9.11.11

Níl sé seo PC, nó gar dhó.

Cheistíos cheanna féin cad is ciníochas ann.  Aréir ar twitter, fad is a bhí clár á chraoladh ag Vincent Browne faoi shaolta an Lucht Siúil, bhí roinnt samplaí náireacha den fhuath is gnách a chloisint ón Lucht Lonnaithe in Éireann i gcoinne a gcomhshaoránaigh.  Táim cinnte gur raibh lán-choinne ag an mBrúnach roimh an sruth nimhneach seo, mar tá an meon seo sáite i gcultúr na tíre.  N'fheadar cathain ar fhás an deighilt seo inár measc?

Bhí clár ar RTÉ i rith an tsamhraidh, Blood of the Travellers, inár déanadh taighde DNA a léirigh gur am éigin thart a míle bhliain ó shin a d'fhás an chraobh seo ar chrann an náisiúin, agus a léirigh chomh maith nach bhfuil amhras dá laghad gur ó bhunadh Éireannach an Lucht Siúil.

Dár ndóigh tá imní nó eagla nó buairt faoin 'eile' i gceist anseo, mar a bheadh ag páiste scoile ar an gcéad lá ar scoil, ach ní bheithfeá ag ceapadh nach mbeadh daoine fásta stuama in ann srian dá laghad a chur lena n-imní, gan trácht ar ligint dó fás ina thuille fíochmhar ina bháitear aon rian den chomhbhá a bheithfeá ag súil le ó aon duine, idir óg agus aosta.

Ní bheinn ag trácht ar seo anocht arís ach amháin go bhfuil twitter fós ar creathadh le scannal Peter Collins.   Is craoltar é Peter Collins d'aithneofá dá bhfeicfeá ar an mbus é, ach bheadh deacracht agat ainm a chur leis.  Aréir, i lár an aonaigh ar sruth #vinb, chaith Peter Collins dorn len Lucht Siúil, nach raibh leath chomh nimhneach lena bhí ar siúl ag an Einsatzgruppen mórthimpeall air, ach fós, de bharr go raibh a ainm á chur aige leis, bhí se suantasach go leor, dár liom.


Sin agaibh é mar sin.  RTÉ Sport - Gan Trua. Gan Trócaire.

B'fhéidir nach bhfuil mórán trua aige don Lucht Siúil ach tá sé ait domsa ar aon nós go bhfuil sé sásta a leithéid a rá go h-oscailte.   Ní h-é go bhfuilim ag rá nach bhfuil sé de cheart ag duine dearcthaí ciníocha a bheith acu, nó fiú gur chóir cinsireacht a dhéanamh orthu, ach amháin nár chóir lucht an chiníochais a fhostú le RTÉ.

Dár ndóigh, bhí freagra aige ar seo.


Sin ceart go leor mar sin, an ea a Pheadair?  Is féidir fuath gan teorainn a bheith againn dár gcomhshaoránaigh, mar ní cine ar leith iad?  In ainm Chroim!

D'fhás fiche cuntais twitter eile thar oíche @RealPeterCollins, @ICantBelieveItsNotPeterCollins, @Snilloc Retep agus gach saghas magadh eile ag maíomh gur Peter Collins iad agus ag iarraidh síol an smaoinimh, nach é Peter Collins féin a rinne na giolcacha thuas, a chur.

Seafóid é seo, dár liom.  Má bhreathnaítear ar an gcuntas seo anois tá sé ina shlíbhín cheart ag maíomh go bhfuil brón air, gan admháil gur leis na giolcacha sa chéad áit.


Ná bí buartha a Pheadair.  Beimid uile ag breathnú ar an gcluiche Dé hAoine.  N'fheadar an mbeidh sé ag 'taisteal' ann é féin?

5.11.11

Sam sa bhaile.




Nílim tuirseach a bheith ag breathnú ar seo fós.


Eag.: fadhb éigin leis an bhfíseán seo anois.  Tá sé seolta go youtube anois agam agus sin atá thuas anois.




3.11.11

Shooting 'Stars'

Maidin caite agam ag comhaireamh boinn airgid chun iarracht a dhéanamh billí a ghlanadh.   Mar is gnáth, caithfear tús áite a thabhairt dóibhsean atá ag bagairt dlí orm.  Ceadúnas Teilifíse íoctha anois don bhliain.  Tá baol ann go maróinn Pat Kenny nó Joe Duffy dá mbualfainn inniu leo - bígí ar bhur n-aire, a bhuachaillí.

Tá Bord Gáis ag bagairt an fiacha a dhíol don Viper no a leithéidí de réir dealramh agus / nó an dlí a chur orm.  D'athraíos go Airtricity cúpla mí ó shin agus beagnach €400 fós ag dul don Bhord Gáis, ach ós rud é nach bhfuil mé leo a thuilleadh ní féidir leo an chumhacht a ghearradh uainn.  Chaitheas €68 chucu ar maidin, málaí airgid san áireamh agus tá níos lú ná €80 ag dul dóibh anois. Is fearr leath ná meath.  Beag baol go maródh an Viper ar an méid sin mé, ach más rud é go ndéanfadh, bheinn sásta €100 a thabhairt dó 'cuairt' a thabhairt ar Pat Kenny.

 Íomhá ó bigmentaldisease.com

2.11.11

κλέπτοκρατία

Le géarchéim na Gréige go mór i mbéal an phobail faoi láthair, is maith an t-am é macnamh a dhéanamh ar staid ár sochaí féin i gcomhthéacs réabadh na sochaí a mhaítear gur bhronn an daonlathas, nó an δημοκρατία* orainn.

Nuair a thráchtar ar an domhan Iarthair, 'sé an cultúr Eorpach nó Eoraip-lárnach atá i gceist agus níl aon amhras gurb ón seanchultúr clasaiceach Rómhánach agus Gréigeach a d'eascair sé.  De ghnáth is cultúr Daonlathach atá i gceist, le bunadh mhorálta Chríostaíoch leis agus córas eacnamúil Chapitileach chomh maith.

Dár ndóigh níl aon fáth go mbeadh an trí tréithe seo polaitiúil, morálta agus eacnamúil mar atáid, ach amháin gur mar shin a d'fhág oidhreacht na staire dúinn iad.  Anuas ar seo, caithfear a aithint nach ionann an gaol idir na iarsmaí seo i chuile chuid den Iarthar, nó fiú ó ghlúin go glúin.  Feictear go bhfuil meath mór tagtha ar thionchar na Críostaíochta sa réimneas morálta mar shampla, ach bíodh is go raibh míl-aois go leith aige i gceannas ar mheoin an Iarthair, beidh a rian ann go deo, fiú má chailltear cleachtas foirmeálta.

Tá cáineadh déanta ag an bhfealsúnaí Liobrálach Karl Popper, sna leabhair 'The Open Society & its Enemies', ar thionchar smaointe Plato, Hegel & Marx ar sochaithe an Iarthair, ach go h-áirithe i dtaobh an tslí a fheictear dó go ndéantar faillí ar chearta an duine aonair ar mhaithe le cumhacht stáit a chaomhnú.  Dár le Popper, tá baol mór ag baint le h-iarracht sochaí a chruthú bunaithe ar ídéal, go h-áirithe más ídéal ó leabhar éigin 'naofa' é, Πολιτεία Phlato, nó Kapital Mharx san áireamh.

Ní dóigh liom go raibh sé ar intinn Plato ina Πολιτεία ach muintir Αθήνα a chur ag macnamh ar an sochaí a bhí acu féin agus a lochtanna, seachas moladh na fealsúnaithe-ríthe a chur i réimeas, agus mar a thuigtear domsa é ar aon nós, níl i Kapital Mharx ach míniú ar oibriú stairiúil an Chapitileachais, seachas leagan amach ar an todhchaí Cumannach.   É sin ráite, níl dóthain eolais agam ar sochaí na Gréige dhá mhílaois ó shin, nó i saol Eorpach an naoú chéad déag chun cáineadh nó moladh a dhéanamh ar ceachtar de na leabhair naofa seo, fiú dá mbeidis léite agam ina iomláine, (rud nach bhfuil).  Cé nach nglacaim le cáineadh Phopper, glacaim lena chomhairle a bheith ar aire faoi dhogmacht idéalach, a dhogmacht Liobrálach féin san áireamh.

Ní fealsúnaí Chaipitileach nó Liobrálach nó Cumannach mé, ach caithfidh mé a bheith macánta agus a adhmáil gur sa champa dheireannach is mó a aithním spiorad an todhchaí, nó foinse óna bhféadfaimis an domhain a chur ina cheart, gan go mbeinn ag cloí go bhuan le tuairimí duine a mhair céad go leith ó shin i ndomhan iomlán éagsúl, le fadhbanna éagsúla agus éagóirí éagsúla.  

Maítear gur theip ar theoiric Mharx de bharr fás an mhéan-aicme agus nár lean an Chaipitileachas ag réabadh leis go dtí go raibh gach éinne seachas lucht an rachmais mar sclábhaithe, ach ní mar seo a fheictear domsa é.  Ní gá ach breathnú ar an dTriú Domhain chun na sclábhaithe a fheiscint.  Tá sé soiléir le blianta bheaga anuas nach fada nach mbeidh gá breathnú chomh fada sin ach oiread amach anseo.  Is dócha go léiríonn cruachás na nGréigeach atá i ndán dúinn uile, atá le céasadh ag an gCaipitil.  Tá teip iomlán tagtha ar an gCaipitileachas sa tír sin agus tá na Caipitiligh anois ag smaoineamh ar conas is fearr deora deireannacha fola chosmhuintir na Gréige a dhortadh ar mhaithe an méid is mó rachmais a choimeád dóibh féin - ach cad a dhéanfadh mac an chait?

D'fhógraíodh reifreann chun go gcloistí guth na ndaoine agus ní mó ná sásta atá na Caiptiligh faoi seo.  Gach seans nach mbeidh an reifreann acu ar deireadh má chuirtear deireadh len rialtas a d'fhógair é, ach fiú má bhíonn sé acu, cé a cheapann gur cleachtas δημοκρατία a bhéas ann?  I ndáiríre?

Muna mbíonn na Caipitiligh sna bainc sásta leis an bhfreagra nach féidir an cheist a chur arís?  Cé a cheapann go mbeidh muintir na Gréige saor chun a gcinneadh féin a dhéanamh faoi cén saghas sochaí ar mhaith leo amach anseo?  Cad má chinneann siad fiacha na gCaipitiligh a shéanadh agus ligint do bainc na Fraince agus na Gearmáine titim as a chéile?  Cad má aithníonn siad go bhfuil an córas eacnamaíochta Caipitiligh lofa go h-uile is go h-iomlán agus nach fiú leanúint leis a thuilleadh?

Níl dóthain eolais agam faoin nGréig chun a bheith cinnte an mbeadh sé ar intinn ag muintir na Gréige a leithéid de chinntí a dhéanamh, ach nár cóir go mbeadh saoirse acu a rogha a dhéanamh mar sin féin?

Is cinnte nach bhfuil an saoirse sin againn anseo in Éirinn, mar, maraon leis an nGréig, ní daonlathas é seo atá againn ach oiread.  'Séard atá anseo againn ná corás ina bhfuil lucht an rachmais i bhfeighil agus caitheann siad a bheith cúramach gan feall ró-náireach a dhéanamh ionas go spreagfaí muintir na tíre chun agóide nó chun aighnis, ach lasmuigh de sin, is féidir leo a rogha rud a dhéanamh.  Gadaíocht náireach NAMA?  Fadhb ar bith.  Baint na Cártaí Leighis ó seanóirí na tíre?  B'fhéidir gur b'fhearr cúlú bheag ansin, ar eagla na h-eagla, nach dtuigeann tú?  Scrios na SNAanna sna scoileanna?  Scroisigí libh!  Íoc $1,000,000,000 do bannashealbhóirí Anglo?  Scaoil amach é a bhuachaillí, ní chloisim círéib fós.  Yeeeha! Up Mayo!

Is iad a leithéidí O'Reilly, O'Brien, Desmond & Smurfit atá i gceannas ar an tír seo.  Dár ndóigh, tá roinnt eile leo, daoine nach mbeadh aithne againn orthu ar chor ar bith, i bhfolach taobh thiar de bhallaí arda a dtithe galánta, ag caitheamh míle euro anseo agus míle euro ansiúd i dtreo na bpolaiteor ag cinntiú go ndéantar a dtoil.  Táid i bhfolach ag barr na Ranna Rialtais, ag barr an Chórais Dlí, ag barr an Chórais Leighis, ag barr na Comhlachtaí Leath-Stáit, ag síor-stiúradh cúrsaí ar a mhaithe féin.  Tá an aicme seo i ndiaidh geilleagar na tíre a scrios ó bun go barr agus níl éinne acu ós comhair na cúirte fós, gan trácht ar ciontaithe. Tá na creachadóirí seo fós saor chun a ngadaíocht a dhéanamh gan aon bac, gan a bheith buartha faoi suim na nGardaí.

Níl daonlathas againn mar sin.  Níl sé de cheart ná de chumhacht muintír na tíre lámh a bheith acu i stiúradh na sochaí.  Níl againn ach panem et circenses anois 's arís le lucht rachmais i bhfeighil ar na meáin chun a cinntiú nach féidir an buan-rialtas a dhíbirt.  Níl aon δημοκρατία i réim anseo, ná sa Ghréig ach oiread. 

'Séard atá againn ná riail na ngadaithe 's na creachadóirí.  κλέπτοκρατία.  Creachlathas.


* An bhfeiceann sibh éirí in airde an amadáin seo, lena Ghréigis Ghoogle Translate?