30.7.23

Dhá fhoireann fós fágtha.

I bhfaiteadh na súl, ní raibh fágtha ach an dá fhoireann a bheadh roghnaithe ag an mórlach ag tús an tsamhraidh - Áth Cliath agus Ciarraí.  Nílim chun am a mheilt ag déanamh dianmhacnamh ar thuar, nó ag plé na féidireachtaí ar fad.  Tá an méid sin déanta ag na saineolaithe le coicís anuas agus níl aon chinnteacht mar thoradh ar a saothair.

Tá an toradh seo idir dhá cheann na meá.  Corraithe na bliana seo caite i gcoinne foireann le cairn ollmhór de bhoinn uile Éirinn ina nglaic acu.  Níl an aimsir le bheith rómhaith, ach ní raibh le mí anuas agus ní chuirfidh sin isteach ar cheachtar den dá fhoireann.  Deacair a shamhlú go mbeidh mórán eatarthu ag a deireadh.

Go mbainimid uile sult as an lá mór!

1.7.23

Deireadh seachtaine ollmhór caide.

Agus athléamh déanta agam ar an méid a scríobhas ag tús na craoibhe, tá rudaí i ndiaidh titim amach beag ná mór mar a bhí tuartha ag nach mór gach duine.  As an sé fhoireann a mheas mé a bheith in iomaíocht Sam a bhreith leo, níl ach Gaillimh i ndiaidh titim. 

Bhí gearán agus olagón maidir leis an iomarca cluichí a bheith imeartha chun fáilt réidh le ceithre fhoireann sna grúpaí, ach ní thuigim an meon sin - nach bhfuilimid ag iarraidh níos mó cluichí a fheiceáil?  Agus cé go raibh corr-slad anseo is ansiúd, is cluichí iomaitheacha taitneamhacha a bhí againn ar an mórchuid.

Inniu agus amárach feicfimid an fíor mo thuar go mbeadh sé an-deacair do na foirne nár chríochnaigh ag barr na ngrúpaí buachaint an tríú seachtain as a chéile.  I ndiaidh tús iontach Mhaigh Eo i gcoinne na Ríochta, thiteadar a chodladh (mar is iondúil leo) agus bhí orthu cluiche sa bhreis a imirt i gcoinne a shean-namhad Gaillimh.  Ba chluiche aisteach a bhí ansin ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cur chuige na nGailleamhach.   Bhí saghas ionadh orm nach raibh siad in ann Maigh Eo a chloí, ach ní raibh locht ar éinne ach iad féin.  Dar ndóigh tá sé ar chumas Maigh Eo éinne a chloí ar an lá, ach, freisin, tá sé ar a gcumas acu cailliúint i gcoinne éinne, ag braith ar an lá.  Le cúnamh Dé beidh díoltas ag na Dubs amárach i ndiaidh an phraisigh a rinneadh den chluiche leathcheannais i 2021.

Mar sin féin, níl aon fhoireann i ndiaidh rian láidir a fhágáil ar chúrsaí fós i mbliana, agus creidfidh nach mór gach fhoireann atá fágtha go bhfuil seans réalaíoch acu an beart a dhéanamh ag deireadh na míosa.  Déanta na fírinne, beidh gach fhoireann ag guí go ndéanfaidh foireann éigin eile an obair chrua leithéidí Áth Cliath agus Ciarraí a chloí agus bheinn in ann Maigh Eo a shamhlú gcroíthe na hardchathrach a bhriseadh amárach, croíthe Chiarraí a bhriseadh sa chluiche leathcheannais agus ansin an ceann mór a chailleadh le pointe i gcoinne Muineachán!  Neosfaidh an aimsir.