11.2.16

Gleann na nGealt ... nó ... What's the Matter with Tiobraid Árainn?

Scríobhadh leabhar cailiúil roinnt blianta ó shin, 'What's the matter with Kansas?', a rinne iarracht a mhíniú cad ina thaobh a raibh muintir an stáit sin ag vótáil i gcoinne a leasa féin arís is arís eile. Nuair a bhreathnaítear ar liosta na n-iomaitheoirí i dTiobraid Árainn, tá sé deacair gan an cheist chéanna a chur anseo.  Ar a laghad ní bheidh ach cúigear de na bodaigh seo ag teacht chun Dála i mbliana, seachas an seisear atá againn fé láthair, rud a chiallaíonn go mbeidh ar a laghad muicín amháin gan a ghob greamaithe ar chíocha chréachta an stáit as seo amach.

Tiobraid Árainn: Tá sé cinnte dearfa go seasfaidh Labhraidh ar bharr an chéad comhairimh agus cén fáth nach mbeadh - nach raibh scileanna comhairimh ar leith aige nuair a bhí sé ina aire ag dáileadh conarthaí arb fhiú na céadta milliúin iad dá chairde mímhacanta?  Dhearbhaigh fiosrúchán Mhoriarty gur bhronn Denis O'Brien breab ar Labhraidh chun ceadúnas gutháin soghluaiste a bhuachaint ón stát, agus níor stad an Brianach ag bailiú airgid ó shin i leith.  Ar fáth éigin níl suim ar bith ag an DPP aon rud a dhéanamh faoin gcoiriúlacht seo, ach sin mar a bhíonn ar oileán lofa na naomh na laethanta seo. Pé scéal é, is cuma sa tsioc le muintir Thiobraid Árainn faoi seo agus fillfidh Labhraidh chun Dála.  Beidh thar cúóta ag FG anseo freisin agus dóthain tharais nach ndéanfaidh an roinnt idir triúr mórán dochar dóibh fiú mura n-aistrítear gach vóta ar ais go dtí an buaiteoir agus cé go bhfuil sé fíordheacair a thuar cé acu Noonan nó Hayes a bheidh i gceist, tá sé cinnte go mbainfidh ceann acu suíochán. Sílim go mbeidh dóthain de vótaí ag Séamus Healy N i gCluain Meala a shuíochán a choimeád freisin rud a fhágfaidh dhá suíochán le roinnt idir FF, Mattie McGrath N agus an dara léine gorm. Beidh cúóta ag FF freisin ach tá contúirt mór ann nach n-éireoidh leo é a tharraingt ar ais i gcarnán duine amháin acu, go h-áirithe mar go bhfuil Mattie McGrath ag snámh sna locháin céanna. An t-aon boc mór gur féidir a bheith cinnte de nach bhfillfidh ar Dáil Éireann ná Alan "AK47" Kelly féin.  Níl an vóta ag an LO, gan ach duine amháin ar chomhairle an chontae acu agus an t-aon rud eile a shábhálach é na a ainm mar bodach bladarach béalach a bhféadfaí a braith air an fód a sheasamh ar son cosmuintir bochta Thiobraid Árainn i gcoinne D4, an meeja agus na taibhsí samhlaithe eile a shíltear dóibh a bheith ag coimeád faoi chos iad.  In aon dáilcheantar eile, b'fhéidir go mba leor é seo, ach i dTiobraid Árainn tá an ról sin líonta dhá uair cheana féin ag Labhraidh agus Mattie McGrath.  Ar deireadh, sílim gur ceann d'iarrathóirí FF agus McGrath a thógfaidh an dhá suíochán deireanach.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) N-3

No comments:

Post a Comment