17.2.16

Baile Átha Cliath - olltoghchán sa phríomhchathair.

Tá daichead a ceathair suíochán le buachaint sa phríomhchathair, bhuel daichead a trí, mar a tharlaíonn mar nach bhfuil ar an gCeann Comhairle a shuíochán féin a throid.  Tá ceann amháin mar sin i ngleic Fhine Gael sula caitear oiread is vóta amháin.

Dún Laoghaire. Tá ceithre suíochán sa Dáilcheantar seo ach mar gheall gur i seilbh Seán Barrett ceann acu, níl ach trí le buachaint an t-am seo.  Dár ndóigh, cinntíonn seo go bhfuil suíochán Mary Mitchell-O'Connor FG go hiomlán slán freisin, mar go mbeidh níos mó ná cúóta acu ar an gcéad comhairimh, fiú má tá sé le roinnt leis an dara iomaitheoir. Tá Boyd Before Barrett slán freisin leis an próifíl ard atá aige de bharr é a bheith mar úrlabhraí neamhoifigiúil ar an bhfreasúra cumannach, ainneoin nach bhfuil mórán cumannaigh i nDún Laoghaire.  Ait go leor, an t-aon fáth gur bhuaigh sé suíochán i 2011 ná go raibh Hanafin agus Anrdews chomh santach lena chéile i 2011 gur fhágadar an suíochán nádúrtha Fhianna Fáil ina ndiaidh. Faraor, tá seans mhaith ann go bhfillfidh Máire na bPinsean ar an nDáil arís mar go bhfuil vóta an Lucht Oibre titithe go hiomlán as a chéile. Déarfainn gur í a bheidh ar bharr an liosta don tríú suíochán, cé nach sroichfidh sí an cúóta. Is searbh í an fhírinne seo domsa mar thar aon polaiteoir eile sa tír is fuath liom an bhean ghránna sin.  Beidh gráin agam do mhuintir Dhún Laoghaire go deo má vótálann siad ar ais í.

Tuar: FG-2 FF-1(+1) PBP-1

Áth Cliath Thiar.  Seo dáilcheantar Leo Varadkar FG agus Joan Burton LO agus tá suíochán freisin ag Ruth Coppinger AAA. Nuair a d'éag Brian Lenihan FF bhuaigh Nulty an LO an fothoghchán rud a d'fhág dhá suíochán ag an Lucht Oibre.  Bhí fadhbanna pearsanta ag Nulty bocht agus bhí air éirigh as, agus thóg Coppinger AAA é sa chéad fothoghchán eile, ag fágáil beirt ón AAA le suíochán acu.   Tá Joe Higgins AAA ag dul ar scor anois rud a fhágfaí an suíochán cumannach i ngleic Coppinger AAA.  Tá sé cinnte freisin go dtógfaidh Varadkar a shuíochán féin arís gan mórán stró, ach i ndiaidh sin tá triúr láidir ar thóir dhá suíochán.  Ag breathnú ar an bhfothoghchán sin i 2014, caithfidh tú a rá gur ag McGuinness N (a bhí le Fianna Fáil) agus Donnelly SF a bheidh siad ar deireadh. Cinnte, beidh Burton san iomaíocht go dtí an comhairimh deireanach ach ní bheidh na haistrithe ann í a thabhairt slán, dár liom.

Tuar: FG-1 AAA-1 N-1 SF-1(+1)

Ath Cliath Thiar Theas.  Cúig suíochán atá ar fáil anseo agus is áit é seo go mbeidh Sinn Féin in iomaíocht dhá ceann a bhaint.  Má éiríonn leo, ciallaíonn sé go bhfuil an-lá i ndán dóibh.   Cinnte, tá suíochán Seán Crowe SF slán.  Ba chóir go mbeadh sean-suíochán Brian Hayes FG slán freisin, cé nach bhfuil sé éasca a thuar cé acu den triúr a thógfaidh é. Caithfidh mé a rá áfach gur seafóid é do Fhine Gael a bheith ag cur an tríú iomaitheoir sa rás, go háirithe nuair nach bhfuil éinne acu le suíochán cheana agus tá baol ann fiú go gcaillfidh siad amach ainneoin cúóta a bheith acu. Tá suíochán Paul Murphy ón AAA slán freisin, rud a fhágann dhá suíochán agus Fianna Fáil, Sinn Féin agus an Lucht Oibre san iomaíocht.  Déarfainn go bhfuil Sinn Féin láidir a dhóthain sa toghcheantar seo an dara ceann a thógáil (fuaireadar 30% den vóta sa fothoghchán i 2014) agus déarfainn gur Fianna Fáil a thógfaidh an ceann deireanach, mar go mbeidh an Lucht Oibre ag roinnt a trí ceathrú de chúóta idir bheirt.

Tuar: FG-1 SF-2(+1) AAA-1 FF-1(+1)

Cuan Átha Cliath Theas. Tá sé deacair roinnt de na toghcheantair seo a thuar mar go bhfuil athruithe móra sna teorainn agus sna hiomaitheoirí ach tá an toghcheantar seo bunaithe ar an sean Áth Cliath Thoir Theas agus an t-athrú is mó ná an t-ainm.  Tá Murphy FG slán agus tá gach cosúlacht go dtógfaidh Lucinda Creighton RN a suíochán ar ais faoin mbrat nua.  Tar éis sin éiríonn cúrsaí casta ach an dhá ainm is mó a sheasann amach ná Andrews SF agus Ryan CG. Déarfainn go mbeidh dóthain ag ainm Andrews chun roinnt de  sheanvóta Fhianna Fáil a ghoid agus tá na meáin i ndiaidh a chinntiú go bhfuil Ryan fós feiceálach le roinnt blianta anuas.  Beidh níos mó aige ná deartháir Mhiriam ar aon nós, rud a fhágfaidh é le suíochán ar deireadh.

Tuar: FG-1 RN-1 SF-1(+1) CG-1(+1)

Is leor é sin d'aon oíche amháin.  Leanfaidh mé le seo tráthnóna amárach.

No comments:

Post a Comment