22.12.11

Cóisir Chinn Bliana

An lá deireanach scoile inniu agus beidh cóisir ranga acu. Nach aoibhinn beatha an scoláire? Thainig an scéal abhaile aréir go raibh cead acu a éadaí féin a chaitheamh ar an lá agus nach deas dóibh é sin anois is arís. Ar maidin bheartaigh sí féin ar chulaith Oíche Shamhna a chaitheamh, nó 'Cinderella Slave Girl Dress' mar a thugann sí féin air. 

"A mhúirnín, ní féidir leat é sin a chaitheamh - cad a dhéarfas do mhúinteoir nuair a fheiceann sí sin?"
"Dúirt sí go raibh cead againn ár éadaí féin a chaitheamh!"

"Ach ní sin a bhí i gceist aici. Is tusa a an t-aon duine a bhéas gléasta mar sin. Cad atá tú chun a rá nuair a iarann príomhoide ort cé a thug cead duit gléasadh mar sin?"


"Tá mé chun a rá gur thug tusa cead dom."

"!"

Seo mar a chuaigh m'iníon ar scoil ar maidin mar sin. Níor fuaireas glaoch uathu fós ag gearán, ach é sin ráite, tá an guthán múchta agam ar eagla na heagla. 

Luaithríona an Sclábhaí

9.11.11

Níl sé seo PC, nó gar dhó.

Cheistíos cheanna féin cad is ciníochas ann.  Aréir ar twitter, fad is a bhí clár á chraoladh ag Vincent Browne faoi shaolta an Lucht Siúil, bhí roinnt samplaí náireacha den fhuath is gnách a chloisint ón Lucht Lonnaithe in Éireann i gcoinne a gcomhshaoránaigh.  Táim cinnte gur raibh lán-choinne ag an mBrúnach roimh an sruth nimhneach seo, mar tá an meon seo sáite i gcultúr na tíre.  N'fheadar cathain ar fhás an deighilt seo inár measc?

Bhí clár ar RTÉ i rith an tsamhraidh, Blood of the Travellers, inár déanadh taighde DNA a léirigh gur am éigin thart a míle bhliain ó shin a d'fhás an chraobh seo ar chrann an náisiúin, agus a léirigh chomh maith nach bhfuil amhras dá laghad gur ó bhunadh Éireannach an Lucht Siúil.

Dár ndóigh tá imní nó eagla nó buairt faoin 'eile' i gceist anseo, mar a bheadh ag páiste scoile ar an gcéad lá ar scoil, ach ní bheithfeá ag ceapadh nach mbeadh daoine fásta stuama in ann srian dá laghad a chur lena n-imní, gan trácht ar ligint dó fás ina thuille fíochmhar ina bháitear aon rian den chomhbhá a bheithfeá ag súil le ó aon duine, idir óg agus aosta.

Ní bheinn ag trácht ar seo anocht arís ach amháin go bhfuil twitter fós ar creathadh le scannal Peter Collins.   Is craoltar é Peter Collins d'aithneofá dá bhfeicfeá ar an mbus é, ach bheadh deacracht agat ainm a chur leis.  Aréir, i lár an aonaigh ar sruth #vinb, chaith Peter Collins dorn len Lucht Siúil, nach raibh leath chomh nimhneach lena bhí ar siúl ag an Einsatzgruppen mórthimpeall air, ach fós, de bharr go raibh a ainm á chur aige leis, bhí se suantasach go leor, dár liom.


Sin agaibh é mar sin.  RTÉ Sport - Gan Trua. Gan Trócaire.

B'fhéidir nach bhfuil mórán trua aige don Lucht Siúil ach tá sé ait domsa ar aon nós go bhfuil sé sásta a leithéid a rá go h-oscailte.   Ní h-é go bhfuilim ag rá nach bhfuil sé de cheart ag duine dearcthaí ciníocha a bheith acu, nó fiú gur chóir cinsireacht a dhéanamh orthu, ach amháin nár chóir lucht an chiníochais a fhostú le RTÉ.

Dár ndóigh, bhí freagra aige ar seo.


Sin ceart go leor mar sin, an ea a Pheadair?  Is féidir fuath gan teorainn a bheith againn dár gcomhshaoránaigh, mar ní cine ar leith iad?  In ainm Chroim!

D'fhás fiche cuntais twitter eile thar oíche @RealPeterCollins, @ICantBelieveItsNotPeterCollins, @Snilloc Retep agus gach saghas magadh eile ag maíomh gur Peter Collins iad agus ag iarraidh síol an smaoinimh, nach é Peter Collins féin a rinne na giolcacha thuas, a chur.

Seafóid é seo, dár liom.  Má bhreathnaítear ar an gcuntas seo anois tá sé ina shlíbhín cheart ag maíomh go bhfuil brón air, gan admháil gur leis na giolcacha sa chéad áit.


Ná bí buartha a Pheadair.  Beimid uile ag breathnú ar an gcluiche Dé hAoine.  N'fheadar an mbeidh sé ag 'taisteal' ann é féin?

5.11.11

Sam sa bhaile.




Nílim tuirseach a bheith ag breathnú ar seo fós.


Eag.: fadhb éigin leis an bhfíseán seo anois.  Tá sé seolta go youtube anois agam agus sin atá thuas anois.




3.11.11

Shooting 'Stars'

Maidin caite agam ag comhaireamh boinn airgid chun iarracht a dhéanamh billí a ghlanadh.   Mar is gnáth, caithfear tús áite a thabhairt dóibhsean atá ag bagairt dlí orm.  Ceadúnas Teilifíse íoctha anois don bhliain.  Tá baol ann go maróinn Pat Kenny nó Joe Duffy dá mbualfainn inniu leo - bígí ar bhur n-aire, a bhuachaillí.

Tá Bord Gáis ag bagairt an fiacha a dhíol don Viper no a leithéidí de réir dealramh agus / nó an dlí a chur orm.  D'athraíos go Airtricity cúpla mí ó shin agus beagnach €400 fós ag dul don Bhord Gáis, ach ós rud é nach bhfuil mé leo a thuilleadh ní féidir leo an chumhacht a ghearradh uainn.  Chaitheas €68 chucu ar maidin, málaí airgid san áireamh agus tá níos lú ná €80 ag dul dóibh anois. Is fearr leath ná meath.  Beag baol go maródh an Viper ar an méid sin mé, ach más rud é go ndéanfadh, bheinn sásta €100 a thabhairt dó 'cuairt' a thabhairt ar Pat Kenny.

 Íomhá ó bigmentaldisease.com

2.11.11

κλέπτοκρατία

Le géarchéim na Gréige go mór i mbéal an phobail faoi láthair, is maith an t-am é macnamh a dhéanamh ar staid ár sochaí féin i gcomhthéacs réabadh na sochaí a mhaítear gur bhronn an daonlathas, nó an δημοκρατία* orainn.

Nuair a thráchtar ar an domhan Iarthair, 'sé an cultúr Eorpach nó Eoraip-lárnach atá i gceist agus níl aon amhras gurb ón seanchultúr clasaiceach Rómhánach agus Gréigeach a d'eascair sé.  De ghnáth is cultúr Daonlathach atá i gceist, le bunadh mhorálta Chríostaíoch leis agus córas eacnamúil Chapitileach chomh maith.

Dár ndóigh níl aon fáth go mbeadh an trí tréithe seo polaitiúil, morálta agus eacnamúil mar atáid, ach amháin gur mar shin a d'fhág oidhreacht na staire dúinn iad.  Anuas ar seo, caithfear a aithint nach ionann an gaol idir na iarsmaí seo i chuile chuid den Iarthar, nó fiú ó ghlúin go glúin.  Feictear go bhfuil meath mór tagtha ar thionchar na Críostaíochta sa réimneas morálta mar shampla, ach bíodh is go raibh míl-aois go leith aige i gceannas ar mheoin an Iarthair, beidh a rian ann go deo, fiú má chailltear cleachtas foirmeálta.

Tá cáineadh déanta ag an bhfealsúnaí Liobrálach Karl Popper, sna leabhair 'The Open Society & its Enemies', ar thionchar smaointe Plato, Hegel & Marx ar sochaithe an Iarthair, ach go h-áirithe i dtaobh an tslí a fheictear dó go ndéantar faillí ar chearta an duine aonair ar mhaithe le cumhacht stáit a chaomhnú.  Dár le Popper, tá baol mór ag baint le h-iarracht sochaí a chruthú bunaithe ar ídéal, go h-áirithe más ídéal ó leabhar éigin 'naofa' é, Πολιτεία Phlato, nó Kapital Mharx san áireamh.

Ní dóigh liom go raibh sé ar intinn Plato ina Πολιτεία ach muintir Αθήνα a chur ag macnamh ar an sochaí a bhí acu féin agus a lochtanna, seachas moladh na fealsúnaithe-ríthe a chur i réimeas, agus mar a thuigtear domsa é ar aon nós, níl i Kapital Mharx ach míniú ar oibriú stairiúil an Chapitileachais, seachas leagan amach ar an todhchaí Cumannach.   É sin ráite, níl dóthain eolais agam ar sochaí na Gréige dhá mhílaois ó shin, nó i saol Eorpach an naoú chéad déag chun cáineadh nó moladh a dhéanamh ar ceachtar de na leabhair naofa seo, fiú dá mbeidis léite agam ina iomláine, (rud nach bhfuil).  Cé nach nglacaim le cáineadh Phopper, glacaim lena chomhairle a bheith ar aire faoi dhogmacht idéalach, a dhogmacht Liobrálach féin san áireamh.

Ní fealsúnaí Chaipitileach nó Liobrálach nó Cumannach mé, ach caithfidh mé a bheith macánta agus a adhmáil gur sa champa dheireannach is mó a aithním spiorad an todhchaí, nó foinse óna bhféadfaimis an domhain a chur ina cheart, gan go mbeinn ag cloí go bhuan le tuairimí duine a mhair céad go leith ó shin i ndomhan iomlán éagsúl, le fadhbanna éagsúla agus éagóirí éagsúla.  

Maítear gur theip ar theoiric Mharx de bharr fás an mhéan-aicme agus nár lean an Chaipitileachas ag réabadh leis go dtí go raibh gach éinne seachas lucht an rachmais mar sclábhaithe, ach ní mar seo a fheictear domsa é.  Ní gá ach breathnú ar an dTriú Domhain chun na sclábhaithe a fheiscint.  Tá sé soiléir le blianta bheaga anuas nach fada nach mbeidh gá breathnú chomh fada sin ach oiread amach anseo.  Is dócha go léiríonn cruachás na nGréigeach atá i ndán dúinn uile, atá le céasadh ag an gCaipitil.  Tá teip iomlán tagtha ar an gCaipitileachas sa tír sin agus tá na Caipitiligh anois ag smaoineamh ar conas is fearr deora deireannacha fola chosmhuintir na Gréige a dhortadh ar mhaithe an méid is mó rachmais a choimeád dóibh féin - ach cad a dhéanfadh mac an chait?

D'fhógraíodh reifreann chun go gcloistí guth na ndaoine agus ní mó ná sásta atá na Caiptiligh faoi seo.  Gach seans nach mbeidh an reifreann acu ar deireadh má chuirtear deireadh len rialtas a d'fhógair é, ach fiú má bhíonn sé acu, cé a cheapann gur cleachtas δημοκρατία a bhéas ann?  I ndáiríre?

Muna mbíonn na Caipitiligh sna bainc sásta leis an bhfreagra nach féidir an cheist a chur arís?  Cé a cheapann go mbeidh muintir na Gréige saor chun a gcinneadh féin a dhéanamh faoi cén saghas sochaí ar mhaith leo amach anseo?  Cad má chinneann siad fiacha na gCaipitiligh a shéanadh agus ligint do bainc na Fraince agus na Gearmáine titim as a chéile?  Cad má aithníonn siad go bhfuil an córas eacnamaíochta Caipitiligh lofa go h-uile is go h-iomlán agus nach fiú leanúint leis a thuilleadh?

Níl dóthain eolais agam faoin nGréig chun a bheith cinnte an mbeadh sé ar intinn ag muintir na Gréige a leithéid de chinntí a dhéanamh, ach nár cóir go mbeadh saoirse acu a rogha a dhéanamh mar sin féin?

Is cinnte nach bhfuil an saoirse sin againn anseo in Éirinn, mar, maraon leis an nGréig, ní daonlathas é seo atá againn ach oiread.  'Séard atá anseo againn ná corás ina bhfuil lucht an rachmais i bhfeighil agus caitheann siad a bheith cúramach gan feall ró-náireach a dhéanamh ionas go spreagfaí muintir na tíre chun agóide nó chun aighnis, ach lasmuigh de sin, is féidir leo a rogha rud a dhéanamh.  Gadaíocht náireach NAMA?  Fadhb ar bith.  Baint na Cártaí Leighis ó seanóirí na tíre?  B'fhéidir gur b'fhearr cúlú bheag ansin, ar eagla na h-eagla, nach dtuigeann tú?  Scrios na SNAanna sna scoileanna?  Scroisigí libh!  Íoc $1,000,000,000 do bannashealbhóirí Anglo?  Scaoil amach é a bhuachaillí, ní chloisim círéib fós.  Yeeeha! Up Mayo!

Is iad a leithéidí O'Reilly, O'Brien, Desmond & Smurfit atá i gceannas ar an tír seo.  Dár ndóigh, tá roinnt eile leo, daoine nach mbeadh aithne againn orthu ar chor ar bith, i bhfolach taobh thiar de bhallaí arda a dtithe galánta, ag caitheamh míle euro anseo agus míle euro ansiúd i dtreo na bpolaiteor ag cinntiú go ndéantar a dtoil.  Táid i bhfolach ag barr na Ranna Rialtais, ag barr an Chórais Dlí, ag barr an Chórais Leighis, ag barr na Comhlachtaí Leath-Stáit, ag síor-stiúradh cúrsaí ar a mhaithe féin.  Tá an aicme seo i ndiaidh geilleagar na tíre a scrios ó bun go barr agus níl éinne acu ós comhair na cúirte fós, gan trácht ar ciontaithe. Tá na creachadóirí seo fós saor chun a ngadaíocht a dhéanamh gan aon bac, gan a bheith buartha faoi suim na nGardaí.

Níl daonlathas againn mar sin.  Níl sé de cheart ná de chumhacht muintír na tíre lámh a bheith acu i stiúradh na sochaí.  Níl againn ach panem et circenses anois 's arís le lucht rachmais i bhfeighil ar na meáin chun a cinntiú nach féidir an buan-rialtas a dhíbirt.  Níl aon δημοκρατία i réim anseo, ná sa Ghréig ach oiread. 

'Séard atá againn ná riail na ngadaithe 's na creachadóirí.  κλέπτοκρατία.  Creachlathas.


* An bhfeiceann sibh éirí in airde an amadáin seo, lena Ghréigis Ghoogle Translate?



24.10.11

Fearann bán ... síolta i ndán

Fearann nua agam do mo chúinne-sa den idirlíon - uathachas.ie 

Fearann bán atá ann go fóill áfach, gan ann ach naisc chun blag agus mo charnán beag de túiteanna.  Amach anseo déanfaidh mé iarracht air é a threabhadh agus b'fhéidir go mbeidh barraíocht iontach agam ann amach anseo.

Rud a chuireann parabal an tsíoladóra i gcuimhne dom ...


Man! (mar a dheireadh na hipithe tráth) ... cad a bhíodh á caitheamh ag Íosa?

13.10.11

Leasaithe?

Cuireann leasú athrú chun feabhais in iúl domsa ar aon nós, ach ag éisteacht le hIar Bhreitheamh Bryan McMahon tá sé deacair a chreidiúnt go bhfuil sé ar intinn an rialtais an leasú atá fógartha i leith tuarastail na mbreithúna a chur ós ár gcómhair sa bhfoirm ina bhfuil sé faoi láthair.  Cé go bhfuil dualgas ar an mBreitheamh McMahon a bheith neodrach ar an scéal bhí sé cuíosach soiléir domsa ag éisteacht leis ar maidin nach raibh mórán meas aige ar an leasú áirithe seo.  Agus ní nach ionadh!

Pé amadán a dhreachtaigh an ráiméis éiginnte, míshoiléir, róchasta seo ba chóir é a bhriseadh óna phost.  Bheinn ag súil le tuilleadh díograis ó dhaltaí bunscoile.  Dár ndóigh ní dhéanfaí a leithéid, ach a mhalairt: is dócha gur 'thuill' sé nó sí na mílte euro as ucht a lag-iarracht.

Dár ndóigh is i mBéarla amháin a phléadh an leasú seo ar maidin agus níl aon amhras go bhfuil dhá peaca marfacha ar a laghad sna focail Béarla ach bhíos fiosrach fós ar an leagan Ghaeilge a bheadh acu, mar, mar is eol do chách, is ag an leagan Gaeilge atá an tosaíocht, má tharlaíonn sé riamh go n-airítear éagsúlacht ar bith idir bhrí sa Sacs-Bhéarla agus briathra binne ár dteanga dúchasach.

Isteach liom mar sin ar shuíomh An Choimisiúin Reifrinn chun an leagan Gaeilge a scrúdú agus tá na deacraíochtaí ceannan céanna ann. 

35 5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastail breithiúna an fad is bheidh in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
35 5 2° Tá tuarastail breithiúna faoi réir ag forchur cánacha, tobhach nó muirear eile a fhorchuirtear de réir an dlí ar dhaoine go ginearálta nó ar dhaoine is le haicme áirithe iad.
35 5 3° I gcás, roimh achtachán an ailt seo nó tar éis é a achtú, go ndearnadh laghduithe nó go ndéantar laghduithe de réir dlí ar thuarastail daoine is le haicmí daoine iad a n-íoctar a dtuarastail as airgead poiblí agus nuair a shonraítear le dlí den sórt sin go bhfuil na laghduithe sin chun leasa an phobail, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin de réir dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar thuarastail breithiúna.

Cén fáth sa tsioc a bhfuil an tagairt ann do aicmí áirithe?  Cén fáth an éiginnteacht seo?  Cén fáth nach rabhadar in ann é a fhágaint le daoine go ginearálta?  Cad iad na aicmí seo agus conas a n-aithneofá iad?  Protastúnaigh?  Giúdaigh?  Imircigh?  

An dara deacracht a d'aithin an Breitheamh McMahon ná'n focal 'comhréireacha'. B'fhéidir go mbeadh an gnáth tuiscint ag formhór againn ar seo sa chaoi is gur an comhréir 1:1 atá i gceist, ach ní sin a dheireann sé.  B'fhéidir gur an comhréir 1:20 atá i gceist.  N'fheadar?

Dár liom, nuair atá bunreacht i gceist, ní chóir go mbeadh éiginnteacht ann agus ní chóir go mbeadh a mhalairt de bhrí ar na briathra.  Mar is sna tuiscint malartacha seo a 'thuillfear' na milliúin amach anseo le dlíodóirí ag argóint i measc a chéile.

Ní fhéadfainn tacú leis na 'leasaithe' seo ar aon nós.  Ach i ndáiríre tá sé scanallach go bhfuil an tseafóid seo á bhrú nuair atá an tír ag titim as a chéile agus míle rud eile gur fearr a bheith ag díriú orthu.

Seo a tharlaíonn nuair nach bhfuil innealtóirí i bhfeighil. 

17.9.11

Oilithreacht

Maidin amárach tabharfaimid faoi oilithreacht nach bhfuil déanta agam le blianta fada anuas agus a bhfuil súil níos ghéire agam leis de bharr iontais na h-annamhachta.   Bhíos ró-óg sna seachtódaí dul ann, ach óg go leor sna hochtódaí dul ann le m'athair.  Sna nóchadaí bhíos ró-shean dreapadh thar na geataí mar b'iondúil tráth dá raibh agus is oth liom a rá nach raibh gá agam dul ann in aon chor sna náideannaí.  Amárach mar sin an chéad uair a thabharfaimid fén bóthair áirithe seo ar an lá áirithe seo agus sliocht dom chuid féin i mo theannta.  Beidh sé deacair gan smaoineamh othrusan a bheadh ann ach iad a bheith imithe ar shlí na fírinne agus silfear deor nó dhó ar a shon gan amhras.  Ólfar braon nó dhó chomh maith, mar is ceilliúradh atá i gceist seachas tóramh.  Ach fós, n'fheadar an mbeidh éinne ag smaoineamh orainn fiche nó tríocha bhliain amach anseo ar an lá céanna? 

Ag deireadh an lae, bíodh bua againn nó ná bíodh, béimid sona sásta go rabhamar ann agus ag tnúth len bhóthair céanna a bhualadh an bhliain seo chugainn. Go mbeirimid beo an t-am seo arís.  Go mbeirimid bua!


Áth Cliath Abú!

Dubs Abú!

10.9.11

Witches in the Wood.

Seacht nó ocht mbliana ó shin, oíche fliuch fuar nuair a bhíomar go léir sa bhaile tháinig gadaí isteach sa teach agus bhreith sé leis mála le deirfiúr mo bhean.

Bhí sí i ndiaidh filleadh ó BhÁC tar éis lá siopadóireachta don teach nua a bhí ceannaithe aici lena fear.  Faraor, bhíodh (agus tá fós) súil ar leith aici don saghas troscáin a n-oireadh di agus ar an lá áirithe sin, níor thangadar ar aon rud ar b'fhiú dóibh a cheannacht dár leo agus de bharr sin, bhí na céadta euro sa mála aici, chomh maith le ceamara agus dár ndóigh gach saghas mion rud pearsanta is iondúil a bheith i mála mhnaoi.

Agus muid inár suí sa seomra suite agus beirt páiste óga ag rith mór thimpeall an tí, bhí an Casaoideach* ag feitheamh orainn sa chúlgháirdín, ag faire isteach orainn go bhfaigheadh sé deis a bhirt.  Bhí sé i ndiaidh taobhgheata an ghairdín a bhrú agus na maidí adhmad a tharraingt óna chéile, le scriúire b'fhéidir, sa chaoi is go raibh sé in ann an bolta a oscailt chun é a scaoileadh isteach. Níl a fhios in aon chor againn cé chomh fada is a bhí sé ann ach le solas na maidine bhí lorg a gcos soiléir i láib an phortaigh a bhíonn againn sa gheimhreadh mar fhaiche.

Ar deireadh, caithfidh gur chinn sé ar an iarracht a dhéanamh ar feiceáil dó go rabhamar go léir in aon seomra amháin agus nach n-aireadh muid éinne ag buaileadh isteach sa chistin.  Bhí an mála úd ar úrlar an chistin gar go leor le chúldoras an tí, ach fós, bheadh air a bheith sciobthe, mar nach fearr sciobadh a bheith sciobthe? Leag sé lámh ar an ndoras agus biongó - ní raibh sé fé ghlas!  Isteach leis agus amach leis in aon anáil amháin agus síos chun páirc spraoi na leanaí leis chun luach a shaothair a mheas.   Is dócha nár chreid sé nuair a d'oscail sé an mála an taisce a bhí aige.

Tamaill beag níos déanaí agus an lánúin ag filleadh ar Phort Láirge dóibh a thosnaíomar ag cuardach an mhála.  Ó bhun barr an tí ní raibh a rian de.  Ceistiú agus diancheistiú ar na leanaí (ar m'iníon i ndáiríre, mar is fear bheagáin focail mo mhacsa, nach scaoileadh le rún fiú dá dtuigeadh sé cad ann é). An bhfaca siad an mála? Ní fhaca. Mura bhfaca, cad a rinneadar leis mar sin?  Faic.  Cá raibh an mála nuair nach raibh sibh ag déanamh aon rud leis mar sin?  Bhí milseáin againn don té a aimsíonn an mála, mar dhea, ach b'shin an cleas ba chlistí a bhí againn agus níor ghéilleadar ná cuma air go ngéillfeadh.  B'fhéidir nach raibh a fhios acu?  Cá bhfuil an mála mar sin.  An raibh éinne eile sa teach.  Lámh leagtha ar an gcúldoras agus chonacamar nach raibh sé fé ghlas.  Amach sa chúl linn agus an geata brúite tugtha fá ndeara againn.  In ainm Chroim!  Tá bastún éigin i ndiaidh gadaíocht a dhéanamh agus muid inár suí sa teach.  Glaoch curtha ansin ar na Gardaí agus nuair a thangadar amach chugainn is ansin a chuireamar aithne don chéad uair ar chlú agus cáil an Chasaoidigh.

Tháinig a athair agus an clann iomlán chun baile am éigin sna luath nóchadaí, tamaill fada roimh theacht mo chlann féin chun cónaí ann agus cé go raibh fadhbanna ann sa tosach, ó shin i leith bhíodar ciúin go leor.  An scéal a bhí ann ná gur mangaire drúgaí ó BhÁC an athair a bhí i ndiadh éirí as agus sásta a bheith ar scor cois trá, b'fhéidir chun éalú ón gcríoch a thagann dona leithéidí minic go leor.  Chaith na Gardaí cúpla mí ag faire ar an dteach i ndiadh círéib bheag a tharla nuair a ionsaigh carr lán de stócaigh láidre an teach le bataí agus le brící ach i ndiaidh an eachtra sin, ní raibh aon deacrachtaí leo.

Faoin am seo ní rabhamar sa bhaile ach le seal bheag blianta agus ní raibh aithne againn ar na mionsonraí seo, ach in ndiaidh oíche na gadaíochta níorbh fhada dos na Gardaí muid a chur ar ár n-eolas.  Bhíodar cinnte gurb é an Casaoideach Óg ba chúis leis agus é gan a bheith ach ag cónaí cúig nóiméad ón áit, ach ní raibh faic go bhféadfaí a dhéanamh faoi.   Dár ndóigh d'inis na comharsain an chuid eile den scéal dúinn.  In ainneoin an tseanleaid a bheith ar scor, bhí an Casaoideach Óg sáite go scórnach i Heroin.  Caitheann sé sé mhí anseo, bliain ansiúd fé ghlas agus nuair atá sé saor, ritheann sé trín bhaile ag goid agus ag réabadh leis, go dtí go mbeirtear arís air agus ar ais arís sa charcair leis.  Deirtear go mbíonn a fhios ag daoine cathain a mbíonn sé saor, mar go dtagann borradh (más shin an focal ceart) ar thionscadal gadaíochta an bhaile.  Bíonn sé ós comhair na cúirte sa nuachtán áitiúil go rialta i measc na tiomáinithe ólta, tiomáinithe gan cháin, tiomáinithe a rinne 102km/h ar an seachbhóthair agus gach mioncoirpeach agus oilghnímhí eile sa bhaile.

I ndáiríre is ar éigin go mbeadh fear amháin ábalta gach uile rud atá curtha ina leith a dhéanamh agus níl aon amhras go bhfuil céad nó dhó eile de juncaithe agus zombaithe ag crochadh timpeall an bhaile agus gach ceann acu réidh agus ullamh chun aon rud a dhéanamh chun a mianta doshásta a shásamh.

Inné chuala mé go raibh an Casaoideach i ndiaidh cuairt a thabhairt ar ár gcomharsan béaldorais.  Chualamar an madra ag tafann ach bíonn sé ag tafann an t-am ar fad agus ní haon rud as áit é sin.  Ar aon nós, bhuail na Gardaí isteach orainn aréir ár gceistiú faoin gcás.  Ní raibh éinne sa teach inné agus rinneadh scrois cheart de sa chuardach agus b'fhéidir gur fhág an bastún rian éigin a chrochfas arís é, ach fiú mura fhaigheann siad an t-am seo é, ní fada go mbeidh sé sa nuachtán arís le scéal suarach seafóideach eile aige.

Tá a leithéidí de Larry Murphy, Bertie Ahern, An Casaoideach Óg, Seánie Fitzpatrick srl. inár measc ag scrios agus ag réabadh mar is mian leo.  Dochar thar cuimse á dhéanamh acu mar níl ciall nó mearbhall acu ar an bhfuath agus sceon a chothaíonn siad i gcroíthe an phobail.  Is dócha gur cuma leo.  Tá na drúgaí, an tsaint, an máchaill intinne, máchaill morálta nó pé rud é i ndiaidh iad a dhallú.  Tá na daoine seo briste.  Thóg sé triocha bhliain nó níos mó iad a bhriseadh agus dár liom féin is obair na nglún cúrsaí a chur ina gceart leo agus lena leithéidí.  Níos faide fós b'fhéidir, mura bhfuil comhaontas ann ar conas go mba chóir tús a chur fiú ar mheitheal ár leasa.

Ar deireadh níl sna daoine seo ach púcaí.  Púcaí a chuireadh eagla ar pháistí tráth dá raibh, nuair a cheapadh gur maith an rud é páistí a smachtú le sceon, bagairt agus eagla.  Ar nós Keyser Söze na gCoirpeach sa scannán cáiliúil.  Dár ndóigh tá siad beagáinín níos scanrúil ná sin, mar go bhfuileadar inár measc, seachas inár scéalta.  In ainneoin an scanradh seo áfach, caithfimid marachtáil leo, agus sin m'ábhair buairte inniu.  Tá na bastúin seo inár measc.  Caithfimid ár saolta, ár gceantair, ár mbailte a roinnt leo.  Ach cad is féidir a dhéanamh ar a son?  Cad is féidir a dhéanamh leo?  Cad is féidir a dhéanamh fúthu?

Níl meas na muice agam orthusan a screadfadh "Crochtar iad agus caith uainn an t-eochar!" mar níl ansin ach freagra gan smaoineamh ar cheist nach féidir a réiteach gan é.  Ach má aithním amaideacht an bhfreagra sin, nílim ag maíomh go bhfuil freagra níos fearr de mo chuid féin agam.  N'fheadar an leor imeacht i bhfolach inár dtithe ag cuardach an Idirlín do cheamaraí ciorcaid dhúnta ag braith orthu muid a choiméad slán ó na púcaí?
Witches in the wood,
Trees soaked in blood,
Larry Murphy, Larry Murphy,
Up to no good.
 Dár ndóigh is beag is fiú ceamaraí i gcoinne bréaga agus mailís Ahern agus Seánie.
* Dár ndóigh ní Casaoideach an fear úd in aon chor.  Tá cearta fós aige, fiú má aithneodh éinne ó mo bhaile cé faoina bhfuil mé ag caint.

2.9.11

Ní leor an Tramadol.

Táim i gruachás le cúpla lá anuas le pian uafásach i mo dhroim de bharr rud éigin a tharraingt agus mé ag rothaíocht. De bhrí gur fear mé, lean mé liom gan cuairt ar thabhairt ar dochtúir go dtí go raibh deacrachtaí agam le siúl fiú.

I ndeireadh na dála dúradh liom fanacht sa leaba ar feadh na deireadh seachtaine agus tugadh Tramdol dom.  Caithfidh mé a admháil go bhfuilim beagáinín 'ar mesice' leis ach ní leor é chun ainnis an chluiche 'peile' idir Éire agus Slovakia a fhulaingt.  OMD tá Éire náireach.  An é go gceapann siad gur le Dún na nGall atáid ag imirt?

Ar ais arís.

Ní hé gur stad mé ag blagadóireacht, ach lá amháin thug mé fá ndeara nach raibh aon rud scríofa agam le seachtain nó dhó.  Lá eile thug mé fá ndeara nach raibh aon rud scríofa agam le mí nó dhó. I ndiaidh bearna mar sin, shíl mé gur b'fhearr rud éigin ciallmhar nó cliste a bheith le rá agam sular thosaigh mé arís.  Ach níl fós, in ainneoin an aiséirí seo.  Feicfimid amach anseo an leanfaidh mé leis ar chor ar bith ach ar a laghad caithfidh mé lá nó dhó ag léamh na blaganna ar a rinne mé staonadh orthu ar feadh an tsamhraidh.  Is dócha go mbeidh dóthain ábhair spreagadh iontu chun mé a tharraingt isteach arís i gcomhluadar na nGael ar an nGréasán.

25.4.11

Mise Éire.



Mise Éire:
Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.

Mór mo ghlóir:
Mé a rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a máthair.

Mise Éire:
Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.

 Pádraic Mac Piarais.

17.4.11

Fear lasta lampaí.

Táim fós i mbun ullmhú do scrúdaithe agus iarracht á dhéanamh agam dul i ngleic le fhilíocht Ghaeilge na linne seo.  Tá sé náireach dom a thuiscint an méid a bhfuil dearmadta agam ina leith le blianta fada anois agus níl sé chomh éasca teacht aniar air arís, gan na leabhair scoile agus múinteoirí cróga a bhíodh agam mar ghríosadh chun oibre.

Ar aon nós, táim im' aonair anois, gan ach an idirlíon iomlán mar chuidiú dom.

'Séard atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná cleachtadh a dhéanamh ar dánta ainfheicthe a mheas.  Dé ghnáth bíonn na dánta seo réasúnta simplí (páistiúil fiú) mar is dócha go mbeadh sé beagaínín crua 'Cúirt an Mhean Oíche' a chaitheamh amach ar na mac léinn bochta, gan coinne acu leis.

Mar chleachtadh mar sin, seo an dán a chonaic mé ar maidin agus faoina bhun an míniú atá agam air.  Cad a cheapann sibh - an bhfuil ciall ar bith lena bhfaca mé ann? Nó an bhfuil mé ag cuardú brí nach bhfuil ann? 

Fear Lasta Lampaí

Ní raibh sé mór an fear,
Níor dheas a bhí ach gránna
Is cóip an bhaile mhóir,
Ag fonóid faoi gan náire.
Ach ghluais gan mhairg fós
Is ar chuallí chuaigh in airde.
Ba dhraíodóir an fear beag,
A raibh solas ina ghlaic,
É ag tabhairt na gile leis,
Ó lampa go lampa sráide.

le Máirtín Ó Díreáin.

'Séard atá sa dán sei ná plé ar ról an fhile san sochaí.  Is dóha gur siombal dó féin and fear lasta lampa.
Ní raibh sé mór an fear,
Níor dheas a bhí ach gránna.
Tá a fhios againn gurb fhathach d'fhear an Díreánaigh agus is féidir a ghlacadh nach bhfuil sna líntee seo ach cur i gcéill, nó soieft fileata, chun ábhar an dáin a cheilt orainn, sa tús ar aon nós.

Feictear ansin slua an bhaile mhóir, scata mhór páistí neamhthuisceannacha ag magadh faoin bhfile bocht agus é i mbun a chéirde agus is dócha go seasann an slua seo don phobail i gcoitinne, nach bhfuil meas acu ar an fhiliíocht nó ar na healaíonta eile.
D'ainneoin an magadh maslach, leanann and fear lasta lampaí leis "gan mhairg" agus is ansin a nochtaítear an mheas atá ag an bhfile dó
Ba dhraíodóir an fear beag,
A raibh solas ina ghlaic,
Dár ndóigh is ghách don solas a úsáid mar siombal don eolas nó don léann agus léirítear tábhacht obair an fhile trí é a chur i gcomparáid le scaipeadh solais.  D'fhéadfá a rá freisin gurb é cúis rí rá an tslua ná go dtuigtear dóibh go bhfuil draíocht ag baint le hobair an fhir, cé nach dtuigeann siad an obair féin agus nach téama uilíoch é seo i measc na n-ealaíontóirí?

12.4.11

Laoch ár Linne.



An céad chéim leathchéad ó shin.

26.3.11

Ár nÓige.

Tá mé i mbun ullmhúcháin do scrúdaithe fé láthair, ualach nár iompraíos le seacht mbliana déag nó mar sin anuas agus caithfidh mé a admháil nach éasca an rud a leithéid a dhéanamh nuair atá taithí chuige caillte.  Cabhraíonn sé áfach, go bhfuil suim éigin in ábhair na scrúdaithe agam, rud nach raibh i gcónaí fíor agus mé ar scoil agus nach mbíonn fíor fós do dhaltaí an lae inniu, is dócha.

Áis iontach an idirlíon dár ndóigh chun taighde a dhéanamh agus tuairimíocht a léamh agus a phlé ach tá cathú ann freisin na uaireanta a mheilt ag scimeáil ó shuíomh go suíomh díreach mar atá déanta inniu agam.  Aoibhinn beatha an scoláire ach ní nuair atá scrúdaithe ag bagairt.

Filíocht an Díreánaigh atá faoi chaibidil inniu agam agus seo an dán is fearr liom uaidh.  Tá sé fós de ghlan mheabhair agam ó léas i dtús é, don Ardteist is dócha, cé nach cuimhin liom cathain ar fhoghlaim mé é.
Má deirid leat do chairde gur siolla den ghaoth trí fhál,
An siolla a chloisir de ghnáth ar bhóthair Bhaile an Cláir,
Nó lámh le Rathún na gCnámh, 
Ná géill feasta dá ráite, 'sí ár nÓige í go dearfa,
Ag éamh ar fud na háite.
Cad a cheapann sibh?  Cad iad téamaí, siombail, íomhánna agus meafair an rainn seo?  An é go bhfuil mé ag crowdsourceáil freagraí samplacha de cheisteanna scrúdaithe? Cinnte dearfa sin atá ar siúl agam!

18.3.11

Lá saoire?

Tá mé sa bhaile le m'iníon is óige inniu.  Tá na stumpaí leanaí eile ar scoil cé go raibh lá saoire le bheith acu ach tá a scoileanna ag iarraidh laethanta a cailleadh de bharr an sneachta a fháilt ar ais.  Ar aon nós, tá mé in ainm is a bheith ag staidéar ach níl faic ar siúl agam seachas túíteáil, blogáil agus surfáil.

Dár ndóigh caithfidh mé gach mian an pháiste a fhreastal chomh maith.
Is ait iad mianta mo pháiste.

An Pharáid. Náire nó Gáire?

Seo roinnt pictiúir a thógas inné ag an bParáid sa bhaile s'againnse.
Sean charr.
 
 Carr níos sine arís.

Cad é sin go díreach?  Seo íomhá eile de.
 Níl sé soiléir cén baint atá aige le Lá 'le Pádraig áfach.
 Cumann drámaíochta ag fógraíocht seó nua atá acu.
 Sean lorraí.
 Sean lorraí eile.

 Sean tarracóir.
Nua-tarracóir.
 
Lucht na dTarracóiri.
An léiriú is mí-oiriúnaí dá bhfaca mé riamh.


Beagáinín aisteach mar sin féin.  N'fheadar cad a cheap lucht leanta FF faoin gceann seo?  Tá a leithéidí fós san bhaile seo.

Ineall tochailt? Cad sa tSioc?
 
 Fearr gléasta mar phionta mór Guinness, nó Beamish b'fhéidir.
Ceann eile mí-oiriúnach.  Limo ollmhór bán dearg le chomhatha an stríopachais air. Agus cailín óg ann. Tá an cuma air go bhfuil mé i mo chónaí ar Craggy Island.

16.3.11

Fukushima

Tá sé deacair a chuimhniú anois ar conas a d'fhoghlaim muid faoi thubhaist Chernobyl tráth dá raibh, ach dár ndóigh ní raibh na áiseanna chéanna againn i dtaobh na meáin agus cinnte ní raibh an réimse céanna d'fhoinsí againn chun cabhrú linn dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Tá an íomhá thíos scanrúil amach is amach.  Ar dheis tá imoibreoir #1, an chéad ceann a phléasc agus a chur an focal ait 'fukushima' i mbéal an domhain cúpla lá ó shin.  Tá imoibreoir #3 scriosta go talún ach ní nach ionadh i ndiaidh an fhíseán a chraoladh ar fud na cruinne ag léiriú and dara pléascadh. Féach ar imoibreoir #4 in aice leis!

Fukushima Dai-chi.  Íomhá ó Digital Globe www.digitalglobe.com



Dár le tuairiscí, ní raibh an t-imoibreoir seo in  úsáid fiú nuair a tháinig an tonn agus de réir dealramh is é an easpa cumhacht chun an breosla 'caite' a fhuarú is cúis leis an scrios a rinneadh air.  Tarlaíonn sé go gcoimeádtar breosla caite sna bhfoirgnimh chéanna leis na mblianta agus cé nach bhfuil maitheas iontu a thuilleadh mar bhreosla don imoibreoir féin, caitheann siad amach fuinneamh gan stad ar feadh na mblianta agus muna ndéantar rud éigin chun an farrasbar teasa seo a fhuarú ...

Tá sé ró-luath fós a rá cé chomh dona is atá an tubaist seo.  Tá na hudaráis sa tSeapáin ag rá nach gá a bheith buartha ach tá rialtais na Fraince i ndiaidh comhairle a eisiúnt dá saoránaigh an tír a fhágáil.  Tá rialtas Mheiriceá ag rá nár chóir fanacht i gcongaireacht 80km don áit agus dár le rialtas Shasana ní chóir fanacht ó thuaidh de Tokyo ar chor ar bith.  Cad faoi muintir na Seapáine bochta atá arís thíos le mhíúsáid eolaíochta núicléiche? Cá dteithfidh siad?

Is dócha gurb é seo buile marfach na muice ar fheachtas Ed Walsh agus a chomhghleacaithe chun go mbainfimid triail as an gcóras amaideach seo uisce a fhiuchadh.  Más fíor nach féidir forbairt a dhéanamh ar shochaí chaipitileach gan ghinniúint núicléach, caithfimid ceistiú a dhéanamh ansin ar fhiúntas na 'forbartha' seo.  An fiú an baol? 

11.3.11

Ní bréag go bolscaireacht.

Caithfidh mé a admháil nach gcorraíonn ceol Bruce Springsteen me in aon chor - n'fheadar an bhfuil mé ró-óg a bheith tógtha leis?  Fós féin ní fhéadfainn a shéanadh go bhfuil tionchar mhór aige ar chultúr ár linne agus aithnítear a cheol ar fud na háite.  Anocht agus mé ag leanúint an t-uafás sa tSeapáin, bhíos ag breathnú ar na cainéil 'nuachta' atá á seoladh ag Sky chugainn ar €30 in aghaidh na míosa, chuimhnigh mé ar an t-amhrán seo.

Ní minic a bhreathnaím ar na cainéil sin ach nuair a bhíonn tarlúint mór mar a bhí againn inniu bíonn sé suimiúil súil a chaitheamh mór thimpeall na cruinne chun an scéal a fheiceáil mar a thuigtear do rialtais an domhain é.  Inniu dár ndóigh bhíodar don mórchuid ar aon ghuth.  Tubaist uafásach ar mhuintir bochta na Seapáine agus gan milleán ar bith le dáileadh ar éinne seachas b'fhéidir Allah nó Dia nó ...

Má bhreathnaíonn tú ar na cainéil seo de ghnáth ní fheicfear ach bolscaireacht bacach ó leithéidí Press TV ón Iaráin, CCTV ón tSín, FOX ó SAM, Sky ó Shasana, France 24 ón Fhrainc, NDTV ón Ind agus an ceann is fearr liom féin, RT ón Rúis.  Bíonn an 'nuacht' seo chomh trédhearcach aon-taobhach go gcuireadh sé ag gáire thú.  De ghnáth bhíonn an 'claonadh' atá acu ar an scéal chomh soiléir sin is go gcaithfear a ceistiú cé go díreach a cheapann siad atá an dalla mullóg á chur acu orthu?

Ag smaoineamh ar cainéil eile ar nós Bloomberg nó MSNBC nach bhfuil rialtais ina mbun, tá claonadh chomh maith le sonrú iontu - táid i bhfábhar an chaipitileachais agus nua-liobrálachas agus níl tú chun éinne a shéanann an mím sin a fheiceáil orthu riamh.  Cad faoi Al jazeera mar sin?  Cad é an scéal leo?  Dár leis na Meiriceánaigh is ionann Al Jazeera agus Al Qaeda ach ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor.  Cé nach bhfuil sé soiléir domsa cé ar leo an scéal atá á insint acu - ní mór a bheith fiosrach faireach ar eagla go slogfaí siar scéal nó leath-scéal nó leithscéal lag éigin i ngan fhios.

Amantaí is féidir fírinne scéil a thuar trí dhá taobh a chlosint.  Má cheapann FOX go bhfuil an dubh ina bhán, gach seans go gceapann Press TV go bhfuil an bán ina dhubh agus is féidir a bheith cinnte ansin de go bhfuil an fhírinne liath tríd is tríd. 

Ach ag magadh faoi iarrachtaí aisteach na n-eachtrannach an dalla mullóg a chur orainn smaoinimis ar ár gcláir 'nuachta' féin.  Nach bhfuil RTÉ gach pioc chomh claonta le BBC agus FOX agus Press TV agus an t-aon fáth go ndeántar dearmad ar sin ná go bhfuil sé imithe i bhfeidhm orainn ionas nach ndéantar é a cheistiú leath chomh minic agus ba chóir?

Ach inniu is dócha go bhfuil an fhírinne chomh soiléir sin do chách agus nach bhfuil (fós) buntaiste le baint ag éinne ón dtragóid gur féidir a bhraith orthu uile a chlaí leis an nuacht lom.  An rud is annamh is iontach.

8.3.11

Púca Tí?

Cad sa tSioc?  Sin a cheapas an chéad uair a chonaic mé atá sa phictiúr thíos.


Deacair a thuiscint cad a bhí ar siúl ach ní raibh éinne eile ann ag an t-am seachas an madra agus ní raibh sí chun scéal a insint dom, maith nó olc.  Chuireas an seastán ar ais ina áit ar an gcúntar agus chuireas páipéar nua ann.  Níor smaoinigh mé arís air go dtí gur tharla sé arís cúpla lá ina dhiaidh sin.  An uair seo, ní raibh an seastán follamh ach bhí páipéar fós ann.  D'iarr mé 'uirthi féin' an ndearna sí é, ach ní dhearna, nó má rinne, níl sí á admháil. Mistéir cheart.

Tá sé i ndiaidh a tharlú arís díreach anois agus arís níl aon páipéar chistin ann.  Cad a cheapann sibh?  An bhfuil púca sa teach againn?

5.3.11

Tá an phobail i ndiaidh labhairt ... na bastaird!

Sin deireadh na toghchanaíochta ar feadh cúpla mí ar a laghad. Beidh an rialtas nua slán go dtí go dtagann an teipeadh tubaisteacht atá i ndán dúinn amach anseo agus ansin scriosfar na sean-pháirtithe uile, nó iadsan a ghlacann ról san fheall atá á déanamh ar mhuintir na hÉireann faoi láthair.

Ach sula bhogaimid ar aghaidh, caithimis súil siar ar a tharla an tseachtain seo caite.  An rud is aistigh a tharla anseo i gCill Mhantáin i rith agus i ndiaidh an comhaireamh fadálach sna Clocha Liath ná nuair a d'íbríodh an Rósiteach ón iomaíocht - bhí gáir áthais agus bualadh bos le chloisint sa halla.  Do sheinn an stáisiúin áitiúil an giota sin arís agus arís eile agus murach an fuath dearg atá agam do bhodach úd, bheadh trua agam dó agus an masla a léiríodh dó.  Dár ndóigh i ndiadh a dhíbirt d'iarr sé ar athchomhaireamh, rud nár shuí ró-mhaith le héinne sa halla.  Seo a dúradh faoi:
If Dick didn't like the cheers that greeted his elimination, wait till he hears what happens the second time he's eliminated.
Agus sin go díreach mar a thit cúrsaí amach.  Seo físeán* den olagán nuair a d'íbríodh don dara uair é.
ASG.

Is trua nach raibh an Róisteach ann áfach chun go bhfeiceadh sé an meas atá ag muintir Chill Mhantáin air, ach níorbh é an Róisteach amháin a raibh díomá air áfach - cháin dhá iarrathóir eile an phobail go géar.

Dár le Tom Fortune ón LO, bhí an milleán go hiomlán ar mhuintir a cheantair dhúchais féin nár thug an tacaíocht a bhí ag dul dó, in ainneoin gach rud a bhí déanta aige dóibh. Cé mhéad adhlacthaí atá an creatúr bocht seo i ndiaidh a bheith i láthair acu, cuid acu do dhaoine nach raibh fiú aithne aige orthu? Na meirligh míbhuíoch marbha!

Bhí gearán eile ag Gerry Kinsella ó Fís Nua.  Dár leis níl macántacht ag muintir Chill Mhantáin, go háirithe in iarthar an chontae, mar gur dúradh leis arís 's arís eile go raibh siad chun vótaí a thabhairt dó, ach sa deireadh ní bhfuair sé ach 20 uathu. Ní bheidh sé sásta iarracht a dhéanamh arís de bharr na bodaigh na mbréag a chur i gcéill go raibh siad chun vóta a thabhairt dó ach nach ndearna.


 Tá dearca an bheirt seo aisteach, ach go háirithe Tomás an Áidh, mar tá gach cosúlacht air go bhfuil sé ar intinn aige leanúint leis ag tiomáint bóithre uaigneacha an chontae ina Mherc ollmhór i mbun oibre Sheamais Uí Chongaile a shíl gurb é cúis na hÉireann cúis an lucht oibre agus cúis an lucht oibre cúis na hÉireann.   Cad is cúis le Tomás an mhí-áidh agus a locht oibre mar sin?

Toghchán díomach mar sin i gCill Mhantáin agus is léir go mbeidh ar an phobail iarracht níos fearr a dhéanamh amach anseo má táimid ag iarraidh go mbeadh leithéidí Tom, Dick & Gerry sásta a n-ainmneacha a chur ós ár gcomhair.

Chuir Aonghus Brecht i gcuimhne dúinn le déanaí

*Físeán tógtha ag Eamon Harbison: https://www.facebook.com/video/video.php?v=10150113856233205

25.2.11

Lá na cinniúna.

Amárach an lá mar sin.

Tá na léinte gorma chun an fód a sheasamh arís i gcoinne an tsean-namhad.  Tá gach cosúlacht go mbeirfidh siad an bua ach is minic roimhe seo gur theip orthu fiú nuair a cheap an saol mór go raibh leo.  Feicfimid amárach an bhfuileadar ar deireadh réidh chun ualach an bua a iompar le dínit agus dúthracht.  Mar dhuine atá i ndiaidh iad a leanúint leis na blianta anois, táim amhrasach fós go mbeidh meangadh orthu tráthnóna amárach ach feicfimid.

Feicfimid.

Anocht is féidir fós a bheith dóchasach, dóchasach fiú in aghaidh taithí crúalach na mblianta.  Dóchasach go bhfuil fáinne geal an lae romhainn amach, dóchasach go dtiocfaidh samhradh agus go bhfásfaidh féar, go dtiocfaidh duilliúir ar bharr na gcraobh.

Feicfimid.

Léinte Gorma Abú!


Áth Cliath Abú!

Daonlathas soghluaiste.

Sula dtógann sibh an bád bán, bain triail as an t-eitleán bán.

24.2.11