27.10.10

Na muca fós ag gnúsacht.

Bhíos as-líne, as-tír, as-saol le breis is mí nó mar sin anuas ach ar filleadh anois dom, tá ionadh orm go bhfuil na muca thíosluaite fós ag gnúsacht agus nach bhfuil an réabhlóid tosnaithe, ná baol ann leis fiú.

Más iomaí modh muc a mharú cén fáth go bhfuileadar fós saor chun praiseach a dhéanamh don tír?

4 comments:

  1. Chuala mé ar an mBBC World Service inniu go mbeidh clár acu amárach (Déardaoin) ar Ireland's Anger: Will the Irish people rebel?

    ReplyDelete
  2. Beidh sé sin suimiúil go leor. N'fheadar cad a thárlóḋh a chuirfeadh splanc le brosna na feirge?

    ReplyDelete
  3. "Will the Irish people rebel?"

    Ní dhéanfaidh, bhuel ní dhéanfaidh a bhformhór ar aon nós. Tá an méid sin an-shoiléir anois.

    ReplyDelete