15.12.08

Leithscéal

Gabh mo leithscéal as ucht an easpa postáil le déanaí. Tá séasúr na nollaig faoi lán sheoil agus níl sé ró-éasca am a fháil chun an blag a choimeád úr. Táim beagáinín tinn inniú agus abhaile ón obair dá bharr.

Abhaile ón obair an ea? Conas go bhfuil sé ar do chumas agat 'Leithscéal' a fhoilsiú anseo má tá tú ró-tinn imeacht ag obair?

Bhuel, táim tinn, fiú mura gcreidtear mé! Droch-bholg crampáilte atá orm agus dhúisigh mé ag cúig a' chlog ar maidin chun an leithris a scairdeadh le ...

Stad stad, iomarca eolais ...

Bhuel, tá an pictúir agaibh anois. Bhíos chun imeacht ag obair ach nuair a bhí na páistí curtha chun scoile agam, d'fhill an phian orm agus d'fhill mé ar an leithreas ...

Ar aon nós, tá cúpla uair anois agam obair bheag a dhéanamh anseo, ach sula dtosnaím, tá ceist agam oraibh.

N'fheadar cad is brí go díreach leis an bhfocal 'leithscéal'? An é gur leath scéal atá ann, agus an leath eile in easnamh? Más ea, nach bhfuil admháil intuigthe ann, gur san leath in easnamh a mhaireann an fhírinne? I dtaobh leithscéal chun fanacht sa bhaile de bharr tinneas, b'fhéidir gur ionann an fréamh atá ag an bhfocal 'leisce'?

Seolaigí bhúr dtuairimí chugam.

No comments:

Post a Comment