10.2.16

Cúige Laighin.

Cé nach raibh sé ar intinn agam é a dhéanamh mar seo, feicim go bhfuil gach contae sa chúige déanta agam (seachas Áth Cliath) agus an ceann a dhéanfaidh mé anocht, Co. Lú.  Tar éis mo thuairimí ar an gContae breac-Ultach seo déanfaidh mé tailí don chúige iomlán.

An Lú: Is ceann de na dáilcheantair é seo a léiríonn an fás ollmhór atá tagtha ar thacaíocht Shinn Féin le deich mbliain anuas.  Níl amhras ar bith ach go dtógfaidh Gerry Adams suíochán anseo ach ní leor é sin anois do SF. I 2014 bhí níos mó na 30% den vóta ag SF agus más sin a vóta a thógann siad ag deireadh na míosa, beidh gar go dhá cúóta acu.  Sílim go mbeidh agus toghfar Munster SF chomh maith lena ceannaire.  Bhí suíochán amháin ag FF anseo i 2011 ach fuaireadar in aisce é mar gheall gur i seilbh an cheann chomhairle a bhí sé.  Bhí gar go cúóta idir an bheirt eile san iomaíocht ach chaill an bheirt acu amach.  Tá athfhás éigin i ndán do FF anseo dár liom agus tógfaidh siad ceann an uair seo - Breathnach is dócha a dhéanfaidh an beart. Fágann sin dhá suíochán do iomaitheoirí an rialtais atá suíochán acu cheana féin.  Níl aon dabht ach go bhfuil O'Dowd slán rud a fhágann an suíochán deireanach idir Fitzpatrick FG agus Nash LO.  Ní fheicim go mbeidh dóthain ag Nash a bheith iomaitheach agus gach seans nach mbeidh fiú leathchúóta aige ón gcéad comhairimh.  Ba chóir go mbeadh Fitzpatrick níos gaire go trí cheathrú de chúóta ón tús agus ní bheidh na haistrithe ann chun Nash a sheoladh ar ais chun Dála.  Seo mar a thitfidh amach mar sin dár liom ...

Tuar: SF-2(+1) FG-2 FF-1

Anois má thógtar iomlán Cúige Laighin (seachas Áth Cliath) seo mar a bheidh na páirtithe dár liom.

Cúige Laighin: FG-15(-5) FF-11(+3) SF-7(+4) LO-4(-4) N-1 SD-2 RN-1 GF-2.

Sin 43 suíochán le 19 fós i seilbh an rialtais.  Gar go leath dóibh, ceart go leor, ach i 2011 bhí 28 as 42 acu.  Ábhar imní don Taoiseach agus don Tánaiste na huimhreacha seo, déarfainn.

Ós rud é go bhfuil Port Láirge déanta cheana féin agam, tabharfaidh mé faoin gcuid eile de Chúige Mumhan, ag tosnú amárach.



No comments:

Post a Comment