2.12.08

coc r.i.p.

Ó mo mhairg! Aréir do thugas fé ndeara go raibh cosc iomlán curtha ag Politics.ie le mo chúntas. Cad a dhéanas mé anois agus uair nó dhó (nó trí) sa bhreis agam tráthnónaí? Tá sé ráite le fada an lá anois ag mo bhean gur andúileach mé le P.ie ach i ndáiríre, cé gur dócha gur chaith mé an iomarca ama air, níor chaith mé a leath an méid ama is a chaith ná fíor-andúiligh. Níl a fhios agam cá bhfaighfidh an fear seo an am feachtas polaitiúil a chur ar bun chun ard oifig na tíre a bhaint amach?

D'fhulaing mé na cúig chéim mar a dhéan Homer an tráth dá raibh agus tá sé glactha anois agam, ach fós, fós ...

An éigeartas! Glactar le chuile saghas ciníochas, frith-aerachas, amaideacht, puipéadaíocht stocaí agus trollachas i gcoitinne. B'fhéidir nach bhfuil na cúig chéim críochnaithe fós agam?

An ghnáth freagra ar a leithéad de dhíbirt ná cuntas nua a chruthú (coc2) agus feachtas fuathach nimhnúil a thosnú i gcoinne na modhnóirí, go dtí go ndéantar an cúntas sin a dhúnadh chomh maith. Tá sé seo níos eascaí fós nuair atá airm bheag puipéadach agat chun an beart a dhéanamh, ach cad chuige?

Bhíos chun aistín bheag a chumadh ar na cúig chéim ach bhí sé i bhfad níos eascaí an nasc thuas a thabhairt. An féidir liom glacadh leis go bhfuil Sacs-Béarla agaibh uile?

Cén coir a ndearna mé chun a leithéad de dhíbirt a thuilleamh?


Tá drochchuma air as comhthéacs! Ní raibh mé ach ag magadh!

An bhfuil bhur gcomhbhrón cailte agam?

Agus ag macnamh dom an drochscéal seo chonaic mé ar Wikipedia gur ionann fréamh na bhfocal 'Grief' agus 'Grave'. Ní aontaíonn Chambers 20th Century Dictionary leo. Tagann Grave ón Sacs-Bhéarla græf. Tagann 'Grief' ón Laidin gravis. Tagann an focal 'Grave' (tromchúiseach) ón Laidin gravis freisin ach ní sin a bhí i gceist ag an Wikipedia.

N'fheadar an dtagann uaigh agus uaigneach ón bhfréamh chéanna? Ochón 's ochón ó!

1 comment:

  1. Féach ar an amadán seo?
    Protocols of the Elders of Zion! FFS!

    ReplyDelete