30.7.10

Camchuairt nua

Beidh mé anseo sa Dúiche Seoigheach ar feadh cúpla seachtain agus chomh maith le blas binn na Gaeltachta a slogadh siar déanfaidh mé iarracht roinnt rothaíocht a dhéanamh.

Tá camchuairt déanta agam le cúpla lá anuas, ó Chorr na Móna, soir chuig an Fháirche, ar aghaidh go dtí an Chloch Bhreac agus ar ais go Chorr na Móna. Aistear 28km ar fad atá ann agus thóg sé 70 nóiméad orm é a dhéanamh an chéad lá ach inné d'éirigh liom í a chríochnú i 64 nóiméad. Ni bheidh mé sásta ina aon chor mura mbeidh mé in ann uair ghlan a sharú roimh fhilleadh dom go bóithre rialta mo áit chónaithe.

Níl leathanbhanda agam gur féidir braith air áfach agus is fíor bheag a bhreacfas anseo go dtí go bhfillfidh mé ar an mbaile.

19.7.10

An dtaithníonn an litriú seo leat?

Tá aiste ghearr le scríobh agam agus ar mhaithe an chruinneas rinne mé Gaelspell a shuiteáil.  Iontach cabhrach an bogearra é, a fhágann líne dhearg faoi bhun aon fhocal nach bhfuil sé sásta le, i dtaobh gramadaí nó litriú de.  Dár ndóigh, caithfear a bheith cúamach fós (ní dhéanann sé gearán má mheascann tú siúl agus súil, mar shampla) ach bíonn na fadhbanna céanna le seicealaí litirthe in aon teanga.

Ag ceartú m'obair ansin thug mé fá ndeara go raibh líne bheag faoi bhun an fhocail 'taithníonn' sa ghiota bheag seo:
Cé go dtaithníonn ...
Rinne mé gach saghas athrú air chun an líne rua a dhíbirt gan sásamh, go dtí go rabhas cinnte go raibh botún éigin sa seiceálaí litrithe.  Rinne mé Gúgláil ar 'taithníonn' agus is léir go bhfuil sé i ngnáthúsáid ar fud na cruinne.  Cad chuige an líne dearg mar sin?  Ar deireadh, bhain mé an 'h' sa lár - BINGO!

Cad sa tSioc?  (M'iarracht ar WTF, cad a cheapann sibh?)   Isteach láithreach chuig FGB Uí Dhónaill liom agus sin é.  Níl 'h' i lár taitníonn!  Dochreidte! Táim i ndiaidh leath de mo shaol a chaitheamh ag ceapadh go raibh.  Tá 'taithin' sa FGB mar leagan eile de taitin mar a thárlaíonn, ach ní bhfuair GaelSpell an meabhrán is dócha.

Cén fáth nár oscail mé FGB i dtús?  Bhuel, bhíos chomh cinnte sin go raibh mé i gceart nár shíl mé go raibh gá.  Aisteach a rá nár smaoinigh mé ar FGB a úsáid ach chun a chinntiú go raibh 'taitníonn' mícheart.

Cad a cheapann sibh.  An bhfuil taithníonn caighdeánach, nó nach bhfuil?

14.7.10

Bás na scoileanna ABA.

alt sa pháipéar inniú a chuireann scéin agus fearg orm.

Tá brú á chur ar thuistí sna scoileanna ABA aitheantas mar scoileanna speisialta a ghlacadh ach ar bhonn an chinnteos nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.

Ó oscailt an chéad scoil ABA i gCorcaigh níos mó na deich mbliain ó shin, tá fás agus borradh tagtha ar na scoileanna seo, ach ní rabhadar riamh in ann séirbhísí a chur a fáil do ghach páiste a raibh gá acu dóibh.  In ionad scoileanna nua a oscailt agus forbairt na scoileanna a bhí ann a cheadú agus a mhaoiniú, bheartaigh ar an rialtas ar iad a dhúnadh, diaidh ar ndiaidh, faoi cheilt, i ngan fhios don phobail i gcoitinne.

Mar a thuigtear domsa é, tá brú á chur ar na dtuistí agus na oidí sna scoileanna glacadh leis na coinníollacha nua nó dúnfar na scoileanna.

Tá dalla mullóg á chur orthu freisin go mbeidh gach rud ceart go leor ach tá na saineolaithe i gceannas ar chéird ABA i ndiaidh teacht amach anois le ráiteas a cháineann pleananna an rialtais agus a shéanann gur féidir cláracha ABA a chur i bhfeidhm gan oidí atá cáilithe i gceart chuige.

Ionsaí náireach ar pháistí le huathachas atá anseo agus níl deireadh an scéil cloiste fós againn.

13.7.10

Torthaí an Toghcháin. Chuala sibh anseo i dtús iad,

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1(+1).
Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin.

Cabhán-Muineachán. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) SF-1
Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  Ach, fiú le vóta fé bhun 30% ba chóir go mbeadh siad in ann dhá suíochán a choimeád.

An Clár. Tuar:  FF-2 FG-2. Mar atá.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís.  Dá dtárlódh, ní fiú faic na blaganna seo!

Corcaigh Thoir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1
Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  
Deacair aon toradh eile a fhesicint anseo ach tá SF agus an PS san iomaíocht anseo freisin.

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Tá vóta dochreidte ag FF anseo.
Is féidir nach gcaillfidh siad suíochán anseo in aon chor agus is faoiseamh dóibh nach bhfuil aon iomaitheoirí dáiríre ón LO nó ó SF anseo, rud a chiallaíonn gur gá go n-aistreodh daoine a thacaíocht díreach ó FF go FG.  Nílim ró-chinnte go n-éireoidh le FG anseo ach táim á thabhairt dóibh ar aon nós.

Corcaigh Theas-Láir. Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
An mbeidh Kathy Sinnott san iomaíocht anseo arís?  Má tá, an ndéanfaidh sin difríocht don toradh?  Is féidir an cheist chéanna a chur faoi Chris O'Leary atá anois le SF.

Corcaigh Thiar Theas. Tuar:  FF-1 FG-2. Mar atá.
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.

Dún na nGall Thiar-Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  An scéal ceannan céanna anseo.

Seo dhaoibh mar sin toradh an chéad toghchán eile:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2) 

Tá na tuartha seo bunaithe ar vótaí na bpáirtithe a bheith mar seo a leanas:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Tá rud éigin mícheart leis an gcóras nuair a fhaigheann FF 53 suíochán leis an vóta céanna a thuilleas 31 suíochán do LO, agus b'fhéidir go dtiocfaidh slua Bhamjeeanna chun cinn, ach ní féidir a bheith ag súil leo, an féidir?

Dár ndóigh, le toradh mar sin cad is fiú toghchán a bheith againn in aon chor, ach amháin díoltas beag a bhaint amach ar FF as ucht an slad atá déanta acu orainn?

Cúrsaí sa Pháil.

Ag filleadh anois ar thorthaí an toghchán atá le teacht, caithfidh mé súil (nó dhó) ar chúrsaí sa phríomchathair.  Ní féidir thoghchán a bhuachaint gan suíochán nó fiche a bhreith leat ansin.  Seo mar a tharlós, dár liom.

Dún Laoghaire.  Tuar:  FF-1 (-1 ) FG-1 LO-1 PRB-1 (+1).  Caillfidh an rialtas dhá suíochán anseo.
Tá laghdú le teacht ar líon na suíocháin anseo agus b'fhiú sin chun ceann a bhaint ó FF.  Ní féidir a rá an  AndrewsHanafin nó a chailleas, ach má leanann sibh na naisc, feicfidh sibh cad atá uaim mar thoradh.  Tá Cuffe imithe freisin mar ní bheidh vótaí le sparáíl ag FF chun é a thogadh agus níl éinne eile chun iad a thabhairt dó.  Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht!    

Áth Cliath Iarthar-Láir.  Tuar: FF-1 FG-1 (+1) LO-1 GF-1 (+1)  Bainfidh FG suíochán Gogarty anseo gan stró.
Caithfidh suíochán Harney a bheith imithe freisin go háirithe nuair a cheaptar nach bhfuil suim aici fiú troid ar a shon.  Ach cé a gheobhas é?  Cheapfainn féin go bhfuil sé ann don páirtí a bhfuil muinín acu an dara iarrathóir a chur sa rás idir FG, LO agus fiú FF.  Murach sin tá seans beag go mbainfidh SF ceann anseo, ach beag baol.  Táim a bhronnadh anois ar GhanFhios.

Áth Cliath Thiar.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 PS-1 (+1). Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo.
Agus suíochán breise anseo, níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.

Ath Cliath Theas.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2 (+2).  Bua mór i ndán don LO anseo.
Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád.  Mar atá caithfidh an LO dánacht ar leith a thaispéaint anseo agus beirt a chur san iomaíocht.  Cuimhnigh ar éacht Eithne agus ná déan an botún céanna arís a chomradaí.

Áth Cliath Thiar Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 SF-1 (+1).  Ceann eile anseo do SF.
Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choimeád anseo le níos lú ná 30% den vóta.

Áth Cliath Thoir Theas.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1 (+1).  Ceann eile do GF anseo.
Tá'n rás rite ag an Ghormfhlaitheach ach ní féidir in aon chor a thuar cé a bhaineas uaidh é.  Maraon le Áth Cliath Iarthar-Láir 'sé pé acu atá muinín acu an dara iarrathóir a sheasamh a bheireas an bua.

Áth Cliath Lár Theas.  Tuar:  FF-1 (-1)  FG-1 LO-2 (+1) SF-1.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF.
Tá baol anseo do SF agus is ar éigin a choimeádfaidh Ó Snodaigh a áit, ach ní féidir dhá suíochán a fheiscint do FG i mBaile Fhormad.

Áth Cliath Lár.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 (+1) LO-1 N-1. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha.
Deireadh le réim Rí na nGaimbín ach beag baol go gcaillfidh sé a shuíochán féin.  Mór an trua. 

Áth Cliath Lár Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.  Mar atá.
Tá vóta dochreidte ag FF anseo, de bharr ainm Uí hEochaidh is dócha. In aineoinn chaimiléireacht Mhic Craith, tá sé slán.

Áth Cliath Thiar Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) LO-1 SF-1 (+1). Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo, faoi dheireadh!
Caithfidh titim ar vóta FF a bheith chun tairbhe SF thar FG.

Áth Cliath Thoir Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. Mar atá.
Arís anseo tá vóta dochreidte anseo ag FF rud a chinnteos go bhfuil an suíochán slán acu, fiú má éiríonn Woods as.

Áth Cliath Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1) PS-1 (+1).  Ceann eile don PS anseo.
Tá FF láidir anseo freisin ach fós féin titfidh an vóta fé bhun 30%, rud a chailleas an dara suíochán dóibh.  Tá'n iar-ard-glasra fiuchta anseo freisin, dár liom.

Fiuchta! ASG!

Seo mar a sheasfas cúrsaí mar sin i ndiaidh teachtaí Áth Cliath a chuir san áireamh:

FF-39 (-19) FG-47 (+9) LO-27 (+10) SF-6 (+3) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2)

Le deich ndáilcheantar le comhaireamh fós tá cuma an chéad rialtas eile le sonrú go soiléir.

7.7.10

Cobhsaíocht chloch ag dú-bhun loch.

De réir an OECD, tá geilleagar na hÉireann ag cobhsú.

Cobhsaíocht chloch ag dú-bhun loch atá i gceist acu, an ea?

Má's ASG an Ghaeilge ar LOL, cad is cóir a úsáid in áit FFS?

6.7.10

Ag comhaireamh na suíocháin ... ar lean

Gan ach moladh ón Phortingéil agam, leanfaidh mé le m'obair.

An Lú.  Tuar:  FF-2 FG-2 (+1) SF-1.  Mar atá, ach amháin go mbeirfidh FG an suíochán nua leo.
De bharr gur toghadh Kirk mar Cheannchomhairle tá a shuíochán slán ach chomh maith le seo tá sé fógraithe ag an gCoimisiún um Thoghlaigh go mbeidh 5 suíochán i gContae an Lú amach anseo, rud a chiallaíonn go mbeidh ceithre suíocháin fós ar fáil.  Murach an titim tubaisteach i dtacaíocht FF bheadh seans mhaith acu 3 as 5 a bhaint amach, ach fé mar atá cúrsaí is dócha gur ag FG a bhéas an bua an chéad lá eile.

Longfort-Iarmhí.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  Le titim vóta FF agus ardú vóta FG ba chóir go n-athróifidh suíochan ó cholún FF go cholún FG.
Ní féidir neamhaird iomlán a thabhairt áfach ar Sexton, ach fiú má tá vóta pearsanta aici agus farasbarr mór fágtha chuici ag Penrose, ní fhéadfainn an dara suíochán a fheiscint anseo don LO.

Luimneach Thiar.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Arís, le h-athrú tacaíochta caithfidh na suíocháin athrú freisin.
Is dócha nach móran tacathóirí FF a chuireas tic i mbosca na Léinte Gorma, ach ní gá go ndéanfaidis.  Ní gá ach go bhfanfaidh dóthain acu sa bhaile ar an lá chun an dara suíochán a thabhairt do FG.  Níl aon páirtithe nó iarrathóirí eile san iomaíocht anseo.

Luimneach Thoir.  Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
Tá vóta Dilín Ó Deamhas ró-ard anseo agus fiú leis an dtitim ollmhór atá le teacht do FF, bhí beagnach 3 cuóta acu an lá faoi dheireadh.  Beidh dhá ceann fós acu an chéad lá eile.  Ba chóir go mbeadh iarrathóir eile ag an LO sa rás anseo, ach fiú má bhíonn, beidh sé ró-dheacair an suíochán a bhaint ó FF an uair seo.

Laois-Uíbh Fháilí.  Tuar:  FF-3 FG-2. Mar atá.
Beidh Cowen slán anseo go deo na ndeor, sa chaoi is go bhfuil meas ag muintir Ghori ar Dzhugashvili fós.

Cill Dara Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 (+1) LO-1. Maraon le Luimneach Thiar, ní féidir le FF dhá suíochán as trí a bhaint amach le níos lú ná 40% den vóta.

Cill Dara Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 N-1 (+1). Bainfidh Murphy an dara suíochán ó FF anseo.
Bíonn sé fíor dheacair ar neamhspleáchaí dul in iomaíocht i gcoinne na bPáirtithe ach sa chás seo is iar-theachta í Murphy agus le titim i dtacaíocht FF, ba chóir go n-éireodh lei.

Ciarraí Theas.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 (+1).  Fillfidh Moynihan-Cronin agus is Rí na nGaimbín (nó a mhac, is dócha) a bhéas thíos leis. Tá'n vóta sin ag síor-ídiú ó 1997 i leith. Ní fhecfimid a leithéid ann arís.  Insh'allah. 

Ciarraí Thuaidh.  Tuar:  FG-1 LO-1 (+1) SF-1.  Beidh toradh eisceachtúil anseo, gan aon teachta FF seolta go Teach Laighin.
I dtaobh na ceithre páirtithe bhéinn ag súil le FG le 30% nó níos mó, FF le 25% nó mar sin agus SF & LO le 20% nó mar sin.  Ach beidh an 25% ag FF scartha idir beirt rud a fhágas Ferris slán agus áit do Mac an tEarraigh, nó Nia an tEarraigh ba cheart a rá.  An fadhb anseo do FF ná go bhfuil sluaite Foley agus McEllistrim in adharca a chéile le cianta agus blianta, agus fiú dá gcuirfí iallach ar cheachtar acu an fhód a fhágaint, is beag baol go ndéanfaidis, rud a scoiltfeadh an vóta ar aon nós.

Gaillimh Thiar.  Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1.
Éinne atá ag tabhairt aird, feicfidh sibh cad atá déanta ansin agam.  Táim i ndiaidh Grealish a chomhaireamh mar theachta FF.  Tá'n suíochán sin, nó ceann an Fhathaigh b'fhéidir, caillte agus is an tSeanadóir a bhéas ann amach anseo.

Gaillimh Thoir.  Tuar:  FF-2 FG-2. Mar atá.
Is ait an dáilcheantar é seo mar níl páirtí ar bith ann seachas FF & FG.  Fiú le titim vóta FF, ní féidir liom 3 as 4 a thuar do FG.  Dá mbeadh aon saghas iarrathóir dáiríre ag LO nó SF fiú bheadh seans maith acu.

Sin é mar sin agus beagnach leath den tír feicthe againn.  Seo mar a sheasfas cúrsaí oíche an chomhaireamh:

FF-27 (-13) FG-35 (+7) LO-14 (+6) SF-3 (+1) N-1

Tabharfaidh mé aghaidh ar shuíocháin an phríomhchathair amárach.

Ag comhaireamh na suíocháin.

Fad is atá olltoghchán ar m'intinn agam (agus tnúth go mór leis i ndáiríre) ní mór smaoineamh a dhéanamh ar cad a thiteas amach nuair a fhaigheann muid deis arís ár dtuairimí a nochtadh i leith iarrachtaí ár gceannairí.

Bhíos chun giota ghearr a scríobh ag tuaradh todhchaí toghchánaíocht ach ní mór an ceist a iniúchadh dáilcheantar ar dháilcheantar chun toradh ciallmhar a thuar.  Seo mar sin mo thuairimí:

Cill Mhantáin.  Tuar: FF-1 (-1) FG-2 LO-2 (+1).  Caillfidh Behan an suíochán.  Caillfidh Doyle freisin ach is tóin Harris a bhéas ina áit.
Bhí 38% nó mar sin den vóta ag FF i 2007 agus ní gheobhaidh siad arís é, ach ní creidim go dtitfidh siad faoi 20%, fiú le Joe Behan mar neamhspleáchaí.  Tá'n suíochán amháin acu slán, ach b'fhéidir nach faoi sheilbh an Róisteach a bhéas sé i ndeireadh na dála.

Loch Garmán. Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1.  Mar atá.
Bheadh seans ag an LO an dara suíochán a bhaint ó FF anseo, ach amháin leithleas Howlin.  Dá mba rud é go raibh Dwyer fós le SF bheadh suíochán aige, ach mar a sheasann cúrsaí, bainfidh FF dhá cinn arís in aineoinn titim tubaisteach tacaíochta.

Port Láirge. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  Ní féidir le FF an dara suíochán a choimeád le níos lú na 30% den vóta.

Tiobraid Árainn Theas. Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1).  Tá súil agam gur Mansergh a chailleas anseo ach níl fios dá laghad agam ach amháin gur cinnte go gcaillfidh FF ceann amháin.
Tá sé deacair a rá cé acu HealyPrendergast a thógas an tríú suíochán ach caithfidh an buntáíste a bheith ag an páirtí saibhir, seachas an neamhspeáchaí, mar is gnáth.

Tiobraid Árainn Thuaidh. Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.  Mar atá.  (Cé gur trua é go ndéantar laoch den Lobhar.)

Sligeach-Liatroim Thuaidh.  Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Beag seans go bhféadfaí SF éacht a dhéanamh anseo.

Ros Comáin-Liatroim Theas.  Tuar: FF-1 FG-2.  Mar atá.
Fiú leis an gCeallach acu, ní fheicim gur féídir leis an LO suíochán a bhaint anseo, mar ní féidir a bheith ag súil le go dtitfidh vóta FF faoi bhun 25%.

An Mhí Iarthar.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  Bainfidh Joe Reilly suíochán an Bhrádaigh.
Níl eagraíocht dá laghad ag an LO anseo.

An Mhí Oirthear.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1).  Bainfidh Hannigan suíochán Byrne.
I ndáiríre tá an t-ádh le FF gur scoilteadh an Mhí ina dhá leath i 2007, mar dá mba rud é go raibh dáilcheantar amháin ann anois is FF-1 FG-2 LO-1 SF-1 a bheadh mar thoradh.

Maigh Eo.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-3 LO-1 (+1).  Caillfidh FF ceann anseo.
Le Flynn san áireamh ní raibh ach 34% den vóta ag FF anseo agus tiocfaidh titim eile ar sin.  Ní féidir leo dhá suíochán a bhaint amach agus níos lú na 25% den vóta acu.  Fillfidh Cowley arís chuig Teach Laighin.

Is leor sin mar obair d'aon oíche amháin.  Le deich ndáilceantar déanta agam, seo mar a sheasann na páirtithe:

FF-11 (-7) FG-17 (+2) LO-7 (+4) SF-1 (+1) N-1

Gach buíochas le suíomh iontach www.electionsireland.org

1.7.10

Ag comhaireamh na laethannta.

Ó tháinig an rialtas seo i réim trí bliana ó shin, tá an fiachas náisiúnta méadaithe dhó acu.  Tá dífhostaíocht méadaithe thrí acu.  Tá sé deacair a thuar cad go bhféadfaidis a dhéanamh anois chun an scéal a chur chun olcais arís. Ionradh a dhéanamh ar an Rúis?

An mbeidh sochaí fágtha againn nuair a bheidh Grianna Fáil curtha as oifig?  An féidir dhá bhliain eile a sheasamh?