24.10.11

Fearann bán ... síolta i ndán

Fearann nua agam do mo chúinne-sa den idirlíon - uathachas.ie 

Fearann bán atá ann go fóill áfach, gan ann ach naisc chun blag agus mo charnán beag de túiteanna.  Amach anseo déanfaidh mé iarracht air é a threabhadh agus b'fhéidir go mbeidh barraíocht iontach agam ann amach anseo.

Rud a chuireann parabal an tsíoladóra i gcuimhne dom ...


Man! (mar a dheireadh na hipithe tráth) ... cad a bhíodh á caitheamh ag Íosa?

13.10.11

Leasaithe?

Cuireann leasú athrú chun feabhais in iúl domsa ar aon nós, ach ag éisteacht le hIar Bhreitheamh Bryan McMahon tá sé deacair a chreidiúnt go bhfuil sé ar intinn an rialtais an leasú atá fógartha i leith tuarastail na mbreithúna a chur ós ár gcómhair sa bhfoirm ina bhfuil sé faoi láthair.  Cé go bhfuil dualgas ar an mBreitheamh McMahon a bheith neodrach ar an scéal bhí sé cuíosach soiléir domsa ag éisteacht leis ar maidin nach raibh mórán meas aige ar an leasú áirithe seo.  Agus ní nach ionadh!

Pé amadán a dhreachtaigh an ráiméis éiginnte, míshoiléir, róchasta seo ba chóir é a bhriseadh óna phost.  Bheinn ag súil le tuilleadh díograis ó dhaltaí bunscoile.  Dár ndóigh ní dhéanfaí a leithéid, ach a mhalairt: is dócha gur 'thuill' sé nó sí na mílte euro as ucht a lag-iarracht.

Dár ndóigh is i mBéarla amháin a phléadh an leasú seo ar maidin agus níl aon amhras go bhfuil dhá peaca marfacha ar a laghad sna focail Béarla ach bhíos fiosrach fós ar an leagan Ghaeilge a bheadh acu, mar, mar is eol do chách, is ag an leagan Gaeilge atá an tosaíocht, má tharlaíonn sé riamh go n-airítear éagsúlacht ar bith idir bhrí sa Sacs-Bhéarla agus briathra binne ár dteanga dúchasach.

Isteach liom mar sin ar shuíomh An Choimisiúin Reifrinn chun an leagan Gaeilge a scrúdú agus tá na deacraíochtaí ceannan céanna ann. 

35 5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastail breithiúna an fad is bheidh in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
35 5 2° Tá tuarastail breithiúna faoi réir ag forchur cánacha, tobhach nó muirear eile a fhorchuirtear de réir an dlí ar dhaoine go ginearálta nó ar dhaoine is le haicme áirithe iad.
35 5 3° I gcás, roimh achtachán an ailt seo nó tar éis é a achtú, go ndearnadh laghduithe nó go ndéantar laghduithe de réir dlí ar thuarastail daoine is le haicmí daoine iad a n-íoctar a dtuarastail as airgead poiblí agus nuair a shonraítear le dlí den sórt sin go bhfuil na laghduithe sin chun leasa an phobail, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin de réir dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar thuarastail breithiúna.

Cén fáth sa tsioc a bhfuil an tagairt ann do aicmí áirithe?  Cén fáth an éiginnteacht seo?  Cén fáth nach rabhadar in ann é a fhágaint le daoine go ginearálta?  Cad iad na aicmí seo agus conas a n-aithneofá iad?  Protastúnaigh?  Giúdaigh?  Imircigh?  

An dara deacracht a d'aithin an Breitheamh McMahon ná'n focal 'comhréireacha'. B'fhéidir go mbeadh an gnáth tuiscint ag formhór againn ar seo sa chaoi is gur an comhréir 1:1 atá i gceist, ach ní sin a dheireann sé.  B'fhéidir gur an comhréir 1:20 atá i gceist.  N'fheadar?

Dár liom, nuair atá bunreacht i gceist, ní chóir go mbeadh éiginnteacht ann agus ní chóir go mbeadh a mhalairt de bhrí ar na briathra.  Mar is sna tuiscint malartacha seo a 'thuillfear' na milliúin amach anseo le dlíodóirí ag argóint i measc a chéile.

Ní fhéadfainn tacú leis na 'leasaithe' seo ar aon nós.  Ach i ndáiríre tá sé scanallach go bhfuil an tseafóid seo á bhrú nuair atá an tír ag titim as a chéile agus míle rud eile gur fearr a bheith ag díriú orthu.

Seo a tharlaíonn nuair nach bhfuil innealtóirí i bhfeighil.