31.1.09

Bású Baile.

Dár ndóigh tá scrios scanrach na scarmhargaidh tar éis imeacht i bhfeidhm ar chuile cúinne den tír. Tógadh an íomhá thíos maidin inniú ar phríomhsráid an Baile ina gcónaímid. Drochscéal pé scéal é, ach níl an siopa seo oscailte ach le sé mí nó mar sin. Is i bhfoirgneamh nua-thógtha atá sé lonnaithe, le h-árasáin follamha ós a chionn.Tá níos mó na 2,500 daoine ar an ndól sa bhaile bheag chéanna, tuairim is 25% den meitheal oibre áitiúil. Tá'n baile lán le hEastáit Phúcacha. Seo h-í oidhreacht Sheáiní Fitz agus a chairde. Seo h-é toradh ar blianta fada Fhianna Fáil.

Bás Baile Bheag.

29.1.09

Scrios ar an scarmhargadh.

The state of play - as watched over by our central banker and new financial regulator:

Gach buíochas go What Goes Up & An Biorán.

28.1.09

Leath maith tús na h-oibre.

Sin a dúradh linn agus muid ag leath am i gcluichí peile don scoil. A bhí mar bhrí air (is dócha) ná cé go rabhamar chun cinn ansin, bhí obair chrua ós ár gcomhair fós. Tá Córais Óibriúcháin athraithe agam arís agus arís eile agus déanaim dearmad i gcónaí nach bhfuil ceann scríbe sroichte in aon chor go dtí go bhfuil chuile rud in n-órd arís. Ní leor mar sin an scáileán álainn seo:


Ní féidir liom DVDs a fheiscint. Níl an flashplayer sa bhrabhsálaí ag obair. Níl ceol le cloisint.

Mar thosach áfach caithfidh mé an ábhar cúltacaithe a athlódáil. Níl mórán le rá faoi seo ach gur thóg sé cúpla uair a chloig Dé Domhnaigh. Sular thosaigh mé d'iarr an Chóras orm ar mhaith liom na tiománaithe srianta a bhí ar fáil a úsáid? 'Sea. D'iarr sé orm mo rúnfhocail. Mo rúnfhocal féin áfach, ní rúnfhocal root. Rud a chur i gcuimhne dom nach raibh gá ar bith le rúnfhocal root a shocrú agus an Córas á shuiteáil! Caithfidh go raibh an coincheap root ag kubuntu chomh maith le chuile *nix eile? Bhí, ach an modh a úsáideann kubuntu ná sudo a úsáid nuair is gá údarás a fháilt rud éigin tábhachtach (nó contúirteach) a dhéanamh. Ní mar sin a rinne opensuse an bheart, ach táim imithe i dtaithí ar an athrú anois.

Chuir sé rud éigin eile in iúil dom - caithfidh mé na úsáideoirí eile a chruthú. Cá bhfuil YaST? Níl YaST ann. D'aimsigh mé kUser fé dheireadh agus chruthaigh me cúntaisí do chách (root san áireamh). Conas go ndéanfaidh mé firefox 7rl a shuiteáil gan YaST? Mar a duairt na bastardaibh tráth
A lot done, more to do

25.1.09

Tús maith

Aréir, faoi dheireadh, dheineas díbirt ar SuSE ón ríomhaire. kubuntu anois atá agam agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuma agus cruth álainn air. Dár ndóigh tógfaidh sé cúpla lá ar a laghad chuile rud a chur ar ais ina n-ord ach de bhrí go bhfuil an bun obair déanta anois agam, seo dhaoibh trácht (céim ar chéim) ar a bhfuil agam go dtí seo.

An chéad rud ná an DVD a chur sa tiomantán agus an ríomhaire a aththosáil. Cuimhnigh mé fresin an ord bútála a athrú chun go mbútáilfear uaidh. I ndiaidh leath nóiméad no mar sin tháinig roghchlár suas ar an scáileán ag iarradh orm teanga a roghnú. Ní raibh Gaeilge ann mar rogha áfach, ach seans mhaith ann go mbeidh ar a laghad teanga amháin ann a thuigeann formhór agaibh. ;-)

Agus teanga roghnaithe agam bhrú mé 'Iontráil' chun leanúint ar aghaidh.

Is ansin a thiteas i bpoll an chéad fhadhb. Tar éis líon bheag soicind bhíos ag breathnú ar an scáiléan seo:

Tá a leithéid de thruailliú feicthe cheana agam agus córais á suitéail agam. Is minic nach mbíonn na tiománaithe cearta ag an chóras ó thús. Cad le déanamh?

D'aththosaigh mé an ríomhaire ach n t-am seo nuair a tugadh roghchlár na dteangacha dom, níor roghnaigh mé aon rud agus bhrú mé 'Esc' agus faoi bhun an roghchlár nochtaíodh an clár seo:
Tar éis scanradh an BSOD (a bhí bándearg do mórchuid), theastaigh uaim a bheith cinnte go raibh diosca ghlan agam agus roghnaigh mé 'Check CD for defects'. Thóg sé leathuair nó mar sin a chinntiú nach raibh fadhb ar bith leis an diosca.

Is ansin a roghnaigh mé 'Install kubuntu'.

An chéad rogha a thugadh dom ná leagan amach an méarchlár. Agus leagan amach Gaeilge roghnaithe agam bhí fo-rogha eile agam. ClóGaelach nó Ogham. Ogham! Déanfaidh mé fiosrúchán ar sin amach anseo ach bhíos sásta ClóGaelach a roghnú mar thús.

Ansin d'iarradh orm conas na cruadhioscaí a leagan amach. D'aithníodh na deighilt a bhí ann agus d'úsáid mé an leagan amach cheanna, ach amháin gur sainigh mé deighit nua (/spare) chun iomlán an dara diosca a úsáid. Bhíos cúramach gan cur isteach ar bith a dhéanamh ar na deighilt Fuinneogacha.

Ar deireadh ceistíodh dom an raibh mé réigh an córas a suitéail. Bhíos. Thóg sé níos mó ná uair a chloig an céim seo a chríochnú. Seo a bhí le fesicint i rith an uair sin:I ndiaidh sin thosaigh an córas. D'iontráil mé m'aitheantas úsáideora agus rúnfhocal agus bhíos ansin ar mhuin na muice!

Bhí lár na h-oíche sroichthe ansin agam agus bheartaigh mé chríochnú anseo. An céim dheireannach ná cinntiú go raibh an córas Fuinneoga fós ag obair chun nach mbeadh leá feirge ag an bhfear beag dá n-éiríodh sé ar maidin gan youtube ann dhó!

Fillfidh mé ar seo níos déanaí ach tá leath na h-oibre déanta anois agam.

22.1.09

Scarmhargadh.

Má chloiseann tú bréagadóir ag maigh nach bhfuil de chúis ar fhadhbanna an gheilleagar in Éirinn ach fadhbhanna idirnáisiúnta (go h-áirithe i rannóg tithíochta SAM) agus gur beag is féidir a dhéanamh faoi go dtí go dtagann feabhas ar choinníollacha thar lear, ceistigh cén fáth go bhfuil an titim marfach ar scarmhargadh Átha Chliath le dhá bhliain anuas dhá oiread chomh dona le titim i scarmhargaí Nua Eabhrac?



Níl scaranna agam féin, ná pinsin ach oiread, ach fós, is cúis imní dom go bhfuil an tóin ag titim as geilleagar na tíre agus níl faic na ngrást á dhéanamh ag an rialtas faoi. Níleadar fiú sásta a ghlacadh leis gurb iadsan agus a gcairde i mBaile an Bhriotaigh is cúis lenar gcruachás. Mo seacht mhallacht oraibh a bhastardaibh dhubha. Tá bhur lá ag teacht.

17.1.09

Ard Scoláire!

Tús maith leath na h-oibre.

15.1.09

Ag Éisteacht leis an tSreang

Níl a fhios agam cár chualas faoin tSreang i dtús. Bhí a fhios agam go raibh sé ar TG4 (is dócha go bhfacthas fógraí) ach níor bhreathnaigh mé air riamh ansin. An trácht is luath a chuimhníonn orm ná anseo, ar bhlag nach bacaim leis a thuilleadh.
Thar an Nollaig chuaigh mé chuig xtravision le mala lán de chluichí don Nintendo DS nach n-imríonn na páistí leo níos mó (ná h-abair focal!) agus thugadar €40 dom dóibh. Is annamh a cheannaím DVDs ach chonaic mé Séasúr a hAon ann agus ag cuimhniú ar a chuala mé faoi cheana, cheannaigh mé é.

Is clár iontach é. Tá'n scríobhnóireacht gan sárú. Tá'n greann fíor dhorcha ach greannmhar fós. Ed Burns ceann dos na scríbhneoirí agus is léir go bhfuil an-dúil aige dá oidhreacht Ghaelach. Go luath sa sraith bhí dhá Cop ann a bhí tugtha don ól , leisciúil agus gan maitheas ar bith nár cuireadh ar an gcás ach chun iad a dhíbirt ó pé roinn a bhíodar ann roimhe. Mar a dheireann Lieutentant Daniels:
"I don't have a designated driver between them"
LOL. Ach cén ainm a bhí ar an dá bhodach úd?

Polk & Mahone!

N'fheadar an bhfuil 'in-jokes' eile ann i dteangacha eile nach dtuigim?

Le coicís anuas 'sé an freagra chéanna chuile oíche ar an gceist "an bhfuil aon rud ar an dteilifís anocht". Níl ach gearán amháin agam agus is é sin gur fíor deacair gan ach clár amháin a fheiscint in aghaidh an oíche. Tá Séasúr a hAon feicthe ina iomláine anois (laistigh de choicís!) agus aréir d'fhilleas ar xtravision chun Seasúr a Dó a cheannach.

Tá díolachán ar siúl acu fé láthair agus is féidir séasúr a cheannach ar €34 . Is margadh iontach é sin - cosnaíonn siad seasca euro fiú ar líne.

Fillfidh mé ar an tsraith breá seo arís a cháirde, b'fhéidir chun aiste cheart a scríobh air théamanna doimhin a phléitear sa chlár, ach níl am agam é a dhéanamh anois, tá clár maith ar an dteilifís anocht nach dteastaíonn uaim cailliúint ...

14.1.09

MMR

Dár ndóigh, tá sé tugtha fé ndeara agaibh nach bhfuil mórán le rá anseo agam faoin uathachais go dtí seo. Ní hé go bhfuil eagla orm an ábhar chonspóideach a phlé ach gur theastaigh uaim beagáinín taithí a ghnóthú ar an meán roimh greim a bhaint as an chnámh spairne. Inniú thógas m'iníon chuig an dochtúir chun an instealladh MMR a fháilt. Mar a luaigh mé cheana, tá beagnach trí bhliain d'aois bainte amach aici, ach bhí imní orainn roimh an MMR agus an córas imdhíonadh go ginearálta.

Tá lán d'fhios againn faoin taighde a léiríonn nach bhfuil ceangailt ar bith idir an MMR agus an t-uathachais. Níl dabht ar bith againn ach oiread faoi éifeacht agus tábhacht an chórais imdhíonadh chun sláinte phoiblí a chosaint agus a chaomhnú.

Chomh maith le sin, d'fháthmheasadh mo mhac le h-uathachais sula bhfuair sé an instealladh MMR. Nílim cinnte a thuilleadh ach tá seans ann gur chuir muid an MMR ar an méar fada (ar an MMR fada!) ag an am, de bharr buaireamh a bhí orainn ag an am i dtaobh easpa forbartha an bhfear beag.

Tá roinnt daoine nach nglacann leis an taighde thuas. Tá roinnt eile a cheapann gur b'é Thimerosal (comhdhúil mhearcair) príomhchúis an uathachais. Níleamar ina measc.

Ach fós, fós ...

Cad faoin féidearthacht gurb é an méid mearcair iomlán a ghlacann páiste thar tréimhse an 13 mí a moltar an chóras imdhíonadh iomlán a dhéanamh cúis an uathachais? Níl taighde ann fós a léiríonn gur fíor seo, ach níl taighde ann ach oiread a léiríonn nach fíor. Cad faoin féidearthacht gur fíor seo ach amháin i bpáistí a bhfuil togracht géiniteach acu don uathachais? Dár ndóigh, agus mac againn le h-uathachas bhí ábhar imní againn i dtaobh oidhreacht ghéiniteach ár gcailín is óige.

Faoi dheireadh, an cinneadh a rinneadh ná an córas imdhíonadh a leanadh ach é a dhéanamh thar tréimhse i bhfad níos faide agus na instealltaí éagsúla a scaipeadh amach chomh fada agus a b'fhéidir.

Mar shampla, ar an chlár a bhí á leanúint againn bhí dhá instealltaí le tabhairt ag aois dhá mhí, ceithre mhí agus arís ag sé mhí. B'shin iad an DTaP/IPV/Hib (5 in 1) agus an Men C. 'Séard a rinneamar ná instealladh Tetravac (4 in 1) a thógaint in áit an '5 in 1' ag aois dhá, ceithre agus ocht mhí déag agus an Hib agus Men C ag aois tríocha mhí.

Sa deireadh thiar thall is inniú á chríochnaíomar an chláir agus cúig mí is tríocha bainte amach aici. Níl rian den uathachais le sonrú fós agus beag seans anois go mbeidh.

Caithfidh mé moladh a thabhairt dár dochtúirí a bhí tuisceanach dár mbuairimh agus cé gur cinnte gur cheapadar go raibheamar gealtach sláinte ár leanbh a chur i mbaol tré an imdhíonadh a moilliú, níor chuireadar brú riamh orainn an cúrsa a bhrostú. Maith sibh!

Cén comhairle a thabharfainn do thuimitheoirí leanaí óga measc mo léitheoirí? Mura bhfuil uathachas ar bith i bhúr gclann lean comhairle na n-údaráis. Má tá, déanaigí bhur taighde féin agus tógaigí bhur rogha féin.

13.1.09

Cúrsa Timpill gan chiall.

Íomhánna níos soiléire den amaidíocht ar an N11:
Cad chuige a n-íocfaimid an cáin bhóthair agus é á chur amú ar a leithéidí? Ag tabhairt na samplaí thuas fé ndeara cad a thárlaíonn má thagann tú orthu lá éigin atá an N11 dúnta. Tá dhá treo á thaispeáint acu! Cén ceann a thógfaí?

12.1.09

Comharthaí ar an N11.

Nó, chun a bheith níos cruinne faoi, ar na cúlbhóithre mórthimpeall an N11 ó Bhrí Chualainn go dtí an tInbhear Mór agus chuile áit eatarthu. I gcásanna ar bhóithre nach bheifeá sásta beithígh a thiomáint orthu, gan trácht ar ... bhuel, trácht.

Cuireadh in airde iad i rith Mí na Nollaig agus tá formhór acu clúdaithe mar seo a fheiceann sibh thuas. Mo leithscéal as ucht na droch íomhánna sa phost seo - tógadh ar cheamara-fón ón charr iad. (Tá'n cuma air go raibh an carr ag glusaiseacht ag an am, ach ní raibh!) Má tá am amárach agam déanfaidh mé iarracht samplaí níos fearr a bhailiú.

Tá corr cheann gan clúdach agus is soiléir gur iarracht oifigiúil atá ann. Níl sé soiléir ón pictiúir seo, ach glacaigí leis, ní comharthaí sealadacha iad. "Cúrsa Timpill N11 DETOUR" atá scríofa orthu agus suaitheantas na nGardaí leis.

N'fheadar cad atá ar siúl?

An é go bhfuil siad ann mar phionós ar Joe Behan? Nó b'fhéidir go bhfuileadar chun an N11 a dhúnadh mura nglactar le Conradh Lisbon II? Níl na mínithe seo leath chomh seafóideach leis a míniú a thug comhairle an chontae anseo!

11.1.09

Ar ais arís.

Bhuel, níor éirigh ró-mhaith liom thar an Nollaig an bosca a aththógáil. Dhá fáth ar seo:
  1. Nach ait an rud é go mbímid níos gnóthaí agus muid ar saoire ná nuair atáimid ag obair?
  2. An diabhal 100GB sin.
Is cuimhin liom smaoineamh liom féin cúpla bliain ó shin agus an gléas seo á cheannach agam nach leor 4.7GB agus b'fhearr an cúpla €uro breise a chaitheamh chun go mbeadh mé in ann dioscaí 8.5GB a scríobh. Cad chuige a mbeadh gá le níos mó ná sin? Fiú leis na dioscaí dúbalta, tá sé deacair cúltacú a dhéanamh ar an líon seo de aonanna agus náideanna. 'Séard atá de dhíth orm ná diosca seachtrach. An bhfuil moltaí agaibh cén ceann is fearr?

Tá'n cúltacú déanta anois, buíochas le hAllah, agus anocht, tabhairfidh mé aghaidh ar kUbuntu.