29.12.08

Cúltacú Iomlán.

Is clár iontach é kdirstat chun móradharc a fháilt ar a bhfuil ar do dhioscaí. Is fearr a fheiscint cad atá orthú sula ndéanann tú cúltacú, mar is minic a bhíonn ráiméis ann nach bhfuil suim da laghad agat ann, agus cad chuige a gcoimeádfá cóipeanna?

I mo gcomhadlann /home taispeánann kdirstat dom go bhfuil níos mó ná 100GB ann!

30GB de cheol. 20 GB de scanáin bhaile. Agus níos mó ná 40GB de chluichí. Níl ciall ar bith na comhaid seo a thógaint san áireamh mar chuid de chútacú ginearálta, mar ní aithríonn siad riamh. B'fhearr cóipeanna a dhéanamh ar DVD. B'fhearr arís iad a bhogadh chuig an deighilt ar a gcónaíonn na Fuinneoga. Ag smaoineamh air áfach, b'fhearr an dhá rud a dhéanamh.

Sula ndéanaim aon rud, caithfidh mé eagar éigin a chur ar an 100GB sin.

28.12.08

Aththógáil mo Ríomhaire

Táim ar tí mo ríomhaire a athógáil. Ní athtógáil an gleasra féin atá i gceist agam, ach athtógáil na Córais Oibriucháin. 'Sé Linux is mó a úsáideann mé anois, SuSE Linux go h-áirithe. Dár ndóigh, tá MS Windows agam fresin (a tháinig ar an nDell nuair a cheannaigh mé é) agus cé gur fearr liom Linux caithfidh mé a admháil go bhfuil gá agam leis na fuinneoga, mar is annamh a thagann uirlisí ar nós ceamaraí nó iPODanna le tacaíocht ar Linux.

Seo an córas atá agam anois.

Dell Dimension 8300

Processor (CPU): Intel(R) Pentium(R) 4 CPU 3.00GHz
Speed: 2,992.56 MHz
Cores: 2
RAM: 2.5 GHz
Seagate Barracuda 120GB IDE ATA/100
Seagate Barracuda 320GB IDE ATA/100

nVidia GeForce FX 5200 (0x0322)
OS1: openSuSE 10.3 (i586) Linux 2.6.22.18-0.2-default i686
OS2: MS Windows XP sp2

Teastaíonn uaim an openSuSE a aistriú agus kUbuntu a chuir ina áit.

Postálfaidh mé mo dul chun cinn anseo, ar mo mhaitheasa féin don mórchuid, ach má chabhríonn sé h-éinne eile, beidh fóint an bhlaig cruthaithe (domsa ar aon nós).

Céim 1: Cúltacú a dhéanamh ar gach rud, ar eagla na h-eagla.

23.12.08

Fairy Mary & Baby Jack.

Níl mórán críostaíocht sa teach s'againnse agus ní raibh sa teach inár tógadh mé ach oiread. B'fhéidir go gcuirfí i mo leith go bhfuil fíor mhíniú an fhéile cailte agam, ach i ndáiríre, sé fíor mhíniú na féile ná'n míniú a bhí ag na págánaigh - Sol Invictus. An brí chéanna a bhí acu i mBrú na Bóinne fadó.

Ach fós, in aineoinn meath an h-eaglaise tá roinnt íomhánna reiligiúnacha le fesicint mór thimpeall an bhaile ina gcónaímid anois. Go h-áirithe sna scoileanna, atá fós, don mórchuid, fé stiúradh eaglais amháin no eaglais eile. Fiú sna naíonraí, ní féidir éalú ó thionchar Dé.

Tá máinséar acu i naoínra m'iníon is óige. Chonaic sí na n-aingil. Chonaic sí an leanbh Íosa. Chonaic sí Muire. D'insíodh di cinnte cérbh iad uile, ach níl trí bhiaina d'aois bainte amach aici fós agus de bhrí nach bhfuil aon caint faoi sa bhaile is ar éigin a chuimhnigh sí ar sonraí agus í ag iarradh insint dúinn cad a bhí ar súil aici 'ar scoil'.

"I saw Fairy Mary & Baby Jack"
LOL.

Nollaig Shona dhaoibh uile, agus athbliain fé mhaise.

21.12.08

An Stát (Airteagal 8)

Tír gan teanga, tír gan anam. Tá'n cuma air gur iarracht é Airteagal 8 anam na hÉireann a chaomhnú trí aitheantas bhunreachtúil a thabhairt dár dteanga álainn ársa.

Maith thú Éamó, ach i n-ainm Chroim, cad ina thaobh a chuir tú an triú cuid ann? N'fheadar an raibh sé soiléar, fiú i 1937, go raibh teip i ndán le h-iarrachtaí an Ghaeilge a athbhunú mar phríomh teanga labhartha an phobail?

"Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de."

Má smaoinítear air, níl gá ar bith le 8.3 (fiú má tá gá le hAirteagal 8 sa chéad áit). 'Séard atá á rá anseo ná gur féidir rud a dhéanamh nach bhfuil cosc curtha air in aon áit eile sa Bhunreacht. An é gur ceapadh go bhféadfaí go gcuirfí srian éigin (dlíthiúil) ar cheachtar den dá theanga?

Ní dóigh liom é. 'Séard a cheapaim ná gur theastaigh ó scríobhnóirí an Bhunreacht éalú ó aon dhualgas dhlíthiúil Gaeilge a úsáid, ar eagla go ndéanfaí feachtas a bhunú a chuireadh iallach orthú iarracht dáiríre an teanga a chaomhnú, nó ar a laghad, cabhrú leosan a bhí sásta í dhéanamh iad féin.

Do mo chuidse, táim i bhfábhar an dátheangachas agus táim réalaíoch freisin i dtaobh stádas an teanga mar atá sí anois.

Maraon leis an brat náisiúnta, nílim cinnte gur gá teanga(cha) náisiúnta a dheangnú sa bhunreacht, ach mar aitheantas ar fhírinne ráiteas an Phiarsaigh thuas, fágfar Airteagal na teangan ann, ach athraithe mar seo a leanas*:
Déanann sin an bheart, im' thuairimse, cearta teangan na nGael a chaomhnú trí chomhionannas a fhógairt. Tá ceart an Stáit rogha a dhéanamh Béarla amháin a úsáid scriosta agam.
*Feicfear gur Airteagal 7 anois é, de bhárr scrios Airteagal an Bhrait.

18.12.08

Agus an coisir beagnach thart ...

Chuireas ceist anseo agus chonaic mé clár ar RTÉ seachtain no dhó ó shin a thug rian (ar a laghad) den fhreagra dom. Dár le saineolaí an chláir (fiche nóiméad isteach), seo h-iad na seacht ceisteanna gur gá a chur chun an cheist a chuireas a fhreagairt:
  1. Central role in your life?
  2. Significant harm?
  3. Withdrawal symptoms?
  4. Higher Tolerance?
  5. Give up for periods?
  6. Difficulty stopping?
  7. Persistance despite harm?
Agus iad á nochtadh ag an Dr. Hamilton bhíos sásta nach raibh mórlach acu fíor im' chás-sa ach ansin dúradh nár gá ach aon trí as an seacht a bheith fíor, chun a rá go bhfuil fadhb óil agat! Yikes!

I ndiaidh an phost thuasluaithe ní feídir liom a shéanadh ach go ndéanaim troscadh amanta. Strike 1!

Deacracht stopadh? An sampla tughta ná gur gá fanacht go deireadh an oíche, nó gur gá an buidéal a chíochnú. Deirfinn nach minic a d'fhágfainn teach tabhairne roimh deireadh an oíche. Bígí cinnte freisin a chairde nach raibh deor órga amháin fághta i ndiadh an seinm an chláirsigh binn! Strike 2!

Central role in life?

In iomlán ionraiceas áfach, sa tír seo ar aon nós, cé a bhféadfadh a rá nach n-imríonn alcól páirt lárnach inár saolta? Baistiú, Pósadh, Sochraid agus 'chuile ócáid eadarthú caithfear ól a soláthrú. Strike 3?

Ní dóigh liom é, ach dár ndóigh, má tá fadhb óil agam déanfadh mé chuile iarracht é a shéanadh. Cárbh as na seacht ceisteanna? Tá'n cuma air gur ón DSM IV a thángadar.

Ach ag breathnú ar go díreach atá le rá ag an DSM IV faoi spleáchas ar an alcól*:

DSM-IV defines dependence as:
  • A maladaptive pattern of substance use, leading to clinically significant impairment or distress, as manifested by three (or more) of the following, occurring at any time in the same 12-month period:
    1. tolerance, as defined by either of the following:
      • a need for markedly increased amounts of the substance to achieve intoxication or desired effect
      • markedly diminished effect with continued use of the same amount of substance
    2. withdrawal, as manifested by either of the following:
      • the characteristic withdrawal syndrome for the substance
      • the same (or a closely related) substance is taken to relieve or avoid withdrawal symptoms
    3. the substance is often taken in larger amounts or over a longer period than was intended
    4. there is a persistent desire or unsuccessful efforts to cut down or control substance use
    5. a great deal of time is spent in activities to obtain the substance, use the substance, or recover from its effects
    6. important social, occupational or recreational activities are given up or reduced because of substance use
    7. the substance use is continued despite knowledge of having a persistent or recurrent physical or psychological problem that is likely to have been caused or exacerbated by the substance (e.g., continued drinking despite recognition that an ulcer was made worse by alcohol consumption)

[DSM-IV, Diagnostic and Statistical Manual of Mental Disorders, ed. 4. Washington DC: American Psychiatric Association (AMA). 1994.]

Tá difir mhór idir béim agus brí na seacht cásanna seo agus na seacht ceisteanna a chuir RTÉ, nach bhfuil?


* Ar fáth éigin, ní raibh mé in ann leagan Gaeilge den DSM IV a aimsiú.

15.12.08

Leithscéal

Gabh mo leithscéal as ucht an easpa postáil le déanaí. Tá séasúr na nollaig faoi lán sheoil agus níl sé ró-éasca am a fháil chun an blag a choimeád úr. Táim beagáinín tinn inniú agus abhaile ón obair dá bharr.

Abhaile ón obair an ea? Conas go bhfuil sé ar do chumas agat 'Leithscéal' a fhoilsiú anseo má tá tú ró-tinn imeacht ag obair?

Bhuel, táim tinn, fiú mura gcreidtear mé! Droch-bholg crampáilte atá orm agus dhúisigh mé ag cúig a' chlog ar maidin chun an leithris a scairdeadh le ...

Stad stad, iomarca eolais ...

Bhuel, tá an pictúir agaibh anois. Bhíos chun imeacht ag obair ach nuair a bhí na páistí curtha chun scoile agam, d'fhill an phian orm agus d'fhill mé ar an leithreas ...

Ar aon nós, tá cúpla uair anois agam obair bheag a dhéanamh anseo, ach sula dtosnaím, tá ceist agam oraibh.

N'fheadar cad is brí go díreach leis an bhfocal 'leithscéal'? An é gur leath scéal atá ann, agus an leath eile in easnamh? Más ea, nach bhfuil admháil intuigthe ann, gur san leath in easnamh a mhaireann an fhírinne? I dtaobh leithscéal chun fanacht sa bhaile de bharr tinneas, b'fhéidir gur ionann an fréamh atá ag an bhfocal 'leisce'?

Seolaigí bhúr dtuairimí chugam.

6.12.08

Is iomaí modh luch a mharú ...

Tá triúr acu beirthe go dtí seo. Beirt beo agus ceann amháin marbh. Tá (ar a laghad) ceann amháin fós ina chónaí inár seomra folctha. Conas a bhfuileamar cinnte? Tá an bastún beag ramhar ar an gcáis atá bainte aige ó ghob an bháis. Is cosúil nach bhfuil sé trom a dhóthain fós go marófaí leis an gaiste é.

Anocht tá na WMDs amach agam:

An seift is déanaí ná snáth a úsáid chun an baoite a ghreamú sa ghaiste, chun go mbeidh gá tuilleadh iarracht a dhéanamh an béile a aimsiú.

Agus cad atá sna gaistí mar bhaoite? Píosaí bheaga d'ispíní. Tá bás i ndán dó fiú má éiríonn leis an béile a bhaint leis.

An Stát (Airteagal 7)

Socraíonn Airteagal 7 an Brat Náisiúnta mar an Trídhathach glas, bán agus oráiste. Níl seo rodheacair smaoineamh ar fáth a mbeadh cúis lena n-athrú, dár ndóigh, ach ní minic go gcloistear gearán faoi mhiniú an Brat.

'Sí an t-aon fadhb atá agamsa leis an Airteagal seo ná go bhfuil sé sa bhunrecht sa chéad áit. Cad chuige gur gá a leithéad a bheith ann? Níl sé léite ina iomlána fós agam, ach beidh ionadh orm má léim go bhfuil BÁC socraithe mar phríomh chathair ann. Nó má tá Teach Laighean socraithe mar ionad na Dála. Táim den tuairim nár chomhair nithe mar seo a bheith sa Bhunreacht in aon chor. Nuair a thagann an lá gur gá brat nua a roghnú, tá súil agam go dtabharfar áird ar smaointe agus rogha an phobail ach ní chóir go mbeadh gá le reifreann! Nuair a thagann an lá úd, seo í mo roghasa:

Slán le hAirteagal 7 mar sin.

5.12.08

Adharca Arda.

Seo atá ar siúl agam na laethanta seo. I ndiaidh na leanaí a shocrú don oíche, téim amach ar an débhealach a thimplíonn an bhaile ina chónaím.

An tráth seo bliana, is sa dubhdorchas a rothaím ach tabharfaidh sibh faoi dheara go bhfuil soilse (cúl agus tosach) ar mo rothairín bheag rua.

Cad chuige mar sin a ndéantar an eascainí rialta ó adharca carranna a imíonn tharaim? Eascainí? 'Sea eascainí. In Éirinn ar aon nós, níl ach brí amháin le séid ón adharc - "F*** Off (ya big f***ing b****x)".

Dhá uair ar a laghad a thárlaíonn seo agus mé ar an mbóthar. Cuimhnigh gur débhealach atá i gceist. Tá na carranna i gcónaí ag teacht aniar dom. Tá sé dorcha. Go minic tá sé ag cur báistí. Feicim soilsí na carranna os mo chomhair agus iad ag druidim im' aice. Ansin closim na innill. Ansin ...

BEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEP!

In ainm Chroim! Ansin feicim an carr ag gabháil tharaim. Taoimín chroí 'chuile uair. A bhastaird! Imeacht gan teacht oraibh!

2.12.08

coc r.i.p.

Ó mo mhairg! Aréir do thugas fé ndeara go raibh cosc iomlán curtha ag Politics.ie le mo chúntas. Cad a dhéanas mé anois agus uair nó dhó (nó trí) sa bhreis agam tráthnónaí? Tá sé ráite le fada an lá anois ag mo bhean gur andúileach mé le P.ie ach i ndáiríre, cé gur dócha gur chaith mé an iomarca ama air, níor chaith mé a leath an méid ama is a chaith ná fíor-andúiligh. Níl a fhios agam cá bhfaighfidh an fear seo an am feachtas polaitiúil a chur ar bun chun ard oifig na tíre a bhaint amach?

D'fhulaing mé na cúig chéim mar a dhéan Homer an tráth dá raibh agus tá sé glactha anois agam, ach fós, fós ...

An éigeartas! Glactar le chuile saghas ciníochas, frith-aerachas, amaideacht, puipéadaíocht stocaí agus trollachas i gcoitinne. B'fhéidir nach bhfuil na cúig chéim críochnaithe fós agam?

An ghnáth freagra ar a leithéad de dhíbirt ná cuntas nua a chruthú (coc2) agus feachtas fuathach nimhnúil a thosnú i gcoinne na modhnóirí, go dtí go ndéantar an cúntas sin a dhúnadh chomh maith. Tá sé seo níos eascaí fós nuair atá airm bheag puipéadach agat chun an beart a dhéanamh, ach cad chuige?

Bhíos chun aistín bheag a chumadh ar na cúig chéim ach bhí sé i bhfad níos eascaí an nasc thuas a thabhairt. An féidir liom glacadh leis go bhfuil Sacs-Béarla agaibh uile?

Cén coir a ndearna mé chun a leithéad de dhíbirt a thuilleamh?


Tá drochchuma air as comhthéacs! Ní raibh mé ach ag magadh!

An bhfuil bhur gcomhbhrón cailte agam?

Agus ag macnamh dom an drochscéal seo chonaic mé ar Wikipedia gur ionann fréamh na bhfocal 'Grief' agus 'Grave'. Ní aontaíonn Chambers 20th Century Dictionary leo. Tagann Grave ón Sacs-Bhéarla græf. Tagann 'Grief' ón Laidin gravis. Tagann an focal 'Grave' (tromchúiseach) ón Laidin gravis freisin ach ní sin a bhí i gceist ag an Wikipedia.

N'fheadar an dtagann uaigh agus uaigneach ón bhfréamh chéanna? Ochón 's ochón ó!