9.9.23

Dáilcheantar nua máguaird.

Tá am tógtha anois ag polaiteoirí an bhaile seo againne machnamh a dhéanamh ar an dtírdhreach nua, i ndiaidh na hathruithe a fógraíodh an tseachtain seo caite.  Is dócha go gcaithfí a admháil gur freagra diúltach atá acu ar an mhórchuid, agus is dócha nach raibh muintir Ghuaire ró-shásta faoi ach oiread. 

Tá an éagothromaíocht i ndaonra an dá chontae tugtha fá ndeara acu (b'fhéidir gur léigh siad mo bhlag?) agus, dar leis an Wicklow People, ní mó ná sásta atá siad faoi.

Leathanach clúdaigh an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 le cinnlínte a mhaíonn 'Local cllrs set to lose out in Wexford merge'

Mar a mheas mé féin, is léir go bhfuil buntáiste ag iomaitheoirí ó dheas sa chomórtas atá le teacht agus measann siad nach mbeidh TD tofa san Inbhear Mór anois dá bharr.  B'fhéidir gur fíor seo ach ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na athbhreithnithe seo - ní raibh na sean-leaideanna san Inbhear Mór in ann iad féin a eagrú TD a thoghadh le céad bliain anuas.

Tosnaíonn an scéal le comhairleoir de chuid FF ag geonaíl faoin mbob atá buailte ag an gcoimisiúin ar chosmhuintir bhochta an Inbhir Mhóir agus leanann an scéal ar aghaidh ar an dóigh sin ar iompú an leathanaigh le ochón agus ochón ó le cloisteáil ó cheathrar de chuid Fhianna Fáil, agus neamhspleáchaí amháin, Miriam Murphy.

Taobh thiar den gol ar fad, scaoileann an comhairleoir Pat Fitz leis an fhírinne áfach ...

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil polaiteoirí de chuid Fhianna Fáil ag gearán faoin ndáilcheantar nua

I think it's going to be extremely difficult to get a Fianna Fáil TD in our area, to be quite honest

Ní ionracas go Fianna Fáil dar ndóigh agus seo fíorchúis a n-olagón ar fad.  Mar is gnáth, is cuma sa tsioc leo faoin mbaile nó faoin gceantar máguaird mura féidir leo iad féin a bhrú chun cinn. Deacair gan sásamh a bhaint as a míshuaimheas, ach cuireann an t-alt ar an gcéad leathanach eile an dlaoi mhullaigh ar fad air.

Alt as an Wicklow People 6 Meán Fómhair 2023 ina bhfuil ríméad ar Fhine Gael faoin ndáilcheantar nua
Tá ríméad ar Sylvester pé scéal é agus measaim go bhfuil an ceart ar fad aige.  Má thoghann Guaire Malcolm Byrne (ach b'fhéidir go mbeidh deacrachtaí ag Malcolm bocht laistigh dá pháirtí féin) agus Fionntán Ó Súilleabháin, bheadh deacracht acu iomaitheoir eile as Fhine Gael a sheoladh thar an líne.  Bheadh sé ciallmhar dos na léinte gorma duine éigin as Cill Mhantáin a bhrú chun tosaigh, agus cá bhfios nach an Búrcach féin a roghnófar?

Táim fós ag fanacht ar anailís nua de chuid https://irishelectionprojections.com/ agus measaim go mbeidh an-suim ag gach éinne sa dáilcheantar nua ann freisin.

No comments:

Post a Comment