19.6.09

Focal nua.

Ar thug sibh fé ndeara an focal nua a chum mé cúpla phost síos an bhlag? Seo íomhá den ní ar a raibh mé ag iarradh tagairt a dhéanamh:


Bhíos réasúnta cinnte cén Gaeilge a chuireadh na Foclóir air sin, agus i ndáiríre, chuir sé as dom. Íosa mac Aonghusa - nílim i gcoinne fás agus forbairt aon teanga ach nach ndéanfaidís iarracht éigin? Amannta tá'n cuma air gur
"in-deoic in de stadhl obh madhls na gopaleeen bhír lucaing at fbhen riadaing dis sort obh ting."

Ar aon nós, dhiúltaigh mé leis an aistriúchán oigifiúil agus chum mé focal nua Gaelach a chaomhaíonn bun bhrí an fhocail Francach. Dár ndóigh, rinne mé cuardach Google ar mo fhocal nua agus ní raibh toradh ar bith ann. Ach anois ...

17.6.09

Guthán Galánta Gaelach

Tabharfaidh sibh faoi dheara an nasc sa cholún ar dheas ag fógrú an Samsung Tocco. Is ar dhá mórfháth atá an nasc sin ann agam. Ar an chéad dul síos, tá O2 chun €10 a thabhairt don IAA do chuile Tocco a dhíoltar i Mí Meitheamh agus cinnteofar go bhfanfaidh an €10 sa chontae ina cheannaítear an guthán. An dara fáth ná go bhfuil tacaíocht ag an Tocco dár dteanga álainn ársa. Maith sibh Samsung!

Tuiscint teanga i RTÉ

Féach ar an amaidíocht seo.


Dár leis an teidil, "Irish birth rate slowed in 2008" ach ní hé sin in aon chur a deirtear san alt féin. 'Séard atá á rá ansin acu ná go bhfuil laghdú taghta ar an ardú bliantiúil, nó laghdú i ráta an ardú.

Is é seo an oinseachas chéanna atá ar siúl nuair a chloiseann tú 'saineolaithe' agus polaiteoirí ag maíomh go bhfuil bun an ghéarchéim eacnamaíochta sroichte againn, nuair nach bhfuil i gceist ach moilliú san ráta ag a bhfuil an tír ag titim as a chéile.

Ceist agam oraibh. Dá mba rud é gur thit tú as eitileán os comhair inbhear lán de siorcanna ocrasacha ach go raibh an t-ádh leat go raibh friththiteán agat a d'oscail tú, an mbeadh tú sásta go raibh an bás a bhí i ndán duit ón titim féin seachanta agat, cé go raibh bás cinnte fós duit, agus na siorcanna úd ag fanacht fós?

Tá'n scéal (agus an teideal) ceart ag an slua seo.

14.6.09

Cill Mhantáin abú!

Ní minic a chraoltar cluichí de chuid Cill Mhantáin ar an dteilifís. Inniú chonacamar cén fáth. Dhá droch-fhoireann ag tuisliú i gcoinne a chéile mar bhodaigh ólta. Is cúis imní dhom go bhfuil Slua Mhicko beo fós chun cluiche déistineach eile a bhrú orainn de bharr an cúl doras a bheith ar oscailt fós dóibh. Níos measa fós, beidh ar a laghad dhá lá eile ag An Iarmhí. Beag seans go mbeidh ceachtar acu le feiscint arís ar ár scáileáin i mbliaina áfach - buíochas le dia!


13.6.09

Idirghabháil Bithleighis

D'fhreastal mé ar chaint inniú a thug Dr. Majella Perry ar idirghabháil bithleighis chun cabhrú le daoine le huathachas. Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé amhrasach faoin ábhar de bharr go gcloistear droch scéalta faoin airgead a míchaitear ar teidheanna faiseanta a bhfuil gan taighde nó fianaise a chruthaíonn go n-oibríonn siad chun maitheas na páistí (de ghnáth is páistí atá i gceist).

Bhí an Dr Perry i ndiaidh freastal ar Chomhdháil de chuid DAN! i Atlanta mí nó dhó ó shin. Is gluaiseacht Meiriceánach í DAN! a chreideann nach staid shíciatrach é uathachas ach gur airí de nimhiú atá i gceist, go h-áirithe nimhiú miotail troma. Ní deirtear gurb é an chóras imdhíonadh cúis an nimhiú seo, ach níl aon dul as ach gur sin a chreideann roinnt dóibh súid a leanann Prótacal DAN!

'Sé mo thuiscint ó chaint Dr Perry ná gur buncholch an Prótacal DAN! ná athruithe a dhéanamh don bia a itear. Tá fadhbanna bia coiteann go leor le páistí le h-uathachas agus is minic a bhaintear trial as baint Gluten agus Casein ó bhia an pháiste. Ciallaíonn sé seo nach ceadaítear cruithneacht nó deírí ar bith. Ní éasca é seo a dhéanamh go h-áirithe nuair atá páistí nach itheann prátaí nó glasraí. Leanamar an córas Gan Gluten ar feadh 18 mí nó mar sin cúpla bliain ó shin i ndiaidh anailís fual ón Ollscoil i Sunderland a fháilt. Ní raibh aon éifeacht ag an athrú seo ar mo pháiste féin ach ní fhéadfadh mé a rá nach mbainfeadh páistí eile tairbhe as.

Molann DAN! freisin forábhair vitimíní a thabhairt agus is deacair a argóint nach céim ciallmhar é seo nuair atá srian mór leis an saghas bia a ghlacann an páiste, mar is fíor go minic le páistí le h-uathachas.

Ach i nidiadh ná bunchéimeanna chiallmhara seo a mholadh leanann an Prótacal DAN! ar aghaidh chun Chelation agus HBOT a úsáid. Tá dhá mórfhadhb agam leis na moltaí seo. An príomhghearán atá agam ná nach bhfuil
taighde nó fianaise a chruthaíonn go bhfuil tairbhe ar bith ann dos na páistí sna idirghabháil teoiriciúla seo.

Úsáidtear Chelation chun miotail troma a bhaint ón gcorp. Níl fáth ar bith a leithéid a dhéanamh do dhuine le h-uathachas ach amháin má glactar gur nimhiú miotail troma bunchúis an uathachais. Ní glacann na údaráis leighis leis an teoiric seo aon áit ar domhain. Ní hé seo le rá nach bhfuileadar uile mícheart ar an bpointe, ach caithfidh tú dearca agus comhairle na n-údaráis a thabhairt fé ndeara sula ndéantar cinne ar cheimicí a shá i gcorp do pháiste, dár liom ar aon nós.

I gcás HBOT, níl fios in aon chur cén fáth a cheap éinne go gcabhródh sé le leanaí le h-uathachas. Nílim ag rá nach cabhraíonn sé ach níl taighde nó fianaise ar bith ann a dheireann a mhalairt agus go dtí go bhfuil ní cuireadh mé mo pháiste trín strus nó trín stró.

An dara fadhb atá agam le Chelation agus HBOT ná na costaisí a bhaineann leo. Tá sé deacair a chreidiúnt go gcaithfeadh tuistí na mílte agus na mílte ar idirghabháil mar seo gan acu ach dóchas gur chun maitheas a leanaí atá siad. B'fhéidir sin an truailliú is mó a bhaineann le DAN! - nach bhfuil ar díol acu ach dóchas agus dóchas daor atá ann chomh maith.

9.6.09

I ndiaidh na h-anfa.

Tá na comhairimh críochnaithe anois agus is cinnte gur buaileadh buile trom anuas ar bhrollach uaibhreach an rialtais. Chaill FF 84 síocháin ar na comhairlí contae 's cathrach. B'shin toradh níos measa fiú ná 2004 dóibhsan agus leis an bpost roimhe seo á chumadh agam dá cheap mé go raibh slad den méid sin i ndán dóibh, is cinnte go mbéinn den tuairim go mbeadh olltoghchán againn i gceann mí nó dhó.

Ait an rud a rá áfach, tá'n cumadh anois ann gur iomarcach an áir don rialtas. Mar a deirtear i mBéarla:
Be careful what you wish for.
Tá sé deacair anois smaoineamh ar fáth a fhágadh an Chomhaontas Glas ard-bhord an rialtais. Ní raibh coinne agam go scriosfaí slua Ghormley go dtí go raibh níos lú síocháin acu ná iar-PDanna! Is léir go bhfuil na Glasaigh ar imeall an deireadh agus i ndiaidh an ollthoghchán i 2012 ní beidh fághta acu mar ionadaithe ach an triur úd, san Lú, sa Chláir agus i gCill Chainningh. Ag glacadh leis an méid sin cad chuige a chuireadh na Glasaigh a n-ainmneacha ós comhair an phobail anois?

Is cinnte go dtuigeann siad anois an fearg dhearg atá ann anois dóibh as ucht an tacaíocht atá á thabhairt acu do Fhianna Fáil sna bhfeachtais i gcoinne leannaí, daoine gan obair, daoine le míchumas agus seanóirí. Ach nach bhfuil sé ró-dhéanach anois an méid sin a admháil? Conas gur féidir leo meas an phobail a ath-thuilleamh anois?

Dá mbeadh olltoghchán i gceann mí againn, seans maith ann go gcaillfeadh siad chuile Teachta Dála atá anois acu, seachas b'fhéidir, Trevor Sergant. Bhraitheadar i gcónaí ar aistrithe ó pháirtithe eile, aistrithe nach raibh ann inné agus nach beidh ann amárach, fad is atá siad sáite i dtóin Fhianna Fáil. Dá bhriseadh siad an rialtas cruallach seo anois, tá seans beag ann go meallfar ar ais roinnt bheag dos na aistrithe sin. Ní leor chun sé síochán a shábháil ach dóthain b'fhéidir chun todhchaí an pháirtí a chinntiú. An ceist atá rompu anois ná an bhfuil na Teachtaí atá anois acu sásta an íobairt a dhéanamh ar mhaithe an pháirtí amach anseo?

Creidim go láidir nach bhfuil sé riamh ró-dhéanach botún a cheartú. B'fhearr go mór dóibh é sin a dhéanamh anois láithreach már i gceann bliain nó dhó eile, ní bheidh maithiúnas ar bith ann dóibh.

2.6.09

Aoine an Chéasta

Ní fada anois go bhfeicfimid toradh na hoibre. 'Séard atá tuilte ag an rialtas seo ná céasadh gan trua gan trócaire. In ainm na glúine atá le teacht caithigí bhur vótaí de hAoine seo chugainn agus seolaigí slua na gaimbíneachta ar ais chuig an ifreann lofa óna sceitheadh iad. Má sháraíonn FF 20% beidh orm machnamh géar a dhéanamh ar eisimirce. Fiú ar 20%, ciallaíonn sé go bhfuil duine as gach cúigear dall agus bodhar don dochar atá déanta dár sochaí ag na bastúin seo.

Seo chugainn lá an áir áfach. Seo chugainn lá an díoltais. Ar son na páistí a maraíodh ag na cléir. Ar son páistí le míchumas a fhulaingíonn fós faoi ghreim gránna an Stáit.

Dé hAoine, beidh ár lá linn.

Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!