13.12.12

Col ceathrar.

B'fhéidir go bhfuil mé dúr, ach níor smaoiníos riamh ar an gceist seo a leanas. Anois agus mé ag macnamh air, nílim ábalta é a oibriú amach in aon chor. Anois, táim tuirseach traochta an tráth seo seachtaine, gan trácht ar an dtráth seo bliana agus bheinn buíoch as an t-idirlíon mo leisce a mhaithiú dhom agus a mhíniú (lé léireáid más gá), cé go díreach iad an ceathrar atá i gceist nuair a dhéantar trácht ar chol ceathrar? Tá's agam cad is brí le col seisear, ach arís cé hiad an seisear?

1.7.12

Tuilleadh Fianaise.

Táid ar ais ar maidin!  Inniu, os rud é go rabhas faireach chucu, chonaic mé an taispeantas ó thús deireadh, cé gur chaill mé b'fhéidir fiche soicind nó mar sin de ag ullmhú mo cheamra.

'Séard a thug mé fá ndeara inniu ná gur thángadar isteach thar mo ghualainn chlé agus rinneadar casadh amháin ar thuathal roimh aistriú go dtí an patrún a fheiceann sibh anseo.  Chomh maith le sin, tá sé soiléir freisin go bhfuil líon na gcolúr ar laghdú de réir a chéile agus i ndiaidh nóiméad nó mar sin táid beagnach uile imithe - tuirilingte is dócha sa chrann, nó san ceann taobh thiar de.  Rud nach raibh soiléir inné dom ná nach crann amháin atáid ag timpeallú, ach dhá cinn.


Dár le @SeigheanODraoi is cleachtadh eitilte na n-óg atá anseo.

30.6.12

Rothaí mór an tsaoil.

An bhfuil éaneolaí amach ansin gur féidir leo a mhíniú dom cad atá ar siúl ag na colúir anseo? Tá siad tugtha fá ndeara agam le cúpla mí anuas, ag síorchiorcalú an crann mór sin.


Mar a dhúirt mé, tá am anois agam na mórcheisteanna a mheá.

Deireadh ré.

Chríochnaíos ar scoil inné.

D'fhilleas ar scoil cúig mhí ó shin agus inniu an chéad maidin nach raibh gá agam a bheith i mo dhúiseacht ar a seacht chun pleannanna a scríobh, ceachtanna a ullmhú, obair bhaile a cheartú, nó aigní úra a mhúnlú chun céille diaidh ar ndiaidh de réir a chéile.

Tá'n cuma air áfach go bhfuil an nós daingnithe ionam anois éirí go moch agus cén fáth mar sin nach dtabharfainn aghaidh arís ar oileán tréigthe mo bhlag bocht?

Deireadh ré ab ea inné.  Mo chéad rang múinte anois agam agus cé nach mhaífinn go bhfuileadar uile chomh múinte lena chéile, táim sásta go ndearnadar uile sár dul chun cinn agus gur bhaineadar uile sult agus taitneamh as obair na bliana.  Is cuma anois cad a tharlós amach anseo, seo h-iad mo 'First Class' agus beidh an gaol sin agam leo go deo.


Cuimhním fós ar mo laethanta scoile féin agus cinnte feicim roinnt dom féin iontu - an símplíocht, an soineantacht, an dánacht, an brón, an bhorbacht, an greann, an leadrán, an tuirse, an t-áthas, an mearbhall, ... n'fheadar an bhfuil gaol ar bith leis an nath Béarla 'lost my marbles' leis an bhfocal sin mearbhall?


Pé scéal é, tá mo mhirlíní fós agam i ndiaidh bliain a chaitheamh ina gcomhluadar agus mothaím uaim iad (na daltaí, ní na mírlíní) cheana féin.  Ach sula dtugaim aghaidh ar filleadh um Fhómhar, beidh am anois agam díriú ar mhór-cheisteanna an tsaoil arís anseo ar an mblag. Feicfidh mé ar a seacht arís amárach sibh? Nach aoibhinn beatha an mhúinteora?

1.5.12

Lá Buí Bealtaine.

Idir dhá thine Bhealtaine.

 

Móran iarrachta á dhéanamh ag muintir an Inbhir i mbliana, ach an sean nós beo fós.


Lá Liath Bealtaine b'fhéidir ...