Showing posts with label uathachas. Show all posts
Showing posts with label uathachas. Show all posts

10.9.10

Sínígí anseo, mura miste libh ...

N'fheadar an bhfuil aon ní chomh neamhéifeachtach le hachainí idirlíne?

Fós féin, tá duine éigin i ndiaidh feachtas ar-líne a bhunú chun brú a chur ar an Roinn culú ón gcinneadh stádas na scoileanna ABA a athrú, ionas nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.  Go bhfios dom, tá an cinneadh seo déanta, agus glacta leis beag nó mór ag na scoileanna féin, cé gur b'fhéidir nach mó ná sásta a bhí cuid acu géilleadh le haineolas na Roinne ar deireadh.

Cad is fiú a bheith ag gearán anois faoi nuair atá an feall déanta?  Tá a fhios againn dár ndóigh cé orthú a fhileann feallanna.  B'fhéidir gurb fhiú é a shíniú ar mhaithe cruachás na leanaí seo a choimeád i mbéil an phobail, ach nuair a fheicim cé atá mar an cheathrú duine á shíniú is ar mire atáim.

Cheapfá gur gnáth-shaoránach an amadán úd gan tionchar ar bith aige ar chúrsaí na tíre ach nach bhfuil aon rud eile go bhféadfadh sé a dhéanamh seachas a hainm a chur hachainí idirlíne?  Mo náire thú a Phóilín!

In aineoinn masla an ghlasra, sínígí anseo, le bhur dtoil.

14.7.10

Bás na scoileanna ABA.

alt sa pháipéar inniú a chuireann scéin agus fearg orm.

Tá brú á chur ar thuistí sna scoileanna ABA aitheantas mar scoileanna speisialta a ghlacadh ach ar bhonn an chinnteos nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.

Ó oscailt an chéad scoil ABA i gCorcaigh níos mó na deich mbliain ó shin, tá fás agus borradh tagtha ar na scoileanna seo, ach ní rabhadar riamh in ann séirbhísí a chur a fáil do ghach páiste a raibh gá acu dóibh.  In ionad scoileanna nua a oscailt agus forbairt na scoileanna a bhí ann a cheadú agus a mhaoiniú, bheartaigh ar an rialtas ar iad a dhúnadh, diaidh ar ndiaidh, faoi cheilt, i ngan fhios don phobail i gcoitinne.

Mar a thuigtear domsa é, tá brú á chur ar na dtuistí agus na oidí sna scoileanna glacadh leis na coinníollacha nua nó dúnfar na scoileanna.

Tá dalla mullóg á chur orthu freisin go mbeidh gach rud ceart go leor ach tá na saineolaithe i gceannas ar chéird ABA i ndiaidh teacht amach anois le ráiteas a cháineann pleananna an rialtais agus a shéanann gur féidir cláracha ABA a chur i bhfeidhm gan oidí atá cáilithe i gceart chuige.

Ionsaí náireach ar pháistí le huathachas atá anseo agus níl deireadh an scéil cloiste fós againn.

24.5.10

Uathachas agus MMR.

In aineoinn teideal mo bhlag, is annamh a dhéanam tagairt ar bith don uathachais nó na conspóidí a ghabhann leis, ach feicim inniu go bhfuil an Dr Wakefield scriosta ón gclár ag an GMC i Sasanna. An Mr Wakefield a thugfar air as seo amach?

B'é Wakefield an duine a chur tús leis an agóid i dtaobh an instealladh MMR nuair a léirigh i 1998 sé go raibh baint aige leis an bhfás a tháinig ar rátaí uathachais ar fud an domhain. Bhuel, sin a mhaígh sé ar aon nós, agus, ba leor sin roinnt tuistí a scanradh agus tháinig laghdú mór ar líon na leanaí a ghlac an instealladh céanna. Tháinig ardú suntasach freisin i líon na leanaí a fhaigheann bruitíní agus caithfidh Wakefield roinnt den fhreagracht a ghlacadh as ucht sin.

Ó thús áfach, níor ghlac triomlach na n-údáráis sláinte lena obair agus d'fhoilsíodh roinnt taighde a léirigh nach raibh baint ar bith idir MMR agus Uathachas agus deirtear go bhfuil an córas imdhíonadh sábháilte chomh maith. Is fíor a rá áfach, nach bhfuil taighde doshéanta ann fós a léiríonn sábháilteacht an chórais imdhíonadh do ghach éinne, go háirithe leanaí a bhfuil uathachas láidir ina gclainn cheanna féin.

Dár ndóigh níl taighde ann ach oiread a léiríonn cad ba chúis le huathachas agus cén fáth go bhfuil ardú dochreidte tagtha ar a leitheadúlacht le fiche bliain anuas, agus go dtí go bhfuil, beidh an éiginnteacht ann ag cur brú ar thuistí agus tá sé níos éascaí ansin do chaimiléirí airgead a ghearradh orthu chun gach saghas bréag a dhíol.

Mar a thárlaíonn, tá aithne agam ar na daoine a fhoilsíonn an suíomh www.autismsupport.ie agus caithfidh mé a rá nach gcuireann sé ionadh in aon chor orm go bhfuileadar sásta a leithéid de chacamais a fhoilsiú ag cur ina luí ar thuistí gurb fhiú Reiki nó Homeopathy a thriail. Is maslach an teachtaireacht í seo agus léiríonn sé domsa nach bhfuil meas muice acu ar an fhírinne, ach tá sé níos náirí fós go bhfuil an rialtas ag caitheamh bhur airgead ag tacú leo.

Luath nó mall, tá a lá ag teacht, mar a tháinig lá Wakefield ar deireadh, inniu.

13.6.09

Idirghabháil Bithleighis

D'fhreastal mé ar chaint inniú a thug Dr. Majella Perry ar idirghabháil bithleighis chun cabhrú le daoine le huathachas. Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé amhrasach faoin ábhar de bharr go gcloistear droch scéalta faoin airgead a míchaitear ar teidheanna faiseanta a bhfuil gan taighde nó fianaise a chruthaíonn go n-oibríonn siad chun maitheas na páistí (de ghnáth is páistí atá i gceist).

Bhí an Dr Perry i ndiaidh freastal ar Chomhdháil de chuid DAN! i Atlanta mí nó dhó ó shin. Is gluaiseacht Meiriceánach í DAN! a chreideann nach staid shíciatrach é uathachas ach gur airí de nimhiú atá i gceist, go h-áirithe nimhiú miotail troma. Ní deirtear gurb é an chóras imdhíonadh cúis an nimhiú seo, ach níl aon dul as ach gur sin a chreideann roinnt dóibh súid a leanann Prótacal DAN!

'Sé mo thuiscint ó chaint Dr Perry ná gur buncholch an Prótacal DAN! ná athruithe a dhéanamh don bia a itear. Tá fadhbanna bia coiteann go leor le páistí le h-uathachas agus is minic a bhaintear trial as baint Gluten agus Casein ó bhia an pháiste. Ciallaíonn sé seo nach ceadaítear cruithneacht nó deírí ar bith. Ní éasca é seo a dhéanamh go h-áirithe nuair atá páistí nach itheann prátaí nó glasraí. Leanamar an córas Gan Gluten ar feadh 18 mí nó mar sin cúpla bliain ó shin i ndiaidh anailís fual ón Ollscoil i Sunderland a fháilt. Ní raibh aon éifeacht ag an athrú seo ar mo pháiste féin ach ní fhéadfadh mé a rá nach mbainfeadh páistí eile tairbhe as.

Molann DAN! freisin forábhair vitimíní a thabhairt agus is deacair a argóint nach céim ciallmhar é seo nuair atá srian mór leis an saghas bia a ghlacann an páiste, mar is fíor go minic le páistí le h-uathachas.

Ach i nidiadh ná bunchéimeanna chiallmhara seo a mholadh leanann an Prótacal DAN! ar aghaidh chun Chelation agus HBOT a úsáid. Tá dhá mórfhadhb agam leis na moltaí seo. An príomhghearán atá agam ná nach bhfuil
taighde nó fianaise a chruthaíonn go bhfuil tairbhe ar bith ann dos na páistí sna idirghabháil teoiriciúla seo.

Úsáidtear Chelation chun miotail troma a bhaint ón gcorp. Níl fáth ar bith a leithéid a dhéanamh do dhuine le h-uathachas ach amháin má glactar gur nimhiú miotail troma bunchúis an uathachais. Ní glacann na údaráis leighis leis an teoiric seo aon áit ar domhain. Ní hé seo le rá nach bhfuileadar uile mícheart ar an bpointe, ach caithfidh tú dearca agus comhairle na n-údaráis a thabhairt fé ndeara sula ndéantar cinne ar cheimicí a shá i gcorp do pháiste, dár liom ar aon nós.

I gcás HBOT, níl fios in aon chur cén fáth a cheap éinne go gcabhródh sé le leanaí le h-uathachas. Nílim ag rá nach cabhraíonn sé ach níl taighde nó fianaise ar bith ann a dheireann a mhalairt agus go dtí go bhfuil ní cuireadh mé mo pháiste trín strus nó trín stró.

An dara fadhb atá agam le Chelation agus HBOT ná na costaisí a bhaineann leo. Tá sé deacair a chreidiúnt go gcaithfeadh tuistí na mílte agus na mílte ar idirghabháil mar seo gan acu ach dóchas gur chun maitheas a leanaí atá siad. B'fhéidir sin an truailliú is mó a bhaineann le DAN! - nach bhfuil ar díol acu ach dóchas agus dóchas daor atá ann chomh maith.

2.4.09

Lá Domhanda Aitheantas Uathachais


Is inniú an Lá Domhanda Aitheantas Uathachais. Ar an 18ú lá de mhí na Nollaig 2007 ghlac Comhdháil Ginearálta na Náisiúin Aontaithe le rún 62/139 ón gCatar a shocraigh an 2ú d'Aibreán mar Lá Domhanda Aitheantas Uathachais as seo amach.

'Sé aidhm an lá ná aird an domhain a dhíriú ar dhúshlán an uathachais agus chun luath fáthmheas agus luath idirghabháil a chur chun cinn agus chun an fás imníoch atá le sonrú le blianta anuas ar líon na daoine atá ar an speictream a chuir i mbéal an phobail domhanda. Nuair atá an fadhb léirithe is mó an seans go ndéanfaí rud éigin faoi!

Anuraidh, do scrios Rí na nGaimbíní an ócáid in Éirinn tré fógairt go raibh sé, faoi dheireadh, chun éirí as a phost, rud a bhain aird gach meán uainn ar an lá, agus don seachtain iomlán ina dhiaidh. Tá súil dá bhrí sin agam nach éagann an maistín inniú - ach a leithéid de 'chara' le lucht an mhíchumais ní bheidh arís againn agus cá bhfios nach buailfidh an bastún bob eile orainn. Go bhfóire Dia air - don lá seo ar aon nós.

Beidh clár d'eachtraí ar siúl a feadh an lae. Chuile eolas ar fáil anseo - bainigí sult as.

14.1.09

MMR

Dár ndóigh, tá sé tugtha fé ndeara agaibh nach bhfuil mórán le rá anseo agam faoin uathachais go dtí seo. Ní hé go bhfuil eagla orm an ábhar chonspóideach a phlé ach gur theastaigh uaim beagáinín taithí a ghnóthú ar an meán roimh greim a bhaint as an chnámh spairne. Inniú thógas m'iníon chuig an dochtúir chun an instealladh MMR a fháilt. Mar a luaigh mé cheana, tá beagnach trí bhliain d'aois bainte amach aici, ach bhí imní orainn roimh an MMR agus an córas imdhíonadh go ginearálta.

Tá lán d'fhios againn faoin taighde a léiríonn nach bhfuil ceangailt ar bith idir an MMR agus an t-uathachais. Níl dabht ar bith againn ach oiread faoi éifeacht agus tábhacht an chórais imdhíonadh chun sláinte phoiblí a chosaint agus a chaomhnú.

Chomh maith le sin, d'fháthmheasadh mo mhac le h-uathachais sula bhfuair sé an instealladh MMR. Nílim cinnte a thuilleadh ach tá seans ann gur chuir muid an MMR ar an méar fada (ar an MMR fada!) ag an am, de bharr buaireamh a bhí orainn ag an am i dtaobh easpa forbartha an bhfear beag.

Tá roinnt daoine nach nglacann leis an taighde thuas. Tá roinnt eile a cheapann gur b'é Thimerosal (comhdhúil mhearcair) príomhchúis an uathachais. Níleamar ina measc.

Ach fós, fós ...

Cad faoin féidearthacht gurb é an méid mearcair iomlán a ghlacann páiste thar tréimhse an 13 mí a moltar an chóras imdhíonadh iomlán a dhéanamh cúis an uathachais? Níl taighde ann fós a léiríonn gur fíor seo, ach níl taighde ann ach oiread a léiríonn nach fíor. Cad faoin féidearthacht gur fíor seo ach amháin i bpáistí a bhfuil togracht géiniteach acu don uathachais? Dár ndóigh, agus mac againn le h-uathachas bhí ábhar imní againn i dtaobh oidhreacht ghéiniteach ár gcailín is óige.

Faoi dheireadh, an cinneadh a rinneadh ná an córas imdhíonadh a leanadh ach é a dhéanamh thar tréimhse i bhfad níos faide agus na instealltaí éagsúla a scaipeadh amach chomh fada agus a b'fhéidir.

Mar shampla, ar an chlár a bhí á leanúint againn bhí dhá instealltaí le tabhairt ag aois dhá mhí, ceithre mhí agus arís ag sé mhí. B'shin iad an DTaP/IPV/Hib (5 in 1) agus an Men C. 'Séard a rinneamar ná instealladh Tetravac (4 in 1) a thógaint in áit an '5 in 1' ag aois dhá, ceithre agus ocht mhí déag agus an Hib agus Men C ag aois tríocha mhí.

Sa deireadh thiar thall is inniú á chríochnaíomar an chláir agus cúig mí is tríocha bainte amach aici. Níl rian den uathachais le sonrú fós agus beag seans anois go mbeidh.

Caithfidh mé moladh a thabhairt dár dochtúirí a bhí tuisceanach dár mbuairimh agus cé gur cinnte gur cheapadar go raibheamar gealtach sláinte ár leanbh a chur i mbaol tré an imdhíonadh a moilliú, níor chuireadar brú riamh orainn an cúrsa a bhrostú. Maith sibh!

Cén comhairle a thabharfainn do thuimitheoirí leanaí óga measc mo léitheoirí? Mura bhfuil uathachas ar bith i bhúr gclann lean comhairle na n-údaráis. Má tá, déanaigí bhur taighde féin agus tógaigí bhur rogha féin.