5.12.08

Adharca Arda.

Seo atá ar siúl agam na laethanta seo. I ndiaidh na leanaí a shocrú don oíche, téim amach ar an débhealach a thimplíonn an bhaile ina chónaím.

An tráth seo bliana, is sa dubhdorchas a rothaím ach tabharfaidh sibh faoi dheara go bhfuil soilse (cúl agus tosach) ar mo rothairín bheag rua.

Cad chuige mar sin a ndéantar an eascainí rialta ó adharca carranna a imíonn tharaim? Eascainí? 'Sea eascainí. In Éirinn ar aon nós, níl ach brí amháin le séid ón adharc - "F*** Off (ya big f***ing b****x)".

Dhá uair ar a laghad a thárlaíonn seo agus mé ar an mbóthar. Cuimhnigh gur débhealach atá i gceist. Tá na carranna i gcónaí ag teacht aniar dom. Tá sé dorcha. Go minic tá sé ag cur báistí. Feicim soilsí na carranna os mo chomhair agus iad ag druidim im' aice. Ansin closim na innill. Ansin ...

BEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEEP!

In ainm Chroim! Ansin feicim an carr ag gabháil tharaim. Taoimín chroí 'chuile uair. A bhastaird! Imeacht gan teacht oraibh!

No comments:

Post a Comment