21.12.09

Fuck You I won't do what you tell me!

Óráid eile ón Teachta Gogarty an ea?



Ní hea. Tá feachtas facebook tar éis Killing in The Name Of le Rage Against the Machine a threorú go bharr na cairteanna Shasannach. LOL.

Tá'n cleas chéanna á imirt anseo in Éirinn freisin agus feicimid Oíche Nollaig an éireoidh leo.



Níl mórán baint ag an bport a roghnaíodh leis an Nollaig ach is maith an teachtaireacht an curfá.

An bliain seo chugainn b'fhéidir gur "Bullet in the Head" mar #1 a bhéas mar aidhm acu?

Believin’ all the lies that they’re tellin’ ya
Buyin’ all the products that they’re sellin’ ya
They say jump and ya say how high
Ya brain-dead
Ya gotta fuckin’ bullet in ya head

Just victims of the in-house drive-by
They say jump, you say how high
Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!

20.12.09

Béasach Léaspach

Fad is atá mé anseo, seo eachtra bheag a thárla sa teach s'againne. Bhíos ag labhairt lei féin ag déanamh trácht ar rud éigin fíor-thábhachtach agus cad a bhí ar siúl aici? Ag téacsáil ar an nguthán! Chailleas m'fhoighne tar éis cúpla nóiméad.
Have you any idea how rude it is to be texting when I'm trying to talk to you?
agus amach liom as an seomra, ar buile.

Nuair a d'fhill mé cúpla nóiméad ina dhiaidh sin cad é a bhí le rá aici liom?
Maybe you don't realise how rude it is to talk to someone who's trying to text?

Touché!

Bliain eile curtha isteach againn ...

... cé gur léir nach bhfuil bliain d'obair le sonrú anseo!

Mar is iondúil, tosnóidh mé an giota seo ag iarradh maithiúnas as ucht an easpa obair anseo le déanaí. Sular thosnaigh mé mo bhlagsa is minic a thugainn fá ndeara chomh minic is a phléití easpa scríobhnóireacht ar bhlaganna ach tuigim go maith anois cúis crá croí meitheal aonarach an bhlagaideoireacht. Is dócha gurb í an fhadhb atá agam féin ná easpa brú chun múscailt.

Le míonna bheag anuas táim tar éis filleadh ar an gColáiste chun cáilíocht nua a bhaint amach. Cé gur blianta fada óna raibh mé faoi bhun oideachas fhoirméalta tá mé lán ábalta aistí a scríobh nuair a leagtar amach an ábhar dom agus nuair a chuirtear spriocdháta daingean leis. Níos deacra ar fad domsa postanna ghearra a chumadh anseo nuair atá saoirse iomlán agam! Ní fíor fiú nach bhfuil dóthain le rá agam. Tá sé ar intinn agam sliocht fada a scríobh faoin acht minic-mallachtaithe EPSEN agus uile atá cearr leis ach níl éinne ann chun mé a ghríosadh chun tosnú!

Chaitheamar tamaillín bheag i mbrú brónach an Spéirmhná thall i gCromghlinn Átha Cliath de bharr tinneas a tháinig ar an bhfear óg. Tá roinnt le rá agam faoi sin freisin, idir moladh agus lochtú, ach arís eile, cé a lasfaidh an brosna fúm?

Gan trácht ar athdhreachtú na Bunreachta a bhí ar siúl go díograiseach agam tráth dá raibh. Tá sé ráite i mbliana ag Éanna an Léinne Ghorm go gcuireadh siad an Seanad ar ceal agus iad i bhfeighil ar an dtír (ní fada uainn é, le cúnamh Dé). An é go bhfuillim ag fanacht orthu na athraithe a dhéanamh sula bhfoilsím mo thuairimí luachmhara féin?

Ní leithscéal leisce.