19.2.16

Olltoghchán i dTuaisceart Átha Cliath.

Tá ceithre thoghcheantar fágtha ar bhruach thuaidh abhainn álainn na Life agus déanfaidh mé tuar ag gach ceann acu anois chun m'aistear timpeall na tíre a chríochnú.

Áth Cliath Lár.  Tá suíochán amháin á chailliúint anseo rud a chinntíonn dícheannadh de dhuine éigin mór le rá. Thóg sé roinnt blianta ar Mary-Lou McDonald SF a suíochán a bhuachaint anseo nuair a bhí ceithre cinn ar fáil, ach leis na hathruithe teorainn a cuireadh i bhfeidhm anseo tá sí níos láidre anois ná mar a bhí riamh.  Críochnóidh sí ar bharr an chéad comhairimh le gar go cúóta aici agus is í an t-aon duine anseo a bheinn cinnte go dtoghfar iad.  Beidh cúigear eile ina diaidh ar thóir an dhá suíochán deireanach - Paschal Donohoe FG, Joe Costello LO, Maureen O'Sullivan N, Mary Fitzpatrick FF agus Christy Burke N. Ní chuireadh sé ionadh ar bith orm dá dtoghfaí aon bheirt as an gceathrar sin, ach déarfainn gur duine as Donohoe FG agus Costello LO a dtógfaidh an chéad acu ag úsáid aistrithe ón duine eile.  Beidh Fitzpatick FF bocht san iomaíocht cinnte ag iarraidh sean-suíochán Bhertie a bhuachaint ar ais, ach is snámh in aghaidh easa (agus in aghaidh aistrithe) a bheidh sí. Idir Christy Burke & Maureen O'Sullivan a bheidh an ceann deireanach mar sin, agus ar deireadh déarfainn go gcoimeádaidh O'Sullivan é.

Tuar: SF-1 FG-1 N-1.

Áth Cliath Thuaidh Thiar. Tá trí suíochán le buachaint anseo mar a bhí i 2011 ach tá an domhan athruithe ina hiomlán ó shin i leith.  Thóg an Lucht Oibre dhá cheann ansin ach ceann amháin le Róisín Shortall SD atá anois mar bhall de na SDanna.  Tógfaidh sí a suíochán arís fén mbrat nua agus tógfaidh Dessie Ellis SF a shuíochán freisin, ar bharr an chéad comhairimh is dócha. Beidh an tríú suíochán idir an dara iarrathóir ó Sinn Féin, Cathleen Carney Boud SF agus John Lyons LO a thóg an dara ceann don Lucht Oibre i 2011.  Tá sé an-deacair iad a scarúint óna chéile, ach ag breathnú ar laigeacht na dtorthaí ag an Lucht Oibre sna toghchain áitiúla i bhFionnglas agus i mBaile Munna i 2014 agus iad a chur i gcomparáid le torthaí Shinn Féin, déarfainn go dtógfaidh Carney Boud ar deireadh é.  É sin ráite, beidh Lyons in ann braith ar roinnt aistrithe ón Léine Gorm nach bhfuil seans ar bith dá chuid féin aige, agus de bharr sin, caithfidh mé an ceann seo a fhágáil i gcolún GF.

Tuar: SD-1 SF-1 GF-1.

Cuan Átha Cliath Thuaidh. Tá an ceann seo fíor dheacair a thuar mar is meascán de dhá toghcheantar ó 2011 é, leis na sé suíochán a bhíodh ann á athrú go cúig. Beidh corp amháin dá bharr mar sin, ach níl éinne eile de na teachtaí atá suíochán fé láthair acu cinnte faoina dtodhchaí ach amháin Richard Bruton FG a thógfaidh a suíochán arís, agus Seán Kenny LO, atá ag dul ar scor. Ba chóir go mbeadh suíochán anseo do Shinn Féin agus beidh gar go leor go cúóta acu, ach ar fáth éigin tá siad á roinnt idir beirt, rud a chuireann i mbaol é dár liom. Beidh vóta níos ísle ná Sinn Féin ag Aodhán Ó Ríordáin LO dár liom ach níl sé á roinnt le héinne agus tógfaidh sé suíochán ar deireadh ag úsaid aistrithe ó Fhine Gael. Tá suíochán ag Terence Flanagan RN a bhuaigh sé d'Fhine Gael i 2011 ach ní dóigh liom go bhfuil dóthain daoine atá greamaithe sna 1950aí chun é a thoghadh faoi bhrat Ŕéńúá.  Ba chóir go mbeadh suíochán ann d'Fhianna Fáil freisin ach maraon le Sinn Féin tá siad á roinnt idir bheirt, ach fós féin, cheapfá go mbeadh dóthain d'ainm ag Seán Haughey FF an líne a thrasnú (faraor).  Sin tríur a dhéarfainn a bheidh slán, rud a fhágann Tommy Broughan N, Finian McGrath N (agus b'fhéidir Averil Power N fiú) ag troid le iomaitheoirí Shinn Féin don dhá suíochán deireanacha.  Dár liom tógfaidh ceann de na iomaitheoirí Shinn Féin ceann acu ar deireadh, rud a fhágaidh Broughan N agus McGrath N ar thóir an ceann deireanach.  Cá bhfios cé acu a thógfaidh é?

Tuar: FG-1(-1) FF-1 LO-1 (-2) SF-1(+1) N-1.

Finegall. As go brách, go Bá Bhinn Éadair is tiocfaimid abhaile in am don tae. Seo deireadh ár dturas agus níl ach seachtain nó mar sin go bhfeicfimid an bhfuilim ceart nó mícheart le mo rámhaillí míchéillí. Tá cúig suíochán anseo anois, ait a raibh ceithre cinn, rud a thabhairfidh misneach is dócha do chuile dhuine.  Tuigim cén fáth go bhfuil na Léinte Gorma ag rith a bheirt arís, ach níl dhá cúótá anseo dóibh.  Is dócha gurb é an tAire James Reilly FG a thiocfaidh slán.  Bhíodh Fianna Fáil láidir anseo i gcónaí agus is dócha go bhfuil dóthain ama caite acu sa phurgadóir ionas go dtiocfadh suíochán amháin ar ais chucu - Darragh O'Brien FF is dócha a thógfaidh é.  Thóg Clare Daly N suíochán anseo don Páirtí Sóisialach i 2011 ach beidh sí ag rith mar Neamhspleáchach anois - fós féin tá a suíochán slán dár liom.  Bhíodh suíochán don Lucht Oibre anseo i gcónaí nuair nach raibh ach ceithre cinn sa toghcheantar, de bharr tacaíocht ó na ceardchumainn san aerfort, ach dár ndóigh tá rudaí titithe as a chéile le blianta beaga anuas. Ag breathnú ar na torthaí áitiúla ó 2014, ainneoin go raibh titim tubaisteach i vóta an Lucht Oibre, déarfainn go bhfuil dóthain tacaíochta fós acu a bheith gar go cúóta agus tabharfar Brendan Ryan LO slán ar aistrithe Fhine Gael.  Fágann sin suíochán amháin nach mbeidh cúóta ag éinne é a bhaint amach.  Ach dár ndóigh, is minic gur leor leathchúóta an ceann deireanach a thógáil agus im thuairimse, beidh an dara iomaitheoir ó Fhine Gael fós san iomaíocht ar deireadh.  Beidh an Comhaontas Glas anseo freisin, agus fiú an iomaitheoir ó Shinn Féin.  Beidh an AAA ann freisin, cé do gceapaim gur vóta Clare Daly atá sa cheantar seo, seachas vóta AAA nó ULA nó pé ainm atá glactha acu na laethanta seo. Braitheann gach rud ar an t-ord ina bhfuil siad tar éis cúpla comhairimh.  Os rud é nach bhfuil buaiteoir soiléir, fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1(+1) LO-1 N-1 GF-1

Ag cur na daichead a ceathair suíochán ó Áth Cliath le chéile seo mar a thitfidh cúrsaí amach san ardchathair dár liom.

Tuar: FG-11(-3) SF-9(+5) FF-4(+3)  LO-4(-11) SD-1 PBP-2 AAA-2 RN-1 CG-1(+1) N-6 GF-3

Sin agaibh é.  Foilseoidh mé post amháin eile sa sraith seo ag tabhairt uimhreacha don tír iomlán.

No comments:

Post a Comment