28.11.10

Toghchán ar deireadh.

Cé nach bhfuil dáta cruinn socraithe tá tús curtha le fheachtais toghchánaíochta agus fios ag cách go bhfuil an rialtas atá againn ar tí titim.  Rinne mé iarracht ar thoradh a thuar i rith an samhraidh agus seo a bhí súil agam leis:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3
Bhí dhá suíochán eile ann nach raibh mé cinnte futhu agus bhí an tuar thuas bunaithe ar na ceadtadáin tacaíochta a leanas a bheith ag na páirtithe.

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Lé héacht an Dochartaigh i nDún na nGall inné áfach, ceapaim go bhfuil gá le athbhreathnú a dhéanamh ar an gceist.

An rud is suntasaí faoin toradh ná gurb ionann méid an teipeadh ar vóta Fhianna Fáil sa dáilcheantar seo ón olltoghchán deirneach (ó 51% go 21%) agus an laghdú náisiúnta ó 2007 atá tuartha ag pobalbhreith Red C an tseachtain seo chaite (ó 42% go 17%).  Cén athrú a bheadh ar mo thuar mura bhfaigheadh Fianna Fáil ach 17% tacaíocht go náisiúnta?  Nó cad a tharlódh dá mbeadh titim  58% ar vóta Fhianna Fáil i ngach dáilcheantar?

Seo daoibh mar sin, dáilcheantar ar dháilcheantar, mar a thitfidh cúrsaí amach dár liom.

Cill Mhantáin.  Tá Lady Wicklow éirithe as rud a chiallaíonn go mbeidh sé níos deacra don LO dhá suíochán a bhaint anseo.  Teipfidh orthu dár liom. Cheapas roimhe seo go gcaillfeadh Behan a shuíochán, ach le Liz imithe ceapaim go dtiocfaidh sé slán (ar éigin).Má fhaigheann FF 16% nó mar sin den vóta, níl seans dá laghad acu suíochán a bhaint anseo, mar tá gach cosúlacht go mbeidh beirt san iomaíocht acu, an bhlatóg agus Pat Fitz.  Tá seans i bhfad níos fearr ag an nGearaltach mar ní bheidh iomaitheoir ar bith ina choinne i ndeisceart an chontae.  Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1 N-1.

Loch Garmán. Bheadh seans ag an LO an dara suíochán a bhaint ó FF anseo, ach amháin leithleas Howlin.  Dá mba rud é go raibh Dwyer fós le SF bheadh suíochán aige, ach mar a sheasann cúrsaí, bainfidh FG an tríú suíochán mar ní féidir le FF dhá cinn a bhaint ar 17%. Tuar:  FF-1(-1) FG-3(+1) LO-1.

Port Láirge.   Ní féidir le FF an dara suíochán a choimeád le níos lú na 20% den vóta. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Tiobraid Árainn Theas. Tá súil agam gur Mansergh a chailleas anseo ach níl fios dá laghad agam ach amháin gur cinnte go gcaillfidh FF ceann amháin. Tá sé deacair a rá cé acu HealyPrendergast a thógas an tríú suíochán ach caithfidh an buntáiste a bheith ag an páirtí saibhir, seachas an neamhspleáchaí, mar is gnáth.  Sin a dúrthas cheanna ach anois, le bhunú an ULA, tá eagraíocht níos mó ag tacú le Healy agus is leor seo cúrsaí a iompú chuige. Tuar: FF-1(-1) FG-1 ULA-1(+1).

Tiobraid Árainn Thuaidh. Mar atá.  (Cé gur trua é go ndéantar laoch den Lobhar.) Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.

Sligeach-Liatroim Thuaidh. Beag seans go bhféadfadh SF éacht a dhéanamh anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1).

Ros Comáin-Liatroim Theas. Cheapas cheana nach mbeadh an Ceallach in ann suíochán a bhaint ó FF mar  níor chepas go dtitfeadh vóta FF faoi 25%.  Tá'n cuma anois air nach mbainfidh siad fiú 20% rud a chiallaíonn go ndéanfaidh an Ceallach an beart.  Tuar: FG-2 LO-1(+1).

An Mhí Iarthar.  Bhíos ag ceapadh go mbainfeadh Joe Reilly suíochán anseo ach tá sé éirithe as, rud a chruthaíonn deacrachtaí do SF.  Níl eagraíocht dá laghad ag an LO anseo fós agus táim ag seasamh lem' thuar. Tuar: FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

An Mhí Oirthear.  Bainfidh Hannigan suíochán anseo gan dabht agus tá baol ann fiú go gcaillfidh FF dhá suíochán mura bhfaigheann siad ach 17%.  Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-1(+1). 

Maigh Eo. Caillfidh FF ceann anseo. Ní féidir leo dhá suíochán a bhaint amach agus níos lú na 20% den vóta acu.  Fillfidh Cowley arís chuig Teach Laighin. Tuar:  FF-1(-1) FG-3 LO-1(+1).

An Lú. Beirfidh FG an suíochán nua leo. Kirk slán mar Cheannchomhairle rud a chiallaíonn gur leor an 17% chun an Dermotologist a thabhairt slán leis.  Cé go bhfuil Morgan éirithe as, tá ionadaí roghnaithe ag SF a chinntíonn nach bhfuil a suíochán i mbaol. Tuar: FF-2 FG-2(+1) SF-1.

Longfort-Iarmhí. Le titim vóta FF agus ardú vóta FG ba chóir go n-athróifidh suíochan ó cholún FF go cholún FG. Ní féidir neamhaird iomlán a thabhairt áfach ar Sexton, ach fiú má tá vóta pearsanta aici agus farasbarr mór fágtha chuici ag Penrose, ní fhéadfainn an dara suíochán a fheiscint anseo don LO. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Contae Luimnigh. Arís, le h-athrú tacaíochta caithfidh na suíocháin athrú freisin. Is dócha nach móran tacathóirí FF a chuireas tic i mbosca na Léinte Gorma, ach ní gá go ndéanfaidis.  Ní gá ach go bhfanfaidh dóthain acu sa bhaile ar an lá chun an dara suíochán a thabhairt do FG.  Níl aon páirtithe nó iarrathóirí eile san iomaíocht anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-2(+1).

Cathair Luimnigh. Rinne mé botún nuair nár chuir mé san áireamh go bhfuil suíochán caillte ag an ndáilcheantar seo don toghchán atá le teacht.  Cheapas go n-éireodh le FF dhá suíochán a choimeád, fiú le titim tubaisteach tacaíochta, ach gan ach ceithre suíochán ar fáil ceapaim go gcaillfidh siad ceann anois.  Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1.

Laois-Uíbh Fháilí. Tá sé fíor-dheacair a rá cad a thárlós anseo. Má fhaigheann siad faoi 30% agus gach cosúlacht anois gur mar sin a thárlós, caithfidh go bhfuil an tríú suíochán imithe do FF.  Cé go dtiocfaidh fás ar tacaíocht na Léinte Gorma ní féidir a bheith ag súil go bhfaighidís níos mó ná 35% anseo, go háirithe le cinneadh NicIonrachtaigh éirí as.  Tá eagraíochtaí lag go leor anseo ag LO agus SF ach i ndáiríre d'fhéadfadh an suíochán deireannach imeacht aon áit.  Fágfaidh mé i gcolún GanFhios é. Tuar:  FF-2(-1) FG-2 GF-1(+1).

Cill Dara Theas.  Ní féidir le FF dhá suíochán as trí a bhaint amach le níos lú ná 30% den vóta.  Tuar:  FF-1(-1) FG-1(+1) LO-1.

Cill Dara Thuaidh.  Tá FF i mbaol dhá suíochán a chailliúnt anseo mar ní bheidh níos mó ná 20% den vóta acu agus beidh sé scaipthe thar dhá TD.  An mbeidh sé de mhisneach ag ceann acu éirí as chun an ceann eile a shábháil?  Sin a thitfidh amach dár liom agus bainfidh Murphy an suíochán ó FF. Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-1 N-1(+1).

Ciarraí Theas. Bhí suíochán ag an LO anseo tráth dá raibh, ach tá an cuma air go bhfuil Moynihan-Cronin éirithe as, rud a chiallós go mbeidh sé deacair orthu é a bhuachaint ar ais. Tuar: FF-1 FG-1 N-1. 

Ciarraí Thuaidh.   Leis an titim tacaíochta atá i ndán do FF, caithfidh nach mbeadh siad chomh amaideach beirt a chur san iomaíocht anseo ach fós táim den tuairim go mbainfidh Anglo Arthur Mac an tEarraigh suíochán McEllistrim.  in adharca a chéile le cianta agus blianta, agus fiú dá gcuirfí iallach ar cheachtar acu an fhód a fhágaint, is beag baol go ndéanfaidis, rud a scoiltfeadh an vóta ar aon nós. Tuar:  FG-1 LO-1(+1) SF-1.

Gaillimh Thiar.  Tá suíochán an Fhathaigh imithe anseo, ach ba chóir go mbeadh Dev Óg slán. Tá'n hUigíneach éirithe as chomh maith ach caithfidh go bhfuil suíochán anseo don LO, fiú gan é.  Is mór an trua dom é ach tá an cuma air go mbeidh áit san dáil fós don iar-PD. Tuar:  FF-1(-1) FG-2 (+1) LO-1 N-1.

Gaillimh Thoir.  Dáilcheantar ait atá anseo in bhfuil beirt FG (an Búrcach agus an Connachtach) ag éirí as.  Fós féin ceapaim go n-éireoidh leo na suíochán a choimeád do FG ach ceapaim chomh maith go gcabhróidh easpa TDanna san iomaíocht le iarrathóir ón LO suíochán a bhaint chomh maith.  Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choiméad agus maraon le Cill Dara Thuaidh táim ag ceapadh go n-éireoidh ceann acu as chun an ceann eile a shábháil. Tuar:  FF-1(-1) FG-2 LO-1(+1). 

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin. Tuar: FF-2(-1) FG-2(+1) LO-1(+1).

Cabhán-Muineachán.  Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  An uair seo tá'n cuma air nach sárófaidis 20% rud a imeoidh chun leasa FG & SF.  Fiú le Crawford ag éirí as bainfidh FG an dara suíochán anseo agus tá'n cuma air go mbeidh sé de dhánacht ag SF iarrathóir ón gCabhán a chur san iomaíocht, rud a thabharfas an suíochán deireannach dóibh. Tuar:  FF-1(-2) FG-2(+1) SF-2(+1).

An Clár.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís, ach amháin má tá iarrathóir láidir acu.  Ós rud é nach bhfuil ceapaim go bhfillfidh Breen. Tuar: FF-1(-1) FG-2 N-1(+1).

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.   Tuar: FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

Dún na nGall Thiar-Theas. Agus tóin an Dochartaigh in áit cheana féin, níl aon amhras go mbeidh bua eile aige an chéad lá eile.   Tuar:  FF-1(-1) FG-1 SF-1(+1).

OMD, tógann sé seo na uaireanta!  Fágfaidh mé mar seo é anois agus críochnóidh mé amárach le cúrsaí sa phríomhchathair agus cúrsaí i gcró na muc a cheapann go mba chóir dó a bheith ina phríomhchathair.

Go dtí seo, seo atá tuartha agam:

FF-27 FG-44 LO-15 SF-7 ULA-1 N-6 GF-1

19.11.10

Dialann nua.

An bhfuil éinne in ann moladh a thabhairt dom cá bhfaighfinn dialann póca don bhliain seo chugainn.  Fé láthair tá An Dialann Stáit 2010 agam agus táim lán sásta léi ach ní fheicim ceann don bhliain atá le teacht ar díol fós.

Dár ndóigh, is táirge Éireannach atá uaim,  mar is annamh go mbeadh gá agam le léarscáil  de Londain agus is cuma sa tsioc liom faoi bhreithlá na banríona i Sasana, nó aon banríon eile.

N'fheadar an mbeidh Dialann Stáit foilsithe i mbliana in aon chor agus má tá an mbeidh cruit uirthi nó b'fhéidir suaitheantas an IMFF ina áit?

18.11.10

¿Cómo se dice 'corralito' en Irlandés?


Tá taithí agam ceartúcháin ar mo chuid Gaeilge a fheiscint sna tráchtanna (go raibh míle maith agaibh, Dennis agus Aonghus go háirithe!) agus táim cinnte go bhfuil i measc a léifeas an sliocht seo daoine a bhéas in ann aon botún Spáinnis san teideal a cheartú, chomh maith le tuairim a thabhairt ar cén Ghaeilge ab oiriúnaí chun an focal úd 'corralito' a aistriú.

Ní hé go bhfuil mé ag iarradh teanga nua a fhoghlaim ach gur cuireadh an cheist cheanann chéanna le déanaí ar an mBiorán, anseo.

'Séard a bhí sa 'corralito' ná srianta a chur rialtas na hAirgintíne ar shaoránaigh a airgead féin a thógaint ó bainc chun a chinntiú nach ndíscítí go hiomlán iad (na bainc, dár ndóigh - cuma sa tsioc faoin phobail!) de bharr an easpa muiníne a bhí iontu ag an am.  Gan móran eolas agam ar chúiseanna géarchéim na hAirgintíne 10 mblian ó shin, nílim chun léacht eacnamaíochta a thabhairt ar chén fáth go mbeadh gá againn le Gaeilge a chur ar 'corralito' ach má tá suim agaibh sa cheist molaim daoibh uair nó dhó a chaitheamh ag léamh snáith nó dhó thall ansan.

Rinne Dubhaltach trácht d'Aill na Searrach inar chaoin sé nós na n-eachtrannach ainmneacha seafóideacha a chumadh d'áiteanna lena bhfuil seanchas agus traidisiúin ársa ag baint leo cheana féin.  Aontaím go huile 's go hiomlán leis ach fós bhéinn sásta ainm nua a chur ar an aill úd ársa féin.  In ionad Aill na Searrach, mholfainn Aill na nAirí a ghaloch air.  Ach cad a chaithfí caitheamh ón aill úd chun an baistiú a chur i gcrích ...


12.11.10

Nollaig ar ceal.

Mar is gnáth sa tír seo, níl macalla Oíche Shamhna ciúnaithe sula gcloistear cloigíní aoibhinn na Nollag.  Ach i mbliana tá'n ceiliúradh chinn bliana i mbaol de bharr an géarchéim atá buailte anois orainn.  Chuala mé ráflaí inné go raibh Daidí na Nollag gortaithe go dona in ionsaí agus tá sé fé láthair in aonad dianchúram.  Go dtaga biseach air chomh tapaidh agus is féidir agus go mbeirtear ar an gcoireach síceapatach atá freagrach as an ionsaí (agus an aonad dianchúram chomh maith) más fíor an pictiúr thíos.  D'aimsíos ar an idirlín é, caithfidh go bhfuil sé fíor.


1.11.10

Vaimpír fós ar lár i ndiaidh slad a dhéanamh ...

Moltar gan baint ar bith a bheith léi má fheiceann sibh í.  Tá cuma an ocrais uirthi fós.