16.3.11

Fukushima

Tá sé deacair a chuimhniú anois ar conas a d'fhoghlaim muid faoi thubhaist Chernobyl tráth dá raibh, ach dár ndóigh ní raibh na áiseanna chéanna againn i dtaobh na meáin agus cinnte ní raibh an réimse céanna d'fhoinsí againn chun cabhrú linn dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Tá an íomhá thíos scanrúil amach is amach.  Ar dheis tá imoibreoir #1, an chéad ceann a phléasc agus a chur an focal ait 'fukushima' i mbéal an domhain cúpla lá ó shin.  Tá imoibreoir #3 scriosta go talún ach ní nach ionadh i ndiaidh an fhíseán a chraoladh ar fud na cruinne ag léiriú and dara pléascadh. Féach ar imoibreoir #4 in aice leis!

Fukushima Dai-chi.  Íomhá ó Digital Globe www.digitalglobe.com



Dár le tuairiscí, ní raibh an t-imoibreoir seo in  úsáid fiú nuair a tháinig an tonn agus de réir dealramh is é an easpa cumhacht chun an breosla 'caite' a fhuarú is cúis leis an scrios a rinneadh air.  Tarlaíonn sé go gcoimeádtar breosla caite sna bhfoirgnimh chéanna leis na mblianta agus cé nach bhfuil maitheas iontu a thuilleadh mar bhreosla don imoibreoir féin, caitheann siad amach fuinneamh gan stad ar feadh na mblianta agus muna ndéantar rud éigin chun an farrasbar teasa seo a fhuarú ...

Tá sé ró-luath fós a rá cé chomh dona is atá an tubaist seo.  Tá na hudaráis sa tSeapáin ag rá nach gá a bheith buartha ach tá rialtais na Fraince i ndiaidh comhairle a eisiúnt dá saoránaigh an tír a fhágáil.  Tá rialtas Mheiriceá ag rá nár chóir fanacht i gcongaireacht 80km don áit agus dár le rialtas Shasana ní chóir fanacht ó thuaidh de Tokyo ar chor ar bith.  Cad faoi muintir na Seapáine bochta atá arís thíos le mhíúsáid eolaíochta núicléiche? Cá dteithfidh siad?

Is dócha gurb é seo buile marfach na muice ar fheachtas Ed Walsh agus a chomhghleacaithe chun go mbainfimid triail as an gcóras amaideach seo uisce a fhiuchadh.  Más fíor nach féidir forbairt a dhéanamh ar shochaí chaipitileach gan ghinniúint núicléach, caithfimid ceistiú a dhéanamh ansin ar fhiúntas na 'forbartha' seo.  An fiú an baol? 

1 comment:

  1. Ba é nós na Seapánach riamh, cuid dá gcultúr, gan aon rud míthaitneamhach a admháil gan fiacail a chur ann. Tá rudaí go dona thall ansin, agus is deacair a chreidiúint anois nach mbeidh ollchliseadh ann roimh i bhfad. Séard atá ag teastáil uathu anois ná róbait... nó scuad kamikaze.

    ReplyDelete