15.2.16

Cúige Connachta.

Níl ach cúig dáilcheantar sa chúige seo agus déanfaidh mé iarracht iad go léir a thuar sa phost seo.

Gaillimh Thoir.  Tá an toghcheantar seo ag cailliúint suíochán ó 2011 uair a bhí beirt ag FG, duine ag FF agus duine ag an LO.  Gan ach trí suíochán le buachaint an uair seo caithfidh athrú teacht agus an rud is cinntí faoi ná go bhfuil suíochán an Lucht Oibre imithe.  Is Colm Keaveney a bhuaigh dóibh é i 2011 agus bhí sé glic go leor a thuiscint nach bhfuil tacaíocht nádúrtha acu anseo agus d'athraigh sé go Fianna Fáil. Os rud é nach bhfuil Kitt ag rith arís, is cinnte gur le Keaveney an suíochán FF arís.  Bhí dhá suíochán ag na léinte gorma anseo agus níos mó ná 40% den vóta acu.  Déarfainn go dtitfidh an vóta sin i mbliana rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin cinnte dóibh, Connaughton FG is dócha agus beidh siad i ngéariomaíocht don dara cheann. An féidir leo 2 as trí a bhaint le níos lú na 40% den vóta?  Deacair ach níl sé dodhéanta.  Cabhróidh aistrithe ó Higgins LO leo, cé nach mbeidh mórán acu le roinnt leo. Déarfainn mar sin go bhféadfadh an tríú suíochán anseo dul in aon áit.  Ní bheadh ionadh orm dá mbainfeadh Cannon FG arís é, ach b'fhéidir go dtógfaidh Neamhspleáchaigh éigin é, nó fiú iarrathóir SF. Pé duine a thógann é, críochnóidh siad mar an fear deireanach ag seasamh le b'fhéidir níos lú ná leathchúóta.  Fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FG-1(-1) FF-1 GF-1.

Gaillimh Thiar.  Tá cúig suíochán arís anseo agus níl aon cinnteacht ann ach go mbainfidh Ó Cuiv FF ceann acu.  Os rud é go bhfuil na teorainn athruithe ó 2011 tá John O'Mahony FG tagtha isteach ó Mhaigh Eo agus cúpla míle vóta tagtha leis is dócha. Beidh deacracht ag Fine Gael dhá suíochán a choimeád anseo ach cinnte tógfaidh Seán Kyne FG ceann amháin.  Déarfainn go dtógfaidh an sean-PD Grealish a suíochán arís mar go bhfuil vóta láidir pearsanta aige is cuma cén páirtí lena bhfuil sé ag rith.  Fágann sin dhá suíochán ar deireadh agus John O'Mahony FG, Trevor Ó Clochartaigh SF agus Catherine Connolly N in iomaíocht dóibh.  Ar deireadh, ba chóir go mbeadh dóthain de chúóta ag Ó Clochartaigh é a sheoladh thar an líne ach ní féidir a rá cé acu O'Mahony nó Connolly a thógfaidh an ceann deireanach.  Arís, tógfaidh mé an rogha sábháilte agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: FF-1 FG-1(-1) N-1 SF-1(+1) GF-1.

Maigh Eo. Tá sciar de Mhaigh Eo curtha isteach i nGaillimh Thiar, rud a chiallaíonn go gcaillfidh Maigh Eo ceann as na cúig a bhí acu.  Bhí ceithre acu sin i seilbh na léinte gorma agus bhí gar go ceithre cúóta acu chun iad a thógáil.  Is vóta dochreidte é seo agus gach seans go mbeidh gar don 60% den vóta arís acu, rud a chiallaíonn go mba chóir dóibh 3 as ceathair a thógáil an uair seo.  Tá beirt sa rás ag Fianna Fáil, ach níl ach suíochán amháin fágtha ann dóibh.  Tá baol beag ann go gcaillfidh siad amach tríd a vóta a scoilteadh idir an bheirt chun Conway-Walsh SF a scaoileadh isteach eatarthu, ach ar deireadh is dócha go mbeidh dóthain acu an ceann atá acu a choimeád.

Tuar: FG-3(-1) FF-1.

Ros Comáin - Gaillimh. Leis na teorainn ag athrú tá sé deacair na suíochán a thuar ach leis na trí cinn sa toghcheantar seo tá sé níos éascaí de bharr na hiarrathóirí láidre atá sa rás.  Tá vóta FG anseo láidir a dhóthain Hopkins FG a thoghadh. Tar éis sin, ba chóir go dtógfaidh Fitzmaurice N suíochán Ming arís, mar a rinne sé sa bhfothoghchán le déanaí. Tógfaidh mairtíreach an ospidéil Naughten N a shuíochán arís, ainneoin go bhfuil an ospidéal dúnta agus fanfaidh go deo. Nílim cinnte cén fáth go dtuillfeadh an teipeadh seo suíochán dó, ach sin mar atá in Éirinn.

Tuar: FG-1(-1) N-2.

Sligeach - Liatroim. Toghcheantar nua atá anseo le ceithre suíochán agus tá sé soiléir go bhfuil suíochán amháin ann do FG, SF agus FF. Is é an ceann deireanach a chothóidh an spóirt dúinn anseo.  Tá vóta (agus cúóta) poblachtánach i Liatroim le fada an lá ach níor éirigh leo suíochán a bhaint mar go raibh an contae scartha thar dhá toghcheantar éagsúl.  Ainneoin seo, thóg SF ceann i 2011 agus anois leis an contae aontaithe arís, beidh SF ar bharr an chéad comhairimh an uair seo. Táid chomh cinnte as seo táid ag rith beirt anseo agus tá seans acu an dara ceann a bhaint, ach go háirithe mar go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag rith triúr.  Tá sé deacair an seafóid seo a thuiscint ach ar a laghad thuig Fine Gael an contúirt, ach chuaigh Perry FG chun cúirte chun cinntiú go mbeadh sé mar an tríú iomaitheoir dóibh.  D'fhéadfadh an suíochán deireanach seo dul áit ar bith mar sin agus fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar: SF-1 FG-1(-1) FF-1(+1) GF-1.

Sin agaibh é mar a cheapaim do dtitfidh cúrsaí amach ar bhruach thiar na Sionaine.

Tuar: FG-7(-5) FF-4(+1) SF-2(+1) LO-0(-2) N-3 GF-3.

Sin leath de shuíochán an rialtais imithe i gCúige Connachta. Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir leis an rialtas filleadh ar uimhreacha mar sin agus i ndáiríre níl éinne a cheapann go bhfillfidh.  Tá tóin titithe as an Lucht Oibre agus caillfidh Fine Gael an iomarca suíochán chun nach mbeidh uathu ach dream beag ón Lucht Oibre iad a choimeád i gcumhacht.  Déanfaidh mé Cúige Uladh amárach sular chríochnaím le Bá Binn Bhinn Éadair agus feicfimid anois cad iad na féidireachtaí a bheidh romhainn ag deireadh na míosa. 

No comments:

Post a Comment