21.12.08

An Stát (Airteagal 8)

Tír gan teanga, tír gan anam. Tá'n cuma air gur iarracht é Airteagal 8 anam na hÉireann a chaomhnú trí aitheantas bhunreachtúil a thabhairt dár dteanga álainn ársa.

Maith thú Éamó, ach i n-ainm Chroim, cad ina thaobh a chuir tú an triú cuid ann? N'fheadar an raibh sé soiléar, fiú i 1937, go raibh teip i ndán le h-iarrachtaí an Ghaeilge a athbhunú mar phríomh teanga labhartha an phobail?

"Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de."

Má smaoinítear air, níl gá ar bith le 8.3 (fiú má tá gá le hAirteagal 8 sa chéad áit). 'Séard atá á rá anseo ná gur féidir rud a dhéanamh nach bhfuil cosc curtha air in aon áit eile sa Bhunreacht. An é gur ceapadh go bhféadfaí go gcuirfí srian éigin (dlíthiúil) ar cheachtar den dá theanga?

Ní dóigh liom é. 'Séard a cheapaim ná gur theastaigh ó scríobhnóirí an Bhunreacht éalú ó aon dhualgas dhlíthiúil Gaeilge a úsáid, ar eagla go ndéanfaí feachtas a bhunú a chuireadh iallach orthú iarracht dáiríre an teanga a chaomhnú, nó ar a laghad, cabhrú leosan a bhí sásta í dhéanamh iad féin.

Do mo chuidse, táim i bhfábhar an dátheangachas agus táim réalaíoch freisin i dtaobh stádas an teanga mar atá sí anois.

Maraon leis an brat náisiúnta, nílim cinnte gur gá teanga(cha) náisiúnta a dheangnú sa bhunreacht, ach mar aitheantas ar fhírinne ráiteas an Phiarsaigh thuas, fágfar Airteagal na teangan ann, ach athraithe mar seo a leanas*:
Déanann sin an bheart, im' thuairimse, cearta teangan na nGael a chaomhnú trí chomhionannas a fhógairt. Tá ceart an Stáit rogha a dhéanamh Béarla amháin a úsáid scriosta agam.
*Feicfear gur Airteagal 7 anois é, de bhárr scrios Airteagal an Bhrait.

No comments:

Post a Comment