8.2.16

Toghchán ... Cill Dara

Tá seacht suíochán ar fáil idir an dá dailcheantar anseo, trí acu sa deisceart agus an trí eile sa tuaisceart.

Deisceart Chill Dara. Níl ach trí suíochán anseo agus tá sé cinnte dearfa go mbainfidh Martin Heydon FG agus Seán Ó Fearghaíl FF a suíocháin amach arís. Maraon le roinnt áiteanna eile sa tír, tá sionaiciúlacht ar leith á léiriú ag an dhá pháirtí seo ag cur mná chun iomaíochta a bhfuil a fhios ag an domhan mór nach bhfuil seans dá laghad go dtoghfaí iad, ach ar mhaithe le maoiniú stáit a chinntiú trí ar a laghad 30% de mná a bheith á rith acu. Sílim go dtoghfar Heydon ar an gcéad comhairimh in ainneoin pé vótaí a thugtar ar iasacht don bhean uasal atá ag feidhmniú mar scuabaire dhó, ach b'fhéidir go mbeidh gá ag Ó Fearghaíl fanacht comhairimh nó dhó eile go dtí go dtagann sé slán, de bharr a vóta a bheith roinnte.  Beidh an suíochán deireanach fíordheacair a thuar, ainneoin go raibh vóta ollmhór ag Wall don LO i 2011.  Níor éirigh ródhona leo i 2014 ach oiread agus ba chóir go mbeadh siad ar bharr an liosta don tríú suíochán, cé go mbeidh na haistrithe deacair le haimsiú an tráth seo. I ndáiríre d'fhéadfadh an suíochan deireanach dul áit ar bith ach is dóigh liom go gcoimeádfaidh an LO é, cé nach mbeidh siad i ngiorracht scread asail don cúóta.  Mura n-eiríonn leis an LO an ceann seo a choimeád tá slad uafásach i ndán dóibh.  Bhuel, tá slad uafásach i ndán dóibh, ach slad níos uafásaí arís atá i gceist agam.

Tuar: FG-1 FF-1 LO-1

Tuaisceart Chill Dara.Bheinn cinnte anseo freisin faoin chéad triúr a thoghfar. Beidh i bhfad thar cúotá ag FG anseo agus bheadh ionadh orm mura thoghfaí Bernard Durkan FG don chéad suíochán.  Tá sé soiléir go leor freisin go mbeidh suíochán ann do Catherine Murphy SD agus do Emmet Stagg ón LO. Níl tuairim faoin spéir agam cad ina thaobh atá an ghreim docht sin ag Stagg ar thacaíocht mhuintir Chill Dara, ach tá le fada an lá anois, agus mura thréig siad go dtí seo é, níl thréigfidh riamh.  Ba chóir go mbeadh gar go cúóta anseo do FF ach ar fáth éigin (saint agus leithleas an gnáthmhíniú ar an amaideacht seo ó FF) tá siad chun é a roinnt idir bheirt.  Níos measa fós, táid á roinnt idir bheirt nua (don stáitse naisiúnta ar aon nós) rud a chiallaíonn go bhfuil seans maith go mbeidh an bheirt acu ag tosnú le níos lú na leathchúóta an duine.  Fágfaidh seo an bheirt acu i mbaol go gcaillfidis amach do Réada Cronin SF.  É sin ráite, ar deireadh, cheapfainn go dtógfaidh ceann den FF ar deireadh é, ach má thógann SF é, tá lá den scoth i ndán dóibh, cé gur de bharr seafóid FF a bheadh sé acu.

Tuar: FG-1(-1) SD-1 LO-1 FF-1(+1)

No comments:

Post a Comment