Is cuimhin liom sna 70aí agus sna h80aí nuair a mheas na hudaráis ó dheas go raibh dúshlán eiseach díreach a thabhairt ag Gluaiseacht na Poblachta don stát. Cé go raibh tuiscint ghinearálta ann nach raibh na hÓglaigh chun ionsaithe a dhéanamh i gcoinne airm nó seirbhísí slándála an stáit mar a rinneadar ó thuaidh agus i Sasana, mhaigh na hudaráis abhus go raibh sé mar aidhm ag na Poblachtaigh stáit an 26 chontae a bhriseadh mar chuid dá bhfeachtas Poblacht Sóisialach 32 chontae a bhunú.
Caithfear a admháil, i mo thuairimse, go raibh rian den fhírinne sa mhaíomh sin. Maraíodh saighdiúirí agus Gardaí ag Óglaigh i gcaitheamh an chogaidh. Shéan na Poblachtaigh dlistineacht an stáit agus dhiúltaigh siad le hudarás an Dála i dTeach Laighin. Níor aithin siad udarás na gcúirteanna agus chaith roinnt Poblachtaigh blianta faoi ghabháil mar nach rabhadar sásta glacadh le riail de facto nó de jure an Saorstát, mar a ghlaoití air. In ainneoin orduithe seasta an tIRA gan dúshlán míleata a thabhairt don 26 chontae ba chosúil go raibh Stát Poblachtach rúnda á rith ag Gluaiseacht na Poblachta, a ghlac uirthi féin oidhreacht pholaitiúil Poblacht na Cásca, 1916. Mhaolaigh an seasamh seo thar na blianta, agus faoi lár na h80daí bhí Sinn Féin sásta dul i mbun feachtasaíocht toghchánaíochta (ó thuaidh agus ó dheas) agus ghlacadar leis go bhféadfaí an Phoblacht a bhaint amach, le boscaí vótála i lámh amháin agus Armalite sa lámh eile.
Níor mhaolaigh freagra an Stáit do Ghluaiseacht na Poblachta go dtí i bhfad níos déanaí áfach, agus fiú i lár na 90daí agus an Próiseas Síochána faoi lán seoil, ba ghnáth rud é don Bhrainse ó dheas a bheith ag ciapadh gnáth bhaill Shinn Féin agus fiú gníomhaithe tofa de chuid an pháirtí. Bhí cinsireacht láidir frith-Phoblachtach i bhfeidhm ó dheas, mar a bhí ó thuaidh freisin. Cé nach raibh buíonta dúnmharfóirí ag dul timpeall ag marú Poblachtaigh mar a bhí ó thuaidh, ba léir gur rinneadh neamhaird ar ghníomhú fhórsaí Shasana sna 26 contae ó am go chéile. Glacadh leis go raibh ról ar leith ag na húdaráis ó dheas tacú, go pointe áirithe, leis na húdaráis ó thuaidh agus iad ag iarraidh na Poblachtaigh a choimeád faoi chois.
Fiú inniu, tá rianta den bhfreagra seo ar dhúshlán na bPoblachtach d'údarás an stáit fós sa reachtaíocht, sa Chúirt Choiriúil Speisialta ach go háirithe, in ainneoin an cáineadh a dhéanann leithéidí Amnesty International, ICCL agus an UNCHR uirthi.
Is sa chomhthéacs seo gur chóir freagra an stáit do dhúshlán na bhFaisisteach a mheas. Nuair a aithníonn ár stát baol eiseach (bíodh sé ann nó ná bíodh) tá sé lán-ábalta cumhacht iomlán an dlí, cumhacht an stáit an dlí sin a athrú agus fiú cumhacht lom an stáit neamhaird a dhéanamh ar an dlí nuair a mheastar gá a bheith ann, a úsáid le dul i ngleic go fíochmhar leis an mbaol aitheanta.
Ní tar éis eachtra uafásach an Déardaoin seo caite i gCearnóg Parnell a phreab na faisistigh as an talamh. Tá siad ag tógáil diaidh ar ndiadh leis na blianta. Tá siad á n-éagrú féin go hoscailte fud fad na tíre ag cruinnithe phobail, ag agóidí lasmuigh de lárionad teifigh agus dar ndóigh ag agóidí frith-vacsaín & frith-srianta i rith na paindéime. Tá siad ag eagrú feachtas imeagluithe i gcoinne na leabharlann anois ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil aon leabhair ar fáil atá dearfach nó tacúil ar shlí ar bith dár chomhshaoránaigh IADT+
Tá siad ag spreagadh agus ag gríosadh a chéile ar-líne ar facebook, X, telegram agus a leithéidí le fada an lá anois. Tá fuath agus bréaga á scaipeadh acu ar na meáin sóisialta uilig agus tá cumas léirithe acu splanc a chur le h-aon brosna le nimh agus fuath a chur in inchinní an aos óig chun imeaglú agus foréigin a imirt ar éinne nach nglacann lena ndearcthaí seafóideacha.
Mar a tharlaíonn tá formhór na comhlachtaí seo lonnaithe in Éirinn agus tá tionchar ar leith againn mar sin brú a chur orthu na faisistigh seo a aithint agus a ainmniú le go bhféadfaí an dlí a chur orthu. Tá ainmneacha Andy Heasmann, Ross Lahive, Justin Barrett, Gearóid Murphy, Rowan Croft, Derek Blighe agus roinnt eile luaite sách minic sna meáin agus sna meáin sóisialta anois go n-aithnítear iad mar cheannairí ar an mbuíon brocach seo.
Tá a fhios againn cé hiad. Tá a fhios againn cad atá uathu. Tá sé feicthe arís is arís eile ar fud an domhain cad a tharlaíonn nuair a ligtear dá leithéidí eagrú in aon tír daonlathach. Ba chur amú ama iomlán é díriú ar na hamadáin áitiúila a d'imir scrios
ar shráideanna na hardcathrach an tseachtain seo. Ní hiadsan an fhadhb, cé gur gá freagra a thabhairt orthu freisin.
Ag cluichí peile i bPáirc an Chrócaigh be comharthaí ollmhóra 'Irish Lives Matter' ar fud na háite agus bhí siad le feiceáil ar an Déardaoin freisin. Níl sé seo inghlactha. Níl aon saoirse cainte dlite ag faisistigh. Dúntar a bpusa.
Tá sé in am do na Gardaí dul ina ndiaidh anois. An bhfuil fonn ar Drew Harris tabhairt faoin ndúshlán? Nó an bhfuil an iomarca taithí aige a bheith ag obair le faisistigh ó thuaidh nach n-aithníonn sé mar bhaol iad fiú?
No comments:
Post a Comment