11.4.09

"Aawww - what's that disgusting smell?"

Sin é tús an fógraíocht is measa dár chualas riamh, atá le cloisteáil ar Raidio Áitiúil le cúpla mí anuas sa cheantar seo. Ní dóigh liom go bhfuil sé in úsáid go náisiúnta ach cá bhfios? De ghnáth nuair a chloisim mé é, aithrím an stáisiún láithreach. Tá rud éigin suarach salach faoin tslí a sceitheann sí amach an abairt a chuireann déistin orm.

Ach mar cheann de Bhlaglaigh na hÉireann cuimhním anois go bhfuil sé mar dhualgas orm trácht a dhéanamh ar a leithéidí agus inniú d'éist mé leis an teachtaireacht iomlán don chéad uair. Táid ag iarradh Córas Bolaidh Leithris a dhíol a bhaineadh an "disgusting smell" ón seomra is lú. Ach conas gur féidir leo aon rud a dhíol nuair atá an lucht éisteachta ar tí a charanna a chuir thar claí agus iad chomh dírithe ar an stáisiún a athrú?

Seo dhaoibh nasc más mian libh é a chloisint sibh féin, ach bí ar aire, ná bígi ag ithe agus sibh ag éisteacht.

Tuigim anois cén fáth go bhfuil fonn spraoiúil éadrom ag fógraíocht ar nós Andrex, Tampax, 7rl. B'fhearr linn gan smaoineamh ar a leitheidí don mórchuid agus déarfainn gurb é ceann de bhun rialacha fógraíocht agus margaíocht ná daoine a choiméad sona sásta - ní chaitheann daoine airgead nuair nach bhfuil siad sásta. Cuimhnigh siar ar fhógraí cháiliúla ar nós an cheann seo:



Cad atá ar siúl acu anseo? Táid ag baint áird na mban (agus is mná amháin a bhíodh i gceist tráth dá raibh) ón obair chrua atá i gceist agus táid ag 'péiriú' an amhrán meidhreach leis. Is cuid tábhachtach den Iomparachas an Péiriú seo agus oibríonn sé chun daoine a mhealladh chun iompar nach dtaithníonn leo a dhéanamh go nádúrtha.

Is léir nach bhfuil an bun éirim seo ag na amadáin a scríobh an fógra úd. In ionad an droch rud a phéiriú le rud éigin taithneamhach táid in ndiaidh ár áird a dhíriú go h-iomlán air. Táid i ndiaidh an mothúchán déistineach a phéiriú leis an gcóras atá á díol acu.

Cén saghas praiseach a dhéanfadh siad le fógra d'Andrex? Íomhá b'fhéidir de shalachar agus cacamais ar lámha duine éigin a cheannaigh droch páipéar a thit as a chéile? Nó b'fhéidir cacamais scaipthe sleamhnaithe ar thóin le páipéir nach bhfuil ionsúiteach a dhóthain? Agus ansin íomhá don Andrex féin agus an salachar go léir air agus meangadh mór ar aghaidh an úsáidí lán sásta leis an tóin úr glan acu.

Íosa Mac Aonghusa!

Ba mhaith le mo dhlíodóirí go dhearbhóinn nach bhfuil aon rud maith nó olc le rá agam faoin Chóras Bolaidh Leithris féin.

No comments:

Post a Comment