8.2.16

Toghchan ... Laois & Uíbh Fháilí

Dhá dream a shuigh le chéile sa Dáil ó bhunú an stáit ach atá scarrtha óna chéile anois a bheidh faoi bhráid agam anocht.  Dár ndóigh is athrú ollmhór é d'aon rás nuair a athraítear dáilcheantair agus cinntíonn sé go mbeidh athrú sna teachtaí a thoghfar, ach sa chás seo bhíodh cúig suíochán sa sean-dáilcheantar agus anois beidh sé chinn, trí i gCo. Laoise agus trí eile i gCo. Uíbh Fháilí.  Is dócha gurb é seo an t-athrú is fearr leosan atá suíochán faoina dtóin acu cheana féin, mar nach gá go gcaillfidh éinne amach.

Laois.  Tá beirt fíorláidir sa dáilcheantar seo ach beag baol go gcaillfidh ceachtar acu amach ar an lá.  Ba chóir go mbeadh cúóta éasca ag Charlie Flanagan FG agus Seán Fleming FF má thógtar torthaí ó na toghcháin áitiúla i 2014 san áireamh.  Níl scéal an tríú teachta chomh soiléir sin, dar liom, mar ní fheictear go mbeidh cúóta ag Brian Stanley SF ar an gcéad comhairimh, fiú má fhaigheann SF vóta náisiúnta thart fá 20%.  Caithfidh mé a admháil nár cheapas go mbainfeadh Stanley an sprioc amach i 2011 ach bhain, cé gur éascaí an éacht é i dtoghcheantar 5 suíochán le cúóta 16%.  Anois caithfidh sé 25% a shroicheadh.  Ait go leor, níl ceachtar den dhá mórpháirtí anseo ag déanamh iarracht ar bith a shuíochán a bhaint uaidh agus níl dara iomaitheoirí dáirírí san iomaíocht acu in aon chor.  Mar sin, is dócha go bhfuil sé slán.

Tuar: FG-1 FF-1 SF-1

Uíbh Fháilí. Níl cúrsaí leath chomh soiléir ar an dtaobh eile den sean-dáilcheantar.  Arís, cheapfá go mbeadh an bheirt anseo ó FF & FG slán go háirithe mar nach bhfuileadar ag cur éinne eile dáiríre san iomaíocht.  Fágann sin an suíochán deireanach a d'fhéadfadh dul áit ar bith.  Fuair SF 17.6% san toghcháin áitiúla rud a chiallós go bhfuil seans acu, ach d'fhéadfadh FF an dara ceann a bhaint chomh maith.  Tá roinnt neamhspleáchaigh ann freisin agus i ndáiríre braitheann sé go mór ar ord na n-iomaitheoirí ar an gcéad comhairimh.    Don chéad uair i mbliana, táim chun an suíochán deireanach a fhágáil sa cholún GF, gan fhios.

Tuar: FG-1 FF-1 GF-1

Sin agaibh é mar sin, i ndáiríre níl móran eolais agam daoibh anseo.  An cúigear a thogadh le filleadh agus tuairim faoin spéir agam cá rachaidh an ceann deireanach.   Níl puinn breise ar eolas agaibh nach raibh agaibh roimh an méid seo a léamh, an bhfuil?

No comments:

Post a Comment