30.6.12

Rothaí mór an tsaoil.

An bhfuil éaneolaí amach ansin gur féidir leo a mhíniú dom cad atá ar siúl ag na colúir anseo? Tá siad tugtha fá ndeara agam le cúpla mí anuas, ag síorchiorcalú an crann mór sin.


Mar a dhúirt mé, tá am anois agam na mórcheisteanna a mheá.

4 comments:

  1. Ag dul deiseal air atáid. Pátrún na n-éan?

    ReplyDelete
  2. Sin é go díreach. Deiseal ar an gcrann céanna an t-am ar fad. Níor chualas riamh ar Phátrún na n-éan.

    ReplyDelete
  3. Is ag magadh a bhí mé. Chuimhnigh mé go mbíodh daoine ag dul deiseal ar thobar agus a leithéid agus iad i mbun pátrúin (pattern) sa sean-am. Níl a fhios agam beo céard atá á dhéanamh acu seo!

    ReplyDelete
  4. ASG. Níor thuig mé an magadh sin ar chor ar bith. Táid ag ciorcalú arís anois láithreach!

    ReplyDelete