9.9.23

Dáilcheantar nua máguaird.

Tá am tógtha anois ag polaiteoirí an bhaile seo againne machnamh a dhéanamh ar an dtírdhreach nua, i ndiaidh na hathruithe a fógraíodh an tseachtain seo caite.  Is dócha go gcaithfí a admháil gur freagra diúltach atá acu ar an mhórchuid, agus is dócha nach raibh muintir Ghuaire ró-shásta faoi ach oiread. 

Tá an éagothromaíocht i ndaonra an dá chontae tugtha fá ndeara acu (b'fhéidir gur léigh siad mo bhlag?) agus, dar leis an Wicklow People, ní mó ná sásta atá siad faoi.

Leathanach clúdaigh an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 le cinnlínte a mhaíonn 'Local cllrs set to lose out in Wexford merge'

Mar a mheas mé féin, is léir go bhfuil buntáiste ag iomaitheoirí ó dheas sa chomórtas atá le teacht agus measann siad nach mbeidh TD tofa san Inbhear Mór anois dá bharr.  B'fhéidir gur fíor seo ach ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na athbhreithnithe seo - ní raibh na sean-leaideanna san Inbhear Mór in ann iad féin a eagrú TD a thoghadh le céad bliain anuas.

Tosnaíonn an scéal le comhairleoir de chuid FF ag geonaíl faoin mbob atá buailte ag an gcoimisiúin ar chosmhuintir bhochta an Inbhir Mhóir agus leanann an scéal ar aghaidh ar an dóigh sin ar iompú an leathanaigh le ochón agus ochón ó le cloisteáil ó cheathrar de chuid Fhianna Fáil, agus neamhspleáchaí amháin, Miriam Murphy.

Taobh thiar den gol ar fad, scaoileann an comhairleoir Pat Fitz leis an fhírinne áfach ...

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil polaiteoirí de chuid Fhianna Fáil ag gearán faoin ndáilcheantar nua

I think it's going to be extremely difficult to get a Fianna Fáil TD in our area, to be quite honest

Ní ionracas go Fianna Fáil dar ndóigh agus seo fíorchúis a n-olagón ar fad.  Mar is gnáth, is cuma sa tsioc leo faoin mbaile nó faoin gceantar máguaird mura féidir leo iad féin a bhrú chun cinn. Deacair gan sásamh a bhaint as a míshuaimheas, ach cuireann an t-alt ar an gcéad leathanach eile an dlaoi mhullaigh ar fad air.

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil ríméad ar Fhine Gael faoin ndáilcheantar nua
Tá ríméad ar Sylvester pé scéal é agus measaim go bhfuil an ceart ar fad aige.  Má thoghann Guaire Malcolm Byrne (ach b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag Malcolm bocht laistigh dá pháirtí féin) agus Fionntán Ó Súilleabháin, bheadh deacracht acu iomaitheoir eile as Fhine Gael a sheoladh thar an líne.  Bheadh sé ciallmhar dos na léinte gorma duine éigin as Cill Mhantáin a bhrú chun tosaigh, agus cá bhfios nach an Búrcach féin a roghnófar?

Táim fós ag fanacht ar anailís nua de chuid https://irishelectionprojections.com/ agus measaim go mbeidh an-suim ag gach éinne sa dáilcheantar nua ann freisin.

3.9.23

Tuarascáil Athbhreithnithe na dToghcheantar 2023

D'fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin a dtuairisc an tseachtain seo leis na hathruithe a mholtar a chur i bhfeidhm sna dáilcheantair éagsúla d'ollthoghchán na bliana seo chugainn a chur fé bhráid an phobail.  Bhí na polaiteoirí ar fad ar chipíní ag feitheamh ar an dtuairisc seo agus ní nach ionadh. 

Athruithe móra a moladh ar deireadh agus caithfidh na hiomaitheoirí agus na páirtithe polaitiúla na seachtainí romhainn ag cíoradh na ceiste móire - cé ar chóir iad a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn mar ullmhúcháin ar an olltoghchán a thiocfaidh sé mhí nó mar sin níos déanaí?   Tá Teachtaí Dála agus Comhlairleoirí Contae anois ann le croíphobail tacaíochta nach mbeidh sa dáilcheantar inar toghadh iad a thuilleadh agus beidh orthu cinneadh a dhéanamh anois faoin ngort is fearr dóibh a threabhadh roimh dul os comhair an phobail arís.

Is anseo i gCill Mhantáin tá conspóid mhór ann mar go bhfuil an dáilcheantar le scaradh.  Cúig shuíochán a bhí i gCill Mhantáin agus seo mar a dháileadh na suíocháin in olltoghchán 2020. Tá tuaisceart an chontae, ó bhaile Chill Mhantáin aneas le fanacht mar Chill Mhantáin, ach caillfear suíochán amháin.  Fágfaidh seo cúigear TD ag troid don cheithre shuíochán. Is díol suntais é go bhfuil gach duine den chúigear lonnaithe i dtuaisceart an chontae, i mBrí Chualann agus sna Clocha Liath.   Baol ar bith mar sin go ndéanfadh cailleadh an deiscirt aon dochar dóibh, ach amháin ó thaobh aistrithe ó iomaitheoirí eile sna comhairimh déanaí.

Fiú anois, is féidir a thuar go bhfuil John Brady agus Simon Harris slán.  Bhí geal le cúóta go leith ag Brady leis féin i 2020 agus níos mó ná sin arís ag Fine Gael, cé gur roinn siad thar triúr é.  Más rud é gur bhotún Shinn Féin é gan beirt a rith i 2020, ba bhotún tubaisteach é d'Fhine Gael triúr a rith.  Is féidir talamh, bhuel, slán,  a dhéanamh de go bhfuil Matthews marbh.  Bhí níos lú na leathchúóta aige i 2020 agus bhraith sé ar bharraíocht ollmhór Brady (ar shlí amháin nó ar shlí eile) é a thabhairt slán.  Deacair a chreidiúint go mbeidh vótaí ar chlé ag dul chuig na Glasaigh an babhta seo.  Fágann sin Donnelly, an tAire Sláinte, agus Whitmore SD ar chóir a bheith san iomaíocht do shuíocháin 3 & 4.

Tá deacracht ar leith ag Donnelly áfach.  Tá ré tubaisteach caite aige mar Áire Sláinte.  Tá droch chlú air go háitiúil ar aon nós tar éis aistriú go Fianna Fáil ó na SD agus i ndáiríre, le níos lú na leathchúóta aige i 2020, ní raibh seans ar bith aige an Dáil a bhaint amach murach aistrithe óna chomhghleacaí Pat Casey a tharraing isteach vótaí traidisiúnta iarghulta Fhianna Fáil ó dheisceart an chontae.  Ach an babhta seo, ní bheidh na vótaí sin ann chun é a shábháil.  

Cé mar sin a thógfaidh an ceathrú suíochán?  Beidh Donnelly san iomaíocht cinnte, b'fhéidir fiú Matthews, agus cinnte d'fhéadfadh ceachtar den bheirt acu a bheith fágtha mar an bacach deireanach ag seasamh.  Measaim áfach go gcuirfidh Sinn Féin agus Fine Gael an dara chapall sa rás.  Beidh cúóta go leith acu, nó níos fearr ná sin fiú ag Sinn Féin agus measaim go mbeidh beirt as Baile Chill Mhantáin ann chun troid ar son an suíochán deireanach le Matthews agus Donnelly.  Bheifeá ag ceapadh go mbeadh an buntáiste ag Sinn Féin i bhfianaise an ghaoth atá ina seolta le dhá bhliain anuas, ach neosfaidh an aimsir.

I ndeisceart an Chontae, tá dáilcheantar úr-nua cruthaithe, Cill Mhantáin - Loch Garman.  Trí shuíochán a bheidh ar fáil anseo agus deacair aon toradh eile a fheiceáil ach ceann amháin don trí pháirtí is mó, Sinn Féin, Fine Gael agus Fianna Fáil.  Tá sé ina chnámh spairne le fada an lá san Inbhear Mór áfach nach mbíonn teachta i nDáil Éireann riamh acu.  Deacair an locht a chur air éinne seachas muintir an bhaile féin atá sásta leanúint leo ag vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael ar nós nár chríochnaigh na hoctódaí riamh.

Dar ndóigh níl dóthain acu ann a chinntiú go mbeadh suíochán ag ceachtar den dá pháirtí sin san Inbhear Mór, agus measaim nach gcuideoidh an dáilcheantar nua lena chás ar aon chor.  Cé go bhfuil cuma réasúnta cothrom ar an ndáilcheantar nua, roinnte idir an dá chontae agus le Guaire agus an tInbhear Mór mar lárionaid daonra, tá beagnach 50k ina gcónaí ar thaobh Charmanach an dáilcheantair, agus gan ach 36k nó mar sin ar an dtaobh Mantánach.  Measaim go mbeadh buntáiste ag iomaitheoirí bunaithe i nGuaire agus mar sin bheinn ag súil le Malcolm Byrne do Fhianna Fáil agus Fionntán Ó Súilleabháin do Shinn Féin a bheith ina suí sa 34ú Dáil.  Cad as a dtiocfaidh an tríú suíochán ar chóir a bheith i gcolún Fhine Gael?

Beidh deacracht ag aon iomaitheoir i nGuaire vótaí a mhealladh ó Chill Mhantáin agus aon iomaitheoir san Inbhear Mór vótaí a mhealladh ó Guaire.  An t-aon fáth nach gcuirfidh seo isteach ar Shinn Féin ná go mbeidh siad ar chúóta ar aon nós.  Sáróidh Byrne d'Fhianna Fáil an deacracht seo mar go bhfuil tromlach an dáilcheantair i Loch Garman, agus gur seanadóir agus iar-TD é le seasamh náisiúnta.  Ní féidir an rud céanna a rá faoi aon iomaitheoir d'Fhine Gael áfach agus ní féidir a thuar mar sin cé a bhainfeas an tríú suíochán.

Mo thuar mar sin.

Cill Mhantáin: SF-2, FG-1, SD-1

Cill Mhantáin-Loch Garman: SF-1, FF-1, FG-1.

Beidh 14 TD sa bhreis tar éis an olltoghchán rud a thabharfaidh go 174 líon na TD agus rud a chiallaíonn gur 87 an uimhir draíochta amach anseo le rialtas a chur le chéile.  Tá dhá shuíomh ar leith a bheidh an-suim agam iontu sna seachtainí romhainn.  Déanann an Irish Polling Indicator scagadh ar na pobailbhreitheanna ar fad ag iarraidh leibhéil tacaíochta na bpáirtithe uilig a mheas agus a leanúint.  Beidh sé suimiúil tionchar athbhreithiú na ndáilcheantar sna pobailbhreitheanna a fheiceáil. Déanann Irish Elections Projection iarracht na leibhéil tacaíochta seo a chlaochlú go suíocháin Dála agus os rud é go n-úsáideann sé na toghcheantair áitiúla seachas na dáilcheantair ba chóir go mbeadh an córas sin in ann cruth an chéad Dáil eile a thuar in ainneoin na hathruithe ar fad.

Na bíodh amhras ar bith ar éinne, thosaigh olltoghchán 2024 an tseachtain seo.