23.12.08

Fairy Mary & Baby Jack.

Níl mórán críostaíocht sa teach s'againnse agus ní raibh sa teach inár tógadh mé ach oiread. B'fhéidir go gcuirfí i mo leith go bhfuil fíor mhíniú an fhéile cailte agam, ach i ndáiríre, sé fíor mhíniú na féile ná'n míniú a bhí ag na págánaigh - Sol Invictus. An brí chéanna a bhí acu i mBrú na Bóinne fadó.

Ach fós, in aineoinn meath an h-eaglaise tá roinnt íomhánna reiligiúnacha le fesicint mór thimpeall an bhaile ina gcónaímid anois. Go h-áirithe sna scoileanna, atá fós, don mórchuid, fé stiúradh eaglais amháin no eaglais eile. Fiú sna naíonraí, ní féidir éalú ó thionchar Dé.

Tá máinséar acu i naoínra m'iníon is óige. Chonaic sí na n-aingil. Chonaic sí an leanbh Íosa. Chonaic sí Muire. D'insíodh di cinnte cérbh iad uile, ach níl trí bhiaina d'aois bainte amach aici fós agus de bhrí nach bhfuil aon caint faoi sa bhaile is ar éigin a chuimhnigh sí ar sonraí agus í ag iarradh insint dúinn cad a bhí ar súil aici 'ar scoil'.

"I saw Fairy Mary & Baby Jack"
LOL.

Nollaig Shona dhaoibh uile, agus athbliain fé mhaise.

No comments:

Post a Comment