17.3.15

An Damhán Alla agus an Mhíoltóg.

'Sé dúirt Damhán Alla le Míoltóigín lá ...

Chualas an tAire James Reilly ar an raidio i rith na seachtaine seo caite ag labhairt faoi crá croí a d'fhulaing sé agus a bhean chéile nuair a dúradh leo go raibh drochmháchail intinne ar a mhac blianta fada ó shin. Tá mo racht feirge tráite ar deireadh agus anois is féidir liom mo shmaointe a bhreacadh. Ba léir óna ghuth nach raibh sé ag léamh ó phointí a scríobh stáit-séirbhíseach éigin dó  D'aithníos go maith an tocht ina ghlór a d'eascair is dócha ón crá croí sin, ach b'fhéidir freisin gur tocht lúcháireach a bhí ann chomh maith? B'fhéidir é, de bharr dea-thoradh an scéil - 'sé sin gur éirigh go breá leis an mac céanna ar deireadh.

... ó tar liom abhaile a chréatúirín breá.

D'inis an tAire gur botún a rinne siceolaí thall i Sasana a dhúirt leo gur máchail intinne ar bhí ar a mhac - d'úsáideadh triail mhí-oiriúnach ar an mbuachaill, triail nár aithin gurb é uathachas a bhí ar an leaid óg, seachas máchail intinne.   Ar deireadh, buíochas le Dia, in ainneoin an buille trom a buaileadh orthu mar chlann, d'éirigh le mac an Aire, céim ollscoile, iarchéim ollscoile a bhaint amach agus de réir chuntas an Aire féin, é anois ag staidéar ar Dhochtúracht.


'Sé a dúirt an mhíoltóg ag féachaint isteach, ...

Dár ndóigh, ní trí thimpiste a d'éirigh leis an Raghallach Óg an dul chun cinn seo a dhéanamh.  Is féidir a ghlacadh leis go raibh ar an clann iomlán sin diriú le dúthracht ar fheachtas a mhair, táim cinnte de, blianta fada agus gach seans a mhaireann fós, chun gach cuidiú, gach tacaíocht, gach áis agus gach deis a thabhairt don Raghallach Óg, ionas go mbeidh sé in ann a chumas iomlán a fhorbairt.  Ina fhocail féin d'impigh an tAire orainn uile gan glacadh riamh le bacainní a chuirtear ós ár gcomhair chun aistear forbartha ár bpáistí a shrianadh agus ghlacfainn go hiomlán leis an impiú sin.

Is tú croí na féile, is breá é do theach,
Ach ..

Ach ... is deacair éisteach leis an scéal seo gan machnamh orthusan ar a bhfuil an tAire ag impiú - ar na tuistí, na seanthuistí, na deartháireacha agus deirfiúracha ar a thiteann an dualgas cúram a dhéanamh dóibhsean nach bhfuil ar a gcumas cúram a dhéanamh dóibh féin.  Sin iad an dream a fhágtar a leataoibh, an dream gan ghuth, an dream gan tionchar, gan todhchaí.  Sin iad an slua gan cumhacht, an slua gan dóchas, gan sólás.

... deirtear go mbíonn tú ag ithe 's ag ól,
míoltóigíní mar mise idir fhuil agus fheoil.

Más ball den dream duáilceach seo thú d'aithin tú go maith na bacainní faoina raibh ár nAire ag caint.  Easpa luathfháthmheasa (ach amháin má tá airgead agat íoc as tú féin mar a bhí ag ár nAire deorach).  Easpa luath-idirghabála nuair atá fáthmheas agat dod' chúram.  Easpa scoileanna speisialta le múinteorí speisialaithe nuair atáid in aois scoilíochta.  Easpa thacaíocht ranga do mhúinteoirí ranga má tharlaíonn go bhfuil sé ar a gcumas freastal ar ghnáthscoileanna.  Easpa shéirbhísí do dhaoine fásta ionas nach dtiteann a gcúram iomlán ar na tuistí dá saol iomlán.  Easpa thacaíocht maireachtála nuair atá na tuistí bochta imithe ar shlí na fírinne.

Dúirt an Damhán Alla, is é a bhí glic,
Is bréag mór dar m'anam an scéal sin a mhic, ...

Shamhlófá b'fhéidir rian beag den éadóchas a líonann croíthe na gcéadta ó cheann ceann na tíre nuair atá páiste le míchumais acu agus focail ár nAire á chloisteáil acu. Cinnte ag éisteacht lenár nAire shílfeá gur inár measc a sheas an tAire féin.  Sásta agóidíocht a dhéanamh ar son na leanaí agus é ar thaobh an fhreasúra.  Sásta tacaíocht ar thabhairt do scoileanna agus do thuistí.  Sásta ceisteanna Dála a chur os comhair an rialtais.  Sásta geallúintí a thabhairt.  Sásta an fód a sheasamh.

Sin againn é mar sin.  An masla marfach deireanach. Damhán Alla gránna ag iarraidh culaith mhíoltóige a chrochadh air féin, ag sileadh deora bréige ag lorg trua as an gcruachás ina shamhlaítear dó féin a bheith.  Ach níl.  Agus ní bheidh riamh.  Bhí cumhacht aige.   Bhí na billiúin aige le caitheamh chun an fhadhb a réiteach.  Bhí an deis aige a bheith mar Donogh O'Malley na linne seo.  Duine a d'fhuascail na sluaite le hoideachas. In ionad sin, shocraigh sé ar na bainc agus a chairde saibhre a shábháil ó hiarmhairtí a saint féin.  Nuair nach raibh pingin rua do phaistí le huathachas, bhí na billiúin dos na bainc.  Nuair a bhí scoileanna speisialta á scriosadh le ciorruithe bhí €64bn ann do leithéidí Seáiní Fitz, Fingers agus na tógálaithe ar fad atá ar mhuin ma muice arís le NAMA.  Tá na mílte agus na mílte saoilte scriosta ag an rialtas seo agus pé dul chun cinn a rinneadh ón mhílaois i leith glanta amach acu.  Níl an teacht aniar fiú tosnaithe fós, mar go bhfuil na Damháin Alla fós i gceannas, fós á mbeathú féin ar na míoltóga, idir fhuil agus fheoil.

Ba mhaith liom a cheapadh gur uaidh sin a d'eascair na deora.  Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil daonnacht éigin fós i bhfolús domhain ár nDamhán Alla.  Ba mhaith liom a cheapadh gur bhuail impleachtaí a chuid iompair é, fiú le haghaidh soicind nó dhó.  An é gur thuil solas míthrócaireach an fhírinne isteach sa phluais dubh gránna sin atá aige mar choinsias?  An é gur bhraith sé a chealg mar dhealg ina gcroí féin - mar a bhraitheann na mílte timpeall na tíre é, mar a bhraithfidh le blianta fada amach anseo?

Damháin Alla an ea?  Ainmhí scanrúil eile nár scríobh an Craoibhín Aoibhinn fúthu atá inár measc anois. Ar an Lá Fhéile Pádraig seo níl amhras ach go bhfuil an nathracha fillte orainn arís.  Ar fhágadar riamh?