26.11.23

Dúshlán na Léinte Dubha

Is cuimhin liom sna 70aí agus sna h80aí nuair a mheas na hudaráis ó dheas go raibh dúshlán eiseach díreach a thabhairt ag Gluaiseacht na Poblachta don stát. Cé go raibh tuiscint ghinearálta ann nach raibh na hÓglaigh chun ionsaithe a dhéanamh i gcoinne airm nó seirbhísí slándála an stáit mar a rinneadar ó thuaidh agus i Sasana, mhaigh na hudaráis abhus go raibh sé mar aidhm ag na Poblachtaigh stáit an 26 chontae a bhriseadh mar chuid dá bhfeachtas Poblacht Sóisialach 32 chontae a bhunú.

Caithfear a admháil, i mo thuairimse, go raibh rian den fhírinne sa mhaíomh sin.  Maraíodh saighdiúirí agus Gardaí ag Óglaigh i gcaitheamh an chogaidh. Shéan na Poblachtaigh dlistineacht an stáit agus dhiúltaigh siad le hudarás an Dála i dTeach Laighin.  Níor aithin siad udarás na gcúirteanna agus chaith roinnt Poblachtaigh blianta faoi ghabháil mar nach rabhadar sásta glacadh le riail de factode jure an Saorstát, mar a ghlaoití air.  In ainneoin orduithe seasta an tIRA gan dúshlán míleata a thabhairt don 26 chontae ba chosúil go raibh Stát Poblachtach rúnda á rith ag Gluaiseacht na Poblachta, a ghlac uirthi  féin oidhreacht pholaitiúil Poblacht na Cásca, 1916.  Mhaolaigh an seasamh seo thar na blianta, agus faoi lár na h80daí bhí Sinn Féin sásta dul i mbun feachtasaíocht toghchánaíochta (ó thuaidh agus ó dheas) agus ghlacadar leis go bhféadfaí an Phoblacht a bhaint amach, le boscaí vótála i lámh amháin agus Armalite sa lámh eile.

Níor mhaolaigh freagra an Stáit do Ghluaiseacht na Poblachta go dtí i bhfad níos déanaí áfach, agus fiú i lár na 90daí agus an Próiseas Síochána faoi lán seoil, ba ghnáth rud é don Bhrainse ó dheas a bheith ag ciapadh gnáth bhaill Shinn Féin agus fiú gníomhaithe tofa de chuid an pháirtí.  Bhí cinsireacht láidir frith-Phoblachtach i bhfeidhm ó dheas, mar a bhí ó thuaidh freisin.  Cé nach raibh buíonta dúnmharfóirí ag dul timpeall ag marú Poblachtaigh mar a bhí ó thuaidh, ba léir gur rinneadh neamhaird ar ghníomhú fhórsaí Shasana sna 26 contae ó am go chéile.  Glacadh leis go raibh ról ar leith ag na húdaráis ó dheas tacú, go pointe áirithe, leis na húdaráis ó thuaidh agus iad ag iarraidh na Poblachtaigh a choimeád faoi chois.

Fiú inniu, tá rianta den bhfreagra seo ar dhúshlán na bPoblachtach d'údarás an stáit fós sa reachtaíocht, sa Chúirt Choiriúil Speisialta ach go háirithe, in ainneoin an cáineadh a dhéanann leithéidí Amnesty International, ICCL agus an UNCHR uirthi.

Is sa chomhthéacs seo gur chóir freagra an stáit do dhúshlán na bhFaisisteach a mheas.  Nuair a aithníonn ár stát baol eiseach (bíodh sé ann nó ná bíodh) tá sé lán-ábalta cumhacht iomlán an dlí, cumhacht an stáit an dlí sin a athrú agus fiú cumhacht lom an stáit neamhaird a dhéanamh ar an dlí nuair a mheastar gá a bheith ann, a úsáid le dul i ngleic go fíochmhar leis an mbaol aitheanta.

Ní tar éis eachtra uafásach an Déardaoin seo caite i gCearnóg Parnell a phreab na faisistigh as an talamh. Tá siad ag tógáil diaidh ar ndiadh leis na blianta.  Tá siad á n-éagrú féin go hoscailte fud fad na tíre ag cruinnithe phobail, ag agóidí lasmuigh de lárionad teifigh agus dar ndóigh ag agóidí frith-vacsaín & frith-srianta i rith na paindéime.  Tá siad ag eagrú feachtas imeagluithe i gcoinne na leabharlann anois ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil aon leabhair ar fáil atá dearfach nó tacúil ar shlí ar bith dár chomhshaoránaigh IADT+

Tá siad ag spreagadh agus ag gríosadh a chéile ar-líne ar facebook, X, telegram agus a leithéidí le fada an lá anois.  Tá fuath agus bréaga á scaipeadh acu ar na meáin sóisialta uilig agus tá cumas léirithe acu splanc a chur le h-aon brosna le nimh agus fuath a chur in inchinní an aos óig chun imeaglú agus foréigin a imirt ar éinne nach nglacann lena ndearcthaí seafóideacha.

Mar a tharlaíonn tá formhór na comhlachtaí seo lonnaithe in Éirinn agus tá tionchar ar leith againn mar sin brú a chur orthu na faisistigh seo a aithint agus a ainmniú le go bhféadfaí an dlí a chur orthu. Tá ainmneacha Andy Heasmann, Ross Lahive, Justin Barrett, Gearóid Murphy, Rowan Croft, Derek Blighe agus roinnt eile luaite sách minic sna meáin agus sna meáin sóisialta anois go n-aithnítear iad mar cheannairí ar an mbuíon brocach seo.

Tá a fhios againn cé hiad.  Tá a fhios againn cad atá uathu.  Tá sé feicthe arís is arís eile ar fud an domhain cad a tharlaíonn nuair a ligtear dá leithéidí eagrú in aon tír daonlathach.   Ba chur amú ama iomlán é díriú ar na hamadáin áitiúila a d'imir scrios ar shráideanna na hardcathrach an tseachtain seo.  Ní hiadsan an fhadhb, cé gur gá freagra a thabhairt orthu freisin.

Ag cluichí peile i bPáirc an Chrócaigh be comharthaí ollmhóra 'Irish Lives Matter' ar fud na háite agus bhí siad le feiceáil ar an Déardaoin freisin.  Níl sé seo inghlactha.  Níl aon saoirse cainte dlite ag faisistigh.  Dúntar a bpusa.

Tá sé in am do na Gardaí dul ina ndiaidh anois. An bhfuil fonn ar Drew Harris tabhairt faoin ndúshlán?  Nó an bhfuil an iomarca taithí aige a bheith ag obair le faisistigh ó thuaidh nach n-aithníonn sé mar bhaol iad fiú?

9.9.23

Dáilcheantar nua máguaird.

Tá am tógtha anois ag polaiteoirí an bhaile seo againne machnamh a dhéanamh ar an dtírdhreach nua, i ndiaidh na hathruithe a fógraíodh an tseachtain seo caite.  Is dócha go gcaithfí a admháil gur freagra diúltach atá acu ar an mhórchuid, agus is dócha nach raibh muintir Ghuaire ró-shásta faoi ach oiread. 

Tá an éagothromaíocht i ndaonra an dá chontae tugtha fá ndeara acu (b'fhéidir gur léigh siad mo bhlag?) agus, dar leis an Wicklow People, ní mó ná sásta atá siad faoi.

Leathanach clúdaigh an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 le cinnlínte a mhaíonn 'Local cllrs set to lose out in Wexford merge'

Mar a mheas mé féin, is léir go bhfuil buntáiste ag iomaitheoirí ó dheas sa chomórtas atá le teacht agus measann siad nach mbeidh TD tofa san Inbhear Mór anois dá bharr.  B'fhéidir gur fíor seo ach ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na athbhreithnithe seo - ní raibh na sean-leaideanna san Inbhear Mór in ann iad féin a eagrú TD a thoghadh le céad bliain anuas.

Tosnaíonn an scéal le comhairleoir de chuid FF ag geonaíl faoin mbob atá buailte ag an gcoimisiúin ar chosmhuintir bhochta an Inbhir Mhóir agus leanann an scéal ar aghaidh ar an dóigh sin ar iompú an leathanaigh le ochón agus ochón ó le cloisteáil ó cheathrar de chuid Fhianna Fáil, agus neamhspleáchaí amháin, Miriam Murphy.

Taobh thiar den gol ar fad, scaoileann an comhairleoir Pat Fitz leis an fhírinne áfach ...

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil polaiteoirí de chuid Fhianna Fáil ag gearán faoin ndáilcheantar nua

I think it's going to be extremely difficult to get a Fianna Fáil TD in our area, to be quite honest

Ní ionracas go Fianna Fáil dar ndóigh agus seo fíorchúis a n-olagón ar fad.  Mar is gnáth, is cuma sa tsioc leo faoin mbaile nó faoin gceantar máguaird mura féidir leo iad féin a bhrú chun cinn. Deacair gan sásamh a bhaint as a míshuaimheas, ach cuireann an t-alt ar an gcéad leathanach eile an dlaoi mhullaigh ar fad air.

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil ríméad ar Fhine Gael faoin ndáilcheantar nua
Tá ríméad ar Sylvester pé scéal é agus measaim go bhfuil an ceart ar fad aige.  Má thoghann Guaire Malcolm Byrne (ach b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag Malcolm bocht laistigh dá pháirtí féin) agus Fionntán Ó Súilleabháin, bheadh deacracht acu iomaitheoir eile as Fhine Gael a sheoladh thar an líne.  Bheadh sé ciallmhar dos na léinte gorma duine éigin as Cill Mhantáin a bhrú chun tosaigh, agus cá bhfios nach an Búrcach féin a roghnófar?

Táim fós ag fanacht ar anailís nua de chuid https://irishelectionprojections.com/ agus measaim go mbeidh an-suim ag gach éinne sa dáilcheantar nua ann freisin.

3.9.23

Tuarascáil Athbhreithnithe na dToghcheantar 2023

D'fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin a dtuairisc an tseachtain seo leis na hathruithe a mholtar a chur i bhfeidhm sna dáilcheantair éagsúla d'ollthoghchán na bliana seo chugainn a chur fé bhráid an phobail.  Bhí na polaiteoirí ar fad ar chipíní ag feitheamh ar an dtuairisc seo agus ní nach ionadh. 

Athruithe móra a moladh ar deireadh agus caithfidh na hiomaitheoirí agus na páirtithe polaitiúla na seachtainí romhainn ag cíoradh na ceiste móire - cé ar chóir iad a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn mar ullmhúcháin ar an olltoghchán a thiocfaidh sé mhí nó mar sin níos déanaí?   Tá Teachtaí Dála agus Comhlairleoirí Contae anois ann le croíphobail tacaíochta nach mbeidh sa dáilcheantar inar toghadh iad a thuilleadh agus beidh orthu cinneadh a dhéanamh anois faoin ngort is fearr dóibh a threabhadh roimh dul os comhair an phobail arís.

Is anseo i gCill Mhantáin tá conspóid mhór ann mar go bhfuil an dáilcheantar le scaradh.  Cúig shuíochán a bhí i gCill Mhantáin agus seo mar a dháileadh na suíocháin in olltoghchán 2020. Tá tuaisceart an chontae, ó bhaile Chill Mhantáin aneas le fanacht mar Chill Mhantáin, ach caillfear suíochán amháin.  Fágfaidh seo cúigear TD ag troid don cheithre shuíochán. Is díol suntais é go bhfuil gach duine den chúigear lonnaithe i dtuaisceart an chontae, i mBrí Chualann agus sna Clocha Liath.   Baol ar bith mar sin go ndéanfadh cailleadh an deiscirt aon dochar dóibh, ach amháin ó thaobh aistrithe ó iomaitheoirí eile sna comhairimh déanaí.

Fiú anois, is féidir a thuar go bhfuil John Brady agus Simon Harris slán.  Bhí geal le cúóta go leith ag Brady leis féin i 2020 agus níos mó ná sin arís ag Fine Gael, cé gur roinn siad thar triúr é.  Más rud é gur bhotún Shinn Féin é gan beirt a rith i 2020, ba bhotún tubaisteach é d'Fhine Gael triúr a rith.  Is féidir talamh, bhuel, slán,  a dhéanamh de go bhfuil Matthews marbh.  Bhí níos lú na leathchúóta aige i 2020 agus bhraith sé ar bharraíocht ollmhór Brady (ar shlí amháin nó ar shlí eile) é a thabhairt slán.  Deacair a chreidiúint go mbeidh vótaí ar chlé ag dul chuig na Glasaigh an babhta seo.  Fágann sin Donnelly, an tAire Sláinte, agus Whitmore SD ar chóir a bheith san iomaíocht do shuíocháin 3 & 4.

Tá deacracht ar leith ag Donnelly áfach.  Tá ré tubaisteach caite aige mar Áire Sláinte.  Tá droch chlú air go háitiúil ar aon nós tar éis aistriú go Fianna Fáil ó na SD agus i ndáiríre, le níos lú na leathchúóta aige i 2020, ní raibh seans ar bith aige an Dáil a bhaint amach murach aistrithe óna chomhghleacaí Pat Casey a tharraing isteach vótaí traidisiúnta iarghulta Fhianna Fáil ó dheisceart an chontae.  Ach an babhta seo, ní bheidh na vótaí sin ann chun é a shábháil.  

Cé mar sin a thógfaidh an ceathrú suíochán?  Beidh Donnelly san iomaíocht cinnte, b'fhéidir fiú Matthews, agus cinnte d'fhéadfadh ceachtar den bheirt acu a bheith fágtha mar an bacach deireanach ag seasamh.  Measaim áfach go gcuirfidh Sinn Féin agus Fine Gael an dara chapall sa rás.  Beidh cúóta go leith acu, nó níos fearr ná sin fiú ag Sinn Féin agus measaim go mbeidh beirt as Baile Chill Mhantáin ann chun troid ar son an suíochán deireanach le Matthews agus Donnelly.  Bheifeá ag ceapadh go mbeadh an buntáiste ag Sinn Féin i bhfianaise an ghaoth atá ina seolta le dhá bhliain anuas, ach neosfaidh an aimsir.

I ndeisceart an Chontae, tá dáilcheantar úr-nua cruthaithe, Cill Mhantáin - Loch Garman.  Trí shuíochán a bheidh ar fáil anseo agus deacair aon toradh eile a fheiceáil ach ceann amháin don trí pháirtí is mó, Sinn Féin, Fine Gael agus Fianna Fáil.  Tá sé ina chnámh spairne le fada an lá san Inbhear Mór áfach nach mbíonn teachta i nDáil Éireann riamh acu.  Deacair an locht a chur air éinne seachas muintir an bhaile féin atá sásta leanúint leo ag vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael ar nós nár chríochnaigh na hoctódaí riamh.

Dar ndóigh níl dóthain acu ann a chinntiú go mbeadh suíochán ag ceachtar den dá pháirtí sin san Inbhear Mór, agus measaim nach gcuideoidh an dáilcheantar nua lena chás ar aon chor.  Cé go bhfuil cuma réasúnta cothrom ar an ndáilcheantar nua, roinnte idir an dá chontae agus le Guaire agus an tInbhear Mór mar lárionaid daonra, tá beagnach 50k ina gcónaí ar thaobh Charmanach an dáilcheantair, agus gan ach 36k nó mar sin ar an dtaobh Mantánach.  Measaim go mbeadh buntáiste ag iomaitheoirí bunaithe i nGuaire agus mar sin bheinn ag súil le Malcolm Byrne do Fhianna Fáil agus Fionntán Ó Súilleabháin do Shinn Féin a bheith ina suí sa 34ú Dáil.  Cad as a dtiocfaidh an tríú suíochán ar chóir a bheith i gcolún Fhine Gael?

Beidh deacracht ag aon iomaitheoir i nGuaire vótaí a mhealladh ó Chill Mhantáin agus aon iomaitheoir san Inbhear Mór vótaí a mhealladh ó Guaire.  An t-aon fáth nach gcuirfidh seo isteach ar Shinn Féin ná go mbeidh siad ar chúóta ar aon nós.  Sáróidh Byrne d'Fhianna Fáil an deacracht seo mar go bhfuil tromlach an dáilcheantair i Loch Garman, agus gur seanadóir agus iar-TD é le seasamh náisiúnta.  Ní féidir an rud céanna a rá faoi aon iomaitheoir d'Fhine Gael áfach agus ní féidir a thuar mar sin cé a bhainfeas an tríú suíochán.

Mo thuar mar sin.

Cill Mhantáin: SF-2, FG-1, SD-1

Cill Mhantáin-Loch Garman: SF-1, FF-1, FG-1.

Beidh 14 TD sa bhreis tar éis an olltoghchán rud a thabharfaidh go 174 líon na TD agus rud a chiallaíonn gur 87 an uimhir draíochta amach anseo le rialtas a chur le chéile.  Tá dhá shuíomh ar leith a bheidh an-suim agam iontu sna seachtainí romhainn.  Déanann an Irish Polling Indicator scagadh ar na pobailbhreitheanna ar fad ag iarraidh leibhéil tacaíochta na bpáirtithe uilig a mheas agus a leanúint.  Beidh sé suimiúil tionchar athbhreithiú na ndáilcheantar sna pobailbhreitheanna a fheiceáil. Déanann Irish Elections Projection iarracht na leibhéil tacaíochta seo a chlaochlú go suíocháin Dála agus os rud é go n-úsáideann sé na toghcheantair áitiúla seachas na dáilcheantair ba chóir go mbeadh an córas sin in ann cruth an chéad Dáil eile a thuar in ainneoin na hathruithe ar fad.

Na bíodh amhras ar bith ar éinne, thosaigh olltoghchán 2024 an tseachtain seo.

30.7.23

Dhá fhoireann fós fágtha.

I bhfaiteadh na súl, ní raibh fágtha ach an dá fhoireann a bheadh roghnaithe ag an mórlach ag tús an tsamhraidh - Áth Cliath agus Ciarraí.  Nílim chun am a mheilt ag déanamh dianmhacnamh ar thuar, nó ag plé na féidireachtaí ar fad.  Tá an méid sin déanta ag na saineolaithe le coicís anuas agus níl aon chinnteacht mar thoradh ar a saothair.

Tá an toradh seo idir dhá cheann na meá.  Corraithe na bliana seo caite i gcoinne foireann le cairn ollmhór de bhoinn uile Éirinn ina nglaic acu.  Níl an aimsir le bheith rómhaith, ach ní raibh le mí anuas agus ní chuirfidh sin isteach ar cheachtar den dá fhoireann.  Deacair a shamhlú go mbeidh mórán eatarthu ag a deireadh.

Go mbainimid uile sult as an lá mór!

1.7.23

Deireadh seachtaine ollmhór caide.

Agus athléamh déanta agam ar an méid a scríobhas ag tús na craoibhe, tá rudaí i ndiaidh titim amach beag ná mór mar a bhí tuartha ag nach mór gach duine.  As an sé fhoireann a mheas mé a bheith in iomaíocht Sam a bhreith leo, níl ach Gaillimh i ndiaidh titim. 

Bhí gearán agus olagón maidir leis an iomarca cluichí a bheith imeartha chun fáilt réidh le ceithre fhoireann sna grúpaí, ach ní thuigim an meon sin - nach bhfuilimid ag iarraidh níos mó cluichí a fheiceáil?  Agus cé go raibh corr-slad anseo is ansiúd, is cluichí iomaitheacha taitneamhacha a bhí againn ar an mórchuid.

Inniu agus amárach feicfimid an fíor mo thuar go mbeadh sé an-deacair do na foirne nár chríochnaigh ag barr na ngrúpaí buachaint an tríú seachtain as a chéile.  I ndiaidh tús iontach Mhaigh Eo i gcoinne na Ríochta, thiteadar a chodladh (mar is iondúil leo) agus bhí orthu cluiche sa bhreis a imirt i gcoinne a shean-namhad Gaillimh.  Ba chluiche aisteach a bhí ansin ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cur chuige na nGailleamhach.   Bhí saghas ionadh orm nach raibh siad in ann Maigh Eo a chloí, ach ní raibh locht ar éinne ach iad féin.  Dar ndóigh tá sé ar chumas Maigh Eo éinne a chloí ar an lá, ach, freisin, tá sé ar a gcumas acu cailliúint i gcoinne éinne, ag braith ar an lá.  Le cúnamh Dé beidh díoltas ag na Dubs amárach i ndiaidh an phraisigh a rinneadh den chluiche leathcheannais i 2021.

Mar sin féin, níl aon fhoireann i ndiaidh rian láidir a fhágáil ar chúrsaí fós i mbliana, agus creidfidh nach mór gach fhoireann atá fágtha go bhfuil seans réalaíoch acu an beart a dhéanamh ag deireadh na míosa.  Déanta na fírinne, beidh gach fhoireann ag guí go ndéanfaidh foireann éigin eile an obair chrua leithéidí Áth Cliath agus Ciarraí a chloí agus bheinn in ann Maigh Eo a shamhlú gcroíthe na hardchathrach a bhriseadh amárach, croíthe Chiarraí a bhriseadh sa chluiche leathcheannais agus ansin an ceann mór a chailleadh le pointe i gcoinne Muineachán!  Neosfaidh an aimsir.