14.6.15

Craobh Ceannas Peile na hÉireann.

Níl Gael in Éirinn faoi láthair nach bhfuil tuairimíocht acu faoi reáchtáil na craoibhe peile, agus os rud é nár mhaith liom go gceapfaí nach rabhas áirithe i measc na Gael is Gaelaí a mhair riamh, seo dhaoibh mo smaointe féin ina leith.

Deirtear go bhfuil na himreoirí féin go mór i gcoinne deireadh a chur leis na comórtais cúige, ach ní ábhar iontais sin mar nach bhfuil sprioc réalaíoch eile ann do formhór de chontaetha na tíre.  Tá seans éigin ann go mbainfeadh leithéidí Sligeach, Luimneach, Cill Dara nó Doire craobh cúige ag tús gach bliana, cé nach n-áirítear de ghnáth i measc na foirne láidre.  Gan na comórtais cúige, níl ann mar sprioc ach an craobh ceannais féin agus fios roimh ré ag an tír iomlán nach bhfuil ach ceithre nó cúig fhoireann a thiocfadh i ngiorracht scread asail é a bhaint. Is de bharr an riachtanas seo na comórtais cúige a choimeád nach féidir athrú go córas 'Champions League' le hocht ngrúpa de cheithre fhoireann agus meascán den Sraith Náisiúnta & an Craobh Ceannais in aon chomórtas amháin.

Réiteach na faidhbe dár liom ná ceacht a fhoghlaim ón gcóras anois i gcúige Laighin san iomáint.  Tá Gaillimh agus Aontroim ag iomaíocht sa Pháil na laethanta seo ag craobh cúige buaite ag fir an Iarthair fiú.  Dár ndóigh, tá fadhbanna difriúla ag lucht na gcamán ach measaim go n-oireadh an réiteach céanna.

'Séard a dhéanfainnse ná na craobh cúige a imirt mar a imrítear fé láthair ach le hocht bhfoireann i ngach ceann acu. Cothromódh an réiteach seo an córas míchothrom fé láthair a thugann buntáiste mór do na Muimhnigh agus do na Connachtaigh mar gur féidir leo Mí Lúnasa a bhaint amach le níos lú cluichí le n-imirt acu.  Má ta ocht bhfoireann i ngach cúige caithfear trí chluiche a bhuachaint chun craobh cúige a bhuachaint agus an dúshlán céanna roimh gach éinne.

D'fhéadfadh na foirne a roghnú ag deireadh na Sraithe cén cúige ar mhaith leo tabhairt faoi an bhliain áirithe sin.  B'fhéidir go roghnódh na Dubs tabhairt faoi chraobh Chonnachta agus carnán ollmhór de bhoinn Laighin ina nglaic cheana féin acu?  B'fhéidir go roghnódh Corcaigh nó Ciarraí tabhairt faoi chraobh Laighin chun éalú óna chéile nó chun cleachtadh níos fearr a fháilt roimh Mí Lúnasa? Chun tábhacht na Sraithe a chaomhnú ba chóir an chéad rogha a thabhairt don fhoireann a chríochnaíonn ag barr na sraithe agus mar sin de.

Choimeádfainn an 'cúl doras' mar atá, chun an dara deis a thabhairt do fhoireann a chailleann cluiche go luath sa samhradh.  Le mo chóras nua cothromaítear an córas sin chomh maith, mar go mbeidh an líon céanna cluichí ag gach contae. 
 
Mar sin, ar an tslí is éascaí, caithfidh trí chluiche a bhuachaint chun an craobh cúige a bhaint agus ceann de na hocht áiteanna sa chraobh ceannais a bhaint amach.  Má bhuaitear trí chinn eile is féidir na tinte cnámha a lasadh!

Sin agaibh é mar sin, athrú beag ar an gcóras atá ann fé láthair - na craoibh cúige fós ann, ach ar bhonn níos cothromaí.  Cad a cheapann sibh?
 
Dár ndóigh is cuma cén córas a úsáidtear, beidh an ceithre fhoireann is fearr sa tír sna cluichí leathcheannais agus is iad an bhliain seo Áth Cliath, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo.