhre don mórchuid atá i gceist anseo, ní féidir a thuilleadh a bheith ag gearradh cánacha ar chuile dhuine chun an buntáiste seo a bhronnadh ar an leath is saibhre den phobail.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann an faoiseamh cánach seo a stopadh go hiomlán.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

II) Tá an rialtas i ndiaidh teacht ar réiteach leis an IMF agus an AE chun bainc na hEorpa a shábháil agus is saoránaigh na hÉireann a bhéas thíos leis.  Táim den tuairim go bhfuil rialtas na hÉireann fé ghabháil ag na bainc agus slua suarach an rachmais anois agus is soiléir go rabhadar ó thús na géarchéime i leith.  Ar aon bhonn morálta, níl féidir iallach a chur ar shaoránaigh na tíre na bannaí seo a aisíocadh.  Bhí a fhios dár liom ag lucht cheannaithe na mbannaí seo go raibh an tír faoi smacht ag comhcheilg coiriúil ón am sin i leith agus ghearradar rátaí úis dá réir.  Bhí a fhios chomh maith acu go raibh amhras ann faoin ndóchúlacht go n-aisíocfaí na bannaí.  Mo thrua leo, ach tá lá an chinniúna tagtha, agus níl sé ar chumas saoránaigh na tíre na fiacha seo a íoc.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann faillí a dhéanamh ar aon bhanna a eisíodh i ndiaidh Deireadh Fómhair 2008. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

III) Tá sé soiléir anois go bhfuil an aicme polaitíochta agus uasaicme an státséirbhís atá ciontach as an ngéarchéim ina bhfuilimid, fós ar mhuin na muice ag glacadh tuarastail agus pinsin ollmhóra nach bhfuil sé ar chumas na tíre íoc astu a thuilleadh.    Táim den tuairim gur mba chóir uasthuarastal a chur i bhfeidhm fad is atá an tír i bpráínn de €100k. 'Sé sin, ní chóir go mbeadh aon duine fostaithe ag an Stáit nó faoin chonradh ag aon riain den stáit ag tuilleamh níos mó ná €100k in aghaidh na bliana.  Níl an t-airgead ann chun pingin níos mó a íoc d'éinne.  Ar an dóigh chéanna, ba chóir dár liom uasphinsean a chuir i bhfeidhm chomh maith.  Ní chóir go mbeadh an stáit ag íoc pinsean níos mó ná €50k d'éinne. 

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann uasthuarastal €100k agus uasphinsean de €50k a chur i bhfeidhm fad is a mhaireann an ghéarchéim.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

Go raibh maith agat as ucht an t-am a thóg sé ort an méid seo a léamh.  Tuigim go maith go mbeidh tú gnóthach amach anseo i mbun feachtais toghchánaíochta ach tá súil agam go bhfaigheann tú leathuair nó mar sin chun mo cheisteanna a fhreagairt. 

Is mise le meas ... srl

Níl ach bréigín bheag amháin ann - níl sé ar intinn agam an litir a sheoladh chuig iarrathóirí Fhianna Fáil nó na Glasraí.  Tá a bhfreagraí againn cheanna féin.

Fáilte roimh bhur dtuairimí sula seolaim an méid seo.

6.12.10

Oíche amháin eile.

Seo a bhí romham ar maidin:

Tá oíche amháin eile sneachta i ndán dúinn anocht agus ansin tiocfaidh an leá mór. Le teocht mar seo is cinnte go bhfanfaidh pé sneachta a thiteann anocht agus beidh na bóithre ar nós gloine ar maidin.

Fáilte don éan is binne ar chraoibh ...

Chuir post le Grá faoi Ghruaim ag smaoineamh mé faoin twitter agus táim i ndiaidh cúntas a oscailt.  Tugaim fá ndeara nach bhfuil Gaeilge acu mar cheann de na teangacha 'inmholta', más shin an focal ceart.  Fós féin, tá mo chéad túít foilsithe agam agus dhá leantóir cheanna féin ar mo thóir - cailíní óga is cosúil nach gcuireann an Ghaeilge as dóibh is dócha.

Anois beidh mé in ann an blag a úsáid chun trácht ar mo thúíteáil agus an túíteáil chun trácht ar an mblagadóireacht.  Milis!

1.12.10

Toghchán ar deireadh ... ar lean.

Tá'n scéal ag athrú go laethúil anois.  Tá Uí hAnluain agus an Dermotologist i ndiaidh fógairt go bhfuileadar tinn tuirseach de chreachadh na tíre agus táid ag iarradh tuilleadh am a chaitheamh lena bpinsin.  Mo sheacht mhallacht orthu.  Ní dóigh liom go ndéanann an nuacht seo difir ar bith dos na torthaí atá tuartha agam don toghchán áfach.  Mar a gheall mé seo mar a thitfidh cúrsaí amach sa phríomhchathair agus sa fíorphríomhchathair.

Corcaigh Thoir. Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.  Bhí ráflaí ann go raibh sé ar intinn Dhónail Óig a ainm a chur san iomaíocht ar son SF, ach tá an cuma air nach fíor sin.  Dá mbeadh is dócha go mbeadh an suíochán faoi sheilbh SF. Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Cheapas roimhe seo go mbeadh suíochán amháin ag FF anseo ach mura bhfaigheann siad níos mó ná 15% den vóta, roinnte idir beirt, ní fheicim gur féidir leo ceann amháin fiú a choimeád.  Ba cheart do dhuine acu an páirc a fhágáil slán don duine eile ach ní dóigh liom go ndéanfaidh agus caillfidh an beirt acu.  Níl aon slí gur féidir a thuar cé a bhaineas an suíochán áfach.  D'fhéadfadh éinne ón LO, ULA nó SF é a bhaint ag braith ar ord a dhíbirt.  Fágfaidh mé i gcolún GF é. Tuar: FG-2(+1) LO-1 GF-1(+1)

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tá vóta dochreidte ag FF anseo ach má chailleann siad tacaíocht mar a chaill i nDún na nGall, tá'n cuma air go dtitfidh siad siar go 20% nó mar sin, rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin caillte. Cad a dhéanfaidh an dhá TD atá acu? Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1).

Corcaigh Theas-Láir. Maraon lena gcomharsan trasnsa na habhann tá dara suíochán Fhianna Fáil imithe anseo.  Ach tá sé dodhéanta a thuar cé a bhaineas é. Tuar: FF-1(-1) FG-2 LO-1 GF-1(+1).

Corcaigh Thiar Theas. Mar atá. 
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.  Má tá ciall ar bith ag FF ní cuirfidh siad ach iarrathóir amháin chun páirce anseo, rud a choimeádfaidh an suíochán dóibh. Tuar:  FF-1 FG-2. 

Dún Laoghaire. Caillfidh an rialtas trí suíochán anseo.  Ba chóir go mbeadh suíochán ann do FF ach beidh a vóta roinnte idir Andrews agus Hanafin rud a fhágas bearna óna thiocfaidh an dara Léine Gorm. Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht! Tuar: FG-2(+1) LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Thiar. Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo, mar níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.  Tuar: FF-1 FG-1 LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Iarthar-Láir. Tá trí suíochán as ceathar ag an rialtas anseo ach tá sé cinnte go gcaillfidh Gogarty agus Harney anseo cé go gceapaim go gcoimeádfaidh Curran a áit (ar éigin).  Beidh SF agus an ULA san iomaíocht don suíochán deireannach chomh maith, ach ar deireadh ceapaim go mbainfidh FG suíochán Harney agus an LO suíochán Gogarty. Tuar: FF-1 FG-1(+1) LO-2 

Ath Cliath Theas. Bua mór eile i ndán don LO anseo. Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád. Má chuireann FF beirt san iomaíocht tá contúirt go gcaillfidh siad dhá suíochán.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2(+2).

Áth Cliath Thiar Theas.  Ceann eile anseo do SF agus seans go gcaillfidh FF dhá chinn má chuireann siad beirt san iomaíocht.  Is dócha nach gcuirfidh áfach agus beidh Crazy Horse slán, cé nach bhfuil sé tuillte aige. Tuar:  FF-1(-1) FG-1 LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thiar Thuaidh. Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo agus caithfidh ceann de theachtaí Fhianna Fáil an fód a fhágaint nó caillfidh an beirt acu. Tuar:  FF-1(-1) LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thoir Theas. Tá suíochán amháin cinnte do LO & FG agus cé go mbeidh titim ollmhór ar an vóta, ceapaim go mbeirfidh FF bua ar an lá, má fágann siad Andrews leis féin. D'fhéadfadh an suíochán deireannach imeacht aon áit, dár liom. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1(+1). 

Áth Cliath Lár Theas.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF ach arís caithfidh ceann de theachtaí FF éirí as chun an ceann eile a shábháil. Muna ndéanann, beidh suíochán ag an ULA anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-2(+1) SF-1.

Áth Cliath Lár. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha agus má tá ciall ag FF ní beidh ach iomaitheoir amháin acu anseo, is cuma cé hé nó hí. Tuar: FF-1(-1) FG-1(+1) LO-1 N-1.

Áth Cliath Lár Thuaidh. Titfidh an tóin as tacaíocht FF anseo ach éireoidh leo  a suíochán a chaomhnú trí iomaitheoir amháin a bheith acu.  Déarfainn go bhfuil Finian i mbaol ó Ghála an Ghiolla Mhóir agus beidh daoine ann nach maithfidh dó an tacaíocht a thug sé don rialtas. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1(+1).

Áth Cliath Thoir Thuaidh. Mar atá. Is féidir le FF leath dá vóta a chailliúnt anseo agus beidh suíochán fós acu. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. 

Áth Cliath Thuaidh. Ceann eile don ULA anseo. Roimhe seo, cheap mé go raibh Sargent marbh anseo ach má chuireann FF an beirt atá acu ar ais san iomaíocht tá mé ag ceapadh go gcaillfidh siad an dhá ceann agus go mbeidh Sargent fágtha i ndeireadh na dála. Tuar: FG-1 LO-1(+1) CG-1 ULA-1(+1). 

An rud is suntasaí ná líon na ndáilcheantair ina bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil chomh lag anois nár chóir dóibh na TDanna atá acu a chur san iomaíocht ar eagla go roinnfí an vóta beag atá fágtha acu sa chaoi is go gcaillfí dhá suíochán in ionad ceann amháin.  In áiteanna is dócha go n-éireoidh leo an suíochan deireannach a choimeád gan an cuóta a shroichint, ach in áiteanna eile beidh siad fágtha gan teachta ar bith.  ASG!

Bunaithe ar na céadtadáin tacaíochta seo:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 15-20%
SF - 10%
eile - 10-15%

Táim ag súil leis na torthaí seo:

FF-41 FG-67 LO-32 SF-10 ULA-4 N-7 CG-1 GF-4.

I rith an tsamhraidh cheapas nach dtitfeadh tacaíocht FF faoi bhun 20% ach tá'n fianaise ann a léiríonn go dtitfidh.  Beidh éifeacht tubaisteach ar líon na suíocháin a bhufaidh siad dá bharr.

Mar fhocal scoir, cé nach bhfuil dáta socraithe, tá an toghchán ag teacht agus is faic gur féidir le FF chun an slad a sheachaint anois.

28.11.10

Toghchán ar deireadh.

Cé nach bhfuil dáta cruinn socraithe tá tús curtha le fheachtais toghchánaíochta agus fios ag cách go bhfuil an rialtas atá againn ar tí titim.  Rinne mé iarracht ar thoradh a thuar i rith an samhraidh agus seo a bhí súil agam leis:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3
Bhí dhá suíochán eile ann nach raibh mé cinnte futhu agus bhí an tuar thuas bunaithe ar na ceadtadáin tacaíochta a leanas a bheith ag na páirtithe.

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Lé héacht an Dochartaigh i nDún na nGall inné áfach, ceapaim go bhfuil gá le athbhreathnú a dhéanamh ar an gceist.

An rud is suntasaí faoin toradh ná gurb ionann méid an teipeadh ar vóta Fhianna Fáil sa dáilcheantar seo ón olltoghchán deirneach (ó 51% go 21%) agus an laghdú náisiúnta ó 2007 atá tuartha ag pobalbhreith Red C an tseachtain seo chaite (ó 42% go 17%).  Cén athrú a bheadh ar mo thuar mura bhfaigheadh Fianna Fáil ach 17% tacaíocht go náisiúnta?  Nó cad a tharlódh dá mbeadh titim  58% ar vóta Fhianna Fáil i ngach dáilcheantar?

Seo daoibh mar sin, dáilcheantar ar dháilcheantar, mar a thitfidh cúrsaí amach dár liom.

Cill Mhantáin.  Tá Lady Wicklow éirithe as rud a chiallaíonn go mbeidh sé níos deacra don LO dhá suíochán a bhaint anseo.  Teipfidh orthu dár liom. Cheapas roimhe seo go gcaillfeadh Behan a shuíochán, ach le Liz imithe ceapaim go dtiocfaidh sé slán (ar éigin).Má fhaigheann FF 16% nó mar sin den vóta, níl seans dá laghad acu suíochán a bhaint anseo, mar tá gach cosúlacht go mbeidh beirt san iomaíocht acu, an bhlatóg agus Pat Fitz.  Tá seans i bhfad níos fearr ag an nGearaltach mar ní bheidh iomaitheoir ar bith ina choinne i ndeisceart an chontae.  Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1 N-1.

Loch Garmán. Bheadh seans ag an LO an dara suíochán a bhaint ó FF anseo, ach amháin leithleas Howlin.  Dá mba rud é go raibh Dwyer fós le SF bheadh suíochán aige, ach mar a sheasann cúrsaí, bainfidh FG an tríú suíochán mar ní féidir le FF dhá cinn a bhaint ar 17%. Tuar:  FF-1(-1) FG-3(+1) LO-1.

Port Láirge.   Ní féidir le FF an dara suíochán a choimeád le níos lú na 20% den vóta. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Tiobraid Árainn Theas. Tá súil agam gur Mansergh a chailleas anseo ach níl fios dá laghad agam ach amháin gur cinnte go gcaillfidh FF ceann amháin. Tá sé deacair a rá cé acu HealyPrendergast a thógas an tríú suíochán ach caithfidh an buntáiste a bheith ag an páirtí saibhir, seachas an neamhspleáchaí, mar is gnáth.  Sin a dúrthas cheanna ach anois, le bhunú an ULA, tá eagraíocht níos mó ag tacú le Healy agus is leor seo cúrsaí a iompú chuige. Tuar: FF-1(-1) FG-1 ULA-1(+1).

Tiobraid Árainn Thuaidh. Mar atá.  (Cé gur trua é go ndéantar laoch den Lobhar.) Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.

Sligeach-Liatroim Thuaidh. Beag seans go bhféadfadh SF éacht a dhéanamh anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1).

Ros Comáin-Liatroim Theas. Cheapas cheana nach mbeadh an Ceallach in ann suíochán a bhaint ó FF mar  níor chepas go dtitfeadh vóta FF faoi 25%.  Tá'n cuma anois air nach mbainfidh siad fiú 20% rud a chiallaíonn go ndéanfaidh an Ceallach an beart.  Tuar: FG-2 LO-1(+1).

An Mhí Iarthar.  Bhíos ag ceapadh go mbainfeadh Joe Reilly suíochán anseo ach tá sé éirithe as, rud a chruthaíonn deacrachtaí do SF.  Níl eagraíocht dá laghad ag an LO anseo fós agus táim ag seasamh lem' thuar. Tuar: FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

An Mhí Oirthear.  Bainfidh Hannigan suíochán anseo gan dabht agus tá baol ann fiú go gcaillfidh FF dhá suíochán mura bhfaigheann siad ach 17%.  Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-1(+1). 

Maigh Eo. Caillfidh FF ceann anseo. Ní féidir leo dhá suíochán a bhaint amach agus níos lú na 20% den vóta acu.  Fillfidh Cowley arís chuig Teach Laighin. Tuar:  FF-1(-1) FG-3 LO-1(+1).

An Lú. Beirfidh FG an suíochán nua leo. Kirk slán mar Cheannchomhairle rud a chiallaíonn gur leor an 17% chun an Dermotologist a thabhairt slán leis.  Cé go bhfuil Morgan éirithe as, tá ionadaí roghnaithe ag SF a chinntíonn nach bhfuil a suíochán i mbaol. Tuar: FF-2 FG-2(+1) SF-1.

Longfort-Iarmhí. Le titim vóta FF agus ardú vóta FG ba chóir go n-athróifidh suíochan ó cholún FF go cholún FG. Ní féidir neamhaird iomlán a thabhairt áfach ar Sexton, ach fiú má tá vóta pearsanta aici agus farasbarr mór fágtha chuici ag Penrose, ní fhéadfainn an dara suíochán a fheiscint anseo don LO. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Contae Luimnigh. Arís, le h-athrú tacaíochta caithfidh na suíocháin athrú freisin. Is dócha nach móran tacathóirí FF a chuireas tic i mbosca na Léinte Gorma, ach ní gá go ndéanfaidis.  Ní gá ach go bhfanfaidh dóthain acu sa bhaile ar an lá chun an dara suíochán a thabhairt do FG.  Níl aon páirtithe nó iarrathóirí eile san iomaíocht anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1).

Cathair Luimnigh. Rinne mé botún nuair nár chuir mé san áireamh go bhfuil suíochán caillte ag an ndáilcheantar seo don toghchán atá le teacht.  Cheapas go n-éireodh le FF dhá suíochán a choimeád, fiú le titim tubaisteach tacaíochta, ach gan ach ceithre suíochán ar fáil ceapaim go gcaillfidh siad ceann anois.  Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1.

Laois-Uíbh Fháilí. Tá sé fíor-dheacair a rá cad a thárlós anseo. Má fhaigheann siad faoi 30% agus gach cosúlacht anois gur mar sin a thárlós, caithfidh go bhfuil an tríú suíochán imithe do FF.  Cé go dtiocfaidh fás ar tacaíocht na Léinte Gorma ní féidir a bheith ag súil go bhfaighidís níos mó ná 35% anseo, go háirithe le cinneadh NicIonrachtaigh éirí as.  Tá eagraíochtaí lag go leor anseo ag LO agus SF ach i ndáiríre d'fhéadfadh an suíochán deireannach imeacht aon áit.  Fágfaidh mé i gcolún GanFhios é. Tuar:  FF-2(-1) FG-2 GF-1(+1).

Cill Dara Theas.  Ní féidir le FF dhá suíochán as trí a bhaint amach le níos lú ná 30% den vóta.  Tuar:  FF-1(-1) FG-1(+1) LO-1.

Cill Dara Thuaidh.  Tá FF i mbaol dhá suíochán a chailliúnt anseo mar ní bheidh níos mó ná 20% den vóta acu agus beidh sé scaipthe thar dhá TD.  An mbeidh sé de mhisneach ag ceann acu éirí as chun an ceann eile a shábháil?  Sin a thitfidh amach dár liom agus bainfidh Murphy an suíochán ó FF. Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-1 N-1(+1).

Ciarraí Theas. Bhí suíochán ag an LO anseo tráth dá raibh, ach tá an cuma air go bhfuil Moynihan-Cronin éirithe as, rud a chiallós go mbeidh sé deacair orthu é a bhuachaint ar ais. Tuar: FF-1 FG-1 N-1. 

Ciarraí Thuaidh.   Leis an titim tacaíochta atá i ndán do FF, caithfidh nach mbeadh siad chomh amaideach beirt a chur san iomaíocht anseo ach fós táim den tuairim go mbainfidh Anglo Arthur Mac an tEarraigh suíochán McEllistrim.  in adharca a chéile le cianta agus blianta, agus fiú dá gcuirfí iallach ar cheachtar acu an fhód a fhágaint, is beag baol go ndéanfaidis, rud a scoiltfeadh an vóta ar aon nós. Tuar:  FG-1 LO-1(+1) SF-1.

Gaillimh Thiar.  Tá suíochán an Fhathaigh imithe anseo, ach ba chóir go mbeadh Dev Óg slán. Tá'n hUigíneach éirithe as chomh maith ach caithfidh go bhfuil suíochán anseo don LO, fiú gan é.  Is mór an trua dom é ach tá an cuma air go mbeidh áit san dáil fós don iar-PD. Tuar:  FF-1(-1) FG-2 (+1) LO-1 N-1.

Gaillimh Thoir.  Dáilcheantar ait atá anseo in bhfuil beirt FG (an Búrcach agus an Connachtach) ag éirí as.  Fós féin ceapaim go n-éireoidh leo na suíochán a choimeád do FG ach ceapaim chomh maith go gcabhróidh easpa TDanna san iomaíocht le iarrathóir ón LO suíochán a bhaint chomh maith.  Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choiméad agus maraon le Cill Dara Thuaidh táim ag ceapadh go n-éireoidh ceann acu as chun an ceann eile a shábháil. Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1(+1). 

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin. Tuar: FF-2(-1) FG-2(+1) LO-1(+1).

Cabhán-Muineachán.  Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  An uair seo tá'n cuma air nach sárófaidis 20% rud a imeoidh chun leasa FG & SF.  Fiú le Crawford ag éirí as bainfidh FG an dara suíochán anseo agus tá'n cuma air go mbeidh sé de dhánacht ag SF iarrathóir ón gCabhán a chur san iomaíocht, rud a thabharfas an suíochán deireannach dóibh. Tuar:  FF-1(-2) FG-2(+1) SF-2(+1).

An Clár.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís, ach amháin má tá iarrathóir láidir acu.  Ós rud é nach bhfuil ceapaim go bhfillfidh Breen. Tuar: FF-1(-1) FG-2 N-1(+1).

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.   Tuar: FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

Dún na nGall Thiar-Theas. Agus tóin an Dochartaigh in áit cheana féin, níl aon amhras go mbeidh bua eile aige an chéad lá eile.   Tuar:  FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

OMD, tógann sé seo na uaireanta!  Fágfaidh mé mar seo é anois agus críochnóidh mé amárach le cúrsaí sa phríomhchathair agus cúrsaí i gcró na muc a cheapann go mba chóir dó a bheith ina phríomhchathair.

Go dtí seo, seo atá tuartha agam:

FF-27 FG-44 LO-15 SF-7 ULA-1 N-6 GF-1

19.11.10

Dialann nua.

An bhfuil éinne in ann moladh a thabhairt dom cá bhfaighfinn dialann póca don bhliain seo chugainn.  Fé láthair tá An Dialann Stáit 2010 agam agus táim lán sásta léi ach ní fheicim ceann don bhliain atá le teacht ar díol fós.

Dár ndóigh, is táirge Éireannach atá uaim,  mar is annamh go mbeadh gá agam le léarscáil  de Londain agus is cuma sa tsioc liom faoi bhreithlá na banríona i Sasana, nó aon banríon eile.

N'fheadar an mbeidh Dialann Stáit foilsithe i mbliana in aon chor agus má tá an mbeidh cruit uirthi nó b'fhéidir suaitheantas an IMFF ina áit?

18.11.10

¿Cómo se dice 'corralito' en Irlandés?


Tá taithí agam ceartúcháin ar mo chuid Gaeilge a fheiscint sna tráchtanna (go raibh míle maith agaibh, Dennis agus Aonghus go háirithe!) agus táim cinnte go bhfuil i measc a léifeas an sliocht seo daoine a bhéas in ann aon botún Spáinnis san teideal a cheartú, chomh maith le tuairim a thabhairt ar cén Ghaeilge ab oiriúnaí chun an focal úd 'corralito' a aistriú.

Ní hé go bhfuil mé ag iarradh teanga nua a fhoghlaim ach gur cuireadh an cheist cheanann chéanna le déanaí ar an mBiorán, anseo.

'Séard a bhí sa 'corralito' ná srianta a chur rialtas na hAirgintíne ar shaoránaigh a airgead féin a thógaint ó bainc chun a chinntiú nach ndíscítí go hiomlán iad (na bainc, dár ndóigh - cuma sa tsioc faoin phobail!) de bharr an easpa muiníne a bhí iontu ag an am.  Gan móran eolas agam ar chúiseanna géarchéim na hAirgintíne 10 mblian ó shin, nílim chun léacht eacnamaíochta a thabhairt ar chén fáth go mbeadh gá againn le Gaeilge a chur ar 'corralito' ach má tá suim agaibh sa cheist molaim daoibh uair nó dhó a chaitheamh ag léamh snáith nó dhó thall ansan.

Rinne Dubhaltach trácht d'Aill na Searrach inar chaoin sé nós na n-eachtrannach ainmneacha seafóideacha a chumadh d'áiteanna lena bhfuil seanchas agus traidisiúin ársa ag baint leo cheana féin.  Aontaím go huile 's go hiomlán leis ach fós bhéinn sásta ainm nua a chur ar an aill úd ársa féin.  In ionad Aill na Searrach, mholfainn Aill na nAirí a ghaloch air.  Ach cad a chaithfí caitheamh ón aill úd chun an baistiú a chur i gcrích ...


12.11.10

Nollaig ar ceal.

Mar is gnáth sa tír seo, níl macalla Oíche Shamhna ciúnaithe sula gcloistear cloigíní aoibhinn na Nollag.  Ach i mbliana tá'n ceiliúradh chinn bliana i mbaol de bharr an géarchéim atá buailte anois orainn.  Chuala mé ráflaí inné go raibh Daidí na Nollag gortaithe go dona in ionsaí agus tá sé fé láthair in aonad dianchúram.  Go dtaga biseach air chomh tapaidh agus is féidir agus go mbeirtear ar an gcoireach síceapatach atá freagrach as an ionsaí (agus an aonad dianchúram chomh maith) más fíor an pictiúr thíos.  D'aimsíos ar an idirlín é, caithfidh go bhfuil sé fíor.


1.11.10

Vaimpír fós ar lár i ndiaidh slad a dhéanamh ...

Moltar gan baint ar bith a bheith léi má fheiceann sibh í.  Tá cuma an ocrais uirthi fós.

31.10.10

Simply Beautiful

Seo liricí iomlán an amhráin thíosluaite, ach seans maith go bhfuil botúin ann, mar níl an fuaim ró-mhaith ar an tseantéip.  Tá sé deacair a chreidiúint nach féidir liom rian de a aimsiú ar an idirlín agus tá imní orm go ndéanfaidh na liricí thíos éagóir ar an gcumadóir, mar is éasca go n-athródh brí an amhráin le focal nó dhó ar bheith ar lár nó ar strae, go háirithe nuair is téama spioradálta atá á phlé.   Fáilte roimh cheartúcháin ar bith agus bhéinn fíor-bhuíoch má aithníonn éinne an cheol.

My old man says heaven's a myth.
We come and go child, that's all there is.
No fallen angels or tortured souls,
You just put your faith child in what you know.

And that's when your boat's lost, out at sea,
you just close your eyes child and think of me,
you know that I'll be there, when you reach out,
I'll always be there, yes I'll be there.

Will you be there? Will you be there? Will you be there? Will you be there?
When I reach out? When I reach out? When I reach out? When I reach out?

My old girl says, pay no heed child,
A little thinking's a dangerous thing.
Now, don't go filling up that child's head,
Leave him something for himself.

And that's don't forget when you're far from grace child,
there's always room for a little faith.
And that I'll be there, when you reach out,
I'll always be there, yes I'll be there.

Will you be there? Will you be there? Will you be there? Will you be there?
When I reach out? When I reach out? When I reach out? When I reach out?

[My uncle Liam??] never once set,
foot inside a church all his adult life,
Just the once when he upped and wed his,
childhood sweetheart and lifelong friend.

They said that is [simple child, as a loves they said??]
She kicks ball it seems with her left foot,
And so on her head well, so be it,
And from that day on never spoke with him.

She was simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful,
simply beautiful, simply beautiful, she was simply beautiful.

Did you know light travels from,
the furthest corners of our known universe,
Hits the atmosphere something close to
One hundred eighty six thousand miles and hour?

Hits the earth and it splits in two,
Hits the back of your eye child and comes out blue.
And it's like the ocean, like the sky child,
Like the tear that might fall from your eye.

And it's simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful,
simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful.

Jesus loves me, I've no doubt,
When my boat's lost and [ ??? ] is out,
I just put my faith in what I know.
And it's here I am now, just watch me go.

'Cause I'm simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful,
simply beautiful, simply beautiful, I'm simply beautiful.

Simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful,
simply beautiful, simply beautiful, simply beautiful.

Cad is brí leis?  Omós diasach, diachach nó daonnach?

29.10.10

Alice's Restaurant.

Bhíos ag cuardú san áiléir anocht agus cad a tháinig mé orthu ach dhá bhosca mór de sean-chaiséid cheoil?  An cuimhin le héinne eile na caiséid?  Táim ró-óg aon taithí bheith agam ar chéirníní ach tógadh mé roimh ré na ndlúthdioscaí agus is ar chaiséid a cheanaíodh ceol nuair a bhí mé óg.  Tá roinnt albaim iontacha agam ann:

The Real Thing - Faith No More
Anglel Dust - Faith No More
Siamese Dream - Smashing Pumpkins
Mellon Collie and the Infinite Sadness - Smashing Pumpkins
Rum, Sodomy & the Lash - The Pogues
The Stone Roses
Rage Against the Machine
Trailer - Ash
Last Splash - The Breeders
Smart - Sleeper
(What's the story?) Morning Glory - Oasis
Incesticide - Nirvana
In Utero - Nirvana
Pocket Full of Kryptonite - Spin Doctors
3 Years, 5 Months and 2 Days in the Life of ... - Arrested Development

Tá cuid acu sin nach bhfuil cloiste agam leis na blianta agus caithfidh mé am a dhéanamh iad a sheinneadh arís.  Dár ndóigh bheadh sé i bhfad níos éascaí iad a lorg ar mp3 agus éisteacht leo ar an nguthán nó sa charr nó aon áit eile seachas an seanseinnteoir téipeanna atá agam sa chistin a úsáid.

Cad eile a bhí sna boscaí dubha?  Bhuel, a léitheoirí, má raibh sibh óg sna luath nóchadaí nuair a bhíos óg, b'fhéidir gur chuala sibh trácht ar chraoltóir creachadóireach i mBÁC dárbh ainm Alice's Restaurant?  Bhíodh  sí le cloisint tráthnóntaí Dé hAoine & Dé Sathairn amháin, más buan mo chuimhne agus  bhí sé de nós agam ceol a thaifid uaidh agus tá deich gcaiséid de cheol na linne sin anois agam agus is seod é chuile ceann acu.  Tá mé ag éisteacht le ceann acu anois agus níl ach tuairim is leath des na amhráin orthu breactha síos agam sna himchártaí.  Is dócha nach raibh a fhios agam cé hiad leath des na bhannaí a bhíodh á thaifead agam, agus ní raibh Google ann ag an am chun fiosrú a dhéanamh.

Anois dár ndóigh ní gá ach gúgláil a dhéanamh ar na liricí chun ainm an banna agus an amhrán a aimsiú.

Ar an chéad téip tá na seoid a leanas aimsithe agam:

Dinosaur Jr. - Feel the Pain.
Drugstore - Superglider.
Therapy? - Die Laughing.
Magnapop - Ride.
L7 - Pretend We're Dead.

Tá amhrán álainn amháin air nach bhfuil mé in ann a aimsiú ar an idirlíon in aon chor:

Hada te Hada - Simply Beautiful. 

Sin atá breachta san imchárta ar aon nós ach ní féidir liom trácht ar bith air a aimsiú.  B'fhéidir nach shin ainm an ghrúpa agus b'fhéidir nach Simply Beautiful ainm an amhráin ach oiread ach cantar amach na focail sin mar churfá agus má tá sé cloiste agaibh riamh, aithneoidh sibh láithreach é.

Tosnaíonn an t-amhrán mar seo:

"My old man says heaven's a myth.
We come and go child, that's all there is.
No fallen angels or tortured souls,
You just put your faith child in what you know."

An cuimhin le héinne eile Alice's Restaurant nó an aithníonn éinne an rann seo?

28.10.10

Litir chun fhreasúra.

Beidh toghchán againn sár i bhfad (le cúnamh cé) agus tá mo smaointe anois ag díriú ar cé hiad a thuillfidh m'uimhreacha ar phár lá an chinniúna.  Tá sé ráite agam cheanna féin gur ar éigin a cheapaim go ndéanfaidh sé pioc de dhifríocht cé atá i gceannas an ainnis mar go bhfuil an oiread acu aontaithe gur gá bunachar sóisialta na tíre a scrois ar mhaithe na mbanc, idir náisiúnta agus ehm ... idirnáisiúnta.

Cúig billiún déag de ghearrtha laistigh de cheithre bhliana an ea?  Is annamh a theipeann mo Ghaeilge orm ach tá súil agam go ngabhfar mo leithscéal má lúim siar ar theanga ghonnta ár gcomharsan - fuck off.

Cad is féidir a dhéanamh mar sin? Tá caiteachas de chaoga billiún nó mar sin ag teastáil chun leanúint mar atáimid agus níl coinne acu ach le tríocha billiún nó mar sin mar ioncam.  Glacaim gur gá an bhearna a laghdú ach ní ar chaoi a bhrisfidh an tír.

Ar an gcéad dul síos, caithfidh aon gearrthacha a thosú ag barr.  B'fhéidir go mbeidh gá an pinsin nó an dól a ghearradh, ach ní nuair atá stáitséirbhísigh áirithe ar thuarastáil os cionn dhá chéad míle (€200k) agus ní nuair atá iar-stáitséirbhísigh ar phinsin os cionn céad míle (€100k).  Is dócha nach leath na hoibre atá anseo ach nílim chun uimhir ar bith a thabhairt d'aon pháirtí nach ngeallann uas-thuarastal an stáitséirbhís a ghearradh go aon chéad mhíle euro (€100k).   Níl sé ar chumas an stáit pingin níos mó a thabhairt d'éinne.  Má tá daoine ann nach bhfuil sásta obair ar an méid sin is féidir leo bailiú leo amach as a bpostanna agus ná buailfear an doras iad ar an tslí amach.  Chomh maith le sin, caithfidh uas-phinsin a chur i bhfeidhm agus thosóinn ar chaoga míle euro (€50k).  Níl an t-airgead ann níos mó a íoc agus tá sé soiléir anois nach raibh riamh.

An dara polasaí atá ar intinn agam tacú leis ná deireadh iomlán a chur le faoiseamh cáineach ar phinsin príobháideacha.  Maíonn Vincent Browne go bhféadfaí trí go leith billiún de euro (€3.5bn) a shábháil in aghaidh na bliana tré na faoisimh cháine seo a stopadh, uimhir atá dochreidte a léamh. Tá a leithéidí Fingers, Seánaí Dána agus an Drumadóir Beag in ann pinsin ollmhóra a chur ar leataobh dóibh féin agus níl an stáit fiú ag gearradh cáin ar an rachmais iontach atá acu len é a dhéanamh?

An triú polasaí atá mé ag iarradh a fheiscint ná séanadh na fiacha atá glactha ag an rialtas ar ár son, nó ar son a gcairde sna bainc is cóir a rá.  Seasann an fiachas náisiúnta ag nócha billiún euro anois (€90bn), fiú gan bannaí NAMA a bheith san áireamh.  Níl seans dá laghad go mbeimid riamh in ann é sin a aisíoc agus b'fhearr é sin a admháíl anois, seachas an tír a scrios ag iarradh an fhírinne sin a shéanadh.  Tá sé soiléir do chách anois go dteipfidh orainn bannaí a aisíoc am éigin sna blianta atá romhain.  Níl ciall ar bith ag baint le leanúint le hiarrachtaí an dalla mullóg a chur orainn ná éinne eile a thuilleadh.   Le déanaí bhí Joan Burton ag argóint le Lenny sa Dáil faoi chostas aisíocadh na mbannaí seo.  An gcosnóidh sé billiún go leith (€1.5bn) nó trí billiúin (€3bn)?  Hmm, níl sé soiléir domsa agus níl sé soiléir domsa ach oiread go bhfuil sé soiléir do cheachtar acusan.  Cuimhnigh nach bhfuileadar ag argóint ach faoi bannaí Anglo amháin, gan trácht ar an nócha billiún!  Caithfidh aon páirtí a bhfuil mo vótasa uathu a ghealladh nach bhfuileadar chun bannaí a eisíodh i ndiaidh Fómhar 2008 a aisíoc.  B'shin an am a ghoid na bainc an tír agus níl muintir na hÉireann freagrach as na fiachaí sin, dár liom. 

Sin agaibh mar sin mo ghearrthacha.  Trí billiún go leith (€3.5bn) ar fhaoiseamh cháineach do phinsin phríobháideacha.  Trí billiún (€3bn) eile nó mar sin de bharr séanadh na mbannaí.  Billiún (€1bn) eile (ar a laghad) tré uas-thuarastal agus uas-phinisn a chur i bhfeidhm sa státséirbhís.  Seacht mbilliún go leith (€7.5bn) mar thús agus feicfimid cá mbeimid anuraidh.

Dár ndóigh is féidir breis ioncam a bhaint amach tré athruithe a dhéanamh ar rátaí cáineach, ach fágfaidh mé na tuairimí sin do phost éigin eile.

Tá mé chun scríobh chuig páirtithe an fhreasúra ag lorg a smaointe ar na gearrthacha seo.  Nílim chun fiú uimhir a fiche a chur amú ar aon bhastún nach féidir leis on léi aontú liom orthu, nó smaointe níos fearr a nochtú.

27.10.10

Na muca fós ag gnúsacht.

Bhíos as-líne, as-tír, as-saol le breis is mí nó mar sin anuas ach ar filleadh anois dom, tá ionadh orm go bhfuil na muca thíosluaite fós ag gnúsacht agus nach bhfuil an réabhlóid tosnaithe, ná baol ann leis fiú.

Más iomaí modh muc a mharú cén fáth go bhfuileadar fós saor chun praiseach a dhéanamh don tír?

14.9.10

Buille Maraithe na Muice?


Tá sé i gcoinne an dlí a bheith i bhfeighil gluaisteáin agus tú fé thionchar an óil.  Nach cóir go mbeadh sé i gcoinne an dlí mesice nó póit a bheith ort i bhfeighil tír?

Tá'n scéal á shéanadh ag an mbastún, ach nuair a chuirtear Morning Ireland na maidine ar an idirlíon amach anseo beidh an agallamh náireach le cloisteáil ag gach duine.  Deanaigí bhur gcinntí féin.

Chualas féin ar maidin é agus sin díreach a cheapas - tá póit ar an bhfocar sin!

Meas mór do 'What Goes Up' ón mBiorán as ucht an bpictiúir thuas.

10.9.10

Sínígí anseo, mura miste libh ...

N'fheadar an bhfuil aon ní chomh neamhéifeachtach le hachainí idirlíne?

Fós féin, tá duine éigin i ndiaidh feachtas ar-líne a bhunú chun brú a chur ar an Roinn culú ón gcinneadh stádas na scoileanna ABA a athrú, ionas nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.  Go bhfios dom, tá an cinneadh seo déanta, agus glacta leis beag nó mór ag na scoileanna féin, cé gur b'fhéidir nach mó ná sásta a bhí cuid acu géilleadh le haineolas na Roinne ar deireadh.

Cad is fiú a bheith ag gearán anois faoi nuair atá an feall déanta?  Tá a fhios againn dár ndóigh cé orthú a fhileann feallanna.  B'fhéidir gurb fhiú é a shíniú ar mhaithe cruachás na leanaí seo a choimeád i mbéil an phobail, ach nuair a fheicim cé atá mar an cheathrú duine á shíniú is ar mire atáim.

Cheapfá gur gnáth-shaoránach an amadán úd gan tionchar ar bith aige ar chúrsaí na tíre ach nach bhfuil aon rud eile go bhféadfadh sé a dhéanamh seachas a hainm a chur hachainí idirlíne?  Mo náire thú a Phóilín!

In aineoinn masla an ghlasra, sínígí anseo, le bhur dtoil.

26.8.10

Críostaithe in adharca a chéile ...

... mar is gnáth.

Bhí alt gearr siumiúil ar chlúdach an IT inné ag cur síos ar léacht a thug ard-easpag Átha Cliath Diarmuid Martin (in Iodáilis mar a thárla) os comhair  shlua chaitlicigh Iodálacha, Communione E Liberazione.

Ní féidir liom a rá go bhfuil mórán eolas agam ar dheighiltí inmheánacha an eaglais áirithe sin, ach níor éiligh an masla a léirigh an Róimh don ard-easpag,  nuair a dhiúltaigh siad le glacadh le éirí as oifig dhá easpaig eile a bhí páirteach sa scanall a nochtaíodh le fhoilsiú Tuairisc Uí Mhurchú an bhlian seo chaite, uaim.

In alt an lae inné deireann an ard-easpag:

“Many foreign observers still think that Ireland is a stronghold of traditional Catholicism. They are surprised to discover, as I was when I returned to Ireland (in 2004), that there are parishes in Dublin where Mass attendance on Sundays is less than 5 per cent, or even as low as 2 per cent in some cases.

“The problem is that many in Ireland and in the Irish church . . . continue to act as if they were still living in a majority Catholic culture . . . ”

Ní féidir liom a shéanadh ach go mbaineann sé geit asam an méid sin a  chloisint ón Mháirtíneach cé gur cinnte go bhfuil an ceart aige - ní tír caitliceach í seo a thuilleadh ach is ar éigin a bhfuil tuiscint ag cheannairí an eaglais ar an fhírinne áirithe sin, in ainneoinn admháil an Mháirtínigh.

Tá'n cuma anois air nach mó ná sásta atá ceannairí eile an eaglais i leith mhacántacht an Mháirtínigh.   Táid ag gearán anois nach raibh aistriúchán go Béarla curtha ar fáil de na raibh le rá ag an ard-easpag.  IAC.

N'fheadar cén fáth nach bhfuil na críostaithe neamhliteartha seo ag lorg aistriúchán go Ghaeilge?

WiMax?



An bhfuil taithí ag éinne ar WiMax?  An bhfuil maitheas ar bith leis? Breathnaíonn sé ceart go leor ar pháipéar ach b'fhearr liom a chloisint go bhfuil sé in úsáid ag duine éigin eile agus go bhfuil ag éirí leo.

Tá nasc ó Irish Broadband agam anois agus táim sásta go leor leis ach tá imagine! i ndiaidh Irish Broadband a cheannacht agus seoladar litir inné chugam ag díol an nasc WiMax le bandaleithid níos airde ná mar atá anois agam.  Bheartaigh mé ar thriail a bhaint as, ach ag cuardú anois dom ar boards.ie ní féidir liom oiread is tuairisc amháin dearfach a aimsiú.  Dár ndóigh ní bhéinn ag súil go mbeadh daoine ar a leithéid ag moladh séirbhís mar seo, ach fós, mura bhfuil ann ach cáineadh ... ?

Tá seacht lá anois agam m'intinn a athrú agus tá imní orm gur b'fhéidir gur chaith imagine! iomarca ar an bholscaireacht agus fógraíocht in ionad an t-airgead a chaitheamh ar chur i bhfeidhm an teicneolaíocht?

Ní féidir a shéanadh ach gur fógraíocht den scoth atá ann!

Is dócha go gcuirfí mé glaoch ar ais chucu ag lorg gealltanas éigin go mbeidh mé in ann briseadh ón gconradh mura bhfuil an tséirbhís chomh maith agus a mhaítear.

25.8.10

Rabhadh.

Bhíos ag gúgláil liom ag lorg eolas faoin córas nua WiMax nuair a thárla seo:



Cleas cliste é seo chun cosaint daoine a ísliú.  Tá gach cuma air go bhfuil an córas oibriúcháin ag iarradh do ríomhaire a chosaint ó Trojan agus ní gá ach 'Remove all' a roghnú chun do threallamh a choimeád slán ó na diabhail Rúisigh.  Ach, nuair a bhrúann tú an cnaipe áirithe sin, cad a thárlaíonn ach go n-osclaítear preabfhuinneog eile ag iarradh cead pack_win-security.exe a íoslódáil.  Dár ndóigh má thugann tú cead tá tú sáite i bpráinn.

Bheadh, ba chóir dom a rá, ach níl, mar ní chóir go mbeadh Fuinneoga ar an ríomhaire in aon chor agat, rud a chiallódh go mbeadh an 'Control Panel' thuas go hiomlán as áit.

Fáth amháin eile Linux a úsáid:  ní fiú dos na Rúisigh am a chaitheamh ag iarradh an dalla mullóg a chur ar éinne seachas lucht na bhFuinneog.

Dála an scéil, úsáideann na Rúisigh ríomhairí a bhfuil smacht acu orthu (i ngan fhios dá úinéirí) chun suíomhanna idirlíne a ionsú, ar nós ár CAO féin.  Cé gur córas nimhneach córas na bpointí, sílim go bhfuil sé beagáinín iomarcach an CAO féin a ionsú.  N'fheadar cé mhéad pointí gur gá a bheith agat chun ríomheolaíocht a dhéanamh i mbliana?

20.8.10

Go sábhála dia sinn ...

... dá mbeadh a leithéid ann.   Is dócha áfach nach bhfuil agus b'fhearr go mór dúinn gan a thuilleadh ama a chur amu ag iarradh é nó í a shásamh.

I ndiaidh dom saothar Phullman a léamh cúpla mí ó shin thosaigh mé ar 'The History of Christianity' le Diarmad McCulloch, ach is léitheoir fiór-mhall mé de réir dealramh, mar nílim fós ach tuairim is dhá thrian tríd go dtí seo.  Ní hé sin le rá nach bhfuil mé an tógtha leis mar leabhar.  Táim.  Tá sé thar a bheith suimiúil fás, borradh agus fréamhú an chreidimh a bheith leagtha amach thar na céadta ach níl sna scoilteanna agus athscoilteanna domsa ach tuilleadh fáthanna chun draíocht chríost a shéanadh.  Má tá dia chríost ann áit éigin sna scamaill is cinnte gur fíor bheagán dá slua a bhainfear aníos go neamh iad ar lá an chinniúna, mar tá an oiread sin athraithe déanta thar na cianta nach féidir a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil na críostaithe fiú ag leanúint toil dé, pé hé nó hí.

Ach mar a dúrthas i dtús, níl agus ní gá dá bharr a bheith buartha faoi sean-scéalta na nGiúḋach níos mó, ach amháin mar ábhar suime do pháistí (idir óg agus aosta!)

Ag athléamh arís dom sula mbrúm 'Foilsigh' feicim na focail
'toil dé pé hé nó hí'
agus measaim gur bhunús maith mantra aindiach iad.  Cad a cheapann sibh?

18.8.10

Obair Bhaile.

Mar gur minic a mheallann freagra ceist, seo tasc beag daoibh.

Cén réamhfhocal* a bhaineann le gach pictiúr thíos?


Is dócha go bhfuil níos mó ná freagra amháin ar chuid acu.

Seo iad a leanas mo thuairimí faoi I, J, K & L.

I: faoi
J: ar
K: thar
L: os cionn

Mo bhuíochas le Séan as ucht an spreagadh.

* Réamhfhocail comhshuite san áireamh.

17.8.10

Imigh nó Téigh?

Táim fillte anois ó thobair na Gaeltachta ach tá tart fós orm, i ndiaidh an rothaíocht a rinneas is dócha.  Más féidir libh braonta beaga eolais a sheoladh chugam, bhéinn buíoch asaibh.

Cad í an difríocht idir bríonna an dhá bhriathar 'Imigh' & 'Téigh'?  An bhfuil rialacha ar leith ann a mhíníonn conas nó cathain go mba chóir ceann a úsáid thar ceann eile?  An ceist chanúnachais í?   Is ait dom nár imigh an cheist seo i bhfeidhm orm roimhe seo, nó an ait nár chuaigh?

Ach anois go bhfuil sé imithe i  bhfeidhm orm, rachfaidh mé as mo mheabhar ag macnamh air mura dtugann duine éigin faoiseamh dom.

Fáilte roimh bhur dtuairimí.

30.7.10

Camchuairt nua

Beidh mé anseo sa Dúiche Seoigheach ar feadh cúpla seachtain agus chomh maith le blas binn na Gaeltachta a slogadh siar déanfaidh mé iarracht roinnt rothaíocht a dhéanamh.

Tá camchuairt déanta agam le cúpla lá anuas, ó Chorr na Móna, soir chuig an Fháirche, ar aghaidh go dtí an Chloch Bhreac agus ar ais go Chorr na Móna. Aistear 28km ar fad atá ann agus thóg sé 70 nóiméad orm é a dhéanamh an chéad lá ach inné d'éirigh liom í a chríochnú i 64 nóiméad. Ni bheidh mé sásta ina aon chor mura mbeidh mé in ann uair ghlan a sharú roimh fhilleadh dom go bóithre rialta mo áit chónaithe.

Níl leathanbhanda agam gur féidir braith air áfach agus is fíor bheag a bhreacfas anseo go dtí go bhfillfidh mé ar an mbaile.

19.7.10

An dtaithníonn an litriú seo leat?

Tá aiste ghearr le scríobh agam agus ar mhaithe an chruinneas rinne mé Gaelspell a shuiteáil.  Iontach cabhrach an bogearra é, a fhágann líne dhearg faoi bhun aon fhocal nach bhfuil sé sásta le, i dtaobh gramadaí nó litriú de.  Dár ndóigh, caithfear a bheith cúamach fós (ní dhéanann sé gearán má mheascann tú siúl agus súil, mar shampla) ach bíonn na fadhbanna céanna le seicealaí litirthe in aon teanga.

Ag ceartú m'obair ansin thug mé fá ndeara go raibh líne bheag faoi bhun an fhocail 'taithníonn' sa ghiota bheag seo:
Cé go dtaithníonn ...
Rinne mé gach saghas athrú air chun an líne rua a dhíbirt gan sásamh, go dtí go rabhas cinnte go raibh botún éigin sa seiceálaí litrithe.  Rinne mé Gúgláil ar 'taithníonn' agus is léir go bhfuil sé i ngnáthúsáid ar fud na cruinne.  Cad chuige an líne dearg mar sin?  Ar deireadh, bhain mé an 'h' sa lár - BINGO!

Cad sa tSioc?  (M'iarracht ar WTF, cad a cheapann sibh?)   Isteach láithreach chuig FGB Uí Dhónaill liom agus sin é.  Níl 'h' i lár taitníonn!  Dochreidte! Táim i ndiaidh leath de mo shaol a chaitheamh ag ceapadh go raibh.  Tá 'taithin' sa FGB mar leagan eile de taitin mar a thárlaíonn, ach ní bhfuair GaelSpell an meabhrán is dócha.

Cén fáth nár oscail mé FGB i dtús?  Bhuel, bhíos chomh cinnte sin go raibh mé i gceart nár shíl mé go raibh gá.  Aisteach a rá nár smaoinigh mé ar FGB a úsáid ach chun a chinntiú go raibh 'taitníonn' mícheart.

Cad a cheapann sibh.  An bhfuil taithníonn caighdeánach, nó nach bhfuil?

14.7.10

Bás na scoileanna ABA.

alt sa pháipéar inniú a chuireann scéin agus fearg orm.

Tá brú á chur ar thuistí sna scoileanna ABA aitheantas mar scoileanna speisialta a ghlacadh ach ar bhonn an chinnteos nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.

Ó oscailt an chéad scoil ABA i gCorcaigh níos mó na deich mbliain ó shin, tá fás agus borradh tagtha ar na scoileanna seo, ach ní rabhadar riamh in ann séirbhísí a chur a fáil do ghach páiste a raibh gá acu dóibh.  In ionad scoileanna nua a oscailt agus forbairt na scoileanna a bhí ann a cheadú agus a mhaoiniú, bheartaigh ar an rialtas ar iad a dhúnadh, diaidh ar ndiaidh, faoi cheilt, i ngan fhios don phobail i gcoitinne.

Mar a thuigtear domsa é, tá brú á chur ar na dtuistí agus na oidí sna scoileanna glacadh leis na coinníollacha nua nó dúnfar na scoileanna.

Tá dalla mullóg á chur orthu freisin go mbeidh gach rud ceart go leor ach tá na saineolaithe i gceannas ar chéird ABA i ndiaidh teacht amach anois le ráiteas a cháineann pleananna an rialtais agus a shéanann gur féidir cláracha ABA a chur i bhfeidhm gan oidí atá cáilithe i gceart chuige.

Ionsaí náireach ar pháistí le huathachas atá anseo agus níl deireadh an scéil cloiste fós againn.

13.7.10

Torthaí an Toghcháin. Chuala sibh anseo i dtús iad,

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1(+1).
Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin.

Cabhán-Muineachán. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) SF-1
Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  Ach, fiú le vóta fé bhun 30% ba chóir go mbeadh siad in ann dhá suíochán a choimeád.

An Clár. Tuar:  FF-2 FG-2. Mar atá.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís.  Dá dtárlódh, ní fiú faic na blaganna seo!

Corcaigh Thoir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1
Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  
Deacair aon toradh eile a fhesicint anseo ach tá SF agus an PS san iomaíocht anseo freisin.

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Tá vóta dochreidte ag FF anseo.
Is féidir nach gcaillfidh siad suíochán anseo in aon chor agus is faoiseamh dóibh nach bhfuil aon iomaitheoirí dáiríre ón LO nó ó SF anseo, rud a chiallaíonn gur gá go n-aistreodh daoine a thacaíocht díreach ó FF go FG.  Nílim ró-chinnte go n-éireoidh le FG anseo ach táim á thabhairt dóibh ar aon nós.

Corcaigh Theas-Láir. Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
An mbeidh Kathy Sinnott san iomaíocht anseo arís?  Má tá, an ndéanfaidh sin difríocht don toradh?  Is féidir an cheist chéanna a chur faoi Chris O'Leary atá anois le SF.

Corcaigh Thiar Theas. Tuar:  FF-1 FG-2. Mar atá.
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.

Dún na nGall Thiar-Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  An scéal ceannan céanna anseo.

Seo dhaoibh mar sin toradh an chéad toghchán eile:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2) 

Tá na tuartha seo bunaithe ar vótaí na bpáirtithe a bheith mar seo a leanas:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Tá rud éigin mícheart leis an gcóras nuair a fhaigheann FF 53 suíochán leis an vóta céanna a thuilleas 31 suíochán do LO, agus b'fhéidir go dtiocfaidh slua Bhamjeeanna chun cinn, ach ní féidir a bheith ag súil leo, an féidir?

Dár ndóigh, le toradh mar sin cad is fiú toghchán a bheith againn in aon chor, ach amháin díoltas beag a bhaint amach ar FF as ucht an slad atá déanta acu orainn?

Cúrsaí sa Pháil.

Ag filleadh anois ar thorthaí an toghchán atá le teacht, caithfidh mé súil (nó dhó) ar chúrsaí sa phríomchathair.  Ní féidir thoghchán a bhuachaint gan suíochán nó fiche a bhreith leat ansin.  Seo mar a tharlós, dár liom.

Dún Laoghaire.  Tuar:  FF-1 (-1 ) FG-1 LO-1 PRB-1 (+1).  Caillfidh an rialtas dhá suíochán anseo.
Tá laghdú le teacht ar líon na suíocháin anseo agus b'fhiú sin chun ceann a bhaint ó FF.  Ní féidir a rá an  AndrewsHanafin nó a chailleas, ach má leanann sibh na naisc, feicfidh sibh cad atá uaim mar thoradh.  Tá Cuffe imithe freisin mar ní bheidh vótaí le sparáíl ag FF chun é a thogadh agus níl éinne eile chun iad a thabhairt dó.  Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht!    

Áth Cliath Iarthar-Láir.  Tuar: FF-1 FG-1 (+1) LO-1 GF-1 (+1)  Bainfidh FG suíochán Gogarty anseo gan stró.
Caithfidh suíochán Harney a bheith imithe freisin go háirithe nuair a cheaptar nach bhfuil suim aici fiú troid ar a shon.  Ach cé a gheobhas é?  Cheapfainn féin go bhfuil sé ann don páirtí a bhfuil muinín acu an dara iarrathóir a chur sa rás idir FG, LO agus fiú FF.  Murach sin tá seans beag go mbainfidh SF ceann anseo, ach beag baol.  Táim a bhronnadh anois ar GhanFhios.

Áth Cliath Thiar.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 PS-1 (+1). Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo.
Agus suíochán breise anseo, níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.

Ath Cliath Theas.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2 (+2).  Bua mór i ndán don LO anseo.
Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád.  Mar atá caithfidh an LO dánacht ar leith a thaispéaint anseo agus beirt a chur san iomaíocht.  Cuimhnigh ar éacht Eithne agus ná déan an botún céanna arís a chomradaí.

Áth Cliath Thiar Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 SF-1 (+1).  Ceann eile anseo do SF.
Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choimeád anseo le níos lú ná 30% den vóta.

Áth Cliath Thoir Theas.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1 (+1).  Ceann eile do GF anseo.
Tá'n rás rite ag an Ghormfhlaitheach ach ní féidir in aon chor a thuar cé a bhaineas uaidh é.  Maraon le Áth Cliath Iarthar-Láir 'sé pé acu atá muinín acu an dara iarrathóir a sheasamh a bheireas an bua.

Áth Cliath Lár Theas.  Tuar:  FF-1 (-1)  FG-1 LO-2 (+1) SF-1.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF.
Tá baol anseo do SF agus is ar éigin a choimeádfaidh Ó Snodaigh a áit, ach ní féidir dhá suíochán a fheiscint do FG i mBaile Fhormad.

Áth Cliath Lár.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 (+1) LO-1 N-1. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha.
Deireadh le réim Rí na nGaimbín ach beag baol go gcaillfidh sé a shuíochán féin.  Mór an trua. 

Áth Cliath Lár Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.  Mar atá.
Tá vóta dochreidte ag FF anseo, de bharr ainm Uí hEochaidh is dócha. In aineoinn chaimiléireacht Mhic Craith, tá sé slán.

Áth Cliath Thiar Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) LO-1 SF-1 (+1). Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo, faoi dheireadh!
Caithfidh titim ar vóta FF a bheith chun tairbhe SF thar FG.

Áth Cliath Thoir Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. Mar atá.
Arís anseo tá vóta dochreidte anseo ag FF rud a chinnteos go bhfuil an suíochán slán acu, fiú má éiríonn Woods as.

Áth Cliath Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1) PS-1 (+1).  Ceann eile don PS anseo.
Tá FF láidir anseo freisin ach fós féin titfidh an vóta fé bhun 30%, rud a chailleas an dara suíochán dóibh.  Tá'n iar-ard-glasra fiuchta anseo freisin, dár liom.

Fiuchta! ASG!

Seo mar a sheasfas cúrsaí mar sin i ndiaidh teachtaí Áth Cliath a chuir san áireamh:

FF-39 (-19) FG-47 (+9) LO-27 (+10) SF-6 (+3) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2)

Le deich ndáilcheantar le comhaireamh fós tá cuma an chéad rialtas eile le sonrú go soiléir.