3.9.23

Tuarascáil Athbhreithnithe na dToghcheantar 2023

D'fhoilsigh An Coimisiún Toghcháin a dtuairisc an tseachtain seo leis na hathruithe a mholtar a chur i bhfeidhm sna dáilcheantair éagsúla d'ollthoghchán na bliana seo chugainn a chur fé bhráid an phobail.  Bhí na polaiteoirí ar fad ar chipíní ag feitheamh ar an dtuairisc seo agus ní nach ionadh. 

Athruithe móra a moladh ar deireadh agus caithfidh na hiomaitheoirí agus na páirtithe polaitiúla na seachtainí romhainn ag cíoradh na ceiste móire - cé ar chóir iad a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn mar ullmhúcháin ar an olltoghchán a thiocfaidh sé mhí nó mar sin níos déanaí?   Tá Teachtaí Dála agus Comhlairleoirí Contae anois ann le croíphobail tacaíochta nach mbeidh sa dáilcheantar inar toghadh iad a thuilleadh agus beidh orthu cinneadh a dhéanamh anois faoin ngort is fearr dóibh a threabhadh roimh dul os comhair an phobail arís.

Is anseo i gCill Mhantáin tá conspóid mhór ann mar go bhfuil an dáilcheantar le scaradh.  Cúig shuíochán a bhí i gCill Mhantáin agus seo mar a dháileadh na suíocháin in olltoghchán 2020. Tá tuaisceart an chontae, ó bhaile Chill Mhantáin aneas le fanacht mar Chill Mhantáin, ach caillfear suíochán amháin.  Fágfaidh seo cúigear TD ag troid don cheithre shuíochán. Is díol suntais é go bhfuil gach duine den chúigear lonnaithe i dtuaisceart an chontae, i mBrí Chualann agus sna Clocha Liath.   Baol ar bith mar sin go ndéanfadh cailleadh an deiscirt aon dochar dóibh, ach amháin ó thaobh aistrithe ó iomaitheoirí eile sna comhairimh déanaí.

Fiú anois, is féidir a thuar go bhfuil John Brady agus Simon Harris slán.  Bhí geal le cúóta go leith ag Brady leis féin i 2020 agus níos mó ná sin arís ag Fine Gael, cé gur roinn siad thar triúr é.  Más rud é gur bhotún Shinn Féin é gan beirt a rith i 2020, ba bhotún tubaisteach é d'Fhine Gael triúr a rith.  Is féidir talamh, bhuel, slán,  a dhéanamh de go bhfuil Matthews marbh.  Bhí níos lú na leathchúóta aige i 2020 agus bhraith sé ar bharraíocht ollmhór Brady (ar shlí amháin nó ar shlí eile) é a thabhairt slán.  Deacair a chreidiúint go mbeidh vótaí ar chlé ag dul chuig na Glasaigh an babhta seo.  Fágann sin Donnelly, an tAire Sláinte, agus Whitmore SD ar chóir a bheith san iomaíocht do shuíocháin 3 & 4.

Tá deacracht ar leith ag Donnelly áfach.  Tá ré tubaisteach caite aige mar Áire Sláinte.  Tá droch chlú air go háitiúil ar aon nós tar éis aistriú go Fianna Fáil ó na SD agus i ndáiríre, le níos lú na leathchúóta aige i 2020, ní raibh seans ar bith aige an Dáil a bhaint amach murach aistrithe óna chomhghleacaí Pat Casey a tharraing isteach vótaí traidisiúnta iarghulta Fhianna Fáil ó dheisceart an chontae.  Ach an babhta seo, ní bheidh na vótaí sin ann chun é a shábháil.  

Cé mar sin a thógfaidh an ceathrú suíochán?  Beidh Donnelly san iomaíocht cinnte, b'fhéidir fiú Matthews, agus cinnte d'fhéadfadh ceachtar den bheirt acu a bheith fágtha mar an bacach deireanach ag seasamh.  Measaim áfach go gcuirfidh Sinn Féin agus Fine Gael an dara chapall sa rás.  Beidh cúóta go leith acu, nó níos fearr ná sin fiú ag Sinn Féin agus measaim go mbeidh beirt as Baile Chill Mhantáin ann chun troid ar son an suíochán deireanach le Matthews agus Donnelly.  Bheifeá ag ceapadh go mbeadh an buntáiste ag Sinn Féin i bhfianaise an ghaoth atá ina seolta le dhá bhliain anuas, ach neosfaidh an aimsir.

I ndeisceart an Chontae, tá dáilcheantar úr-nua cruthaithe, Cill Mhantáin - Loch Garman.  Trí shuíochán a bheidh ar fáil anseo agus deacair aon toradh eile a fheiceáil ach ceann amháin don trí pháirtí is mó, Sinn Féin, Fine Gael agus Fianna Fáil.  Tá sé ina chnámh spairne le fada an lá san Inbhear Mór áfach nach mbíonn teachta i nDáil Éireann riamh acu.  Deacair an locht a chur air éinne seachas muintir an bhaile féin atá sásta leanúint leo ag vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael ar nós nár chríochnaigh na hoctódaí riamh.

Dar ndóigh níl dóthain acu ann a chinntiú go mbeadh suíochán ag ceachtar den dá pháirtí sin san Inbhear Mór, agus measaim nach gcuideoidh an dáilcheantar nua lena chás ar aon chor.  Cé go bhfuil cuma réasúnta cothrom ar an ndáilcheantar nua, roinnte idir an dá chontae agus le Guaire agus an tInbhear Mór mar lárionaid daonra, tá beagnach 50k ina gcónaí ar thaobh Charmanach an dáilcheantair, agus gan ach 36k nó mar sin ar an dtaobh Mantánach.  Measaim go mbeadh buntáiste ag iomaitheoirí bunaithe i nGuaire agus mar sin bheinn ag súil le Malcolm Byrne do Fhianna Fáil agus Fionntán Ó Súilleabháin do Shinn Féin a bheith ina suí sa 34ú Dáil.  Cad as a dtiocfaidh an tríú suíochán ar chóir a bheith i gcolún Fhine Gael?

Beidh deacracht ag aon iomaitheoir i nGuaire vótaí a mhealladh ó Chill Mhantáin agus aon iomaitheoir san Inbhear Mór vótaí a mhealladh ó Guaire.  An t-aon fáth nach gcuirfidh seo isteach ar Shinn Féin ná go mbeidh siad ar chúóta ar aon nós.  Sáróidh Byrne d'Fhianna Fáil an deacracht seo mar go bhfuil tromlach an dáilcheantair i Loch Garman, agus gur seanadóir agus iar-TD é le seasamh náisiúnta.  Ní féidir an rud céanna a rá faoi aon iomaitheoir d'Fhine Gael áfach agus ní féidir a thuar mar sin cé a bhainfeas an tríú suíochán.

Mo thuar mar sin.

Cill Mhantáin: SF-2, FG-1, SD-1

Cill Mhantáin-Loch Garman: SF-1, FF-1, FG-1.

Beidh 14 TD sa bhreis tar éis an olltoghchán rud a thabharfaidh go 174 líon na TD agus rud a chiallaíonn gur 87 an uimhir draíochta amach anseo le rialtas a chur le chéile.  Tá dhá shuíomh ar leith a bheidh an-suim agam iontu sna seachtainí romhainn.  Déanann an Irish Polling Indicator scagadh ar na pobailbhreitheanna ar fad ag iarraidh leibhéil tacaíochta na bpáirtithe uilig a mheas agus a leanúint.  Beidh sé suimiúil tionchar athbhreithiú na ndáilcheantar sna pobailbhreitheanna a fheiceáil. Déanann Irish Elections Projection iarracht na leibhéil tacaíochta seo a chlaochlú go suíocháin Dála agus os rud é go n-úsáideann sé na toghcheantair áitiúla seachas na dáilcheantair ba chóir go mbeadh an córas sin in ann cruth an chéad Dáil eile a thuar in ainneoin na hathruithe ar fad.

Na bíodh amhras ar bith ar éinne, thosaigh olltoghchán 2024 an tseachtain seo.

2 comments:

  1. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ReplyDelete
    Replies
    1. Anonymous9/9/23 19:34

      N'fheadar ar fiú do pholaiteoirí an Inbhir Mhóir dul i mbun geasa Babawale?

      Delete