7.7.15

Daonlathas thall is abhus.

Agus reifreann na Gréige thart le όχι láidir mar fhreagra air beimid ag éisteacht ar feadh tamaillín eile anois lenár gceannairí ag míniú mí-aibíocht agus páisitiúlacht na Gréigigh bochta.  Is dócha nach dtagann ciall roimh aois agus ní nach ionadh mar sin go bhfuil praiseach cheart á dhéanamh ag leanaí leanbaí SYRIZA de gheilleagar agus sochaí na Gréige. (Tá a 's 'am nach léann gach éinne gach nasc, ach OMD léigí an ceann deireanach sin a léiríonn go ríshoiléir an chaitheamh anuas de bharr éirí in airde lucht rachmais na hEorpa).

I ndiaidh toradh an reifrinn, ainneoin an bua a bhí aige, d'éirigh Aire Airgeadais na Gréige as a phost ag míniú go lom díreach go thuig sé an fhuath atá ag an Troika dó, rud a fhíríonn a chloistear faoi Ghearmánaigh ag iarraidh go gcliseadh ar rialtas na Gréige ionas go bhféadfaí é a bhriseadh agus a athrú.

An bhfuil aon rud níos daonlathaí ná daonlathas amháin ag iarraidh rialtas daonlathais eile a athrú?  Maítear nach féidir le hόχι na Gréige 18 daonlathas eile a thacaíonn le pholasaithe déine a threisiú, ach cé mhéad den 18 eile a fuair deis vótáil ar cheist lom nocht na déine?

Is cinnte ón méid seo nach bhfuil daonlathas na hEorpa in aon staid mhaith ach cad faoi anseo in Éirinn?  De réir na pobalbhreitheanna deirtear nach bhfuil ach toradh amháin i ndán dúinn ón olltoghchán atá le teacht: sé sin comhrialtas idir FG & FF.  Cá háit eile ar domhain a tharlódh sé go mbíonn mar duais ag an dream a scrios geilleagar na tíre agus ag an dream a choimeád a gcos ar a bholg, triail eile timpeall na tíre san Merceanna Móra le chéile?  Conas nach bhfuil muintir na hÉireann éirithe amach i gcoinne an dhá dream seo?  Cé hiad na daoine a thacaíonn fós leo? Duine as gach beirt de réir dealramh, nó duine as triúr má thugtar san áireamh nach vótálann gach duine.  Conas gur féidir le seo a bheith fíor?  

Tá an tír ag fulaingt déine le 6 bhliain anuas agus tá duine as triúr sásta go leor le sin?  Duine eile as an triúir gur cuma leo pé scéal é agus gan ach duine amháin as an triúr ag iarraidh cúrsaí a athrú?  Dochreidte.  An féidir na pobalbhreith a chreidiúint?  Feicfimid roimh an t-am seo arís ach nílim ródhóchasach go bhfuil sé ar chumas daonlathas na tíre seo seasamh i gcoinne lucht an rachmais mar atá seasta ag daonlathas leanbaí na Gréige.
Is fadhb oideachais atá againn dár liom.  Ní féidir le tír a bheith fíordaonlathach má tá tromlach nó fiú mionlach mhór aineolach faoi rothaí mór an tsaoil.  Tá daonlathas bunaithe ar idirchaidreamh eagnaí an phobail agus mura bhfuileadar machnamhach agus athmhachnamhach faoi saincheisteanna an lae, níl fágtha ach comórtas tallainne idir slua (saibhir) comórtasach gan tallann. Ní gá ach breathnú ar leithéidí Healy-Rae agus Mary Mitchell-O'Connor go bhfeictear nach hiad fealsúnaigh-ríthe Phlato atá i gceannas orainn.  Ach an bhfuil an lucht orthu go dtoghtar iad nó an bhfuil an lucht ar an bpobal?

Má tá teipthe ar dhaonlathas na hÉireann cén córas eile a fheileadh dúinn?  Níl an dara suí sa bhuaile ann dúinn.  Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua! Caithfear fanacht ar an lorg agus glacadh leis gur fiú an turas fiú mura mhairimid go deireadh air.  Agus má leanann cúrsaí mar atá, ní mhairfidh.