Showing posts with label sreang. Show all posts
Showing posts with label sreang. Show all posts

10.5.09

Mol an Óige

Tá an ceathrú sraith den Sreang feicthe anois againn agus níos dorchaí arís atá an scéal imithe. Is ar na scoileanna is mó atá an sraith seo dírithe agus cuirtear carachtair nua inár láthair, scoláirí óga don mórchuid, cé gur coimeádtar an leanúnachas le a thit amach sna trí sraith roimhe.

Tá na ceithre carachtair is suntasaí ar an tús-chlúdach thuas: Namond, Michael, Randy & Dukie. Gan an scéal a scriosadh daoibh is leor a rá go léirítear cruálacht saoil na ógánaigh seo agus i rith na sraithe is chun donas don mórchuid a n-imíonn cúrsaí. I ndiaidh an fulaingt agus an bás atá feicthe go dtí seo againn is dócha gur dúshlán mór dos na scíbhneoirí é tuilleadh déistin a chothú faoi chathair Bhaltimore. Is dúshlán a sháraítear é. Feictear dúinn go bhfuil an córas oideachas truaillithe chomh maith leis na Póilíní le riail dhubh na staitisticí. Chomh maith le chuile rud eile sa chathair mallaithe seo, is iad an cosmuintir is mó is thíos le seo: múinteoirí agus páistí, go h-áirithe na páistí. Bás an dóchais atá le sonrú anseo.

Is beag a fheicimid sa sraith seo den Ultach atá ina chónaí anois le Beadie agus ag obair mar ghnáth cop ar uaireanta rialta. Is cosúil nach bhfuil an greim daingean ag an t-ól a thuilleadh air agus tuigtear dúinn go bhfuil a sheana-réicíocht curtha uaidh. Maith an fear!

Níl ach sraith amháin eile le feiceáil anois againn. An leanfaidh le árdchaighdéan an scéalaíocht? Fan go bhfeicimid.

1.4.09

Leath bhealach síos an tSreang

Bhí George Hook ar Newstalk lá nó dhó ó shin ag caint faoi "The Wire" agus ní raibh ach ard moladh aige agus a chomhghleacaithe dhó. Cúis a gcómhrá ná tús Sraith a hAon ar BBC2 (blianta fada i ndiaidh TG4 - is fíor mar sin a dheirtear: ní thárlaíonn aon rud go dtí go dtárlaíonn sé as Béarla.)

Aontaím leo, dár ndóigh, agus sraith a trí críochnaithe againn thar an deireadh seachtaine. Ag macnamh faoi cheapas nach raibh an triú sraith chomh snasta leis sraith a hAon nó sraith a Dó. B'fhéidir an fadhb a bhí leis ná nach scéal úr nua ann féin a bhí ann ar nós an chéad dhá sraith. Leanúint ar scéal an chéad sraith a bhí ann i ndáiríre ach agus mé ag smaoineamh siar air bhí sé deacair gan cuimhneamh ar na seoide a bhí ann mar sin féin.

Mar a dhúirt mé cheana, is léir go bhfuil meas mór ag na scríbhneoirí ar a n-oidhreacht Éireannach agus seo dhaoibh ceann de na radhairc is fearr liom.




... sharing a dark corner of the American experiment.

Thar barr!

4.2.09

Banfhuath an tSreang.

Tá séasúr a dó feicthe anois againn. Maíonn mo bhean (nó maíonn go maíonn) go bhfuil fothshruth láidir den bhanfhuath le sonrú ann. Mar shampla (dár léi), níl pearsa tréan dearfach baineann ar bith sna scéalta. Ní aontaím in aon chor léi. Tá Kima ann. Cop cróga láidir a bhfuil i bhfad níos cumasaí ná formhór des na amadáin mórthimpeall uirthi. Cruthú ar bhanfhuath an chláir dár léi féin é seo - an t-aon bean údarásach atá ann is leispiach í. D'fhéadfaí frith-aerachas a chuir i leith an dearcadh seo dár liom.

Cé nach léirítear mná an Ultaigh; a bhean (Elena), an Dlíodóir (Rhonda Pearlman) agus Beadie mar oinsigh, tá an cuma air go bhfuileadar uile dall agus gan ciall i dtaobh réicíocht Jimmy féin.
Tá'n téama an éifeacht a bhíonn ag eagrachtaí ar dhaoine láidir arís ann. Feicimid an scrios a dhéanann an dílseacht atá ag lucht an cheardchummain orthú, maraon le droch éifeacht an BPD agus sliocht Barksdale ar na Cops agus ar na díoltóirí drugaí. Tá sé deacair gan comhbhrón a mhothú nuair a thárlaíonn na tubaistí éagsúla dóibh uile. Ní cops'n'robbers é seo.

Níl mo bhean róchinnte go bhfuil an dara séasúr chomh maith is a bhí an chéad ceann ach tá sé tugtha fé ndeara agam gur bhreathnaigh sí ar chuile chlár. ;-)

15.1.09

Ag Éisteacht leis an tSreang

Níl a fhios agam cár chualas faoin tSreang i dtús. Bhí a fhios agam go raibh sé ar TG4 (is dócha go bhfacthas fógraí) ach níor bhreathnaigh mé air riamh ansin. An trácht is luath a chuimhníonn orm ná anseo, ar bhlag nach bacaim leis a thuilleadh.
Thar an Nollaig chuaigh mé chuig xtravision le mala lán de chluichí don Nintendo DS nach n-imríonn na páistí leo níos mó (ná h-abair focal!) agus thugadar €40 dom dóibh. Is annamh a cheannaím DVDs ach chonaic mé Séasúr a hAon ann agus ag cuimhniú ar a chuala mé faoi cheana, cheannaigh mé é.

Is clár iontach é. Tá'n scríobhnóireacht gan sárú. Tá'n greann fíor dhorcha ach greannmhar fós. Ed Burns ceann dos na scríbhneoirí agus is léir go bhfuil an-dúil aige dá oidhreacht Ghaelach. Go luath sa sraith bhí dhá Cop ann a bhí tugtha don ól , leisciúil agus gan maitheas ar bith nár cuireadh ar an gcás ach chun iad a dhíbirt ó pé roinn a bhíodar ann roimhe. Mar a dheireann Lieutentant Daniels:
"I don't have a designated driver between them"
LOL. Ach cén ainm a bhí ar an dá bhodach úd?

Polk & Mahone!

N'fheadar an bhfuil 'in-jokes' eile ann i dteangacha eile nach dtuigim?

Le coicís anuas 'sé an freagra chéanna chuile oíche ar an gceist "an bhfuil aon rud ar an dteilifís anocht". Níl ach gearán amháin agam agus is é sin gur fíor deacair gan ach clár amháin a fheiscint in aghaidh an oíche. Tá Séasúr a hAon feicthe ina iomláine anois (laistigh de choicís!) agus aréir d'fhilleas ar xtravision chun Seasúr a Dó a cheannach.

Tá díolachán ar siúl acu fé láthair agus is féidir séasúr a cheannach ar €34 . Is margadh iontach é sin - cosnaíonn siad seasca euro fiú ar líne.

Fillfidh mé ar an tsraith breá seo arís a cháirde, b'fhéidir chun aiste cheart a scríobh air théamanna doimhin a phléitear sa chlár, ach níl am agam é a dhéanamh anois, tá clár maith ar an dteilifís anocht nach dteastaíonn uaim cailliúint ...