24.2.16

Olltoghchán 2016 ... focal scoir.

Tá an feachtas beagnach thart anois agus deireann na meáin linn nach raibh mórán spleodar ann.  Mura raibh, caithfidh mé a admháil go bhfuilim bréan de faoin dtráth seo le mo thuair déanta agus mo €40 infheistithe agam le paddypower.com, ní féidir liom fanacht go dtí lá mór na gcomhairimh Dé Sathairn.

Táim ag ceapadh go dtitfidh cúrsaí amach mar seo

Fine Gael - 53 go 58
Fianna Fáil - 31 go 37
Sinn Féin -  28 go 34
Lucht Oibre -  8 go 11
AAA -  3 go 4
SD - 3 go 4
PBP - 2 go 3
Ŕéńúá - 2
Comhaontas Glas - 1 go 2
Neamhspleách - 16 go 21

ag braith ar cheatadáin vótaí mar seo:

Fine Gael 27-31%
Fianna Fáil 18-22%
Sinn Féin 17-21%
Lucht Oibre 6-10%

Eile 16-32%
Mar a tharlaíonn tabharfadh na pobalbreitheanna le fios gur mar seo a thitfidh cúrsaí amach, ach amháin vóta Shinn Féin, atá a titim le seachtain anuas.  Mura mbaineann siad amach an 17% sin, ní dóigh liom go mbainfidh siad an 28 suíochán sin amach.
Ach, An féidir braith ar na pobalbhreitheanna?  Seo mar a bhí siad don choicís deireanach i bhfeachtas 2011:

Déarfainn bunaithe ar seo, go rabhadar cuíosach cruinn, ag glacadh le go bhféadfadh torthaí athrú cúpla % ó lá go lá.  Tá sé suimiúil a fheiscint cé chomh cruinn is a bhí an suirbhé iarvótála.  Má fhoilsítear a leithéid arís i mbliana beidh tuairim mhaith againn tráthnóna Dé hAoine cad atá i ndán dúinn ar an Satharn. 

Dár ndóigh, ní mise amháin atá ag iarraidh tuar a dhéanamh.  Tá suíomh suimiúil irishelectionstats.com atá ag iarraidh samhaltú a dhéanamh ar bhonn staitisticiúil ar gach toghcheantar agus a fhoilsíonn tuar bunaithe ar an dochúlacht go dtoghfaí gach iarrathóir.  Seo an toradh iomlán thar gach toghcheantar ... 
Níl sé go hiomlán soiléir cén samhail atá in úsáid anseo, ach tá sé ag úsáid na pobalbhreitheanna a fhoilsítear ar irishpollingindicator.com. Déanann an suíomh sin iarracht ar na pobalbhreitheanna éagsúl a mheas chun an 'fhírinne' a scagadh agus seo mar a fheictear dó é:
Tá gach páirtí anseo laistigh den raon ar a bhfuilim ag braith, seachas (ar éigin) Sinn Féin agus cloífidh mé mar sin leis an dtuar thuas.

Neosfaidh an aimsir.

19.2.16

Torthaí an Olltoghcháin.

Ar nós sean stát Sóiveideach nó breacdaonlathas míleata mar san Éigipt fé láthair, táim chun torthaí an olltoghcháin a fhoilsiú seachtain roimh ré. Mura ndéanann muintir na hÉireann mo thuair a fhíorú an tseachtain seo chugainn, tá an locht go huile agus go hiomlán orthu ... tagann Die Lösung le Berthold Brecht chun cuimhne.

Pé scéal é, tá na torthaí seo bunaithe ar leibhéil tacaíochta dos na páirtithe éagsúla mar seo a leanas.

Fine Gael 27-31%
Fianna Fáil 18-22%
Sinn Féin 17-21%
Lucht Oibre 6-10%

Eile 16-32%

Sílim go dtitfidh an tacaíocht náisiúnta idir na raoin sin ag breathnú ar na pobalbhreitheanna le roinnt míonna anuas, ach mura dtiteann, dár ndóigh, is cur amu ama ollmhór an tsraith seo.

Mar achoimre, seo hiad na torthaí sna cúigí/mórcheantair éagsúla a thuaradh thuas.

Tuar Átha Cliath: FG-11(-3) SF-9(+5) FF-4(+3) LO-4(-11) SD-1 PBP-2 AAA-2 RN-1 CG-1(+1) N-6 GF-3

Tuar Chúige Laighin: FG-15(-5) FF-11(+3) SF-7(+4) LO-4(-4) N-1 SD-2 RN-1 GF-2.

Tuar Chúige Mumhan: FG-18(-3) FF-10(+2) SF-6(+3) LO-0(-6) AAA-1(+1) N-5 GF-3

Tuar Chúige Chonnachta: FG-7(-5) FF-4(+1) SF-2(+1) LO-0(-2) N-3 GF-3.

Tuar Chúige Uladh: SF-4(+1) FG-2(-3) FF-2 N-1

Daoibhse atá féith na matamaitice ionaibh is féidir libh na huimhreacha thuas a chur le chéile chun an tuar iomlán a dhéanamh.

Tuar: FG-53(-19) FF-31(+8) SF-28(+14) LO-8(-23) AAA-3(+1) SD-3 PBP-2 RN-2(-1) CG-1(+1) N-16 GF-11

Bhí 76 ag Fine Gael i 2011 ach chailleadar dhá fhothoghchán agus chailleadar triúr go Ŕéńúá, cé go dtógfaidh siad ceann Terence Flanagan ar ais.  Sin an fáth nach bhfuil ach 53+19=72 acu thuas.  Is amhlaidh an scéal don Lucht Oibre.  Bhíodh 37 acu, ach chailleadar Rósín Shortall go na SDanna, Tommy Broughan go N agus Colm Keaveney go FF. Chomh maith le sin, caithfimid cuimhniú go bhfuil an 11 sin fós i gcolún Gan Ghios.  Mar shampla tá John Lyons LO san iomaíocht do ceann acu sin agus mar sin, níl a shuíochán san áireamh mar cheann buaite nó caillte fós.

Is fiú breathnú siar ar na suíochán sa cholún sin, chun a fheiscint cad é an méid is mó a d'fhéadfadh gach páirtí a bhaint uatha. Dá mbainfeadh na páirtithe gach ceann ón gcolún GF ina bhfuil siad san iomaíocht seo mar a chríochnóidís.

Fine Gael - 58
Fianna Fáil - 37
Sinn Féin -  34
Lucht Oibre -  11
AAA -  4
SD - 4
PBP - 3
Rénúá - 2
Comhaontas Glas - 2
Neamhspleách - 21

Is féidir breathnú ar na huimhreacha seo mar féidearthachtaí, nó an uashmhéid a bhainfidh na páirtithe éagsúla ar dea-lá.  Má shuimítear leis na suíocháin atáim cinnte fúthu, seo mar a bhreathnaíonn cúrsaí.

Fine Gael - 53 go 58
Fianna Fáil - 31 go 37
Sinn Féin -  28 go 34
Lucht Oibre -  8 go 11
AAA -  3 go 4
SD - 3 go 4
PBP - 2 go 3
Ŕéńúá - 2
Comhaontas Glas - 1 go 2
Neamhspleách - 16 go 21

Cuimhnímís go bhfuil gach rud bunaithe ar an raon atá le feiscint san pobalbhreitheanna do gach páirtí.  Mar sin, már sháraíonn Fine Gael 30% is féidir leo 58 a bhaint.  Má sháraíonn Fianna Fáil 20%, is féidir leo 37 a bhaint. Má sháraíonn Sinn Féin 20%, d'fhéadfaidís 34 a thógáil, agus má sháraíonn an Lucht Oibre 10% d'fhéadfaidís 11 a thógail.

Tá scéal difriúil á insint ag na huimhreacha seo, nach bhfuil? Níl an rialtas ach deich ón sprioc anois, ach cuimhnímis freisin, bheadh orthu gach uile ceann lena bhfuil siad in iomaíocht ón gcolún GF a bhaint - rud nach tharlóidh ach ar an lá is fearr dóibh.  É sin ráite, is é an chéad uimhir an uimhir atáim ag súil leis le gach páirtí.

Sin agaibh mar sin toradh mo shaothar.  Táimse ag buaileadh trasna anois go paddypower.com chun €50 a infheistiú.

Olltoghchán i dTuaisceart Átha Cliath.

Tá ceithre thoghcheantar fágtha ar bhruach thuaidh abhainn álainn na Life agus déanfaidh mé tuar ag gach ceann acu anois chun m'aistear timpeall na tíre a chríochnú.

Áth Cliath Lár.  Tá suíochán amháin á chailliúint anseo rud a chinntíonn dícheannadh de dhuine éigin mór le rá. Thóg sé roinnt blianta ar Mary-Lou McDonald SF a suíochán a bhuachaint anseo nuair a bhí ceithre cinn ar fáil, ach leis na hathruithe teorainn a cuireadh i bhfeidhm anseo tá sí níos láidre anois ná mar a bhí riamh.  Críochnóidh sí ar bharr an chéad comhairimh le gar go cúóta aici agus is í an t-aon duine anseo a bheinn cinnte go dtoghfar iad.  Beidh cúigear eile ina diaidh ar thóir an dhá suíochán deireanach - Paschal Donohoe FG, Joe Costello LO, Maureen O'Sullivan N, Mary Fitzpatrick FF agus Christy Burke N. Ní chuireadh sé ionadh ar bith orm dá dtoghfaí aon bheirt as an gceathrar sin, ach déarfainn gur duine as Donohoe FG agus Costello LO a dtógfaidh an chéad acu ag úsáid aistrithe ón duine eile.  Beidh Fitzpatick FF bocht san iomaíocht cinnte ag iarraidh sean-suíochán Bhertie a bhuachaint ar ais, ach is snámh in aghaidh easa (agus in aghaidh aistrithe) a bheidh sí. Idir Christy Burke & Maureen O'Sullivan a bheidh an ceann deireanach mar sin, agus ar deireadh déarfainn go gcoimeádaidh O'Sullivan é.

Tuar: SF-1 FG-1 N-1.

Áth Cliath Thuaidh Thiar. Tá trí suíochán le buachaint anseo mar a bhí i 2011 ach tá an domhan athruithe ina hiomlán ó shin i leith.  Thóg an Lucht Oibre dhá cheann ansin ach ceann amháin le Róisín Shortall SD atá anois mar bhall de na SDanna.  Tógfaidh sí a suíochán arís fén mbrat nua agus tógfaidh Dessie Ellis SF a shuíochán freisin, ar bharr an chéad comhairimh is dócha. Beidh an tríú suíochán idir an dara iarrathóir ó Sinn Féin, Cathleen Carney Boud SF agus John Lyons LO a thóg an dara ceann don Lucht Oibre i 2011.  Tá sé an-deacair iad a scarúint óna chéile, ach ag breathnú ar laigeacht na dtorthaí ag an Lucht Oibre sna toghchain áitiúla i bhFionnglas agus i mBaile Munna i 2014 agus iad a chur i gcomparáid le torthaí Shinn Féin, déarfainn go dtógfaidh Carney Boud ar deireadh é.  É sin ráite, beidh Lyons in ann braith ar roinnt aistrithe ón Léine Gorm nach bhfuil seans ar bith dá chuid féin aige, agus de bharr sin, caithfidh mé an ceann seo a fhágáil i gcolún GF.

Tuar: SD-1 SF-1 GF-1.

Cuan Átha Cliath Thuaidh. Tá an ceann seo fíor dheacair a thuar mar is meascán de dhá toghcheantar ó 2011 é, leis na sé suíochán a bhíodh ann á athrú go cúig. Beidh corp amháin dá bharr mar sin, ach níl éinne eile de na teachtaí atá suíochán fé láthair acu cinnte faoina dtodhchaí ach amháin Richard Bruton FG a thógfaidh a suíochán arís, agus Seán Kenny LO, atá ag dul ar scor. Ba chóir go mbeadh suíochán anseo do Shinn Féin agus beidh gar go leor go cúóta acu, ach ar fáth éigin tá siad á roinnt idir beirt, rud a chuireann i mbaol é dár liom. Beidh vóta níos ísle ná Sinn Féin ag Aodhán Ó Ríordáin LO dár liom ach níl sé á roinnt le héinne agus tógfaidh sé suíochán ar deireadh ag úsaid aistrithe ó Fhine Gael. Tá suíochán ag Terence Flanagan RN a bhuaigh sé d'Fhine Gael i 2011 ach ní dóigh liom go bhfuil dóthain daoine atá greamaithe sna 1950aí chun é a thoghadh faoi bhrat Ŕéńúá.  Ba chóir go mbeadh suíochán ann d'Fhianna Fáil freisin ach maraon le Sinn Féin tá siad á roinnt idir bheirt, ach fós féin, cheapfá go mbeadh dóthain d'ainm ag Seán Haughey FF an líne a thrasnú (faraor).  Sin tríur a dhéarfainn a bheidh slán, rud a fhágann Tommy Broughan N, Finian McGrath N (agus b'fhéidir Averil Power N fiú) ag troid le iomaitheoirí Shinn Féin don dhá suíochán deireanacha.  Dár liom tógfaidh ceann de na iomaitheoirí Shinn Féin ceann acu ar deireadh, rud a fhágaidh Broughan N agus McGrath N ar thóir an ceann deireanach.  Cá bhfios cé acu a thógfaidh é?

Tuar: FG-1(-1) FF-1 LO-1 (-2) SF-1(+1) N-1.

Finegall. As go brách, go Bá Bhinn Éadair is tiocfaimid abhaile in am don tae. Seo deireadh ár dturas agus níl ach seachtain nó mar sin go bhfeicfimid an bhfuilim ceart nó mícheart le mo rámhaillí míchéillí. Tá cúig suíochán anseo anois, ait a raibh ceithre cinn, rud a thabhairfidh misneach is dócha do chuile dhuine.  Tuigim cén fáth go bhfuil na Léinte Gorma ag rith a bheirt arís, ach níl dhá cúótá anseo dóibh.  Is dócha gurb é an tAire James Reilly FG a thiocfaidh slán.  Bhíodh Fianna Fáil láidir anseo i gcónaí agus is dócha go bhfuil dóthain ama caite acu sa phurgadóir ionas go dtiocfadh suíochán amháin ar ais chucu - Darragh O'Brien FF is dócha a thógfaidh é.  Thóg Clare Daly N suíochán anseo don Páirtí Sóisialach i 2011 ach beidh sí ag rith mar Neamhspleáchach anois - fós féin tá a suíochán slán dár liom.  Bhíodh suíochán don Lucht Oibre anseo i gcónaí nuair nach raibh ach ceithre cinn sa toghcheantar, de bharr tacaíocht ó na ceardchumainn san aerfort, ach dár ndóigh tá rudaí titithe as a chéile le blianta beaga anuas. Ag breathnú ar na torthaí áitiúla ó 2014, ainneoin go raibh titim tubaisteach i vóta an Lucht Oibre, déarfainn go bhfuil dóthain tacaíochta fós acu a bheith gar go cúóta agus tabharfar Brendan Ryan LO slán ar aistrithe Fhine Gael.  Fágann sin suíochán amháin nach mbeidh cúóta ag éinne é a bhaint amach.  Ach dár ndóigh, is minic gur leor leathchúóta an ceann deireanach a thógáil agus im thuairimse, beidh an dara iomaitheoir ó Fhine Gael fós san iomaíocht ar deireadh.  Beidh an Comhaontas Glas anseo freisin, agus fiú an iomaitheoir ó Shinn Féin.  Beidh an AAA ann freisin, cé do gceapaim gur vóta Clare Daly atá sa cheantar seo, seachas vóta AAA nó ULA nó pé ainm atá glactha acu na laethanta seo. Braitheann gach rud ar an t-ord ina bhfuil siad tar éis cúpla comhairimh.  Os rud é nach bhfuil buaiteoir soiléir, fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) LO-1 N-1 GF-1

Ag cur na daichead a ceathair suíochán ó Áth Cliath le chéile seo mar a thitfidh cúrsaí amach san ardchathair dár liom.

Tuar: FG-11(-3) SF-9(+5) FF-4(+3)  LO-4(-11) SD-1 PBP-2 AAA-2 RN-1 CG-1(+1) N-6 GF-3

Sin agaibh é.  Foilseoidh mé post amháin eile sa sraith seo ag tabhairt uimhreacha don tír iomlán.

18.2.16

Olltoghchán na hArdcathrach ... ar lean.

Áth Cliath Ráth Dúin. Tá trí suíochán sa toghcheantar nua seo in áit an sean toghcheantar Áth Cliath Theas ina raibh cúig.  Dár ndóigh bheadh sé i bhfad níos deacra at theachtaí a suíochán a choimeád anois i dtoghcheantar trí-shuíochanach, ach tá ceathrar acu anseo atá chun tabhairt faoi.  Táim lánchinnte go dtoghfar beirt acu. Tá Shane Ross N slán agus Alan Shatter FG leis.  Táim chomh cinnte céanna go bhfuil suíochán Alex White LO imithe. Fágann sin Peter Matthews N a thoghadh mar theachta Fhine Gael san iomaíocht don triú suíochán.  Tabharfainn dó é freisin ach amháin go bhfuil amhras orm gur féidir le triúr chomh Fine Gaelach seo a bheith tofa in aon toghcheantar amháin.  Tá seans beag ann mar sin go dtógfaidh An Comhaontas Glas nó fiú Nic Cormaic SF pé vóta 'clé' atá anseo.  Ar deireadh áfach, is dócha gur Matthews a thógfaidh é.

Tuar. FG-1 N-2

Áth Cliath Theas-Lárnach. Ón toghcheantar fíorchoimeádach thuas táimid ag smaoineamh anois ar cheann de na toghcheantair is 'clé' sa tír, má ghlactar le vótaí ar son an Lucht Oibre mar vótaí clé.  Gach seans gur glacadh leis mar sin i 2011 ach ní dóigh liom go nglacfaí a thuilleadh. Tá suíochán amháin á chailliúint ón dtoghcheantar seo agus níl seans ar bith acu mar sin dhá shuíochán a choimeád. Tuigeann siad an méid sin is dócha agus níl ach duine amháin sa iomaíocht acu.  Déarfainn go gcoimeádfaidh Eric Byrne LO a shuíochán ar deireadh.  Beidh i bhfad thar cúóta ag Aengus Ó Snodaigh SF freisin, chomh méid sin is go bhfuileadar ag déanamh iarrachta dhá cheann a bhaint. Tá ceann amháin cinnte dearfa ach ní bheinn ródhóchasach faoin dara ceann.  Beidh Joan Collins PBP slán freisin ach ní dhéanfaidh na cásanna cúirte a chuirfidh i mbéal an phobail í dochar ar bith dá vóta. Beidh gar go cúóta ag Catherine Byrne FG anseo freisin agus ní bheidh sí á roinnt le héinne.

FG-1 SF-1 LO-1(-1) PBP-1

Áth Cliath Thiar-Meán. Bhain an rialtas ceathair as ceathair an t-am deireanach, éacht nach n-éireoidh leo a athdhéanamh an t-am seo.  É sin ráite, ní dóigh liom go dtitfidh cúrsaí an méid sin ionas nach mbeidh ceann amháin acu.  Mar sin, beidh Frances Fitzgerald FG agus Joanna Tuffy LO slán.  Tá sé cinnte freisin go mbeidh cúóta ag Eoin Ó Broin SF anseo. Tá sé i bhfad níos deacra an suíochán deireanach a thuar.  Cinnte, beidh John Curran san iomaíocht, mar a bheidh Gino Kenny PBP agus McNally SD.  Seo b'fhéidir an t-aon áit sa tír go bhfuil seans ag na SDanna suíochán nua a bhaint agus braitheann cúrsaí ar cá háit a théann an vóta ollmhór a fuair an Lucht Oibre an lá deireanach.  Fágfaidh mé i gcolún GF é.

FG 1 (-1) SF-1(+1) LO-1(-1) GF-1

Sin é Deisceart agus Iarthar na Cathrach déanta agam, agus críochnóidh mé m'aistear timpeall na tíre le tuaisceart na Cathrach ar ball.

17.2.16

Baile Átha Cliath - olltoghchán sa phríomhchathair.

Tá daichead a ceathair suíochán le buachaint sa phríomhchathair, bhuel daichead a trí, mar a tharlaíonn mar nach bhfuil ar an gCeann Comhairle a shuíochán féin a throid.  Tá ceann amháin mar sin i ngleic Fhine Gael sula caitear oiread is vóta amháin.

Dún Laoghaire. Tá ceithre suíochán sa Dáilcheantar seo ach mar gheall gur i seilbh Seán Barrett ceann acu, níl ach trí le buachaint an t-am seo.  Dár ndóigh, cinntíonn seo go bhfuil suíochán Mary Mitchell-O'Connor FG go hiomlán slán freisin, mar go mbeidh níos mó ná cúóta acu ar an gcéad comhairimh, fiú má tá sé le roinnt leis an dara iomaitheoir. Tá Boyd Before Barrett slán freisin leis an próifíl ard atá aige de bharr é a bheith mar úrlabhraí neamhoifigiúil ar an bhfreasúra cumannach, ainneoin nach bhfuil mórán cumannaigh i nDún Laoghaire.  Ait go leor, an t-aon fáth gur bhuaigh sé suíochán i 2011 ná go raibh Hanafin agus Anrdews chomh santach lena chéile i 2011 gur fhágadar an suíochán nádúrtha Fhianna Fáil ina ndiaidh. Faraor, tá seans mhaith ann go bhfillfidh Máire na bPinsean ar an nDáil arís mar go bhfuil vóta an Lucht Oibre titithe go hiomlán as a chéile. Déarfainn gur í a bheidh ar bharr an liosta don tríú suíochán, cé nach sroichfidh sí an cúóta. Is searbh í an fhírinne seo domsa mar thar aon polaiteoir eile sa tír is fuath liom an bhean ghránna sin.  Beidh gráin agam do mhuintir Dhún Laoghaire go deo má vótálann siad ar ais í.

Tuar: FG-2 FF-1(+1) PBP-1

Áth Cliath Thiar.  Seo dáilcheantar Leo Varadkar FG agus Joan Burton LO agus tá suíochán freisin ag Ruth Coppinger AAA. Nuair a d'éag Brian Lenihan FF bhuaigh Nulty an LO an fothoghchán rud a d'fhág dhá suíochán ag an Lucht Oibre.  Bhí fadhbanna pearsanta ag Nulty bocht agus bhí air éirigh as, agus thóg Coppinger AAA é sa chéad fothoghchán eile, ag fágáil beirt ón AAA le suíochán acu.   Tá Joe Higgins AAA ag dul ar scor anois rud a fhágfaí an suíochán cumannach i ngleic Coppinger AAA.  Tá sé cinnte freisin go dtógfaidh Varadkar a shuíochán féin arís gan mórán stró, ach i ndiaidh sin tá triúr láidir ar thóir dhá suíochán.  Ag breathnú ar an bhfothoghchán sin i 2014, caithfidh tú a rá gur ag McGuinness N (a bhí le Fianna Fáil) agus Donnelly SF a bheidh siad ar deireadh. Cinnte, beidh Burton san iomaíocht go dtí an comhairimh deireanach ach ní bheidh na haistrithe ann í a thabhairt slán, dár liom.

Tuar: FG-1 AAA-1 N-1 SF-1(+1)

Ath Cliath Thiar Theas.  Cúig suíochán atá ar fáil anseo agus is áit é seo go mbeidh Sinn Féin in iomaíocht dhá ceann a bhaint.  Má éiríonn leo, ciallaíonn sé go bhfuil an-lá i ndán dóibh.   Cinnte, tá suíochán Seán Crowe SF slán.  Ba chóir go mbeadh sean-suíochán Brian Hayes FG slán freisin, cé nach bhfuil sé éasca a thuar cé acu den triúr a thógfaidh é. Caithfidh mé a rá áfach gur seafóid é do Fhine Gael a bheith ag cur an tríú iomaitheoir sa rás, go háirithe nuair nach bhfuil éinne acu le suíochán cheana agus tá baol ann fiú go gcaillfidh siad amach ainneoin cúóta a bheith acu. Tá suíochán Paul Murphy ón AAA slán freisin, rud a fhágann dhá suíochán agus Fianna Fáil, Sinn Féin agus an Lucht Oibre san iomaíocht.  Déarfainn go bhfuil Sinn Féin láidir a dhóthain sa toghcheantar seo an dara ceann a thógáil (fuaireadar 30% den vóta sa fothoghchán i 2014) agus déarfainn gur Fianna Fáil a thógfaidh an ceann deireanach, mar go mbeidh an Lucht Oibre ag roinnt a trí ceathrú de chúóta idir bheirt.

Tuar: FG-1 SF-2(+1) AAA-1 FF-1(+1)

Cuan Átha Cliath Theas. Tá sé deacair roinnt de na toghcheantair seo a thuar mar go bhfuil athruithe móra sna teorainn agus sna hiomaitheoirí ach tá an toghcheantar seo bunaithe ar an sean Áth Cliath Thoir Theas agus an t-athrú is mó ná an t-ainm.  Tá Murphy FG slán agus tá gach cosúlacht go dtógfaidh Lucinda Creighton RN a suíochán ar ais faoin mbrat nua.  Tar éis sin éiríonn cúrsaí casta ach an dhá ainm is mó a sheasann amach ná Andrews SF agus Ryan CG. Déarfainn go mbeidh dóthain ag ainm Andrews chun roinnt de  sheanvóta Fhianna Fáil a ghoid agus tá na meáin i ndiaidh a chinntiú go bhfuil Ryan fós feiceálach le roinnt blianta anuas.  Beidh níos mó aige ná deartháir Mhiriam ar aon nós, rud a fhágfaidh é le suíochán ar deireadh.

Tuar: FG-1 RN-1 SF-1(+1) CG-1(+1)

Is leor é sin d'aon oíche amháin.  Leanfaidh mé le seo tráthnóna amárach.

16.2.16

Cúige Uladh

De bharr náire náisiúnta an chríochdheighilt níl ach dhá toghcheantar i gCúige Uladh ag seoladh teachtaí go Dáil Éireann.  Tá an críochdheighilt céanna mar cnámh spairne sa dhá cheann acu agus mar sin tá siad mar eisceachtaí sa chaoi is go bhfuil sé cinnte go toghfar dhá theachta ó Sinn Féin sa dhá toghcheantar, ainneoin go bhful suíochán á chailliúnt ag an dhá toghcheantar leis na hathruithe teorainn.

Dún na nGall. I Dún na nGall tá an dhá seantoghcheantair de thrí shuíochán á nascadh le chéile in aon toghcheantar de cúig.  Bhí teachta ag Sinn Féin sa dhá cheann agus táid ag déanamh iarrachta an tríú ceann a thabhairt isteach.  Bheadh 3 as 5 dochreidte agus má éiríonn leo é sin a dhéanamh d'éireodh níos fearr leo i ngach dáilcheantar eile ná mar atá tuartha agam.  É sin ráite, tá Doherty SF agus Mac Lochlainn SF slán.  Déarfainn freisin go bhfuil suíochán Aire na hIdirbhliana Joe Mc Hugh FG slán go leor freisin.  Bhí sé mar thionscnamh idirbhliana aige Gaeilge a fhoghlaim (rud a chabhródh go mór leis an post le tuarastal os cionn €100,000 atá aige a dhéanamh) agus d'éirigh go measartha maith leis. Ba chóir go mbeadh suíochán freisin ag Fianna Fáil anseo, ach n'fheadar cé acu a thógfaidh é?  Tá baol ann do McConalogue FF gurb é an folúsglántóir vótaí daonna Pat the Cope FF a dhéanfaidh an beart.  Fágann sin triúr ar thóir an suíochán deireanach.  Mar a dúrthas thuas, tá sé deacair a chreidiúint go bhféadfadh Sinn Féin 3 as 5 a thógáil rud a chiallaíonn dár liom go mbeidh sé idir an dara iarrathóir Fianna Fáil agus an neamhspleáchaigh Pringle N.  Déarfainn gur Pringle a thógfaidh ar deireadh é, le cabhair ó aistrithe an tríú iarrathóir Shinn Féin.  Táim ag marcáil mar chailliúint d'Fhine Gael é seo, mar bhí beirt as a seisear acu i 2011.

Tuar. SF-2 FG-1(-1) FF-1 N-1

Cábhán / Muineachán.  Rinne Fine Gael éacht anseo i 2011 ag tógail 3 as 5 ach tá a fhios acu nach bhfuil sé indéanta an t-am seo nuair nach bhfuil ach ceithre suíochán ar fáil agus níleadar ach ag rith beirt anseo.  Titfidh an vóta cinnte, ach tógfaidh siad ceann ach cá bhfios cé acu.  Tógfaidh beirt Shinn Féin dhá ceann mar go bhfuil borradh tagtha ar a vóta anseo ó 2011 agus beidh os cionn dhá cúóta acu.  Ba chóir go mbeadh suíochán anseo freisin do Fianna Fáil ach tá triúr san iomaíocht acu, rud a chiallaíonn go bhfuil baol go scaoilfear isteach an dara léine gorm.  É sin ráite déarfainn gur ag Fianna Fáil a bheidh sé ar deireadh.

Tuar. SF-2 FG-1(-2) FF-1

Sin Cúige Uladh mar sin agus is iad na suíochán atá mé ag súil leo mar sin ná

Tuar: SF-4(+1) FG-2(-3) FF-2 N-1

Ag cuir an aon chéad is a ceathair déag suíochán i gCúige Uladh, Cúige Connachta, Cúige Mumhan agus Cúige Laighin le chéile seo atáim ag súil leis.

Tuar: FG-42(-16) FF-27(+6) SF-19(+9) LO-4(-12) AAA-1(+1) N-10 SD-2 RN-1 GF-8

Níl fágtha anois ach Baile Átha Cliath agus ná haon toghcheantar déag ansin le daichead a ceathair suíochán.  Fiú roimh iadsan a thuar áfach, tá sé soiléir go bhfuil an toghchán caillte ag an rialtas, ach amháin sa chaoi is go mbuann an rialtas an toghchán i gcónaí.

15.2.16

Cúige Connachta.

Níl ach cúig dáilcheantar sa chúige seo agus déanfaidh mé iarracht iad go léir a thuar sa phost seo.

Gaillimh Thoir.  Tá an toghcheantar seo ag cailliúint suíochán ó 2011 uair a bhí beirt ag FG, duine ag FF agus duine ag an LO.  Gan ach trí suíochán le buachaint an uair seo caithfidh athrú teacht agus an rud is cinntí faoi ná go bhfuil suíochán an Lucht Oibre imithe.  Is Colm Keaveney a bhuaigh dóibh é i 2011 agus bhí sé glic go leor a thuiscint nach bhfuil tacaíocht nádúrtha acu anseo agus d'athraigh sé go Fianna Fáil. Os rud é nach bhfuil Kitt ag rith arís, is cinnte gur le Keaveney an suíochán FF arís.  Bhí dhá suíochán ag na léinte gorma anseo agus níos mó ná 40% den vóta acu.  Déarfainn go dtitfidh an vóta sin i mbliana rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin cinnte dóibh, Connaughton FG is dócha agus beidh siad i ngéariomaíocht don dara cheann. An féidir leo 2 as trí a bhaint le níos lú na 40% den vóta?  Deacair ach níl sé dodhéanta.  Cabhróidh aistrithe ó Higgins LO leo, cé nach mbeidh mórán acu le roinnt leo. Déarfainn mar sin go bhféadfadh an tríú suíochán anseo dul in aon áit.  Ní bheadh ionadh orm dá mbainfeadh Cannon FG arís é, ach b'fhéidir go dtógfaidh Neamhspleáchaigh éigin é, nó fiú iarrathóir SF. Pé duine a thógann é, críochnóidh siad mar an fear deireanach ag seasamh le b'fhéidir níos lú ná leathchúóta.  Fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1 GF-1.

Gaillimh Thiar.  Tá cúig suíochán arís anseo agus níl aon cinnteacht ann ach go mbainfidh Ó Cuiv FF ceann acu.  Os rud é go bhfuil na teorainn athruithe ó 2011 tá John O'Mahony FG tagtha isteach ó Mhaigh Eo agus cúpla míle vóta tagtha leis is dócha. Beidh deacracht ag Fine Gael dhá suíochán a choimeád anseo ach cinnte tógfaidh Seán Kyne FG ceann amháin.  Déarfainn go dtógfaidh an sean-PD Grealish a suíochán arís mar go bhfuil vóta láidir pearsanta aige is cuma cén páirtí lena bhfuil sé ag rith.  Fágann sin dhá suíochán ar deireadh agus John O'Mahony FG, Trevor Ó Clochartaigh SF agus Catherine Connolly N in iomaíocht dóibh.  Ar deireadh, ba chóir go mbeadh dóthain de chúóta ag Ó Clochartaigh é a sheoladh thar an líne ach ní féidir a rá cé acu O'Mahony nó Connolly a thógfaidh an ceann deireanach.  Arís, tógfaidh mé an rogha sábháilte agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FF-1 FG-1(-1) N-1 SF-1(+1) GF-1.

Maigh Eo. Tá sciar de Mhaigh Eo curtha isteach i nGaillimh Thiar, rud a chiallaíonn go gcaillfidh Maigh Eo ceann as na cúig a bhí acu.  Bhí ceithre acu sin i seilbh na léinte gorma agus bhí gar go ceithre cúóta acu chun iad a thógáil.  Is vóta dochreidte é seo agus gach seans go mbeidh gar don 60% den vóta arís acu, rud a chiallaíonn go mba chóir dóibh 3 as ceathair a thógáil an uair seo.  Tá beirt sa rás ag Fianna Fáil, ach níl ach suíochán amháin fágtha ann dóibh.  Tá baol beag ann go gcaillfidh siad amach tríd a vóta a scoilteadh idir an bheirt chun Conway-Walsh SF a scaoileadh isteach eatarthu, ach ar deireadh is dócha go mbeidh dóthain acu an ceann atá acu a choimeád.

Tuar: FG-3(-1) FF-1.

Ros Comáin - Gaillimh. Leis na teorainn ag athrú tá sé deacair na suíochán a thuar ach leis na trí cinn sa toghcheantar seo tá sé níos éascaí de bharr na hiarrathóirí láidre atá sa rás.  Tá vóta FG anseo láidir a dhóthain Hopkins FG a thoghadh. Tar éis sin, ba chóir go dtógfaidh Fitzmaurice N suíochán Ming arís, mar a rinne sé sa bhfothoghchán le déanaí. Tógfaidh mairtíreach an ospidéil Naughten N a shuíochán arís, ainneoin go bhfuil an ospidéal dúnta agus fanfaidh go deo. Nílim cinnte cén fáth go dtuillfeadh an teipeadh seo suíochán dó, ach sin mar atá in Éirinn.

Tuar: FG-1(-1) N-2.

Sligeach - Liatroim. Toghcheantar nua atá anseo le ceithre suíochán agus tá sé soiléir go bhfuil suíochán amháin ann do FG, SF agus FF. Is é an ceann deireanach a chothóidh an spóirt dúinn anseo.  Tá vóta (agus cúóta) poblachtánach i Liatroim le fada an lá ach níor éirigh leo suíochán a bhaint mar go raibh an contae scartha thar dhá toghcheantar éagsúl.  Ainneoin seo, thóg SF ceann i 2011 agus anois leis an contae aontaithe arís, beidh SF ar bharr an chéad comhairimh an uair seo. Táid chomh cinnte as seo táid ag rith beirt anseo agus tá seans acu an dara ceann a bhaint, ach go háirithe mar go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag rith triúr.  Tá sé deacair an seafóid seo a thuiscint ach ar a laghad thuig Fine Gael an contúirt, ach chuaigh Perry FG chun cúirte chun cinntiú go mbeadh sé mar an tríú iomaitheoir dóibh.  D'fhéadfadh an suíochán deireanach seo dul áit ar bith mar sin agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: SF-1 FG-1(-1) FF-1(+1) GF-1.

Sin agaibh é mar a cheapaim do dtitfidh cúrsaí amach ar bhruach thiar na Sionaine.

Tuar: FG-7(-5) FF-4(+1) SF-2(+1) LO-0(-2) N-3 GF-3.

Sin leath de shuíochán an rialtais imithe i gCúige Connachta. Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir leis an rialtas filleadh ar uimhreacha mar sin agus i ndáiríre níl éinne a cheapann go bhfillfidh.  Tá tóin titithe as an Lucht Oibre agus caillfidh Fine Gael an iomarca suíochán chun nach mbeidh uathu ach dream beag ón Lucht Oibre iad a choimeád i gcumhacht.  Déanfaidh mé Cúige Uladh amárach sular chríochnaím le Bá Binn Bhinn Éadair agus feicfimid anois cad iad na féidireachtaí a bheidh romhainn ag deireadh na míosa. 

14.2.16

Cúige Mumhan.

Sin é Cúige Mumhan déanta agam mar sin agus is seo mar a shílim go rachaidh cúrsaí.

Tuar: FG-18(-3) FF-10(+2) SF-6(+3) LO-0(-6) AAA-1(+1) N-5 GF-3

Tá 9 suíochán eile imithe don rialtas anseo agus 6 acu pioctha suas ag páirtithe na freasúra. Tá na trí cinn deireanach caillte ón gcóras, ceann i gCiarraí, ceann i dTiobraid Árainn agus ceann i gCorcaigh.

Tá 18 as an 43 suíochán thuas fós i sheilbh an rialtais, maraon le Cúige Laighin níos lú ná leath áit a raibh níos mó ná leath acu an uair deireanach.

Sa cholún Gan Fhios GF ansin tá Fianna Fáil in iomaíocht do gach ceann acu, tá an Lucht Oibre in iomaíocht do dhá ceann acu agus Fine Gael in iomaíocht do cheann amháin.  Mar sin, d'fhéadfadh an rialtas iad go léir a thógáil nó d'fhéadfadh Fianna Fáil iad go léir a thógail. Pé rud a tharlaíonn, tá sruth an toghcháin seo ag imeacht i gcoinne an rialtais ar fud na tíre go dtí seo.  Tabharfaidh mé aghaidh ar Chúige Connachta amárach, go bhfeicimid an bhfuil aon faoiseamh ann dóibh.  Ar a laghad níl ach suíochan amháin le cailliúint ag an Lucht Oibre ann. Cé chomh dona is a bhféadfadh cúrsaí a bheith mar sin? 

Contae Chorcaí.

Tá cúig dáilcheantar sa chontae is mó sa tír, agus ocht suíochán déag le roinnt eatarthu.  Tá suíochán amháin caillte acu ó 2011, rud a chinntíonn go mbeidh díomá ar duine éigin.  Beidh díomá ar níos mó ná duine éigin ... fan go bhfeicfidh sibh.

Corcaigh Thoir. Maraon le roinnt áiteanna eile sa tír, tá tóin titithe as vóta an LO anseo. Níor éirigh leo ach comhairleoir chontae amháin a thoghadh i 2014, aineoinn go raibh cúótá go leith acu i 2011.  Bhí gar a dhóthain de chúóta ag FF anseo i 2011 ach roinneadar idir bheirt é, rud a chiallaigh gur chailleadar amach go hiomlán.  Beidh a vótá ábhairín níos airde an uair seo, ach fós ní bheidh ach díreach os cionn cúóta amháin acu, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaillfidís amach arís.  Bhí fadhbanna ag SF sa toghcheantar seo le blianta beaga anuas agus cuireadh baill ar fionraí ón bpáirtí dá bharr.  Anuas ar sin (nó b'fhéidir dá bharr) tá a theachta Sandra McLellan SF ag éirigh as.  An bhfuil baol ann go gcaillfidís an suíochán seo a bhuadar gan choinne i 2011.  I ndáiríre níl.  Aineoinn na fadhbanna inmheánacha tá vóta láidir anseo acu agus toghfar a n-iarrathóir nua McCarthy SF le cúóta iomlán gan stró.  Amhlaidh an scéal leis na léinte gorma. Bhí os cionn cúóta go leith acu i 2011 agus gach cuma ar an scéal go mbeidh arís.  Atoghfar Tom Barry FG agus David Stanton FG gan fhadhb. Fágann sin Seán Sherlock LO ag troid don suíochán deireanach idir an dhá iarrathóir ó Fhianna Fáil.  Murach go raibh ach iarrathóir amháin acu, tabharfainn do Fianna Fáil an suíochán, cinnte dearfa, ach os rud é go bhfuileadar ag cur beirt san iomaíocht, tá seans fós ag Sherlock iad a scoilt agus é a ghoid uathu.  Ní fheicim cá bhfaighfidh Sherlock na haistrithe a bheidh uaidh, ach ní fheicim ach oiread cá bhfaighfidh Fianna Fáil iad, seachas óna chéile.  Fágfaidh mé an suíochán seo i gcolún GF.

Tuar: FG-2 SF-1 GF-1.

Corcaigh Thuaidh-Lár. Tá ceithre suíochán eile anseo ach arís éasca go leor a thuar go dtógfaidh Dara Murphy FG agus Johnathon O'Brien SF ceann an duine acu.  Tar éis sin áfach, éiríonn cúrsaí i bhfad níos deacra.  Ba chóir go mbeadh Billy Kelliher FF slán cé nach bhfuil an méid sin cinnte ach oiread.  Beidh Mick Barry AAA san iomaíocht anseo freisin agus ní féidir Kathleen Lynch LO a fhágáil ar lár fós.  I ndeireadh na dála, is é Mick Barry a thógfaidh é, mar go mbeidh triomlach d'aistrithe an dara léine gorm ag teastáil chun Murphy a thoghadh agus mar sin ní bheidh mórán fágtha chun cabhrú le Lynch.  Ar eite eile an speictrim, beidh an dara iomaitheoir ó SF ann chun roinnt vótaí a chaitheamh i dtreo Mick Barry.  An réabhlóid abú!

Tuar: SF-1 FG-1 FF-1 AAA-1(+1).

Corcaigh Thuaidh-Thiar.  Níl baol ar bith go dtiocfaidh aon athrú anseo.  Bhí os cionn 50% den vóta ag na léinte gorma anseo i 2011 agus fiú má thagann titim éigin ar sin, ba chóir go mbeadh Michael Creed FG agus Áine Brady FG slán, rud a shásódh Tom Barry ar aon nós.  Maith a' fear Tom - yeeooow! Cinnte tá cúóta anseo ag Fianna Fáil freisin.  Mura chailleadar i 2011 é, níleadar chun é a chailliúnt an t-am seo.  Fillfidh Moynihan FF mar sin.

Tuar: FG-2 FF-1.

Corcaigh Theas-Lár. Seo an ceann ar a ghlaotar grúpa an bháis, mar gheall go bhfuil suíochán amháin le cailliúint ann, rud a chiallaíonn go bhfuil duine de na teachtaí le himeacht, fiú sular caitear an chéad vóta fiú.  Tá próifíl ard ag an cúigear acu cé nach mbeidh sar i bhfad.  Cé hé an duine a chaillfidh? Ciarán Lynch LO gan amhras.  Tá a suíochán imithe agus lán d'fhios sin ag gach éinne.  Beidh sé deacair ar Chiarán bocht suíochán sa Seanad a bhaint amach fiú mar dhuais sóláis mar nach bhfuil comhairleoirí contae ag an LO a thuilleadh mórán seanadóirí a thogadh.  É sin ráite, beidh Ciarán bocht gar go bharr an liosta is dócha agus b'fhéidir go mbeidh deis aige marachtáil sa dara teach go dtí an chéad toghchán eile. Sula dheirim a thuilleadh caithfidh mé an chéad dhá suíochán a thabhairt do Mícheál Martin FF agus Simon Coveney FG. Beidh an dhá pháirtí gob ar ghob mar a bhí i 2011 agus an uair seo ba chóir go mbeadh cúóta go leith an taobh acu.  Beidh gar go cúóta ag Ó Laoghaire SF agus is é a thógfaidh an tríú suíochán.  Fágann sin an ceann deireanach idir Buttimer FG agus McGrath FF. Níl aon slí a thuar cá rachaidh an ceann seo agus fágfaidh mé mar sin i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(-1) SF-1(+1) GF-1.

Corcaigh Theas-Thiar. Seo an toghcheantar deireanach i gCúige na Mumhan agus bhí gar go 50% den vóta ag Fine Gael i 2011.  Fiú mura fhaigheann siad sin an t-am seo tá a dhá suíochán slán agus atoghfar Daly FG agus Harrington FG gan stró.  Beidh athrú anseo áfach agus is é sin ná go gcaillfidh McCarthy LO an suíochán a bhuaigh sé gan choinne i 2011. Níl ach iomaitheoir amháin ag Fianna Fáil agus tógfaidh Margaret Murphy-O'Mahony FF an suíochán.


Tuar: FG-2 FF-1.

13.2.16

Luimneach.

Tá dhá thoghcheantar éagsúl i gCo. Luimní, ceann sa chathair agus ceann tuathach, ach is beag a t-athrú fheicim ón uair deireanach.

Luimneach: Amach fán dtuath, tá mar atá agus beidh mar a bheidh.  Toghfar an triúr a thoghadh, le fás cúpla % i vóta Niall Collins FF, rud a thabharfaidh níos cóngaraí do chúóta iomlán é, agus titim cúpla % i vóta na léinte gorm, cé go mbeidh thar 40% den vóta acu. Níl éinne eile i ngiorracht scread asail suíochán a thógáil anseo.  Caithfidh go bhfuil tuathánaigh Luimní thar a bheith sásta faoin slí atá cúrsaí in Éirinn le tríocha bliain anuas.

Tuar: FG-2 FF-1

Cathair Luimní: Má chuireann easpa feirge coilltigh Luimní díomá ort, ná ceap gur dream iontach réabhlóideach iad a gcol ceathracha cathracha. Toghfar Noonan FG agus Dillín Ó Deamhas FF gan deacracht ar bith.  Maraon lena gcomhghleacaithe tuathacha, níl sé de dhánacht a thuilleadh ag Wille iarracht a dhéanamh an dara iarrathóir a tharraingt leis, agus an láncheart aige.  Tá laethanta beirt FF i Luimneach imithe go deo. Buíochas mór le Dia. Níl fáth ar bith le ceapadh go laghdódh vóta na léinte gorma an méid sin chun O'Donnell a chur i mbaol ach oiread, agus toghfar é le cabhair ó Noonan agus le haistrithe Jan O'Sullivan.  Tá cúóta an LO sa chathair imithe agus ní bheidh aon gá aici mar sin lena vótaí ar deireadh.  Tógfaidh Quinlivan an suíochán deireanach ar son SF, b'fhéidir gan cúóta iomlán a shroicheadh, ach beidh sé i bhfad chun cinn ar O'Sullivan pé scéal é.

Sin an t-aom athrú a fheicim sa chontae iomlán mar sin, Quinlivan ag tógáil suíochán O'Sullivan.

Tuar: FG-2 FF-1 SF-1(+1).

Níl fágtha mar sin i gCúige Mumhan ach Co. Chorcaí - beidh na torthaí sin agam daoibh amárach.

An Clár.

Tá sé de nós ag na Cláirínigh suíochán Dála gan choinne a bhronnadh ar an Lucht Oibre ó am go chéile. Níl páirtí ar bith 'ar an dtalamh' ansin acu (oiread is comhairleor contae amháin anois acu) rud a chiallaíonn nach gceapann éinne gur féidir leo suíochán in olltoghchán a bhuachaint.  Ach nuair a bhíonn an taoide ag tuileadh leo baineann siad ceann mar a bhain McNamara i 2011.  Dár ndóigh, tá sé de nós freisin ag na Cláirínigh gránna na suíochán sin a bhaint arís chomh luath is a chasann an taoide.  Sin a tharla do Bhamjee tráth dá raibh agus is amhlaidh a bhéas an scéal do McNamara bocht.

An Clár: Mar sin, leis an LO cinnte a cheann a chailliúint níl aon amhras ach go bhfillfidh an bheirt léine gorm, Breen FG agus Carey FG. Bheinn den tuairim go bhfuil aon teachta Fhianna Fáil a d'éirigh leo teacht slán ó slad 2011 cinnte slán an uair seo, fiú mura bhfuil ach borradh beag le sonradh i vóta an pháirtí. Tógfaidh Dooley FF a shuíochán arís gan stró agus déarfainn go dtógfaidh an dara iomaitheoir acu an suíochán deireanach chomh maith, cé go mbeidh air (nó uirthi) fanacht go dtí go gcuirtear amach an slua ollmhór de neamhspleáchaigh.

Tuar: FG-2 FF-2(+1).

11.2.16

An Ríocht.

Má táimid chun a bheith ag spochadh as leibidí Thiobraid Árainn as ucht leithéidí Labhraidh agus McGrath a thoghadh, caithfear an peaca céanna a chur i leith muintir na  Ríochta as ucht Jackie Healy-Rae a sheas mar saghas Darby O'Gill agus a fuair tacaíocht dochreidte ó Leipreacháin umhal na Ríochta. Níos measa fós, tá sliocht á leanúint agus gach seans sliocht sleachta ina ndiaidh a fhágas a rian ar an Dáil as seo go lá lom an Luain.  Go sabhála mac Dé sin.  Cosúlacht eile idir an dhá chontae ná go bhfuil dhá dáilcheantar trí-shuíochánach á nascadh mar dháilcheantar amháin le cúig acu, rud a chiallaíonn go bhfuil duine de na bastúin acu le dícheannadh.  Hó hó. Is aoibhinn liom a bpian.

Ciarraí: Bhí dhá suíochán sa Ríocht ag na léinte gorma i 2011 agus tá an cuma air go bhfillfidh an bheirt acu (Deenihan FG agus Griffin FG) gan mórán stró arís. Tá an tríú iomaitheoir acu ach maraon le roinnt áiteanna eile, níl inti ach iarracht sionaiciúil a chinntiú gur mná iad 30% dá n-iomaitheoirí.  Tá sé cinnte freisin go bhfuil suíochán laoch na Poblachta Martin Ferris SF slán agus ní bheidh ar filleadh ar a chuid éachtaí iascaireachta le blianta fada fós. Tá dhá suíochán fágtha mar sin agus beidh Mini Healy-Rae, beirt Fhianna Fáil, agus Arthur Spring on LO san iomaíocht iad a thógáil. Tá sé fógartha inniu go bhfuil sé de dhánacht ag Mini Healy-Rae a dheartháir a chur sa rás leis rud a dheirim liom go bhfuil sé lánchinnte go bhfuil a suíochán féin slán agus gurb fhiú hata an chlann a chaitheamh sa chluiche chun an ceann deireanach a thógail mar go bhfuil an cúóta atá ag FF á roinnt idir beirt lag, agus nár chóir go mbeadh fiú leathchúóta ag Spring.  B'fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus má tá, n'fheadar an botún é ag SF gan an dara iomaitheoir a chaitheamh isteach freisin?  Cinnte, níl cúóta le sparáil acu, ach ní thógfaidh sé cúóta an suíochán deireanach a bhaint. Tá sé dodhéanta é a thuar agus fágfaidh mé mar sin i gcolún GF é.

Tuar: FG-2 SF-1 N-1 GF-1

Gleann na nGealt ... nó ... What's the Matter with Tiobraid Árainn?

Scríobhadh leabhar cailiúil roinnt blianta ó shin, 'What's the matter with Kansas?', a rinne iarracht a mhíniú cad ina thaobh a raibh muintir an stáit sin ag vótáil i gcoinne a leasa féin arís is arís eile. Nuair a bhreathnaítear ar liosta na n-iomaitheoirí i dTiobraid Árainn, tá sé deacair gan an cheist chéanna a chur anseo.  Ar a laghad ní bheidh ach cúigear de na bodaigh seo ag teacht chun Dála i mbliana, seachas an seisear atá againn fé láthair, rud a chiallaíonn go mbeidh ar a laghad muicín amháin gan a ghob greamaithe ar chíocha chréachta an stáit as seo amach.

Tiobraid Árainn: Tá sé cinnte dearfa go seasfaidh Labhraidh ar bharr an chéad comhairimh agus cén fáth nach mbeadh - nach raibh scileanna comhairimh ar leith aige nuair a bhí sé ina aire ag dáileadh conarthaí arb fhiú na céadta milliúin iad dá chairde mímhacanta?  Dhearbhaigh fiosrúchán Mhoriarty gur bhronn Denis O'Brien breab ar Labhraidh chun ceadúnas gutháin soghluaiste a bhuachaint ón stát, agus níor stad an Brianach ag bailiú airgid ó shin i leith.  Ar fáth éigin níl suim ar bith ag an DPP aon rud a dhéanamh faoin gcoiriúlacht seo, ach sin mar a bhíonn ar oileán lofa na naomh na laethanta seo. Pé scéal é, is cuma sa tsioc le muintir Thiobraid Árainn faoi seo agus fillfidh Labhraidh chun Dála.  Beidh thar cúóta ag FG anseo freisin agus dóthain tharais nach ndéanfaidh an roinnt idir triúr mórán dochar dóibh fiú mura n-aistrítear gach vóta ar ais go dtí an buaiteoir agus cé go bhfuil sé fíordheacair a thuar cé acu Noonan nó Hayes a bheidh i gceist, tá sé cinnte go mbainfidh ceann acu suíochán. Sílim go mbeidh dóthain de vótaí ag Séamus Healy N i gCluain Meala a shuíochán a choimeád freisin rud a fhágfaidh dhá suíochán le roinnt idir FF, Mattie McGrath N agus an dara léine gorm. Beidh cúóta ag FF freisin ach tá contúirt mór ann nach n-éireoidh leo é a tharraingt ar ais i gcarnán duine amháin acu, go h-áirithe mar go bhfuil Mattie McGrath ag snámh sna locháin céanna. An t-aon boc mór gur féidir a bheith cinnte de nach bhfillfidh ar Dáil Éireann ná Alan "AK47" Kelly féin.  Níl an vóta ag an LO, gan ach duine amháin ar chomhairle an chontae acu agus an t-aon rud eile a shábhálach é na a ainm mar bodach bladarach béalach a bhféadfaí a braith air an fód a sheasamh ar son cosmuintir bochta Thiobraid Árainn i gcoinne D4, an meeja agus na taibhsí samhlaithe eile a shíltear dóibh a bheith ag coimeád faoi chos iad.  In aon dáilcheantar eile, b'fhéidir go mba leor é seo, ach i dTiobraid Árainn tá an ról sin líonta dhá uair cheana féin ag Labhraidh agus Mattie McGrath.  Ar deireadh, sílim gur ceann d'iarrathóirí FF agus McGrath a thógfaidh an dhá suíochán deireanach.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) N-3

10.2.16

Cúige Laighin.

Cé nach raibh sé ar intinn agam é a dhéanamh mar seo, feicim go bhfuil gach contae sa chúige déanta agam (seachas Áth Cliath) agus an ceann a dhéanfaidh mé anocht, Co. Lú.  Tar éis mo thuairimí ar an gContae breac-Ultach seo déanfaidh mé tailí don chúige iomlán.

An Lú: Is ceann de na dáilcheantair é seo a léiríonn an fás ollmhór atá tagtha ar thacaíocht Shinn Féin le deich mbliain anuas.  Níl amhras ar bith ach go dtógfaidh Gerry Adams suíochán anseo ach ní leor é sin anois do SF. I 2014 bhí níos mó na 30% den vóta ag SF agus más sin a vóta a thógann siad ag deireadh na míosa, beidh gar go dhá cúóta acu.  Sílim go mbeidh agus toghfar Munster SF chomh maith lena ceannaire.  Bhí suíochán amháin ag FF anseo i 2011 ach fuaireadar in aisce é mar gheall gur i seilbh an cheann chomhairle a bhí sé.  Bhí gar go cúóta idir an bheirt eile san iomaíocht ach chaill an bheirt acu amach.  Tá athfhás éigin i ndán do FF anseo dár liom agus tógfaidh siad ceann an uair seo - Breathnach is dócha a dhéanfaidh an beart. Fágann sin dhá suíochán do iomaitheoirí an rialtais atá suíochán acu cheana féin.  Níl aon dabht ach go bhfuil O'Dowd slán rud a fhágann an suíochán deireanach idir Fitzpatrick FG agus Nash LO.  Ní fheicim go mbeidh dóthain ag Nash a bheith iomaitheach agus gach seans nach mbeidh fiú leathchúóta aige ón gcéad comhairimh.  Ba chóir go mbeadh Fitzpatrick níos gaire go trí cheathrú de chúóta ón tús agus ní bheidh na haistrithe ann chun Nash a sheoladh ar ais chun Dála.  Seo mar a thitfidh amach mar sin dár liom ...

Tuar: SF-2(+1) FG-2 FF-1

Anois má thógtar iomlán Cúige Laighin (seachas Áth Cliath) seo mar a bheidh na páirtithe dár liom.

Cúige Laighin: FG-15(-5) FF-11(+3) SF-7(+4) LO-4(-4) N-1 SD-2 RN-1 GF-2.

Sin 43 suíochán le 19 fós i seilbh an rialtais.  Gar go leath dóibh, ceart go leor, ach i 2011 bhí 28 as 42 acu.  Ábhar imní don Taoiseach agus don Tánaiste na huimhreacha seo, déarfainn.

Ós rud é go bhfuil Port Láirge déanta cheana féin agam, tabharfaidh mé faoin gcuid eile de Chúige Mumhan, ag tosnú amárach.



9.2.16

Toghchán ... Cúige na Mí

Déanfaidh mé iarracht an cúigiú cúige a chlúdach leis an bpost seo, 'sé sin An Mhí Thoir, An Mhí Thiar agus an Iarmhí. Bronnfar duais ar éinne atá ábalta smaoineamh ar magadh maith mar fhreagra ar an gceist "Cad é an difir idir An Iarmhí agus an Mhí Thiar?" Ní ritheann aon rud níos greannmharaí liom faoi láthair ná "san Iarmhí pósann deirfiúracha a deartháireacha ach sa Mhí Thiar is a mhalairt an scéal."

Is leor sin mar ghreann, fillfimis anois ar an dtairngearacht.

An Mhí Thoir. Tá athruithe móra i ndán don toghcheantar seo i ndiaidh na hathruithe ollmhóra i 2011.  An tráth sin tháinig Dominic Hannigan isteach sa chéad áit don LO, ach mar a tharla i roinnt áiteanna eile, bhí Dominic bocht ag braith ar taoide dostoptha an LO i 2011, seachas aon mórthacaíocht phearsanta nó buanthacaíocht LO.  Níl na vótaí sin ann a thuilleadh, agus níl oiread is suíochán amháin acu ar Chomhairle an Chontae anois - slán leat Dominic.  Dár ndóigh thit an spéir ar FF an bhliain áirithe sin agus cé nach dtiocfaidh siad aniar uaidh sin i roinnt áiteanna bhí 20% acu i 2011 agus gach seans go mbeadh suíochán anois acu ach go raibh beirt san iomaíocht ar an lá.  Ní dhéanfaidh siad an botún céanna i mbliana agus fillfidh Thomas Byrne FF chun Dála dá bharr.  Tá fás thar cuimse tagtha ar vóta SF le blianta beaga anuas agus déarfainn go dtógfaidh Darren O'Rourke suíochán anseo freisin.  Rud a fhágann go gcaithfidh ceann de mhná FG an stáitse a fhágáil.  Déarfainn go bhfuil an buntáiste ag McEntee de bharr a hainm, ach bíonn Regina Doherty an-fheiceálach agus b'fhéidir gur leor sin i a thabhairt slán?  Pé scéal é, ní gheobhaidh FG 40% den vóta t-am seo agus níl seans ar bith acu dhá cheann a thógáil mar sin.

Tuar : FF-1(+1), FG-1(-1) SF-1(+1)

An Mhí Thiar.  Tá sé i bhfad níos éascaí an ceann seo a thuar.  Tá sé soiléir ó thorthaí na toghcháin áitiúla i 2014, go bhfuil athfhás tagtha ar vóta FF sa dáilcheantar seo - b'fhéidir nach bhfuil cúóta iomlán acu ach níl siad fada uaidh agus níleadar á roinnt thar beirt nó triúr.  Tá sé cinnte go dtógfaidh Cassells FF ceann mar sin.  Is amhlaidh an scéal do Peadar Tóibín SF.  Gach sean go mbeidh cúóta dá féin aige ar an gcéad comhairimh, ach fiú mura bhfuil, níl aon slí nach bhfillfidh sé chun Dála.  Fágann sin beirt léine gorma bochta ag géar-ionmaíocht do shuíochán amháin. Deacair a rá cé acu a thógfaidh é, ach déarfainn gur Damien English a dhéanfaidh an beart.

Tuar : SF-1, FF-1(+1) FG-1(-1)

Longort-An Iarmhí. I 2011 bhí thar cúóta ag an LO, cúóta ag FF agus beagnach dhá cúóta ag FG agus sin mar a bhronnadh na suíochán. Bheinn den tuairim nach raibh cúóta ag an LO in aon chor, ach go raibh beagnach cúóta pearsanta ag Willie Penrose.  Ní thuigim an greim atá aige ar mhuintir an Mhuilleann gCearr ach d'fhéadfadh sé rith ar son an DUP agus bhainfeadh sé suíochan, dar liom.  Ní dhéanfaidh imphléascadh an LO mórán dochar dá vóta, cé gach seans nach é an chéad ceann an thógfaidh sé an uair seo.  Déarfainn go mbeidh Robert Troy FF slán freisin, mar níl sé ag roinnt a vóta le comhghleacaí dáiríre an t-am seo - níl ann ach scuabaire i sciorta, mar atá ar siúl ag an dhá mórpháirtí ar fud na tíre.  Is cinnte go dtitfidh vóta FG an uair seo agus ní dóigh liom go bhfuil sé réalaíoch dóibh a bheith ag ceapadh gur féidir leo dhá suíochán a choimeád anseo.  McFadden a chaillfidh amach dar liom, cé go mbeidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh, rud a thabhairfidh Bannon agus Penrose slán.  An mór-cheist anseo ná cá rachaidh an suíochán deireanach sin, murach McFadden a fhaigheann é.  Dár liom tá sé idir ceann de na neamhspleáchaigh, Kevin Boxer Moran agus Paul Hogan SF.  D'fhéadfadh ceachtar acu é a thógáil dár liom, ach fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar : FG-1(-1), FF-1, LO-1 GF-1
   
Sin agaibh é do anocht.

8.2.16

Toghchán ... Cill Dara

Tá seacht suíochán ar fáil idir an dá dailcheantar anseo, trí acu sa deisceart agus an trí eile sa tuaisceart.

Deisceart Chill Dara. Níl ach trí suíochán anseo agus tá sé cinnte dearfa go mbainfidh Martin Heydon FG agus Seán Ó Fearghaíl FF a suíocháin amach arís. Maraon le roinnt áiteanna eile sa tír, tá sionaiciúlacht ar leith á léiriú ag an dhá pháirtí seo ag cur mná chun iomaíochta a bhfuil a fhios ag an domhan mór nach bhfuil seans dá laghad go dtoghfaí iad, ach ar mhaithe le maoiniú stáit a chinntiú trí ar a laghad 30% de mná a bheith á rith acu. Sílim go dtoghfar Heydon ar an gcéad comhairimh in ainneoin pé vótaí a thugtar ar iasacht don bhean uasal atá ag feidhmniú mar scuabaire dhó, ach b'fhéidir go mbeidh gá ag Ó Fearghaíl fanacht comhairimh nó dhó eile go dtí go dtagann sé slán, de bharr a vóta a bheith roinnte.  Beidh an suíochán deireanach fíordheacair a thuar, ainneoin go raibh vóta ollmhór ag Wall don LO i 2011.  Níor éirigh ródhona leo i 2014 ach oiread agus ba chóir go mbeadh siad ar bharr an liosta don tríú suíochán, cé go mbeidh na haistrithe deacair le haimsiú an tráth seo. I ndáiríre d'fhéadfadh an suíochan deireanach dul áit ar bith ach is dóigh liom go gcoimeádfaidh an LO é, cé nach mbeidh siad i ngiorracht scread asail don cúóta.  Mura n-eiríonn leis an LO an ceann seo a choimeád tá slad uafásach i ndán dóibh.  Bhuel, tá slad uafásach i ndán dóibh, ach slad níos uafásaí arís atá i gceist agam.

Tuar: FG-1 FF-1 LO-1

Tuaisceart Chill Dara.Bheinn cinnte anseo freisin faoin chéad triúr a thoghfar. Beidh i bhfad thar cúotá ag FG anseo agus bheadh ionadh orm mura thoghfaí Bernard Durkan FG don chéad suíochán.  Tá sé soiléir go leor freisin go mbeidh suíochán ann do Catherine Murphy SD agus do Emmet Stagg ón LO. Níl tuairim faoin spéir agam cad ina thaobh atá an ghreim docht sin ag Stagg ar thacaíocht mhuintir Chill Dara, ach tá le fada an lá anois, agus mura thréig siad go dtí seo é, níl thréigfidh riamh.  Ba chóir go mbeadh gar go cúóta anseo do FF ach ar fáth éigin (saint agus leithleas an gnáthmhíniú ar an amaideacht seo ó FF) tá siad chun é a roinnt idir bheirt.  Níos measa fós, táid á roinnt idir bheirt nua (don stáitse naisiúnta ar aon nós) rud a chiallaíonn go bhfuil seans maith go mbeidh an bheirt acu ag tosnú le níos lú na leathchúóta an duine.  Fágfaidh seo an bheirt acu i mbaol go gcaillfidis amach do Réada Cronin SF.  É sin ráite, ar deireadh, cheapfainn go dtógfaidh ceann den FF ar deireadh é, ach má thógann SF é, tá lá den scoth i ndán dóibh, cé gur de bharr seafóid FF a bheadh sé acu.

Tuar: FG-1(-1) SD-1 LO-1 FF-1(+1)

Toghchan ... Laois & Uíbh Fháilí

Dhá dream a shuigh le chéile sa Dáil ó bhunú an stáit ach atá scarrtha óna chéile anois a bheidh faoi bhráid agam anocht.  Dár ndóigh is athrú ollmhór é d'aon rás nuair a athraítear dáilcheantair agus cinntíonn sé go mbeidh athrú sna teachtaí a thoghfar, ach sa chás seo bhíodh cúig suíochán sa sean-dáilcheantar agus anois beidh sé chinn, trí i gCo. Laoise agus trí eile i gCo. Uíbh Fháilí.  Is dócha gurb é seo an t-athrú is fearr leosan atá suíochán faoina dtóin acu cheana féin, mar nach gá go gcaillfidh éinne amach.

Laois.  Tá beirt fíorláidir sa dáilcheantar seo ach beag baol go gcaillfidh ceachtar acu amach ar an lá.  Ba chóir go mbeadh cúóta éasca ag Charlie Flanagan FG agus Seán Fleming FF má thógtar torthaí ó na toghcháin áitiúla i 2014 san áireamh.  Níl scéal an tríú teachta chomh soiléir sin, dar liom, mar ní fheictear go mbeidh cúóta ag Brian Stanley SF ar an gcéad comhairimh, fiú má fhaigheann SF vóta náisiúnta thart fá 20%.  Caithfidh mé a admháil nár cheapas go mbainfeadh Stanley an sprioc amach i 2011 ach bhain, cé gur éascaí an éacht é i dtoghcheantar 5 suíochán le cúóta 16%.  Anois caithfidh sé 25% a shroicheadh.  Ait go leor, níl ceachtar den dhá mórpháirtí anseo ag déanamh iarracht ar bith a shuíochán a bhaint uaidh agus níl dara iomaitheoirí dáirírí san iomaíocht acu in aon chor.  Mar sin, is dócha go bhfuil sé slán.

Tuar: FG-1 FF-1 SF-1

Uíbh Fháilí. Níl cúrsaí leath chomh soiléir ar an dtaobh eile den sean-dáilcheantar.  Arís, cheapfá go mbeadh an bheirt anseo ó FF & FG slán go háirithe mar nach bhfuileadar ag cur éinne eile dáiríre san iomaíocht.  Fágann sin an suíochán deireanach a d'fhéadfadh dul áit ar bith.  Fuair SF 17.6% san toghcháin áitiúla rud a chiallós go bhfuil seans acu, ach d'fhéadfadh FF an dara ceann a bhaint chomh maith.  Tá roinnt neamhspleáchaigh ann freisin agus i ndáiríre braitheann sé go mór ar ord na n-iomaitheoirí ar an gcéad comhairimh.    Don chéad uair i mbliana, táim chun an suíochán deireanach a fhágáil sa cholún GF, gan fhios.

Tuar: FG-1 FF-1 GF-1

Sin agaibh é mar sin, i ndáiríre níl móran eolais agam daoibh anseo.  An cúigear a thogadh le filleadh agus tuairim faoin spéir agam cá rachaidh an ceann deireanach.   Níl puinn breise ar eolas agaibh nach raibh agaibh roimh an méid seo a léamh, an bhfuil?

6.2.16

Toghchán ... Cill Chainnigh/Ceatharlach

Cill Chainnigh/Ceatharlach. Is áite eile í seo inar toghadh iomaitheoir ón LO i 2011 ar Ghála an Ghiolla Mhóir agus mar sa thitfidh amach sna Déise a thitfidh amach anseo. Bhí cúóta dá gcuid féin acu i 2011 ach beidh cuid de na vótaí sin ag filleadh go FF agus roinnt eile á seoladh ar aghaidh go Funchion i SF. Déarfainn go mbeidh cúóta aici dá gcuid féin agus gá ar bith aici mar sin le haistrithe ó éinne.  Ní fheicim gur féidir le FG an éacht a rinneadh i 2011 a dhéanamh arís.  Is leor titim bídeach ina vótaí agus ardú dá réir i vóta FF chun a cinntiú go bhfillfidh an bheirt, Aylward agus MacAonghusa chun Dála.  Ní bheinn róchinnte cén bheirt ó FG a thiocfadh slán, ach bheinn lánchinnte go mbeidh beirt acu ann.   Má tá FG sna 20daí arda go náisiúnta, beidh siad sna 30daí ísle anseo agus sin dhá suíochán ach amháin má ritear i bhfad in iomarca iomaitheoirí.  Cé gur bhuadar trí cinn i 2011, níl ach dhá ceann anois acu, mar go raibh fothoghchán ann anuraidh, inar fhill Aylward.  Mar sin an t-aon athrú ó inniu a bheidh ann na SF ag gnóthú ceann a chaillfidh an LO.

Ceithre cinn déanta anois, tríocha sé le déanamh.  Tús maith aon deichiú den oibre mar a dheirtear.

Tuar: FG-2 FF-2 SF-1(+1)

5.2.16

Toghchán ... Port Láirge.

Port Láirge. Toghadh Ciara Conway LO i 2011 ar Ghála an Ghiolla Mhóir agus gan an gaotaire úd taobh thiar di anois níl seans dá laghad aici a háit i nDáil Éireann a choimeád.  Tá sé soiléir freisin go dtógfaidh David Cullinane SF suíochán an uair seo.  Bíonn sé deacair i gcónaí neart na neamhspleáchaigh a thuar nuair nach mbíonn páirtí taobh thiar dóibh gur féidir a mheas bunaithe ar na toghcháin áitiúla mar shampla, ach bheinn den tuairim go n-éireoidh le formhór de na neamhspleáchaigh a d'éirigh leo i 2011 an fód a sheasamh arís.  Is cinnte go bhfuil ardú próifíl faighte ag John Halligan le blianta beaga anuas agus anois agus é faoi bhrat Comhaontas na Neamhspleáchaigh (neamhneamhspleáchaigh b'fhéidir?) ba chóir go mbainfeadh sé roinnt aistriúcháin ó neamhspleáchaigh eile a dhearmadaíonn a chúlra cumannach.  Níl amhras ar bith ach oiread orm ach go dtoghfar John Deasy FG gan stró ar bith ar an gcéad comhaireamh leis.  Rud a fhágann suíochán amháin agus beirt láidir ar a thóir.  Bhíodh FF láidir anseo in am Bhertie, agus níor chaith siad suíochán amu anseo trí iomarca iomaitheoirí a chur chun páirce, mar a rinneadar roinnt áiteanna eile.  Bhíodar gar go leor don sprioc ar deireach agus measaim má fhilleann a laghad is míle de vótaí Ciara Conway chucu tógfaidh Mary Butler suíochán, rud a fhágas Paudie Coffey bocht ag fanacht mí nó dhó go dtí go shocraítear suíochán sa Seanad dó.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) SF-1(+1) N-1

Toghchán ... Loch Garman

Léas an t-alt suimiúil seo ar politicalreform.ie ar maidin ag míniú cén fáth gur iarracht in aisce atá ar bhun agam anseo. An bunfhadhb a bhaineann leis ná síltear nach bhféadfadh mioneolas cruinn a bheith ag éinne maidir le daichead dáilcheantar éagsúl. Ní féidir é sin a shéanadh, dár ndóigh, agus admhaím nach bhfuilim ach ag déanamh tuair ar mhaithe le píosa spraoi - ná glactar le haon rud a léitear sna postanna a leanas mar aon rud níos dáirírí ná tuairimíocht, nó má ghlactar, in ainm Chroim ná caitear airgead ar paddypower.com dá bharr.

É sin ráite, taim chun treabhadh liom agus mo thuar i leith Loch Garman a nochtadh.

Loch Garman.  Tá sé deacair móran ó thaobh athruithe a fheiscint anseo.  Cinnte titfidh vóta Brendan Howlin, ach tá greim an thiarna fheodaigh ar Bhaile Loch Garman féin aige agus cé nach dtiocfaidh sé slán chomh héasca is a tháinig go dtí seo, sílim go mbeidh sé fós ina sheasamh ag deireadh an aonaigh, go háirithe mar nach bhfuil éinne eile san iomaíocht don LO an uair seo.  Is amhlaigh an scéal do John Browne FF in Inis Córthaidh agus mar a tharlaíonn in Éirinn bheadh ionadh orm mura dtoileann muintir fiail an bhaile stairiúil sin an suíochán a sheoladh ar aghaidh chuig an chéad glúin eile de shíol de Brún.  Tiarnas feodach, an dtuigeann sibh?  Níl sna iomaitheoirí eile de lucht FF ach buicéid chun vótaí a bhailiú ar fud an chontae chun seoladh i dtreo Inis Córthaidh ar eagla go mbeadh gá ann dóibh - tá lá dhá (nó trí fiú) de shuíochán ag FF i Loch Garman imithe agus ní fhillfidh siad go deo.  Tá dhá mórfháth le seo.  Fás na neamhspleáchaigh agus fás Shinn Féin.  Tá suíochán Wallace slán déarfainn, de bharr a ainm a bheith go mór i mbéal an phobail ó lá ar toghadh é.  Ní dóigh liom go mbeidh dóthain ag Sinn Féin an uair seo an suíochán a bhaint, cé go mbeidh siad fós san iomaíocht don suíochán deireanach.  An chéad uair eile, is dócha, go háirithe nuair a fhágann Howlin ar deireadh.  Fágann sin an bheirt léine ghorm, Kehoe agus D'arcy.  Beidh an vóta ag FG an bheirt sin a thabhairt slán, agus b'fhéidir gurb é vótaí a dtríú iomaitheoir a chuideoidh le Howlin a shuíochán a choimeád ó SF, a thógfaidh an chéad uair eile é, is dócha, go háirithe mura bhfuil Howlin ina aire a thuilleadh.

Tuar: N-1 FF-1 FG-2 LO-1.

3.2.16

Toghchán ar deireadh.

Cúig bhliain ó shin, chríochnaíos sraith postanna leis an bpost seo ag tuar torthaí ollthoghcháin 2011.


'Siad na torthaí a thit amach ar deireadh ná

FF-20 FG-76 LO-37 SF-14 ULA-4 N-15.

agus mar sin ní dóigh liom gur éirigh ródhona liom, go h-áirithe leis an abairt deireanach a ghéill go bhféadfadh FF fulaingt dá dtifeadh a vóta faoi 20%, rud a tharla. Cé go raibh an céatadán den vóta a ghnóthaigh an LO faoi 20% freisin, ní rabhadar á roinnt idir beirt nó triúr agus is iadsan is mó a bhain leas as leá tacaíochta FF. 

Bhaineas an-spraoi an tráth sin leis an bhfíric go raibh leithleas roinnt the lucht FF ag caitheamh suíocháin uathu de bharr iomarca iomaitheoirí ar thóir suíocháin gan dóthain de vóta le roinnt eatarthu.  Ar deireadh, sin díreach a tharla agus b'shin an botún ba mhó i mo thuar - ghnóthaigh na bastúin leath an mhéid suíocháin is a bhí mé ag súil leis.  Ní gá dom a rá dár ndóigh ach gur ábhair áthais é dhom go raibh mé chomh mícheart sin.

Ar aon nós, tá sé ar intinn agam 40 thuar eile a dhéanamh sna seachtainí atá romhainn, go bhfeice mé an bhfuil mo scileanna fháidhiúla feabhasaithe thar na blianta. Bíonn saineolaithe ar nós Seán Donnelly ar RTÉ Drivetime le Mary Wilson na laethanta seo ag tuar seo agus siúd ar fud na tíre agus caithfidh mé a admháil gur minic a cheapaim go bhfuil na boic bochta ag caitheamh craice le na tuair seafóideacha a chloisim uathu.

Tosnóidh mé le mo thoghcheantar féin, Cill Mhantáin.

Cill Mhantáin/Ceatharlach Thoir.  Tá rás Anne Ferris rite agus níl aon rud níos cinntí ná go bhfuil tóin stroicthe as bríste an LO i gCill Mhantáin le fada anois.  Níl oiread is suíochán amháin acu ar an gComhairle Contae a thuilleadh agus leis an LO le vóta níos lú ná 10% go náisiúnta níl seans ar bith aici teacht aniar i gCill Mhantáin.  Mar bharr ar gach donais, tá Stephen Donnelly i ndiaidh na SD a bhunú (an cuma air nach bhfuileadar ag bacadh le leagan Ghaeilge dá n-ainm) rud a mheallas roinnt de 'sóisialaigh' an bhradáin deataithe ón LO.  Tar éis an méid sin a rá, tá an chuid eile éasca go leor a thuar.  Tá John Brady cinnte dearfa chun suíochán a ghabháil - ní raibh ach 120 vóta idir é agus an suíochán deireanach a thóg Stephen Donnelly i 2011 agus rinne sé an méid sin le 10% den vóta.  Beidh 20% aige an uair seo agus ba chóir go dtógfadh sé an chéad suíochán.  Measaim go bhfuil an bheirt léine gorm slán go leor freisin, go háirithe le gan ach an bheirt acu san iomaíocht in oirthear an chontae.  Bheifeá buartha faoi shuíochán Billy Timmins ar thaobh thall na sléibhte le RN anois, ach go bhfuil an taobh sin tíre aige dó féin don mórchuid agus ba chóir go mbeadh an vóta pearsanta aige a thóin a choimeád i dTeach Laighin. Amaidí eile ag FF beirt a chuir sa rás, agus ceann acu ó Dhún Laoghaire, creid nó ná creid é.  Beidh Casey san iomaíocht ach ní gheobhaidh sé na huimhreacha 2, 3 & 4 chun é a thabhairt slán dár liom.  Dá mbeadh ach é féin faoi bhrat FF bheadh seans níos fearr aige, ach mar atá, is Donnelly a thógfaidh an ceann deireanach arís. 

Tuar: SF-1(+1) FG-2(-1) SD-1 RN-1.

Ná dearmad gur anseo a chuala sibh i dtús é!