28.10.10

Litir chun fhreasúra.

Beidh toghchán againn sár i bhfad (le cúnamh cé) agus tá mo smaointe anois ag díriú ar cé hiad a thuillfidh m'uimhreacha ar phár lá an chinniúna.  Tá sé ráite agam cheanna féin gur ar éigin a cheapaim go ndéanfaidh sé pioc de dhifríocht cé atá i gceannas an ainnis mar go bhfuil an oiread acu aontaithe gur gá bunachar sóisialta na tíre a scrois ar mhaithe na mbanc, idir náisiúnta agus ehm ... idirnáisiúnta.

Cúig billiún déag de ghearrtha laistigh de cheithre bhliana an ea?  Is annamh a theipeann mo Ghaeilge orm ach tá súil agam go ngabhfar mo leithscéal má lúim siar ar theanga ghonnta ár gcomharsan - fuck off.

Cad is féidir a dhéanamh mar sin? Tá caiteachas de chaoga billiún nó mar sin ag teastáil chun leanúint mar atáimid agus níl coinne acu ach le tríocha billiún nó mar sin mar ioncam.  Glacaim gur gá an bhearna a laghdú ach ní ar chaoi a bhrisfidh an tír.

Ar an gcéad dul síos, caithfidh aon gearrthacha a thosú ag barr.  B'fhéidir go mbeidh gá an pinsin nó an dól a ghearradh, ach ní nuair atá stáitséirbhísigh áirithe ar thuarastáil os cionn dhá chéad míle (€200k) agus ní nuair atá iar-stáitséirbhísigh ar phinsin os cionn céad míle (€100k).  Is dócha nach leath na hoibre atá anseo ach nílim chun uimhir ar bith a thabhairt d'aon pháirtí nach ngeallann uas-thuarastal an stáitséirbhís a ghearradh go aon chéad mhíle euro (€100k).   Níl sé ar chumas an stáit pingin níos mó a thabhairt d'éinne.  Má tá daoine ann nach bhfuil sásta obair ar an méid sin is féidir leo bailiú leo amach as a bpostanna agus ná buailfear an doras iad ar an tslí amach.  Chomh maith le sin, caithfidh uas-phinsin a chur i bhfeidhm agus thosóinn ar chaoga míle euro (€50k).  Níl an t-airgead ann níos mó a íoc agus tá sé soiléir anois nach raibh riamh.

An dara polasaí atá ar intinn agam tacú leis ná deireadh iomlán a chur le faoiseamh cáineach ar phinsin príobháideacha.  Maíonn Vincent Browne go bhféadfaí trí go leith billiún de euro (€3.5bn) a shábháil in aghaidh na bliana tré na faoisimh cháine seo a stopadh, uimhir atá dochreidte a léamh. Tá a leithéidí Fingers, Seánaí Dána agus an Drumadóir Beag in ann pinsin ollmhóra a chur ar leataobh dóibh féin agus níl an stáit fiú ag gearradh cáin ar an rachmais iontach atá acu len é a dhéanamh?

An triú polasaí atá mé ag iarradh a fheiscint ná séanadh na fiacha atá glactha ag an rialtas ar ár son, nó ar son a gcairde sna bainc is cóir a rá.  Seasann an fiachas náisiúnta ag nócha billiún euro anois (€90bn), fiú gan bannaí NAMA a bheith san áireamh.  Níl seans dá laghad go mbeimid riamh in ann é sin a aisíoc agus b'fhearr é sin a admháíl anois, seachas an tír a scrios ag iarradh an fhírinne sin a shéanadh.  Tá sé soiléir do chách anois go dteipfidh orainn bannaí a aisíoc am éigin sna blianta atá romhain.  Níl ciall ar bith ag baint le leanúint le hiarrachtaí an dalla mullóg a chur orainn ná éinne eile a thuilleadh.   Le déanaí bhí Joan Burton ag argóint le Lenny sa Dáil faoi chostas aisíocadh na mbannaí seo.  An gcosnóidh sé billiún go leith (€1.5bn) nó trí billiúin (€3bn)?  Hmm, níl sé soiléir domsa agus níl sé soiléir domsa ach oiread go bhfuil sé soiléir do cheachtar acusan.  Cuimhnigh nach bhfuileadar ag argóint ach faoi bannaí Anglo amháin, gan trácht ar an nócha billiún!  Caithfidh aon páirtí a bhfuil mo vótasa uathu a ghealladh nach bhfuileadar chun bannaí a eisíodh i ndiaidh Fómhar 2008 a aisíoc.  B'shin an am a ghoid na bainc an tír agus níl muintir na hÉireann freagrach as na fiachaí sin, dár liom. 

Sin agaibh mar sin mo ghearrthacha.  Trí billiún go leith (€3.5bn) ar fhaoiseamh cháineach do phinsin phríobháideacha.  Trí billiún (€3bn) eile nó mar sin de bharr séanadh na mbannaí.  Billiún (€1bn) eile (ar a laghad) tré uas-thuarastal agus uas-phinisn a chur i bhfeidhm sa státséirbhís.  Seacht mbilliún go leith (€7.5bn) mar thús agus feicfimid cá mbeimid anuraidh.

Dár ndóigh is féidir breis ioncam a bhaint amach tré athruithe a dhéanamh ar rátaí cáineach, ach fágfaidh mé na tuairimí sin do phost éigin eile.

Tá mé chun scríobh chuig páirtithe an fhreasúra ag lorg a smaointe ar na gearrthacha seo.  Nílim chun fiú uimhir a fiche a chur amú ar aon bhastún nach féidir leis on léi aontú liom orthu, nó smaointe níos fearr a nochtú.

5 comments:

  1. Tá tuairim is €11Billiún amháin á gcailliúint againn chuile bhliain de bharr buntáistí cánacha.
    Agus sin buntáistí cánacha atá ar fáil do lucht ionnúis amháin.

    Ag amharc ar do ghearrthacha tuairimím nach mbeidh tú ag vótáil ar son Fianna Gael nó Fáil

    ReplyDelete
  2. Nach tú atá faireach? ;-)

    ReplyDelete
  3. Is eagal liom nach mbeidh de rogha agat ach do vóta a scrios. Nach bhfuil páirtí an lucht oibre ar aon fhocal, geall leis, leis an chuid eile.

    ReplyDelete
  4. Tá'n cuma air go bhfuil, ach cuirfidh mé an cheist orthu mar sin féin.

    Is dócha go mbeidh SF, éíríġí, Fís Nua, agus b'fhéidir an comhaontas cummanach nua, United Left Alliance san iomaíocht inár ndáilcheantar féin, chomh maith le roinnt neamhspeáchaithe freisin. Caithfidh go bhfuil dream éigin ann a bheadh sásta aontú liom ar na trí gearrthacha thuas?

    Tabharfadh mé vóṫa dos na léinte gorma fiú, ḋá ngeallfadh siad na gearrthacha thuas a chur i bhfeidhm, cé gur beag baol go ndéanfaidh siad.

    ReplyDelete
  5. Bheadh suim agam na freagraí a chlos. Go hairithe ó táim sa Dáilcheantar céanna.

    ReplyDelete