15.4.09

NAMA - Namhaid Ainnis Muintir Aithreach

An féidir le héinne miniú dom cé a cheap gur cliste an beart é boc mór forbartha a chuir i bhfeighil ar réiteach géarchéim na bancanna in Éirinn?

Más féidir fiú réiteach a ghlaoch air.

Iarracht eile ar ualach mhí-iompar na gcaipitiligh a leagadh ar cheann an phobail atá ann i ndáiríre, agus ag breathnú air mar sin, cé eile a gcuirfeá i gceannas?

Ní scoláire teangan mé ach an bhfuil an ceart agam gurb é "Nama" seana-fréamh an fhocail "Namhaid"? Más ea, ainm níos oiriúnaí ní fheadfaí a roghnú.

13.4.09

Lile na Cásca

Forógra na Poblachta

Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann do Mhuintir na hÉireann

A Fheara na hÉireann! A Mhná na hÉireann! In ainm Dé agus na glúine a d'imigh romhainn agus a bhronn seanchuimhne na náisiúntachta uirthi, cuireann Éire, agus sinn thar a cionn, gairm slógaidh ar a clainn theacht faoi scáth a brataí le buille a bhualadh ar son a saoirse.

Tar éis di eagar agus oiliúint a chur ar a cuid fear trí mheán a heagraíochta réabhlóidí rúnda, Bráithreachas Poblachach na hÉireann, agus trí mheán a heagraíochtaí míleata oscailte, Óglaingh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tar éis di a féinsmacht a fhoirbhiú go foighneach, tar éis di fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beireann sí anois ar an bhfaill agus, le cabhair óna clann atá ar imirce uaithi i Meiriceá agus ó chomhghuaillithe calma san Eoraip, ach ag brath sa chéad áit ar a neart féin, buaileann sí agus lán-dóchas aici go mbeirfidh sí bua.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian. Níor chealaigh an forlámhas a d'imir cine agus rialtas eachtrannach ar feadh i bhfad an ceart sin, ná ní féidir é a chealú go deo ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann. I ngach glún dhearbhaigh muintir na hÉireann a gceart chun saoirse agus flaitheas an náisiúin: sé uaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar é faoi arm. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunúsach sin agus á dhearbhú arís faoi arm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann mar Stát Ceannasach Neamhspleách, agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún.

Tá ceart ag Poblacht na hÉireann ar dhílseacht fhir agus mhná na hÉireann agus éilíonn sí an dílseacht sin. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach, agus fógraíonn sí gur rún di sonas agus séan an náisiúin go hiomlán agus an uile pháirt di a bhaint amach agus í chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin agus gan beann aici ar na difríochtaí a chothaigh rialtas eachtrannach go cúramach agus a dheighil mionlach ón móramh san am atá thart.

Go mbaineann ár n-airm uain chaoithiúil amach le haghaidh bunú Rialtais Naisiúnta bhuain a bheidh ionadaíoch de mhuintir uile na hÉireann agus a thoghfar le vótaí a cuid fear agus ban uile, riarfaidh an Rialtas Sealadach a bhunaítear leis seo gnóthaí sibhialta agus míleata na Poblachta ar iontaobhas don phobal.

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-airm, agus guímid nach dtarraingeoidh aon duine i seirbhís na cúise sin easonóir uirthi le meatacht, le mídhaonnacht ná le slad. In uair seo na cinniúna, ní foláir do náisiún na hÉireann, trína misneach agus a dea-iompar, agus trí thoil a clainne iad féin a íobairt ar son leas an phobail, go dtuillfidh sí an réim ró-uasal is dán di.

arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh:


TOMÁS Ó CLÉIRIGH

TOMÁS MAC DONNCHADHA

ÉAMONN CEANNT

SEÁN MAC DIARMADA

PÁDRAIC MAC PIARAIS

SÉAMUS Ó CONGHAILE

SEOSAMH PLUINCÉAD

11.4.09

"Aawww - what's that disgusting smell?"

Sin é tús an fógraíocht is measa dár chualas riamh, atá le cloisteáil ar Raidio Áitiúil le cúpla mí anuas sa cheantar seo. Ní dóigh liom go bhfuil sé in úsáid go náisiúnta ach cá bhfios? De ghnáth nuair a chloisim mé é, aithrím an stáisiún láithreach. Tá rud éigin suarach salach faoin tslí a sceitheann sí amach an abairt a chuireann déistin orm.

Ach mar cheann de Bhlaglaigh na hÉireann cuimhním anois go bhfuil sé mar dhualgas orm trácht a dhéanamh ar a leithéidí agus inniú d'éist mé leis an teachtaireacht iomlán don chéad uair. Táid ag iarradh Córas Bolaidh Leithris a dhíol a bhaineadh an "disgusting smell" ón seomra is lú. Ach conas gur féidir leo aon rud a dhíol nuair atá an lucht éisteachta ar tí a charanna a chuir thar claí agus iad chomh dírithe ar an stáisiún a athrú?

Seo dhaoibh nasc más mian libh é a chloisint sibh féin, ach bí ar aire, ná bígi ag ithe agus sibh ag éisteacht.

Tuigim anois cén fáth go bhfuil fonn spraoiúil éadrom ag fógraíocht ar nós Andrex, Tampax, 7rl. B'fhearr linn gan smaoineamh ar a leitheidí don mórchuid agus déarfainn gurb é ceann de bhun rialacha fógraíocht agus margaíocht ná daoine a choiméad sona sásta - ní chaitheann daoine airgead nuair nach bhfuil siad sásta. Cuimhnigh siar ar fhógraí cháiliúla ar nós an cheann seo:



Cad atá ar siúl acu anseo? Táid ag baint áird na mban (agus is mná amháin a bhíodh i gceist tráth dá raibh) ón obair chrua atá i gceist agus táid ag 'péiriú' an amhrán meidhreach leis. Is cuid tábhachtach den Iomparachas an Péiriú seo agus oibríonn sé chun daoine a mhealladh chun iompar nach dtaithníonn leo a dhéanamh go nádúrtha.

Is léir nach bhfuil an bun éirim seo ag na amadáin a scríobh an fógra úd. In ionad an droch rud a phéiriú le rud éigin taithneamhach táid in ndiaidh ár áird a dhíriú go h-iomlán air. Táid i ndiaidh an mothúchán déistineach a phéiriú leis an gcóras atá á díol acu.

Cén saghas praiseach a dhéanfadh siad le fógra d'Andrex? Íomhá b'fhéidir de shalachar agus cacamais ar lámha duine éigin a cheannaigh droch páipéar a thit as a chéile? Nó b'fhéidir cacamais scaipthe sleamhnaithe ar thóin le páipéir nach bhfuil ionsúiteach a dhóthain? Agus ansin íomhá don Andrex féin agus an salachar go léir air agus meangadh mór ar aghaidh an úsáidí lán sásta leis an tóin úr glan acu.

Íosa Mac Aonghusa!

Ba mhaith le mo dhlíodóirí go dhearbhóinn nach bhfuil aon rud maith nó olc le rá agam faoin Chóras Bolaidh Leithris féin.

9.4.09

cúltacú blogger

'Séard atá sa phost seo ná nótaí dhom féin, conas an blag a chúltacú ar eagla go mbíonn fadhb éigin ag Blogger, nó más mian liom amach anseo an t-iomlán a aistriú go chóras eile. Is fearr é seo a fhoghlam anois fad is nach bhfuil na céadta (nó mílte!) postanna agus tráchtanna.

Seo an treoir a lean mé.

I ndiaidh dom an eisínteacht DownThemAll a luchtú isteach i bhFirefox, ní gá ach an tsreang breise seo a chuir le deireadh URL an bhlag:

http://uathachas.blogspot.com/search?max-results=100

Dár ndóigh, tá níos lú ná 100 postanna i gceist anseo agus beidh orm an uimhir sin a árdú amach anseo. Rinne mé na íomhánna (.jpg, .png, .gif) a chúltacú i bhfillteán i dtús. Ní gá ach cliceáil ar Úirlisí->DownThemAll agus roghnaigh an fillteán inar mhaith leat na íomhánna a choimead agus sin sin.

Ansin rinne mé cúltacú ar chuile chomhad ar an tslí chéanna.

Tá'n cuma air go bhfuil an seift déanta ach fan, cad é seo? Féach ar an gcúltacú atá déanta ar an íomhá seo:

/home/coc/pearsanta/blag/cúltacú090409/íomhánna/crosbríde.jpg.html

Má bhreathnaimid ar an bhfoinse seo a fheictear:
<html>
<head>
<title>jpg (image)</title>
<script type="text/javascript">
<!--
if (top.location != self.location) top.location = self.location;
// -->
</script>
</head>
<body bgcolor="#ffffff" text="#000000">
<img src="https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgGHahc8ejobb8arT5wLgSe3peWvKj_NMWvR5VbcKMD1KnlpaE_bCi-8nerBKY2oGCvG5ZhyATn_H3FbphI0V3UbU7IZQAWH4ymrf3S1m8uSoJXeS71BQiZCqKTVxy99_OTOyurd0gQpkL7/s1600/crosbr%C3%ADde.jpg" alt="[crosbríde.jpg]" border=0>
</body>
</html>

An bhfeiceann sibh an fadhb? Níl anseo ach nasc chuig an íomhá ar Bhlogger féin agus ní fiú é má bhriseann Blogger. Déanfaidh mé iarracht eile ar seo ar ball, i ndiaidh dom tuilleadh taighde a dhéanamh.

2.4.09

Lá Domhanda Aitheantas Uathachais


Is inniú an Lá Domhanda Aitheantas Uathachais. Ar an 18ú lá de mhí na Nollaig 2007 ghlac Comhdháil Ginearálta na Náisiúin Aontaithe le rún 62/139 ón gCatar a shocraigh an 2ú d'Aibreán mar Lá Domhanda Aitheantas Uathachais as seo amach.

'Sé aidhm an lá ná aird an domhain a dhíriú ar dhúshlán an uathachais agus chun luath fáthmheas agus luath idirghabháil a chur chun cinn agus chun an fás imníoch atá le sonrú le blianta anuas ar líon na daoine atá ar an speictream a chuir i mbéal an phobail domhanda. Nuair atá an fadhb léirithe is mó an seans go ndéanfaí rud éigin faoi!

Anuraidh, do scrios Rí na nGaimbíní an ócáid in Éirinn tré fógairt go raibh sé, faoi dheireadh, chun éirí as a phost, rud a bhain aird gach meán uainn ar an lá, agus don seachtain iomlán ina dhiaidh. Tá súil dá bhrí sin agam nach éagann an maistín inniú - ach a leithéid de 'chara' le lucht an mhíchumais ní bheidh arís againn agus cá bhfios nach buailfidh an bastún bob eile orainn. Go bhfóire Dia air - don lá seo ar aon nós.

Beidh clár d'eachtraí ar siúl a feadh an lae. Chuile eolas ar fáil anseo - bainigí sult as.

1.4.09

Leath bhealach síos an tSreang

Bhí George Hook ar Newstalk lá nó dhó ó shin ag caint faoi "The Wire" agus ní raibh ach ard moladh aige agus a chomhghleacaithe dhó. Cúis a gcómhrá ná tús Sraith a hAon ar BBC2 (blianta fada i ndiaidh TG4 - is fíor mar sin a dheirtear: ní thárlaíonn aon rud go dtí go dtárlaíonn sé as Béarla.)

Aontaím leo, dár ndóigh, agus sraith a trí críochnaithe againn thar an deireadh seachtaine. Ag macnamh faoi cheapas nach raibh an triú sraith chomh snasta leis sraith a hAon nó sraith a Dó. B'fhéidir an fadhb a bhí leis ná nach scéal úr nua ann féin a bhí ann ar nós an chéad dhá sraith. Leanúint ar scéal an chéad sraith a bhí ann i ndáiríre ach agus mé ag smaoineamh siar air bhí sé deacair gan cuimhneamh ar na seoide a bhí ann mar sin féin.

Mar a dhúirt mé cheana, is léir go bhfuil meas mór ag na scríbhneoirí ar a n-oidhreacht Éireannach agus seo dhaoibh ceann de na radhairc is fearr liom.




... sharing a dark corner of the American experiment.

Thar barr!